Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Dála, Pa Daly, a mbeidh beagáinín mall ag teacht chuig an gcruinniú. Fáiltím roimh chomhaltaí an chomhchoiste agus aon chomhalta eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair agus roimh lucht féachana theilifís an Oireachtais.

Déanfaimid ár mbreathnú ar an ábhar thithíocht agus cúrsaí pleanála fisiciúla sa Ghaeltacht agus na treoirlínte nua a bhaineann leo. Tá sé seo ina chuid den tsraith cainteanna atá pléite againn le tamall anois. Fáiltím roimh an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta Darragh O'Brien, agus leis inniu tá an Dochtúir Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Rónán Mac Con Iomaire, stiúrthóir forbartha réigiúnaí, pobail agus pleanála teanga in Údarás na Gaeltachta, agus Paul Hogan, príomhchomhairleoir sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Tá siad anseo mar ionadaithe ón chomhghrúpa oibre ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, tá Alma Walsh, comhairleoir sinsearach sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, i láthair. Gabhaim ár mbuíochas leo as teacht anseo inniu chun cúnamh a thabhairt dúinn sa phlé atá ar siúl againn.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil an tAire agus na daoine ón chomhghrúpa oibre maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag freastal ar an gcruinniú i seomra coiste 4, laistigh de pharlúin Thithe an Oireachtais.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt dom labhairt anseo tráthnóna agus cuirim fáilte roimh an deis seo leis an eolas is déanaí a thabhairt do chomhaltaí ar an obair atá ar siúl laistigh de mo Roinn maidir le ceisteanna pleanála inár nGaeltacht.

I dtosach, is mian liom a rá go bhfuil mé tiomanta go tréan trí obair mo Roinne lena chinntiú go mbaintear amach na spriocanna comhroinnte, is é sin, an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn agus go dtugtar tacaíocht agus cúnamh do na pobail Ghaeltachta i gceartlár ár n-oidhreachta teangeolaíche.

Beidh na hoifigigh atá in éineacht liom sásta ceisteanna a fhreagairt agus eolas atá suas chun dáta a thabhairt maidir leis an obair atá ar siúl acu chun an córas pleanála sa Ghaeltacht a fheabhsú. Níl mo Roinn féin in ann é sin a dhéanamh ina haonar. Tá an obair atá ar siúl idir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, mo Roinn féin, Údarás na Gaeltachta agus na hocht n-údarás áitiúla a bhfuil Gaeltacht laistigh dá limistéir fíorthábhachtach.

Beidh a fhios ag aon duine a bhfuil aithne aige nó aici orm go bhfuil suim agam sa Ghaeilge. Níl mé líofa go fóill ach déanaim mo dhícheall an Ghaeilge a úsáid gach lá. Táim ag foghlaim Gaeilge gach lá freisin. Chaith mé cúig shamhradh ar an gCeathrú Rua i gConamara nuair a bhí mé óg. Thaitin sé go mór liom. Téim ar ais ó am go ham. Mar sin, creidim go láidir go bhfuil ár dteanga agus ár nGaeltachtaí fíorthábhachtach. Is in áiteanna éagsúla, speisialta agus dinimiciúla atá ár bpobail Ghaeltachta fud fad na tíre, ó Chonamara go dtí na hOileáin Árann agus Ráth Chairn i gContae na Mí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Níl mé ag iarraidh cur isteach ar an Aire ach tá ráiteas tosaigh difriúil againn anseo.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá gearr-ráiteas á léamh agam. Níl ann ach na príomhphointí.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is gearr-ráiteas é. Níl sé sin againn. Tá an leagan fada againn.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag iarraidh am a shábháil.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin ceart go leor. Ní raibh mé ach ag iarraidh é sin a shoiléiriú. Tá an ceann fada agam.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh an Teachta éisteacht fós. Nílim ach ag magadh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl fadhb agam le bheith ag éisteacht.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam. Nílim ach ag cur na príomhphointí in iúl. Thug mé ráiteas----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bhfuair muid é ach gabhaim buíochas leis an Aire.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an príomhráiteas, an ceann fada, scaipthe ar gach duine.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í ár dteanga an Ghaeilge agus is gá dúinn gach rud a dhéanamh ar a son chun í a choimeád ina teanga bheo agus bheoga i gcúrsaí sóisialta agus cultúrtha, san oideachas agus sa gheilleagar. Is ceart go mbeadh córas agus rialacha pleanála ann cheana i ngach údarás áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéar. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil an córas pleanála cothrom agus féaráilte. Mar Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ba mhaith liom go mbeidh daoine in ann a dtithe féin a cheannach nó a thógáil sa Ghaeltacht. Faoi láthair, ní féidir le go leor daoine é sin a dhéanamh. Glacfaidh mé mo pháirt i socrú na faidhbe sin agus i bhfeabhsú a dhéanamh ar son muintir ár nGaeltachta. Tá dóchas ann. Táim cinnte go bhfuil athrú ag teacht. Le Tithíocht do Chách, plean an Rialtas chun níos mó ná €4 billiún a chaitheamh gach bliain go dtí 2030, beidh daoine ábalta tithíocht a fháil ar phraghas réasúnta don chéad uair i níos mó ná deich mbliana. Beidh daoine ábalta tithíocht inacmhainne a cheannach tríd an first homes scheme. Cuirfear tús leis an scéim nua seo ag deireadh mhí an Mheithimh 2022. Beidh an scéim seo oscailte i ngach contae in Éirinn, an Ghaeltacht san áireamh. Oibreoidh sé agus cabhróidh sé.

Tá mo Roinn ag obair leis na húdaráis áitiúla maidir le tithíocht inacmhainne agus shóisialta ina gceantair féin freisin. Cuirfear na pleananna i gcríoch go luath, ag deireadh mhí Feabhra. Trí phleananna tithíochta na n-údarás áitiúla, tá seans mór ag rialtas áitiúla scéimeanna sóisialta agus inacmhainne dá gceantair Ghaeltachta a thabhairt domsa. Beidh tacaíocht acu. Beidh mo Roinn ar ais don chiste nuair a bheidh na pleananna do sheachadadh tithíochta críochnaithe. Ba mhaith liom scéimeanna nua tithíochta do dhaoine a bhfuil cónaí orthu inár nGaeltacht a fheiceáil ionas go mbeidh rath ar an teanga. Tá a fhios agam freisin go bhfuil go leor daoine ag iarraidh a dtithe féin a thógáil. Teastaíonn córas pleanála cothrom a chinntíonn gur féidir le daoine a bheith ina gcónaí ina gceantair féin uaim chun cabhrú lenár nGaeltacht fás.

Faoi mar a luaigh mé cheana féin, tá teagmháil á déanamh ag mo Roinn leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le pleanáil i gceantair Ghaeltachta. Anuas air sin, thug roinnt grúpa Gaeilge - Conradh na Gaeilge, ar chas mé leis anuraidh, ina measc - roinnt ceisteanna chun solais maidir le feabhas a chur ar chur i bhfeidhm praiticiúil na bhforálacha Gaeilge i gceantair Ghaeltachta. Mar Aire, táim oscailte d'aon athrú praiticiúil gur féidir a dhéanamh ar son mhuintir ár nGaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Ollscoil Mhá Nuad fós ag obair ar Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG. Tuigim go bhfuil a gcuid oibre beagnach críochnaithe. Is é cuspóir na hoibre seo cinnteacht agus cothrom na Féinne a chruthú trí chur chuige comhsheasmhach agus cothrom i leith tástáil teanga a fhorbairt. Is é an aidhm atá aige sin ná an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn mar theanga phobail i gceantair Ghaeltachta. Teastóidh uaidh seo go ndéanfar córas nua, ar a dtugtar Teastas Eorpach na Gaeilge, a thabhairt isteach a sholáthraíonn sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ginearálta Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as a chuid oibre ar an gceist seo. Is féidir liom a chinntiú go gcuirfidh mé a mholtaí san áireamh. Táim ag súil go mór lena thuarascáil. Is ábhar práinneach agus ceist an-tábhachtach é seo. Ba mhaith liom fíor-fheabhsúcháin phraiticiúla a chur i bhfeidhm mar ábhar tosaíochta. Déanfaidh m'oifigigh agus mé féin ár ndícheall ceisteanna an choiste a fhreagairt i nGaeilge nó i mBéarla.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá roinnt ball tar éis a lámha a chur in airde cheana féin toisc go bhfuil siad ag iarraidh teacht isteach. Ar dtús báire, glaofaidh mé ar an Seanadóir Clifford-Lee. Níl sí ag iarraidh dul ar dtús.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé lánsásta teacht isteach níos déanaí.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire, an Teachta Darragh O'Brien, agus roimh na hoifigigh óna Roinn féin, ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ó Údarás na Gaeltachta. Fáiltím roimh ráiteas tosaigh an Aire freisin.

Tá cúpla ceist agam a chur Conradh na Gaeilge ar aghaidh chugam. An bhfuil an tAire sásta gníomhú chun an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 a leasú chun a chinntiú go gcaithfear measúnacht tionchar teanga neamhspleách a dhéanamh i gcás gach teach atá beartaithe a thógáil sa Ghaeltacht seachas tithe daoine arb as an toghroinn Ghaeltachta sin ó dhúchas iad? An aontaíonn an tAire gur cóir glacadh leis an gcáilíocht TEG B2 nó níos airde sa Ghaeilge labhartha mar chaighdeán inghlactha do dhaoine ó lasmuigh den toghroinn Ghaeltachta atá ag lorg cead pleanála nó ag iarraidh teach a cheannach sa Ghaeltacht?

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé an dara ceist ar dtús. Aontaím go bhfuil caighdeán TEG B2 sásúil d'éinne atá ag cur isteach ar theastas Gaeilge. Tá an Dr. Mac Cormaic agus a chomhghleacaithe ag obair air sin le hOllscoil Mhá Nuad. Tá an obair beagnach críochnaithe anois. Táim cinnte go mbeimid in ann é sin a chur isteach sna rialacha go luath.

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Bhí cruinniú agam le hOllscoil Mhá Nuad faoi sin. Aontaímid gur leibhéal B2 sa Ghaeilge labhartha a bheidh i gceist. Ní bheidh an scrúdú eile, scrúdú scríofa mar shampla, i gceist. Is í an Ghaeilge labhartha a bheidh i gceist. Beidh muid ag dul i ngleic leis na cainteanna sin a chríochnú suas agus córas a mholadh don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le haghaidh é sin a chur i bhfeidhm. Tuigim go dtógfadh sé thart ar choicís le scrúdú a eagrú d'iarratasóir. Ní chuirfeadh sé moill ar an bpróiseas má tá duine éigin ag ceannach tí.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an gcéad cheist, tá Conradh na Gaeilge i measc na n-eagraíochtaí a bhíonn ag obair le mo Roinn agus leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, mar aon le go leor daoine eile. Tá a gcuid oibre an-tábhachtach ach ní údarás pleanála é, agus táim ag smaoineamh air sin agus ar an ról a bheadh ag Údarás na Gaeltachta freisin. Bhíomar ag caint le Conradh na Gaeilge le déanaí maidir leis an ról an-tábhachtach ar fad atá aige ach ní údarás pleanála é ach an oiread.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim leis go bhfuil an tAire ag comhoibriú leis an gconradh faoi na ceisteanna seo agus go mbeidh an Roinn ag leanúint ar aghaidh leis sin.

Tá a fhios agam go bhfuil mo chomhghleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Peter Burke, a bhfuil i bhfeighil rialtais áitiúil, ag obair ar rialacha do chúrsaí pleanála do thithe aonair faoin tuath faoi láthair agus go mbeidh próiseas comhairliúcháin ar siúl i rith na bliana faoi na rialacha seo. An mbeidh tithíocht sa Ghaeltacht san áireamh san obair ar na rialacha nua seo agus an mbeidh an tithíocht go léir le chéile san athbhreithniú seo ar chúrsaí pleanála faoin tuath?

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh Paul Hogan ón rannóg pleanála in ann freagra a thabhairt ar an ábhar sin. Beidh na rialacha nua eisithe faoi mhí Aibreáin agus, mar a dúirt an Seanadóir, tá an tAire Stáit, an Teachta Burke, ag obair go dian chun iad a chur os comhair an phobail. Iarraim ar an Uasal Hogan labhairt anois.

Mr. Paul Hogan:

The planning guidelines for rural housing are nationwide and across the board. We could not do that without addressing the Gaeltacht issue separately and specifically because it would be an outstanding matter. We need to undertake this process separately to identify what is appropriate for the same considerations but within the Gaeltacht areas. This is very useful and is almost moving ahead of the single houses part of the rural housing guidelines. The ultimate aim is to have an updated set of rural housing guidelines this year but also to have, in due course, a more specific set of guidance on Gaeltacht planning matters generally, which also extend beyond housing.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is there a timeline for this process?

Mr. Paul Hogan:

We have given a commitment to the Minister of State, Deputy Burke, in the first instance, in terms of giving him a draft of the document. The issue with this is that we are subject to environmental assessment in that any document we prepare has to go through that process, and there is a consultation that goes with that. If a full strategic environmental assessment is required, that is a slightly longer process, and to a certain extent we have to be advised and to take that advice on board. We would also seek to engage in consultation, which again adds some time to the process. It is important, however, given the widespread interest in and sensitivity of this issue. Clearly, this issue is of great interest to many people in every local authority in the country.

The Gaeltacht matters can be dealt with probably more readily because it is a more confined area and is very well regulated in respect of the planning Acts, with very clear policies as to what should happen. We have identified that what happens in the in-between, as it were, in the eight local authorities to which this refers needs a degree of co-ordination. With agreement around language testing and other matters, we are advanced in this, having had discussions with colleagues in other Departments and in the údarás, as well as having initiated a steering group with the eight relevant local authorities. We believe the Gaeltacht matters can be addressed more readily and without perhaps the significant requirements for environmental assessment that might apply more broadly. I do not want to diminish the Gaeltacht as a subset but it is very much a more discrete element of the overall consideration of housing. Given the progress and co-operation we have had, because there is a lot of very targeted interest from Gaeltacht areas, we believe this can be resolved more quickly.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í ceann de na fadhbanna do thithe sa Ghaeltacht ná go bhfuil an chuid is mó de na ceantair Ghaeltachta, go mór mór san iarthar, lonnaithe i gceantair chaomhnaithe agus áille agus go mbeidh fadhb iontu ó thaobh an radhairc agus rudaí mar sin. Bíonn ar na comhairlí contae na ceantair seo a chaomhnú agus a choimeád mar atá siad. Is í sin an fhadhb go mór mór sa Ghaeltacht. Bíonn sé i bhfad níos deacra cead pleanála a fháil sna ceantair sin mar gheall ar an sórt talaimh atá ann. Ní an Golden Vale atá i gceist sa Ghaeltacht mar is ceantar de phortaigh agus áiteanna caomhnaithe agus is rudaí mar sin atá ann. Is é sin an dúshlán agus an fhadhb mhór atá ann i mo thuairim agus caithfimid aird a thabhairt air sin. Tá a fhios agam go bhfuil tuiscint ag an Roinn faoi na rudaí sin ach caithfimid na rudaí sin a chur san áireamh freisin nuair a bheimid ag déileáil leis an obair seo.

Mr. Paul Hogan:

Absolutely, that is a reality for much of the west. These designations arise from a European perspective, they are European designations, and for that reason they require particular levels of assessment, protection and control. That is part of the overall consideration of rural housing.

I am suggesting that Gaeltacht-specific matters can be resolved and will be almost ready to go when the rural housing guidelines themselves have been addressed. We will find it very difficult to avoid environmental assessment of the guidelines because of the issues the Senator has mentioned and the fact that very often, clearly the most scenic areas would be places where people would very much like to live or to have a holiday home, but that is where the conflict can arise and there are sometimes pressures for development that just cannot be satisfied. That is going to have to be very much part of the rural housing guidelines rather than tying that necessarily to Gaeltacht guidance, if the Senator understands what I mean.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá brón orm mar go bhfuil cruinniú eile agam agus caithfidh mé an cruinniú seo a fhágáil tar éis seo. Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh a oifigigh, go háirithe, roimh an Dr. Aodhán Mac Cormaic. Gabhaim buíochas as an obair a dhéanann sé. Is é seo an chéad uair atá sé os comhair an chomhchoiste ón am a chaith sé linn ag plé an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Comhghairdeas leis siúd agus leis an obair a chuir sé isteach leis sin.

Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach ag an Aire ar an ábhar seo sular tháinig sé os comhair an chomhchoiste. Tuigim gur iarracht mhacánta atá sé ag iarraidh a dhéanamh agus cuirim fáilte gur tháinig sé os comhair an choiste. I gcás na gcruinnithe eile a bhí ag an gcomhchoiste seo, bhí gach údarás pleanála os ár gcomhair maidir le cúrsaí Gaeltachta. Caithfidh mé a rá go n-aontaím go pearsanta nár thuig aon de na húdaráis sin cé chomh práinneach agus dáiríre is atá an fhadhb faoi thithíocht, pleanáil agus ceadanna pleanála sa Ghaeltacht.

Bhí an tAire ag caint faoin phleanáil chothrom agus fhéaráilte. Caithfimid an focal “cosaint” a chur leis na daoine sin freisin mar tá an Ghaeltacht faoi bhrú agus níl na daoine ag fanacht ann. Níl a lán de na daoine ag iarraidh tithe a thógáil sa Ghaeltacht. Caithfimid an Ghaeltacht, mar atá sí, a chosaint agus a fhorbairt. Ní bheimid in ann í a fhorbairt mura bhfuil daoine ann agus deiseanna ann dóibh cónaí go díreach ann nó a bpáistí dul ar scoil ann nó na daoine sin a bheith ag obair ann.

Mar fhreagra ar Paul Hogan, nílimid ag caint faoi holiday homes. Táimid ag caint faoi thithe le haghaidh clanna, daoine atá ag iarraidh cónaí ann go lánaimseartha.

As an obair atá á dhéanamh ag an Aire, caithfidh béim nua a theacht ón Roinn i gcomhthéacs na n-údarás pleanála i ngach cuid den Ghaeltacht. Caithfear a rá leis na húdaráis go bhfuil fadhb ann, go bhfuil suim mhór ann agus go bhfuil an Roinn ag coinneáil súil ghéar orthu. Bhí sé suimiúil nach raibh go leor de na húdaráis in ann pleanáil a dhéanamh trí Ghaeilge. Is iomaí stiúrthóir pleanála a bhí os ár gcomhair chun labhairt faoin bpleanáil, agus a bhí ag bainistiú na pleanála sna húdaráis áitiúla, nach raibh Gaeilge acu. Cad faoi dhuine atá ag iarraidh iarratas pleanála a dhéanamh trí Ghaeilge? Tá údaráis áitiúla ann nach gcuireann an deis sin ar fáil dóibh. Tá an obair seo an-tábhachtach. Cad é tuairim an Aire faoi athruithe na n-údarás? Dúirt sé nach bhfuil bainistíocht ag Údarás na Gaeltachta faoi chúrsaí pleanála. An mbeadh suim aige é sin a scrúdú agus údarás nua a bhunú don Ghaeltacht mar go bhfuil an fhadhb chomh dáiríre?

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta Calleary as a chuid pointí agus ceisteanna. Ar dtús, aontaím leis an Teachta faoi na cúrsaí pleanála sa mhéid is go bhfuil siad difriúil sna rialtais áitiúla. As na hocht n-údarás áitiúil sa tír ina bhfuil Gaeltachtaí iontu, b'fhéidir go bhfuil rialacha difriúla ag contae amháin le contae eile agus ní hé sin an rud ar mhaith liom a fheiceáil. Tá orm obair a dhéanamh faoi sin chun rialacha nua a bhaint amach do na húdaráis áitiúla agus - mar a dúirt mé i mo ráiteas tosaigh - go mbeadh an scéim phleanála chéanna i ngach ceann de na hocht n-áit. Dá bhféadfainn é sin a dhéanamh, bheadh na cúrsaí pleanála níos cothroime agus níos féaráilte. Tá muid in ann é sin a dhéanamh.

Dúirt an Teachta Calleary nach bhfuil daoine in ann iarratas a dhéanamh trí Ghaeilge. Is mór an díomá orm faoi sin ach táimid in ann athrú a dhéanamh faoi. Tar éis dúinn na hathruithe a dhéanamh, beidh orm suí síos leis na príomhfheidhmeannaigh i ngach contae chun na rialacha nua a phlé, ionas go mbeidh mé cinnte go dtuigeann na comhairlí contae na rialacha nua. Tá seans againn feabhas mór a dhéanamh ar son cúrsaí pleanála agus ar son cúrsaí pleanála agus tithíochta. Is ábhar práinneach é agus níl mórán ama ann chun é a chur ina gceart.

Mr. Paul Hogan:

As part of the process of working with the local authorities and the working group I mentioned, if every local authority cannot provide a service through Irish, we think it is reasonable that there would be a shared service between them at the very least. Ideally, one would expect every local authority to be able to provide that service, but it is a reality that the planning service is under pressure across the board. There are relatively small numbers of people in individual counties and it is quite difficult to attract and retain staff of any kind, never mind those who are qualified in planning and engineering and other skills, as well as being sufficiently fluent in Irish. It is an issue we need to be practical about but at the same time we must meet the objective, which we believe we can do with this group.

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Le teacht isteach ar an bpointe sin, chaitheamar go leor ama ag plé leis an mBille teanga agus tuigimid uilig go bhfuil plean náisiúnta le hullmhú chun seirbhísí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Ar an gceist faoi sheirbhísí pleanála a bheith ar fáil sa Ghaeltacht agus chun déileáil le pobal na háite trí Ghaeilge agus iad ag plé leis an gcúrsa pleanála, beidh na poist sin aitheanta mar chuid den phlean náisiúnta. Leagfar beartais amach le dul i ngleic leis na fadhbanna atá ardaithe ag an Teachta. Mar a deir an tAire Stáit, an Teachta Chambers, go minic, ní rud é seo a réiteofar thar oíche, ach a réiteofar laistigh den chóras nua a bhunófar tríd an Acht teanga nua.

Nuair a bhíomar ag plé leis na hoifigigh forbartha Gaeilge sna húdaráis áitiúla, rinne siad dhá mholadh a bhaineann leis an gceist seo. Mhol siad go mbeadh cúrsaí oiliúna feasachta teanga curtha ar fáil do na pleanálaithe a bhíonn ag plé leis an nGaeltacht. Mar a thuigimid uilig, níl tuiscint ag go leor acu ar chúrsaí Gaeltachta agus aontaím leis an Teachta faoi sin. Ní trí aon mhailís ar bith a dhéanann siad botúin scaití, ach nach bhfuil an tuiscint acu ar chúrsaí teanga.

Mhol siad freisin go mbeadh ról níos láidre ag na hoifigigh forbartha Gaeilge sna comhairlí contae. Tá sé cineál hit and miss. I gcuid de na húdaráis áitiúla, tá ról lárnach ag na hoifigigh forbartha Gaeilge. Ach an oiread linn féin ó Roinn na Gaeltachta, ó Údarás na Gaeltachta agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, beidh siad in ann an saineolas atá acu i dtaobh cúrsaí teanga a thabhairt go dtí cúrsaí pleanála. Is cúpla rud iad a bhfuilimid ag breathnú air i gcomhthéacs obair an ghrúpa seo.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire, Paul Hogan, an Dr. Mac Cormaic, Rónán Mac Con Iomaire agus Alma Walsh. Tá an ráiteas ó Údarás na Gaeltachta agam os mo chomhair. Níl sé léite go cruinn agam go fóill ach thug mé léamh sciobtha tríd. Tiocfaidh mé ar ais maidir le cúrsaí teanga agus fostaíochta.

Maidir leis an gceist seo, tá mé ar an gcoiste seo ó 2016 agus is pribhléid amach is amach é, ach ní cheapaim sin nuair a bhím anseo uaireanta. Bíonn sé thar a bheith deacair gan a bheith éadóchasach in ainneoin na hoibre atá déanta ag na finnéithe, go háirithe maidir leis an bpolasaí oideachais don Ghaeltacht atá iontach, agus an sárobair atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh fostaíochta agus an phobail. Ba mhaith liom é sin a rá ar dtús chun a bheith dearfach. Aithním an méid oibre atá á dhéanamh ag na finnéithe. Áfach, is é an rud a chuireann isteach orm arís agus arís eile ná go bhfuil an córas dall ó thaobh na géarchéime atá ann. Tá sé seo ráite go minic ag an lucht acadúil a bhíonn os comhair an choiste. Athraíonn na Teachtaí agus athraíonn na Cathaoirligh, ach ní athraíonn an rud atá soiléir: tá géarchéim ann ó thaobh úsáid na Gaeltachtaí uilig agus tá líon na gcainteoirí ag titim. Bhí mé díreach chun a rá nach ar na daoine atá an locht. Is dócha go bhfuil cuid den locht orthu, ach tá i bhfad níos mó den locht ar an gcóras.

Táim chun úsáid a bhaint as an tuarascáil taighde do thuismitheoirí na Gaeltachta ón dream a tháinig os ár gcomhair tamall ó shin. Tá obair na gcapall déanta acu agus is dócha go bhfuil an tuairisc, dár teideal Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta, léite ag na finnéithe.

An rud a léimeann amach ná an tagairt do thaighde ar leathanach 2 den tuairisc. Ní taighde nua atá anseo ach taighde tánaisteach atá bailithe le chéile chun soiléiriú a thabhairt, arís agus arís, ar an ngéarchéim atá ann agus an gá rud práinneach a dhéanamh. Deir an tuairisc, “Is léir ón taighde a rinneadh sa Ghaeltacht le roinnt blianta anuas go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht maidir le labhairt na Gaeilge.” Tá a fhios agam go raibh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán taobh thiar de seo, chomh maith le heagraíochtaí eile, agus fair play di as sin, ach cad a dhéanfaimid feasta leis an eolas seo? Cad atá le déanamh againn?

Ar dtús báire is gá aithint a thabhairt go bhfuil géarchéim ann ó thaobh labhairt na teanga. Tá sé sin fite fuaite leis an ábhar atá faoi chaibidil againn inniu, sé sin, cúrsaí tithíochta. Tuigim cad a dúirt an Teachta Calleary. Nuair a bhí na húdaráis áitiúla os ár gcomhair, bhí sé an-deacair bheith dóchasach mar gheall ar an easpa tuisceana, easpa dul chun cinn agus an easpa taighde ó na húdaráis áitiúla ó thaobh na fadhbanna ar an talamh. Ní bheadh mise gearánach faoi aon duine atá obair á dhéanamh acu ach bhí an chosúlacht ar an scéal nach raibh fiú tuiscint acu ar an rud a bhí ag tarlú ar an talamh, gan trácht ar na bearta atá ag teastáil.

Maidir le cúrsaí tithíochta, níl sé éasca an ráiteas fada a chuir an tAire isteach a léamh. Fair play dó mar tá sé an-chuimsitheach ach ansin tagann sé isteach le ráiteas eile agus níl sé sin os ár gcomhair. Níl sé os mo chomhair agus níl sé os comhair na dTeachtaí eile. Is rud beag é ach tá sé deacair, go háirithe nuair atá tú ag feidhmiú trí dhá theanga-----

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal faoi sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí Conradh na Gaeilge os ár gcomhair maidir leis an ábhar seo. Dúirt Mairéad Ní Fhátharta, cathaoirleach ar Mheitheal Gaeltachta Chonradh na Gaeilge, é seo ina aighneacht:

Tá sé ag éirí níos deacra agus níos deacra do mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantar féin. Séantar cead pleanála ar dhaoine ón áit ar an ábhar, dar leis na comhairlí áitiúla, nach bhfuil ‘riachtanais áitiúil’ acu agus tá an sainmhíniú ar céard is ‘riachtanas áitiúil’ ann á chúngú agus a thachtadh i rith an ama

Tá neart eolais againn agus tá dul chun cinn déanta ó thaobh na pleananna teanga. De réir mar a thuigim ón méid atá léite agam, tá an 26 plean réitithe agus faofa anois. B’fhéidir go mbeidh an tAire in ann é sin a chinntiú. Tá dul chun cinn iontach déanta ach níl daoine in ann maireachtáil sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a úsáid mar níl na tithe acu. Ní amháin go bhfuil géarchéim tithíochta ach tá easpa tuisceana agus easpa bearta ann.

Ag teacht ar ais ag Paul Hogan, tá an córas ag caint faoi dhréacht-treoirlínte anois. Cé chomh fada is atá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mbun oibre ar dhréacht ar threoracha? Sin ceist dhíreach. Cé chomh fada is a bhfuil Paul Hogan agus an Roinn i mbun oibre ar dhréacht-treoirlínte don Ghaeltacht agus go náisiúnta?

Mr. Paul Hogan:

All eight Gaeltacht local authorities have-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mo cheist go díreach ná cé chomh fada is atá sibh i mbun oibre ar an tsaincheist seo.

Mr. Paul Hogan:

We have a draft document but there are a number of different elements to consider. The Gaeltacht is one part of the country. A lot of the pressure also comes in the vicinity of cities and towns. There are other parts of the country where it is not such an issue and there are not the same levels of-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat. Tabharfaidh mé an t-eolas duit. Seo briefing paper ón leabharlann maidir le Gaeltacht planning conditions agus housing in Gaeltacht areas. Mar is eol do na finnéithe, bhí cás cúirte sa Bheilg i 2013, agus ag eascairt as sin, bhí fadhbanna ó thaobh na treoirlínte a bhí ann. Sin 2013. De réir mar a thuigim, tá an Roinn i mbun oibre ar an ábhar seo chomh fada siar le 2017. Cuireadh tascfhórsa le chéile chun breathnú air agus anois táimid i 2022 agus níl tásc ná tuairisc ar na treoirlínte. Ní thuigim cén fáth. Tá a lán saineolais leagtha amach ag na heagraíochtaí éagsúla ar an talamh ag cur in iúl gur chothaigh an cás sin deacrachtaí ó thaobh na treoirlínte go ginearálta, ach bhí an chosúlacht ar an scéal nár chothaigh siad deacracht ó thaobh coinníollacha teanga de mar is í an Ghaeilge teanga oifigiúil na tíre agus tá sí cosanta sa Bhunreacht, sa straitéis 20 bliain, pleananna gníomhaíochta agus araile. Ní raibh na fadhbanna céanna i gceist ó thaobh treoirlínte maidir leis na Gaeltachtaí.

Tá fadhb agamsa inniu bheith ag éisteacht le daoine ag rá go mbeidh na treoirlínte foilsithe mar ní thuigim cén fáth go raibh an mhoill sin i gceist. Arís, tá mé i dtrioblóid. Tá easpa tuisceana ón gcóras agus ón Roinn faoi cé chomh práinneach is atá sé dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta. Ní amháin géarchéim na teanga atá i gceist mar tá sé fite fuaite leis an ngéarchéim tithíochta. Tá neart páipéir anseo agam agus litreacha ó dhaoine atá ag caoineadh, i ndáiríre, mar gur diúltaíodh dóibh teach a thógáil. Tá mise 100% taobh thiar de ghníomhaíochtaí chun déileáil le hathrú aeráide, agus tuigim cé chomh casta is atá sé in áiteanna atá cosanta, ach ag an am céanna, má táimid i ndáiríre ó thaobh na Gaeltachta de, tá gá le polasaí.

Seo mo cheist don Aire. Tá coiste idir-rannach bunaithe aige maidir leis na fadhbanna ar an talamh ach tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus eagraíochtaí eile nach fiú tráithnín é sin gan ionadaíocht ó dhaoine ar an talamh. Níl aon ionadaí ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ná aon eagraíocht eile ar an gcoiste. Arís, tá oifigigh ag caint le chéile agus tá an ghéarchéim ag éirí níos measa. Níl mise sásta leis sin. Sin ceist don Aire.

Tá ceist agam do Paul Hogan. Cén dáta go díreach a bheidh na dréacht-treoirlínte foilsithe?

Tá moladh tugtha agam do Rónán Mac Con Iomaire agus d’Údarás na Gaeltachta. Tá ceist agam dó maidir le tionchar teanga ó thaobh polasaí fostaíochta. Tá sé iontach go bhfuil an t-údarás ag mealladh comhlachtaí isteach ach tá baol mór ann ó thaobh na teanga de nach dtéifear i bhfeidhm leis an dúshlán. Cad atá déanta ar an talamh? Tá neart ceisteanna parlaiminte curtha isteach agam chun a fháil amach cén saghas monatóireachta atá á dhéanamh ar an talamh.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím go bhfuil fadhb an-mhór i dtithíocht sa Ghaeltacht agus leis an teanga ag dul i léag. Dúirt mé é sin i mo ráiteas. Tá orainn rudaí a dhéanamh chun feabhas a fháil ar son muintir na Gaeltachta agus athrú a dhéanamh ar chúrsaí pleanála. Táimid ag obair air sin. Bhí tuarascáil ann ag dul ar ais go 2013, agus mar a dúirt an Teachta, ní fhaca sí aon rud á dhéanamh faoi sin. Táim i ndáiríre faoi na rudaí atá an Rialtas ag déanamh chun an Ghaeilge a spreagadh agus a fheabhsú sa Ghaeltacht. An rud is tábhachtaí chun é sin a dhéanamh ná go mbeidh daoine ábalta cónaí ina gceantair féin.

Aontaím leis sin. Aontaím leis a lán rudaí a dúirt an Teachta. Ar an rural housing policy, tá an obair beagnach críochnaithe. Tá orainn an rural housing policy a chur os comhair an phobail trí public consultation. Is é sin an dlí. Nílim ábalta an rural housing policy a athrú tríd an Oireachtas gan aon public consultation nó gan é a chur os comhair an phobail. Beidh seans ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile a gcuid smaointe a chur isteach sa phróiseas ag an bpointe sin. Déanann siad sárobair ach tá orm tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. Táim an-dáiríre faoi sin. Tá orainn athruithe a dhéanamh agus tá sé sin á dhéanamh agam anois. Tá rialacháin nua ag teacht, b'fhéidir roimh dheireadh mhí Aibreáin, ach tá orainn iad a chur os comhair an phobail.

Mr. Paul Hogan:

To put things in perspective, over the last ten years, one in three houses built in Ireland have been one-off houses according to the Central Statistics Office. In the three counties that have large Gaeltacht areas, Mayo, Donegal and Galway, more than three quarters of all houses built in the last ten years have been one-off houses. That adds up to approximately 8,000 or 9,000 houses in those three counties alone. That is not insignificant. There is great demand near larger towns and cities and that has to be managed. There is also the question of more scenic areas. We often hear about the problematic cases, that is, those that are more borderline and difficult. People are obviously very aggrieved if decisions do not go their way but permission is granted for approximately 88% of planning applications in Ireland.

There are absolutely quite significant problems and constraints in particular areas and there are issues to be addressed but we do have guidelines in place. They are out of date - they are from 2005 - but they do exist. The policy put forward in the national planning framework seeks to simplify and clarify those guidelines and to work with them. It does not contradict or change them. There are outstanding issues with Europe in respect of cases elsewhere, particularly cases involving family ties, a ground that is seen as problematic. To comply with European legislation, we should really be relying on local social ties. However, by and large, all local authorities have rural housing policies. As we know, it is a long time since 2005 and there has been a drift in terms of what people have done. Even looking at the eight local authorities that have Gaeltacht areas within their jurisdictions, there is quite a variance in what is considered local when building in one's home place. It varies a lot. We need to put in place an updated set of guidelines that offers a consistency in approach for comparable parts of the country. That is what we are trying to do.

The reality is that there have been many other urgent legislative needs in recent times. We have seen the reform of the strategic housing development, SHD, legislation in respect of large-scale residential development. We contributed significant elements to Housing for All that have materialised as legislation. We are feeding into the Attorney General's review of the planning system. We have prepared development plan guidelines, which had to be done as a matter of urgency.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal as a bheith ag cur isteach ach tá mo chuid ama srianta. Táim ag díriú isteach ar chúrsaí teanga ach go háirithe. Tuigim an méid reachtaíochta atá ann. Feicim é gach seachtain. Táim ag díriú isteach ar chúrsaí teanga. Tá sé admhaithe anois go raibh moill ar na treoirlínte, cé go bhfuil siad ag teacht. Cosúil leis na báid, beidh siad anseo am éigin.

Mr. Paul Hogan:

To answer that point, there has been a significant increase in the number of staff in the Department in the last six months. That process started last spring. We are completing the recruitment process now. We have more or less doubled the team of professional planners to be able to deliver on the objectives. We cannot say for sure on what date it will be published but we have given a definite date by which we will prepare a document for the Minister of State that will start the ball rolling with regard to making a set of proposals to update everything, bring it all in line and give guidance. After that, it is a question of whether we could do strategic environmental assessments, SEAs, and consultation. However, we are-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil mé ag tabhairt ama anois ach baineann mo cheist le cúrsaí Gaeilge. Tá moill ann ó 2013 ar a laghad anois. Cé mhéad atá foghlamtha ag an Roinn chun rudaí nua a dhéanamh ó thaobh na géarchéime atá ann? Tá an finné fós ag caint go ginearálta. Bhí ar chosmhuintir Ráth Chairn dul i muinín na cúirte chun cearta a bhaint amach a bhí luaite istigh sa phlean forbartha. Bhí orthu dul i muinín na cúirte toisc go raibh rudaí chomh lag sin. Bhí an tuiscint a bhain An Bord Pleanála as an rud a bhí sa phlean forbartha iomlán mícheart i mo thuairim féin agus i dtuairim na cúirte. An dtuigeann an finné an pointe atá á dhéanamh? Tá na cosaintí atá ann sna pleananna lag amach agus amach. Léiríonn an rud a bhí le déanamh ag cosmhuintir Ráth Chairn cé chomh deacair is atá sé. An éascóidh na treoirlínte nua an bealach chun tithe a thógáil i limistéir Ghaeltachta? Is é sin an cheist i ndáiríre.

Tá ceist eile agam don údarás. Críochnóidh mé tar éis sin. Tá an próiseas pleanála teanga ag dul ar aghaidh go hiontach de réir mar a thuigim ach tá gá le hacmhainní i gcónaí chun a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm iad agus i gcomhair cúrsaí tithíochta, lena n-airítear tithe sóisialta agus tithe de gach saghas eile. Fuair mé glaoch inniu ó Cheantar na nOileán i gConamara. Tá daoine ag teacht isteach agus ag ceannach tithe folmha agus níl daoine áitiúla in ann iad a úsáid. Luadh scéimeanna ach níl tuiscint ar bith ag an údarás nó ag an muintir ar an talamh maidir le conas na scéimeanna sin a úsáid chun na tithe sin i gcroílár na Gaeltachta a thabhairt ar ais in úsáid.

Mr. Paul Hogan:

There are a number of different issues involved here. Without getting into the specifics of the County Meath case, the bottom line is that given the need, target and objective to increase the number of people who speak Irish daily in Gaeltacht areas, it is probably fairer to say that it will be easier for people who comply with the language objectives to get planning permission in Gaeltacht areas. The legislative provisions are actually quite strong. Every development plan must include objectives to do with the promotion of Irish as a community language and that must follow through to how planning applications are dealt with. There are very strong provisions that allow planning applications to be refused if they have the potential to affect the cultural heritage of the Gaeltacht. It is also possible to put conditions on planning applications. It is quite well regulated at the development stage of the process. The matter the Deputy raised with regard to holiday homes or subsequent sale is more problematic. Perhaps the solution does not lie solely with the planning system. What can be done years after permission is granted, when people have lived in a property and whose lives have then changed, is very different. That might have to be dealt with through other means. That is worth exploring more broadly. There are a number of different issues in play here.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá pointe beag le déanamh agam mar fhreagra ar an bpointe faoi thithíocht nua sa Ghaeltacht agus scéimeanna Rialtas.

Mar eolas agus mar shampla, táimid ag obair tríd an bpleanáil maidir le tithíocht ón rialtas áitiúil. Tá trí chontae i gceist ansin: Contae na Gaillimhe, Contae Chiarraí agus Contae Mhaigh Eo. Fuair mé plean nua iomlán maidir le 472 teach sóisialta agus táimid ag obair orthu. Is tithe nua iad ar son daoine atá ar an liosta sóisialta. Is líon 104 teach i gContae na Gaillimhe, 294 i gContae Chiarraí agus beidh 25 teach pleanáilte i gContae Mhaigh Eo. Táimid ag obair chun tithíocht sóisialta nua ón Rialtas a chur sa Ghaeltacht. Mar a dúirt mé i mo ráiteas, táim ag obair freisin ar thithíocht ar phraghas réasúnta a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht freisin. Trí chaiteachas ar thithíocht, táim cinnte go mbeidh an Rialtas agus an pobal ábalta é sin a dhéanamh.

Tá an ceart ag an Teachta Connolly go bhfuil cúrsaí mícheart i gcúrsaí pleanála. Táim cinnte faoi sin agus tá orm iad a shocrú. Táimid ag déanamh ár ndícheall idir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, mo Roinn agus an t-údarás feabhsú a dhéanamh go luath air sin ar son ár ndaoine. Ní maith liom fanacht deich mbliana eile chun é sin a dhéanamh mar aontaím leis an Teachta go bhfuil sé an-phráinneach. Is ceist éigeandála í. Beimid in ann é a dhéanamh agus táimid ag obair ar na rialacha nua don rural housing policy. Tá súil agam go mbeimid ábalta é a chur os comhair an phobail roimh deireadh mhí Aibreáin.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Bhí ceist ann faoi chúrsaí fostaíochta agus teanga. Cuireadh obair mhór isteach i dtaobh figiúir fostaíochta a thabhairt ar ais go dtí an áit ina raibh siad in 2019, tar éis gur tháinig cúlú mór ar chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre. Tháinig an feabhsú chun cinn ar chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht ar an gcéatadán is a bhí sé taobh amuigh den Ghaeltacht.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Iarraim ar an Uasal Mac Con Iomaire go sonrach, an féidir leis soiléiriú a thabhairt dúinn ar an monatóireacht atá á dhéanamh ó thaobh cúrsaí teanga?

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Siúráilte, is féidir.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an Cathaoirleach ag gearán fúm.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Ina thaobh sin de, bhí an próiseas a bhí ann go dáta ceangailte le próiseas na gceadaithe deontas, is é sin go mbeadh plean teanga aontaithe leis na cliant chomhlachtaí éagsúla. Aithnímid go bhfuil laigí leis an bpróiseas sin sa mhéid is mura dtagann siad ar ais le haghaidh deontas, go minic ní bheidh aon phlean nua á fhorbairt acu ag an bpointe sin, tar éis an méid a bheidh bainte amach acu sa chéad phlean.

Tá cúpla bealach ina bhfuilimid ag breathnú air seo. Ar an gcéad dul síos, bhí am ann agus bhí ó ham go chéile bhí gá le scileanna sainiúla a thabhairt isteach b’fhéidir nach raibh ar fáil sa Ghaeltacht. Déarfainn go bhfuil feabhas an-mhór tagtha air sin le hais mar a bhí nuair a bhí mé féin ag éirí aníos sa Ghaeltacht agus ag breathnú ar eastáit fostaíochta i mo cheantar féin. Tá an obair atá déanta ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh scéimeanna forbartha bainistíochta, printíseachta agus oiliúna ann lena chinntiú go bhfuil na scileanna ann go háitiúil.

Gan dul i bhfad scéil leis, táim in ann sampla tráthúil a seoladh inniu a thabhairt don Teachta. Is í an turasóireacht ceann de na hearnálacha a fheicimid atá fíorthábhachtach agus beimid in ann a chinntiú go bhfuil bunús teanga ag baint léi. Tá dhá ghné de sin maidir leis an bhfostaíocht, is iad sin an taobh infreastruchtúir d’ionaid cuairteoirí agus eile de a fhorbairt agus, freisin, go mbeadh daoine fostaithe ann. Nuair a bhreathnaíomar air seo, d’aithníomar go mb’fhéidir nach raibh na scileanna ar fud na Gaeltachta a bhí ag teastáil ó thaobh bainistiú a dhéanamh ar thograí turasóireachta trí Ghaeilge. Tá scéim forbartha turasóireachta seolta inné againn maidir leis sin ina bhfuil próiseas oiliúna ag baint leis lena chinntiú go mbeidh daoine le Gaeilge fostaithe sa phróiseas seo.

Ag dul ar aghaidh go díreach leis an taobh monatóireachta de, mar a deirim, tá próiseas ann agus aithnímid gur féidir linn feabhas a chur air agus, mar sin, tá sé i gceist againn próiseas iomlán nua a thabhairt isteach. Tá súil againn é sin a bheith seolta i roinnt míonna. Tá gnéithe de phíosaí oibre éagsúla i gceist leis. Is éard atá ann, in áit plean teanga aon uaire a bheith ceangailte le deontas, go mbeadh scéimeanna teanga aontaithe ar bhonn leanúnach, le tréimhsí trí bliana, le hathnuachan a dhéanamh orthu le comhlachtaí atá bunaithe sa Ghaeltacht, agus spriocanna éagsúla chur chun cinn na Gaeilge i measc a gcuid foirne agus poiblíochta agus go ginearálta a bheith ina chuid díobh.

Táimid tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar ár gcuid próiseas féin go hinmheánach agus táimid ag obair ar phíosa oibre faoi láthair le cliant chomhlachtaí éagsúla maidir lena gcuid riachtanas agus a gcuid dúshlán siúd a aithint, le go bhfeicimid go mbeidh an rud a bheidh forbartha againn ag an deireadh ina bhealach a oibreoidh chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna cliant chomhlachtaí sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tiocfaidh mé ar ais am éigin eile.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin ceart go leor. Bogaimid ar aghaidh anois chuig an Teachta Ó Muineacháin.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh na hoifigigh. Gabhaim buíochas as an gcur i láthair agus tá an-chuid plé déanta ansin le tamaillín anuas.

Tá a fhios agam cinnte go bhfuil an tAire an-bháúil don Ghaeilge agus go bhfuil an-suim aige cúrsaí teanga a chur chun cinn. Tá jab oibre romhainn amach anseo.

Tá brú ar thithíocht go forleathan ar fud na tíre agus tá scéimeanna éagsúla ag an Aire chun dul i ngleic leis sin. Tá an brú céanna ar phobal na Gaeltachta agus, anuas air sin, tá ualach breise ó thaobh teanga de mar mura mbíonn daoine áitiúla, cainteoirí dúchasacha, ábalta tithe a thógáil ina gceantair féin. Má bhíonn orthu bogadh amach, is cailliúint mhór í don Ghaeltacht.

Tá a fhios againn go bhfuil dualgais éagsúla ar na comhairlí contae clúdaithe agus feicimid go bhfuil meascán slite ina bhfuil siad ag tabhairt fúthu sin nó b’fhéidir nach bhfuil siad ag tabhairt fúthu. Ó bheith ag plé leis na comhairlí éagsúla go minic, is beag aird a thugann siad ar na dualgais sin, go háirithe ó thaobh pleanáil agus tithíocht i gcomhair pobal na Gaeltachta. Níl an teanga san áireamh in aon áit acu nuair atá riachtanais áitiúla á meas. Tá sé sin soiléir ó mo phlé féin le hiarratais pleanála, ó bheith ag déanamh fiosruithe leis na comhairliú éagsúla chomh maith ag na cruinnithe coiste anseo, agus ó bheith ag caint le go leor daoine eile. Is dócha go mbíonn siad dírithe go hiomlán ar an suíomh, an foirgneamh agus gach aon rud eile, in ionad aon áireamh a thabhairt ar an bpobal agus ar a riachtanais. In ainneoin is go bhfuil treoirlínte luaite san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, is soiléir nach bhfuil siad ag cur iad sin san áireamh.

An bhfuil an tAire chun treoracha a thabhairt do na comhairlí? Cuimhnigh go bhfuil an-chuid díobh ag bogadh ar aghaidh faoin tráth seo anois lena bpleananna forbartha nó leis iad a ullmhú. Beidh an-chuid de na pleananna sin ullamh sna míonna atá romhainn agus níos déanaí i mbliana. Mar sin, an bhfuair an tAire na treoracha nó a leithéid chun iad a chur ar aghaidh? An mbeidh siad ann in am agus an mbeidh an tAire ábalta iallach a chur ar na comhairlí éagsúla iad a chur i bhfeidhm? An mbeidh sé ag iarraidh iad a mhealladh nó b’fhéidir go mbeidh siad ró-dhéanach mar go mbeidh an plean forbartha ullmhaithe acu cheana féin? An bhféadfadh an tAire soiléiriú a thabhairt dom ar na treoracha agus ar an amchlár atá in aigne aige ansin toisc go bhfuil na comhairlí éagsúla ag tabhairt na pleananna forbartha seo chun cinn?

Maidir leis na cainteoirí dúchasacha, an nglacann an Roinn agus an tAire leis gur chóir go mbeadh an riachtanas áitiúil aitheanta don chainteoir dúchais nó Gaeilgeoirí eile ó lasmuigh, nuair atá siad ag déanamh iarratais i gcomhair cead pleanála do theach sa Ghaeltacht?

Bogfaidh mé i dtreo eile chomh maith mar ní hiad na húdaráis áitiúla an t-aon dúshlán atá ann. Tá deacracht eile ann maidir le pleanáil agus tithíocht, mar shampla, i sráidbhaile Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Is é Uisce Éireann atá ag cothú na faidhbe ansin. Toisc nach bhfuil córas séarachais oiriúnaigh ann, níl an chomhairle contae sásta cead pleanála a thabhairt do dhaoine tithe a thógáil, fiú sa sráidbhaile. Le fada an lá, tá Uisce Éireann anonn agus anall. Tá tuairiscí éagsúla curtha le chéile aige agus gach rud déanta ach córas nua a thógáil.

Ní aithníonn sé riachtanais phobail nuair atá sé ag meas cén córas a bheidh sé ag tabhairt faoi agus ag brostú ar aghaidh leis. Féachann sé ar gach saghas sprice eile amhail truailliú, daonra agus mar sin de, ach ní bhíonn riachtanais teanga aige. An féidir treoir a thabhairt d'Uisce Éireann chun riachtanais phobail agus teanga a bheith san áireamh chomh maith nuair atá sé ag roghnú an chéad chóras eile atá le tógáil. Chabhródh sé le sráidbhailte Gaeltachta ar fud na tíre ach tá sé an-soiléir i mBéal Átha an Ghaorthaidh.

Baineann mo cheist dheireanach le hÚdarás na Gaeltachta. Is í an chúis a bhfuil an t-údarás ann, in aon chor, ná an Ghaeltacht a fhorbairt agus an Ghaolainn a chothú. Ní hí an fhostaíocht an t-aon rud; tá an teanga agus an cultúr lárnach ann chomh maith. Tá a fhios againn go bhfuil ról ag an údarás sa chóras pleanála chomh maith. Seoltar gach iarratas chuig an údarás agus bíonn deis ag daoine aighneachtaí a dhéanamh ar na hiarratais phleanála. Conas nach bhfuil Údarás na Gaeltachta ag seoladh aighneachtaí go dtí na comhairlí chun iarratais cainteoirí dúchasacha a mholadh, má tá siad ag iarraidh tithe a thógáil ina ndúiche féin? Is cinnte go gcabhródh sé. Tá an deis ann a leithéid a dhéanamh agus aird na comhairle a dhíriú isteach ar riachtanais áitiúil. Tá an teanga fíorthábhachtach mar ról lárnach ag an údarás chomh maith.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon fhadhb amháin sa Ghaeltacht maidir le tithíocht. Bhí an Teachta ach caint roimhe maidir le cúrsaí uisce agus Uisce Éireann. Freagróidh mé an cheist sin ar dtús. Tá ar Uisce Éireann cúrsaí a dhéanamh trí Ghaeilge. Bhuail mé le hUisce Éireann le déanaí agus déanfaidh mé é sin arís. Maidir le Béal Átha an Ghaorthaidh agus sráidbhailte mar sin, beidh fadhb mhór ann ach ní bheidh aon scéim uisce nó séarachais ann faoi smacht Uisce Éireann. Tá mise agus mo chomhghleacaithe ag obair chun déantús nua a chur i bhfeidhm i sráidbhailte ar fud na tíre, áiteanna nach bhfuil aon scéim uisce ná séarachais iontu, chun déantús a thabhairt go dtí an chomhairle contae chun an obair sin a dhéanamh. Tar éis é sin, gheobhaidh an scéim nó an plant go dtí Uisce Éireann. Tá súil agam go mbeidh mé ábalta é sin a chur i bhfeidhm ag deireadh an earraigh. Bíonn a lán sráidbhailte nó bailte ag fanacht ar feadh deich mbliana nó 15 nó 20 bliain chun obair a dhéanamh le feabhas a chur ar scéim uisce nó séarachais an tsráidbhaile nó an bhaile. Tá mé beagnach críochnaithe le mo chuid oibre air sin. Tá súil agam go mbeidh mé ábalta an scéim nua a lainseáil roimh dheireadh an earraigh. Beidh mé ar ais go dtí an comhchoiste seo agus an Coiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht roimhe sin. Bíodh an Teachta cinnte go mbuailfidh mé le hUisce Éireann ar a shon sa tráthnóna agus cuirfidh mé a cheisteanna faoi fhorbairt pleanála air.

Mr. Paul Hogan:

With regard to taking guidelines into account, we published development plan guidelines last August which are just about to be finalised. We had a period of public consultation on those after that and have taken on board advice given to us. That guidance will address many other things and all the mandatory objectives development plans are supposed to include, including those for the Gaeltacht.

Most local authorities are at various stages of their development plan processes and there is never a perfect time to bring out guidance, simply because the cycle goes on continuously. It is open to all local authorities to vary their plan to take on board what they may be at odds with, if that is an issue. By and large, they will not be in the vast majority of cases and a degree of transition is taken into account, where it may not have been possible to do that.

With regard to the point about native speakers and people from inside or outside particular areas, whatever guidance we offer more specifically on the Gaeltacht will have to be fair and apply equally. We will take advice from the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, as well, as to whether that matter could or should be addressed.

Broadly, in planning terms, it is difficult. If one has a particular requirement for a public policy reason, which we would say here, I am not sure one can discriminate within that between different places of origin, if people comply with the spoken language requirement.

One of the problems has been there has not been a consistently agreed test. That would be a real breakthrough for us in providing guidance, because there would be a standard to which all eight local authorities could seek to apply. Certainly, looking at the eight different development plans now, there is no agreed test. That would be significant development to move things forward for people and offer more certainty to those who wish to continue to live in Gaeltacht areas.

The target set for increasing the population of people who speak Irish on a daily basis in Gaeltacht areas is important because it gives a certain level of policy support to that objective for development plans.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Alma Walsh ag iarraidh freagra a thabhairt ar cheann de cheisteanna an Teachta.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sula mbogfaimid ón cheist sin mar gheall ar an gcainteoir dúchasach agus an Gaeilgeoir ó lasmuigh den cheantar, níl mé ag déanamh aon idirdhealú eatarthu. Tá mé breá sásta go mbeadh Gaeilgeoir ó lasmuigh nó Gaeilgeoir ón cheantar dhúchasach ábalta tigh a thógáil sa Ghaeltacht agus cur leis an nGaeltacht. Is é an cheist ná: an nglacfaí leis gur leor an teanga chun cainteoir dúchasach nó cainteoir ó lasmuigh a cháiliú faoin riachtanas áitiúil?

Sin í an cheist atá ann. Sin í an bhunchloch, gurb í an teanga an cháilíocht agus go mbeidís ábalta brú ar aghaidh le hiarratas pleanála a dhéanamh. Chun a bheith soiléir, nílim ag déanamh idirdhealú idir Gaeilgeoirí ón gceantar nó lasmuigh. Má tá an Ghaolainn acu - brilliant - cuirfidh siad leis an nGaeltacht agus ar aghaidh leo. Má tá an Ghaolainn acu, ba cheart go mbeadh é sin an cháilíocht agus go gcuirfeadh sé leis an iarratas.

An dara rud mar gheall ar na pleananna forbartha agus ag bogadh ar aghaidh, beidh cuid acu beagnach críochnaithe faoin am a mbeidh na treoracha againn, agus beidh roinnt eile réidh sna míonna nó an bhliain ina dhiaidh. Faoi láthair, tá sé de chumhacht ag an Roinn filleadh ar na pleananna forbartha, agus má tá zoning mí-oiriúnach ann, is féidir leis an Roinn an chomhairle contae a ghlaoch ar ais mar gheall ar sin.

Maidir leis na treoracha, an mbeidh rud mar sin ann don teanga? Scaoilfear na treoracha. Go dtí seo, níl na comhairlí ag tabhairt aird. Mura ndéanfaidh siad é sin sna míonna amach romhainn agus an plean forbartha á chur le chéile, an bhfuil an Roinn chun teacht aniar agus ar thóir orthu chun é sin a cheartú?

Ms Alma Walsh:

I thank the committee members for their questions. On the latter question, in positioning how the planning system will respond to the crisis of the Gaeltacht, as characterised by Deputy Connolly, there are two elements. There is the process and the guidelines piece. Where we can take effect immediately in the process are some of the matters that have been touched on by my colleagues and the Minister. The language assessment and the planning referrals, in particular, are immediate interventions that are positive to the system and can improve and create a good evidence base and standardise the process across the eight local authorities.

The other piece is on the section 28 guidelines. In our advanced drafting of that piece of work, there are two elements to that. First are the rural housing guidelines, which the members will be aware are not exclusive to the eight local authorities and apply to about 28 or 29 local authorities throughout the country where there is a rural housing policy. The second set of guidelines, the draft development planning guidelines referred to by Mr. Hogan, are almost near completion. They are to guide the 31 local authorities in their development plan review process.

That takes me to the question about the local authorities where Gaeltacht areas are located. One of the eight has completed its development plan review process, there is one that has not commenced it as of yet and is due to do so in May, and there are six currently under review. The Deputy is absolutely right in the sense that the section 28 guidelines may not be available to those local authorities or may not be completed by the time they have completed their development plan review. However, there are legislative mechanisms in place to address that through the variation process under section 13 of the Act. As part of our engagement, through the working group, with those eight local authorities, we see that forum as being essential to address matters such as this in Gaeltacht areas. While the elected members of a local authority can trigger or request a need for a variation, as part of our engagement we can influence and, with agreement and discussion with those eight local authorities, bring in changes. The third piece of that series relates to the overall section 28 guidelines to which the Minister has committed specifically for the Gaeltacht.

This is a staged process with immediate interventions available to us now and with complex considerations to be brought into the section 28 guidelines. We acknowledge that, across the rural housing guidelines, the development plan guidelines, and the Gaeltacht guidelines separately, a real synthesis and a balance must be struck around meeting the needs of the locals and the Gaeltacht communities for housing, education and other public services across the board. We are committed to it on that front and committed to working with the local authorities. This is the first time there has been a real concerted effort. We are grateful to our colleagues in the Department with responsibility for an Ghaeltacht for working with us in that regard. We will see this work continue throughout the year and after the finalisation of any section 28 guidelines to ensure these matters are addressed comprehensively.

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Maidir leis an gceist a bhí ag an Teachta Ó Muimhneacháin, níl freagra na ceiste againn fós. Bhí sé ar cheann de na moltaí a tháinig ó Chonradh na Gaeilge, go ndéanfaí cás speisialta do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, fiú iad siúd as ceantar lasmuigh den Ghaeltacht. Sin ceann de na ceisteanna a bheidh á bplé againn mar chuid d'obair an choiste seo.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh gach éinne. Is iontach an rud é na finnéithe a fheiceáil os ár gcomhair seachas ar scáileán.

Tá cur síos déanta ag an Aire sa ráiteas fada a chuir sé isteach maidir leis an meitheal a bhfuil curtha le chéile chun scrúdú a dhéanamh ar na fadhbanna a bhaineann le cúrsaí pleanála Gaeltachta agus an clár oibre atá leagtha amach ag an meitheal. Is léir go bhfuil obair fhíorthábhachtach le déanamh aici, agus go ndéanfar an obair ar bhonn leanúnach. Faraor, níl aon ionadaíocht ag Conradh na Gaeilge nó ag pobal na Gaeltachta ar an meitheal seo, rud nach dtagann le dea-chleachtas nó gnáthnósanna in earnálacha eile. An bhfuil an tAire sásta an ionadaíocht sin a chur san áireamh?

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhuail mé féin le Conradh na Gaeilge sé mhí ó shin agus bíonn mé féin agus m’oifigigh ag caint le Conradh na Gaeilge agus le daoine eile uaireanta. Táim oscailte don smaoineamh Conradh na Gaeilge nó údarás eile a chur isteach sa phróiseas seo. Tá an mheitheal thábhachtach. D’éist mé le moltaí Chonradh na Gaeilge agus labhair Dr. Aodhán Mac Cormaic faoi sin roimhe. Táim oscailte agus smaoineoidh mé air sin tar éis an chruinnithe. Déanann sé a lán oibre ar son ár dteanga agus ar son ár nGaeltachtaí. Is iad na daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht na daoine is tábhachtaí. Is gá dúinn éisteacht lena nglórtha. Táim ag smaoineamh ar an rud is fearr gur féidir liom a chur sa phróiseas.

Tuigeann gach duine na príomhphointí atá le déanamh againn maidir le cúrsaí pleanála, cúrsaí teanga agus, mar a labhair an Teachta Ó Muimhneacháin faoi, cúrsaí a bhaineann le huisce. Ní hé go bhfuil fadhb amháin ann mar chúis leis an teanga ag dul i laige sa Ghaeltacht. Níl mo Roinn ina haonar ag iarraidh é a shocrú ach táimid in ann rudaí a dhéanamh chun an scéal a fheabhsú. Tá mé oscailte do na cúiseanna. Beidh mé ábalta daoine na Gaeltachta, Conradh na Gaeltachta agus ionadaithe eile a chur isteach sa phróiseas. Tá sé práinneach. Caithfimid rudaí a dhéanamh.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an bpointe sin - tá mo chuid ama srianta agus tá roinnt ceisteanna eile agam le cur ar an Aire - táim sásta a chloisteáil go bhfuil an tAire oscailte-----

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim oscailte.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----ach tá sé práinneach, mar a dúirt sé.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé práinneach.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin mar a dúirt mé. Aontaím faoi sin.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An féidir liom an cheist a chríochnú? Tá sé práinneach agus impím ar an Aire cinneadh a dhéanamh ar cheist na hionadaíochta laistigh de sheachtain amháin. Impím air an cinneadh sin a dhéanamh mar tá sé práinneach.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé-----

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá obair fhíorthábhachtach ag baint leis sin.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an obair fíorthábhachtach. Tuigim é sin. Ní raibh mé críochnaithe le mo fhreagra so iarraim ar an Seanadóir fanacht nóiméad amháin. Tá a fhios agam go bhfuil an obair fíorthábhachtach agus go bhfuil orm gach rud a dhéanamh mar Aire chun feabhas a chur ar chúrsaí pleanála agus cúrsaí tithíochta. Dúirt mé é sin i mo ráiteas oscailte, sa ráiteas fada agus sa ráiteas a chuir mé os comhair an choiste inniu. Táim i ndáiríre faoi sin agus beidh mé ag smaoineamh faoin chaoi is fearr chun Conradh na Gaeilge agus ionadaithe mar sin a chur isteach sa phróiseas. Bí cinnte faoi sin.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá easnamh mór ann gan an ionadaíocht sin agus impím ar an Aire an cinneadh sin a dhéanamh. An nglacann an tAire leis go bhfuil an córas pleanála reatha tar éis teip ar phobal na Gaeltachta agus go bhfuil ról an-tábhachtach aige seo i laghdú líon na gcainteoirí laethúil Gaeilge sa Ghaeltacht?

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, níl ansin ach fadhb amháin. Ní hí pleanáil an chéad fháth go bhfuil an teanga ag dul i lag. Sin an fáth go bhfuil mé anseo inniu chun labhairt leis an gcoiste agus moltaí a chloisteáil. Mar a dúirt mé roimhe seo, táim i ndáiríre faoi rudaí a dhéanamh. Níl a fhios agam ar theip ar an scéim pleanála. Nílim ábalta a rá faoi specific planning applications ach tá a fhios agam go bhfuil fadhb ann agus tá orainn mar Theachtaí agus Seanadóirí, agus ormsa mar Aire, rudaí a dhéanamh chun feabhas a chur i bhfeidhm i bpleanáil sa Ghaeltacht agus tríd an tír.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhíos ag tagairt go háirithe do na treoirlínte a bhaineann leis an gcóras sin. Is fadhb ollmhór í fadhb na tithíochta i gceantair Ghaeltachta. Chun í a réiteach, molaim an moladh ón Teachta Ó Muimhneacháin maidir leis na riachtanais áitiúla agus an teanga ag comhlíonadh na riachtanais sin. Táim an-sásta cloisteáil ó Aodhán Mac Cormaic go bhfuil sé sin san áireamh. Tá sé fíorthábhachtach ceist na tithíochta a réiteach maidir le dul chun cinn na teanga sna ceantair Ghaeltachta.

An nglacann an tAire leis go bhfuil dualgas ar chomhaltaí an choiste seo cur i gcoinne forbairtí tithíochta i limistéir Ghaeltachta a théann i gcoinne na gcuspóirí teanga mar atá leagtha amach sa reachtaíocht? Luaigh an tAire é seo ina ráiteas fada. Is féidir liom an píosa ábhartha a léamh amach ionas go dtuigeann sé an cheist. Deir sé:

Cuimsítear ceanglas in alt 10(2) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, nach mór forálacha agus cuspóirí a chuimsiú sa phlean forbartha ar mhaithe le “oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, an Ghaeilge a chur chun cinn san áireamh mar theanga an phobail” ...

Mr. Paul Hogan:

That is a very important part of the Act and it is adhered to in all the development plans that exist and are under review. The evaluation of development plans is now in the first instance a matter for the Office of the Planning Regulator. It is empowered to look at every aspect of the Act with regard to what should be in a development plan. That is one of the areas it could assess and if there are deficiencies or problems it would highlight that through the process. Hopefully in most instances those sorts of things would be addressed within the process but if there is an outstanding issue at the end of the process it would then make a recommendation to the Minister, who is empowered to consider the matter and form a view as to what should be done next. That is the process for development plans and that sets the tone or the scene for what happens thereafter. One of the key things that better guidance can do is influence the sorts of things that would be said in a development plan about what should happen both for rural housing on one hand and, more specifically, for Gaeltacht areas on the other. That is the position we want to get to with the working group we have set up.

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I will repeat that question. Does the Minister not accept that it is the obligation of this committee to go against planning applications that are in direct breach of this paragraph in the legislation? Perhaps Mr. Hogan could come in on that as well.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

It is up to a committee and its members whether they decide as a collective to make their view known, be that for or against anything. It is up to any citizen of the State to make an observation on any planning application. That is up to them. As I said earlier, I am not in a position to comment on specific planning applications or decisions and cannot do so because I am the Minister responsible for planning. Teachtaí and Seanadóirí will make up their own minds as public representatives as to what observations they wish to make on any given planning application anywhere in the country.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire agus a oifigigh as a bheith linn inniu. Ba mhaith liom cur leis an méid a dúirt an Teachta Calleary. Seo an chéad deis atá agam mo bhuíochas a ghabháil le hAodhán Mac Cormaic as an obair ollmhór a rinne sé ar an mBille teanga, nó an tAcht teanga mar atá sé anois. Go raibh maith agat as ucht na hoibre sin.

Tá ceist shimplí agus ginearálta le cur agam ar dtús báire agus beidh ceisteanna eile agam ina dhiaidh sin. Ceann de na cáipéisí a fuaireamar mar chuid den obair atá idir lámha againn sa choiste seo ná an ráiteas achoimre comónta ar son Chomhairle Contae Chorcaí, Chomhairle Contae Chiarraí, Chomhairle Contae na Mí agus Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge. Sin cuid de na comhairlí a bhfuil ceantair Ghaeltachta acu. An bhfuil an cháipéis sin faighte ag na finnéithe? An bhfuil sé léite acu? Céard a mheasann siad faoi, go háirithe ar na comh-mholtaí? Déanann an cháipéis sin ocht chomh-mholadh ag an deireadh agus dar liomsa tá siad thar a bheith dearfach agus réalaíoch. Tagann siad ó na daoine ag a bhfuil an tuiscint is fearr ar na fadhbanna atá ann ó thaobh cúrsaí pleanála agus cúrsaí tithíochta laistigh de na limistéir Ghaeltachta ina gcontaetha. An bhfuil an ráiteas achoimre sin faighte ag na finnéithe agus an bhfuil sé léite acu? Céard é a meas air?

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl sé léite agam fós ach déanfaidh mé go luath é. Is iad seo na húdaráis ag a bhfuil an fhadhb so táimid chun éisteacht leo.

Ms Alma Walsh:

We have received the statement. It reflects a lot of what was raised and discussed already at the working group that was convened last May. Some of the recommendations relate to seeking legal advice on the inurement clauses that are applied. There is also a recommendation on the terms of reference. On a point of clarification, terms of reference were circulated to the working group in May and were agreed at the inception meeting.

The members of the committee were provided with those in the Minister's circulated statement and so will have had sight of them. We have read and reviewed those recommendations and they will feed into the work of the working group. We agree with some of them and will certainly be taking them back to the working group. There are many process-related issues but there is also a need to reflect on the debates held over the course of November and December and the questions raised here today. It encompasses all of the planning process, policy and some of the other related service issues. We hope to aggregate some of those into the correct stream, whether that is a section 28 guideline or something that can be directly addressed now within the process. We will seek to do that as soon as possible.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chun díriú isteach ar chúpla ceann de na moltaí atá ann, is é moladh 4 ná go n-úsáidfeadh gach údarás áitiúil modh deimhnithe náisiúnta chun inniúlacht teanga a mheas, modh ar nós Teastas Eorpach na Gaeilge a luaigh Dr. Mac Cormaic níos luaithe. Fáiltím roimh an dea-scéal go mbeidh an TEG á úsáid agus go mbeidh leibhéal B2 leagtha amach mar riachtanas. Éiríonn ceist as sin. An bhfuilimid sásta go mbeimid in ann na coinníollacha sin a chur i bhfeidhm? Is é sin an príomhrud. Cén céatadán de na tithe a bhfuilimid ag caint faoi agus muid ag caint ar na coinníollacha seo? An bhfuilimid ag caint faoi 100% den tithíocht a chuirfear ar fáil laistigh den Ghaeltacht? An bhfuilimid ag caint faoi 50% nó céatadán eile?

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid sásta go bhfuil an TEG á chur i bhfeidhm. Bhíomar ag caint faoi sin. Tuigim go bhfuil sé sin an-tábhachtach ar fad. Cuirfimid coinníoll i bhfeidhm go mbeidh ar dhaoine TEG ar leibhéal B2 a bheith acu. Bhí mo Roinn féin agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag caint faoi seo. Aontaímid gur ceart é sin a chur i bhfeidhm go luath.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén céatadán a bhfuilimid ag caint faoi maidir leis an tithíocht? An mbeidh an TEG ar leibhéal B2 ag teastáil ó 100% de na daoine sin?

Mr. Paul Hogan:

That is one of the key considerations for the working group. Obviously, it would ideally be 100%, but that is not practical. The reality is there will be exceptional situations and circumstances in which people who do not reach the standard will need to be facilitated. We will have to consider what would be acceptable to start with and how that might work. That is one of the key considerations at this point.

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Caithfear a bheith solúbtha. Tá a lán áiteanna istigh sa Ghaeltacht nach bhfuil an teanga chomh láidir sin iontu. I roinnt acu, tá sí an-lag. Cén sórt coinníollacha teanga a chuirfear i bhfeidhm? Cén céatadán a bheidh i gceist le haghaidh eastáit tithíochta sna ceantair sin le hais ceantair ar nós Leitir Mór, an Trá Mhór agus áiteanna mar sin i bhfíorlár na Gaeltachta cirte? Caithfear breathnú ar na ceantair óna bhfuil na hiarratais ag teacht agus díriú ar chéatadáin éagsúla a chur i bhfeidhm.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nach gcruthaíonn sé sin an fhadhb chéanna atá againn i gcónaí, is é sin, nach bhfuil treoirlínte ann? Tóg, mar shampla, breac-Ghaeltacht nó Gaeltacht ina bhfuil an teanga beagáinín níos laige ná i gceantair eile. Nach gcaithfear treoirlínte a bheith ann do gach Gaeltacht seachas rialacha éagsúla a bheith ann do cheantair Ghaeltachta éagsúla? Is ceann de na fadhbanna is mó atá againn é sin.

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Tá jab le déanamh againn mar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán teacht aníos le polasaí le feedáil isteach sa phróiseas seo i dtaobh sin. Ní hionann gach ceantar ná gach limistéar pleanála teanga Gaeltachta. Ní hionann gach limistéar in aon cheantar pleanála teanga Gaeltachta amháin. Bíonn ceantair lag agus láidir istigh iontu. Caithfear polasaí a leagan amach faoi sin agus ansin, nuair a thagann na comhairlí contae chugainn agus chuig an údarás ag cuardach moltaí maidir leis na céatadáin, déanfaimid moltaí faoin gcéatadán gur chóir dóibh a chur san áireamh in aon eastát tithíochta atá á fhorbairt.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfimid é sin a shoiléiriú agus treoirlínte a leagan amach. Má táimid ag iarraidh an leibhéal B2 sin a chur i bhfeidhm, tiocfaidh brú orainn chun an céatadán sin a laghdú.

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Chomh maith leis sin, tá cás daoine áitiúla atá ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta nach bhfuil aon Ghaeilge ag a gclanna. B'fhéidir go bhfuil siad ann le 50 bliain. Tá cearta acu sin. Ní féidir a rá le daoine áitiúla nach mbeidh siad in ann cead pleanála a fháil mar gheall nach bhfuil Gaeilge acu. Caithfear é sin a chur san áireamh freisin.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist eile agam. Deireann moladh 8 gur chóir bearta inacmhainne faoi leith a thabhairt isteach do cheantair Ghaeltachta a chabhróidh le pobail labhartha Gaeilge. Táim ag smaoineamh anois ar Chomhlucht Forbartha na nDéise agus an tionscadal atá idir lámha aige faoi láthair. An bhfuil sé d'intinn ag an Aire tacaíocht phraiticiúil a thabhairt d'fhorbairt scéimeanna tithíochta pobalbhunaithe a bheadh inacmhainne do mhuintir na háite? Tá pointe eile agam agus b'fhéidir go mbeidh tuairim ag Rónán Mac Con Iomaire faoi. Céard é tuairim an Aire maidir le húsáid a bhaint as talamh atá in úinéireacht Údarás na Gaeltachta nó a leithéidí chun tithíochta a fhorbairt ar chostas réasúnta inacmhainne?

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé ag caint faoi sin roimhe. Táim oscailte don choincheap má tá mo Roinn agus, mar shampla, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ábalta obair le chéile chun tithe sóisialta nó tithe ar phraghas réasúnta a chur ar fáil. Táim oscailte dó sin. Is é sin an fáth go bhfuil an affordable housing fund oscailte anois. Roimh an gcruinniú, léigh mé an plean ó Phort Láirge. Fuair mé ceithre thogra le scéimeanna ó Phort Láirge. Beidh tacaíocht ar fáil d'aon scéim tithíocht ar phraghas réasúnta sa Ghaeltacht. Tá airgead ag an Rialtas chun a leithéid a chur i bhfeidhm. Féachfaidh mé ar aon mholadh a gheobhaidh mé.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid ag caint faoi approved housing bodies, AHBs-----

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----do mhuintir na Gaeltachta nó do mhuintir na Gaeltachta seo.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid ábalta é sin a dhéanamh ar fud na tíre. Níl aon fháth nach mbeimid ábalta é a dhéanamh i gceantair Ghaeltachta. Is é an rud atá difriúil anois ná go bhfuil Tithíocht do Chách ann, trína mbeidh €4 billiún ar fáil gach bliain chun 33,000 tithe nua sa bhliain a fhorbairt ar fud na tíre, an Ghaeltacht san áireamh. Táim oscailte do bheith ag obair le hÚdarás na Gaeltachta má tá talamh aige agus má tá sé sásta obair le chéile le mo Roinn mar AHB nó tríd an gcomhairle contae.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Tá déileáil laethúil againn le pobail na Gaeltachta, Comhlucht Forbartha na nDéise ina measc, maidir le forbairt pobail agus acmhainní teanga. Ó thaobh na cainte a bhí ann roimhe seo ó thaobh ionadaíocht Ghaeltachta, táim misniúil go bhfuil glór na Gaeltachta mar chuid dó seo. Tá sé á thabhairt isteach againn. Tá trí cheist shonrach a thagann chun cinn chugainn, trí cheist éagsúla a bhraitheann ar cén ceantar Gaeltachta atá i gceist. Tá ceist ann maidir le mór-fhorbairtí tithíochta cosúil leis an sampla a chonaic muid i Ráth Chairn. Tá ceisteanna ann maidir le polasaí údaráis áitiúla i dtaobh lonnaíochta. B'fhéidir go bhfuil siad ag iarraidh daoine a bhogadh amach as ceantair scaipthe tuaithe agus isteach i mbailte gan bunstruchtúr nó bunchreatlach na Gaeltachta mar cheantar imeallach teanga ina bhfuil an teanga fós beo a thabhairt san áireamh. Tá go leor samplaí de sin ann.

An cheist eile atá tagtha aníos roinnt uaireanta le gairid ná an cheist i dtaobh na tithíochta inacmhainne. An áit is mó atá dul chun cinn déanta ó thaobh forbairt ar an múnla agus an cur chuige seo ná i gceantar na nDéise agus le Comhlucht Forbartha na nDéise. Táimid ag caint leo i láthair na huaire maidir le beagnach 5 acra ansin sa Rinn agus tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag fiosrú an féidir linn an talamh sin a thabhairt dóibh ar bhealach gur féidir tithíocht inacmhainne a chur ar fáil ann. Nuair a thagann éileamh chugainne ón bpobal Gaeltachta maidir le maoin atá againne agus atá muid in ann a chur ar fáil, breathnaíonn muid ar cén chaoi gur féidir linn tacú leis an bpobal sin mar neartaíonn sé sin an pobal agus an Ghaeilge. Aon talamh a chuirfeadh muidne ar fáil dó seo, bheadh muid ag lorg go mbeadh coinníoll teanga 100% ag baint leis mar go bhfuil sé bainteach le cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar sin. Ina theannta sin, ceann de na rudaí atáimid ag breathnú air ná cén chaoi gur féidir linn an talamh sin a chur ar an margadh ach fós a bheith ag cloí le rialacha i dtaobh ábhar a chur ar an margadh oscailte. Táimid tar éis é sin a phlé lenár Roinn féin agus leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus tá súil againn teacht ar ais le moltaí go gairid maidir le cén chaoi gur féidir linn é sin a dhéanamh.

Ar bhonn níos leithne, táimid ag obair faoi láthair maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an talamh ar fad atá inár seilbh gur féidir a fhorbairt. Nuair a thógtar amach talamh portaigh, talamh coille, talamh atá forbartha cheana féin agus talamh atá á úsáid le feirmeoireacht, tá thart ar 400 acra ag Údarás na Gaeltachta. Táimid ag breathnú faoi láthair ar thograí ag baint le fuinneamh in-athnuaite, mar shampla. Tá togra suntasach le fuinneamh photovoltaic, PV, againn i nGaoth Dobhair, a bheidh faoi úinéireacht an phobail. Táimid ag breathnú ar thograí maidir le bithéagsúlacht agus eile, agus tithíocht inacmhainne. Táimid ag breathnú ar an talamh sin agus ar an úsáid is fearr gur féidir linn a bhaint as ar leas an phobail agus riachtanais an phobail sna ceantair sin. Tá cás na nDéise ar cheann de na tosaíochtaí is mó atá againn i láthair na huaire ón taobh sin de. Tá súil againn teacht ar ais go gairid maidir leis na moltaí le gur féidir é sin a bhogadh chun cinn.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as an freagra cuimsitheach sin.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fáilte roimh na finnéithe go léir. Aontaím leis na rudaí a dúirt na Teachtaí agus an Seanadóir Clifford-Lee. Tá dúshláin ag baint leis an nGaolainn agus tá an t-ábhar seo práinneach. Mar a luaigh na comhaltaí eile, dúirt na daoine go léir a tháinig os comhair an choiste go bhfuil sé an-tábhachtach, chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt, go mbeadh daoine in ann maireachtáil sa Ghaeltacht. Tá beagáinín dóchais agam. Tá níos mó daltaí sa scoil i nDún Chaoin ná mar a bhí ar feadh 30 bliain nó mar sin. É sin ráite, tá a lán fadhbanna ann. Tá fadhb leis an gcás sin san Eoraip cúig bliana ó shin agus tá fadhbanna eile ag baint leis an údarás áitiúil i gCiarraí, mar shampla, ó thaobh na n-ainmneacha ar eastáit tithíochta. Bhí daoine ag seoladh isteach iarratais as Gaolainn agus ag fáil freagra i mBéarla ach tá feabhas tar éis tarlú i gComhairle Contae Chiarraí. Ceart nó mícheart, bhí tuiscint ann sa Ghaeltacht go raibh easpa ómóis don Ghaolainn sa chomhairle sin.

Tá gort in áit éigin sa Ghaeltacht in iarthar Chiarraí agus thug an chomhairle contae cead pleanála 20 bliain ó shin nó mar sin le hocht bhfoirgneamh ann. Níl ach duine amháin ag maireachtáil ann anois mar tá siad go léir ina Airbnbs nó mar sin. Le déanaí, bhí duine ón gceantar sin ag iarraidh cead pleanála a fháil agus dúradh léi nach raibh cead aici foirgneamh a thógáil in aici leis an teach deireanach sa ró sin. Ba chóir go mbeadh plean éigin ag an Rialtas nó an coimisinéir pleanála, ag baint leis an gcultúr, chun níos mó saoirse a thabhairt do dhaoine chun an Ghaolainn a choimeád beo sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh rud breise tugtha do na daoine seo chun an cultúr agus an Ghaolainn a choimeád beo agus a fhorbairt sa Ghaeltacht. Is áit speisialta í agus tá sí difriúil ó gach aon rud eile.

Chuala mé duine éigin ag rá go mbeadh orainn a bheith praiticiúil. Ní aontaím leis sin. Ba chóir go mbeadh deis ag gach aon duine i ngach áit sa tír, mar an Iarmhí nó aon áit nach bhfuil Gaeltacht ann, freagra a fháil ar a n-iarratais i nGaolainn. Is teanga náisiúnta í agus ba cheart go mbeadh an ceart agus an deis ag daoine é sin a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh rud speisialta déanta do dhaoine sa Ghaeltacht. Má tá fadhb leis an uisce nó go mbeadh an teach i flood plain nó mar sin de tá freagra againn mar gheall air sin ach ba chóir go mbeadh níos mó rudaí breise tugtha do dhaoine ag maireachtáil sa Ghaeltacht.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim sásta cloisteáil faoin bhfeabhas ar chúrsaí Gaeilge i gComhairle Contae Chiarraí. Bhí mé ar thuras le Comhairle Contae Chiarraí an samhradh seo caite. Tá siad ag déanamh sár-jab sa chontae agus tá siad ag smaoineamh faoin nGaeltacht. Bhí mé ag caint leis an chief executive faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht i gContae Chiarraí freisin so táim sásta cloisteáil faoin bhfeabhas i gcúrsaí Gaeilge agus daoine beidh ábalta a n-iarratais a dhéanamh trí Ghaeilge-----

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl mé ag rá sin-----

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam. Maidir leis na foirgnimh in iarthar Chiarraí atá in úsáid mar Airbnbs anois, go luath beidh treoracha nua faoi short-term lets á dhéanamh agam so ní bheidh daoine ábalta iad a úsáid tríd an bhliain mar short-term lets. Ba chóir dúinn tithe mar sin a úsáid do chlanna nó daoine tríd an bhliain. Níl sé éasca rialacha a chur i bhfeidhm chun go mbeidh daoine as an Ghaeltacht, nó ón Ghalltacht, ábalta cónaí sa Ghaeltacht ar an mbonn go bhfuil siad ábalta Gaeilge a labhairt. Níl sé sin éasca ach tá na moltaí maidir leis léite agam agus táim ag smaoineamh faoi. B’fhéidir go mbeidh muid in ann rudaí a dhéanamh, go mór mór sna ceantair ina bhfuil an Ghaeilge ag dul i lag. Nílim cinnte fós ach aontaím leis an Teachta maidir leis sin. Is rud an-phráinneach é agus déanaim mo dhícheall gach rud a dhéanamh chun feabhas a chur ar chúrsaí tithíochta agus pleanála sa Ghaeltacht.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire. Molaim an obair atá ar bun aige. Go mór mór fáiltím roimh an gcinneadh maidir le TEG mar déanfaidh sé sin an-difríocht go deo. Bhí mé ag léamh an méid a bhí le rá ag an Aire agus léim rud amháin amach. Bhí sé seo ann roimh a am. Deir an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go gcaithfidh cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a bheith bunaithe ar oidhreacht teangeolaíochta agus cultúrtha na Gaeltachta a chosaint, agus an Ghaeilge a chur chun cinn san áireamh.

B’fhearr liomsa dá mbainfí an focal "cultúrtha" as an méid sin mar níl ciall leis agus baintear míbhrí as istigh sna comhairlí contae. Ceaptar go gcaithfidh an Ghaeilgeoir a bheith ag dul ag rincí céilí agus peil Ghaelach a imirt. D’fhéadfadh cainteoir dúchasach rugbaí a imirt - chuala mé ar maidin faoi chailín atá ar fhoireann na hÉireann anois - nó spéis a bheith acu sa snagcheol. Níl aon bhaint acu siúd leis an nGaeltacht.

Má théim go dtí an Fhrainc, labhraítear an Fhraincis ann sa chuid is mó de ach tá spéis acu i ngach uile rudaí. Ní dhéarfá go mbaineann teanga na Fraince le cultúr faoi leith. Mar atá ráite agam go minic, leis an bhfocal “cultúr” ansin, d’fhéadfadh duine as Cill Chainnigh a bheith cáilithe mar go bhfuil cultúr faoi leith acu ó thaobh na hiománaíochta de, mar a fuaireamar amach ag an deireadh seachtaine. Mar a deirim, baintear míbhrí as. Mura mbeadh feidhm agus míbhrí á bhaint as, ba chuma liom faoi. Níl mé ag caint faoi rudaí teibí ach táim ag rá go dtarraingíonn sé seo trioblóid. B’fhearr liom gurb é an tagairt a bheadh ann ná gur cheart cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a eagrú ar mhaithe leis an nGaeltacht a choinneáil ina phobal labhartha Ghaeilge, mar is é sin go díreach atá i gceist againn. Tá sé seo tábhachtach mar go bhfuil an fhoclaíocht chéanna istigh sna treoirlínte agus is as sin a éiríonn an míthuiscint sna pleananna contae. Baineann an rud seo ar fad le cúrsaí teanga.

Is é an dara rud ná go bhfuil coimhlintí ann. Luaitear istigh sa cháipéis cúrsaí oidhreachta nádúrtha. Aontaím go gcaithfimid iad a chosaint. Luaitear an plean spásúil náisiúnta nó an creat forbartha náisiúnta, mar a thugtar air anois. Tá tábhacht leis sin ach nuair a scríobhadh é sin, níor tugadh aird ar riachtanais teangeolaíochta áirithe na Gaeltachta.

Níl a fhios agam ar smaoinigh an Roinn riamh ar na háiteanna ina bhfuil na Gaeltachtaí is láidre sa tír. Ar chúis stairiúil, is pobal scaipthe Gaeltachta, fiú le daonra dlúth i go leor cásanna, atá i gceist ach níl aon bhailte mar a thuigeann daoine ón bhfocal "bailte" sa ghnáthchomhthéacs. Mar shampla, tá pobal ollmhór thart ar an gCeathrú Rua ach go dtí le fíorghairid ní raibh aon bhaile ar an gCeathrú Rua seachas baile beag bídeach ina raibh scoileanna agus mar sin de ann - ní raibh aon lonnaíocht mhór sa bhaile. Is é sin an áit as a bhfuilimid ag teacht. Mar a dúramar sa cháipéis a réitíomar taobh istigh d'Fhianna Fáil - tá eolas maith ag an Aire air mar bhall d’Fhianna Fáil - ba cheart go mbeadh láidreacht teanga sna Gaeltachtaí ina chúinse suntasach nuair a bhítear ag déanamh cinneadh faoi iarratais phleanála do thithe aonair sa Ghaeltacht.

Tá an fáth go bhfuil sé seo fíorthábhachtach soiléir nuair a smaoinítear ar dhaoine nó ar conas a dhéanann daoine cumarsáid. Is trí labhairt lena chéile a dhéantar cumarsáid. Cé leis a labhraíonn daoine ach leis na comharsana agus lena mhuintir féin, nach ea? Má ta gasúir ag fás aníos, agus má tá na comharsana agus a mhuintir féin timpeall air agus más cainteoirí Gaeilge iad ar fad, is mó seans i bhfad go leanfaidh siad leo ag labhairt Gaeilge. Má thógtar an teaghlach sin agus má chuirtear iad in áiteanna eile gan a bheith gar do sheantuismitheoirí agus cainteoirí dúchasacha agus mar sin de, bristear an gréasán ansin ar mhaithe le hidé-eolaíocht éigin a bhaineann le pátrúin tithíochta bailte. Níltear ag tabhairt aon aird ar phátrúin teangeolaíochta atá fíorthábhachtach anseo. Mar sin d’iarrfainn ar an Aire smaoineamh ar staidéar a dhéanamh ar an gceangal idir an pátrún lonnaíochta agus aistriú na teanga ó ghlúin go glúin.

Níl mise ag rá nach bhféadfaí in am tráth baile caighdeánach lánGhaelach a bhunú agus go mbeadh eastáit tithíochta lán-Ghaeilge i gceist. Níl aon chúis nach bhféadfaí é sin a dhéanamh ach caithfear é sin a dhéanamh go mall réidh agus na foinsí teanga a choinneáil idir an dá linn agus gan an pátrún lonnaíochta atá ann i láthair na huaire a scrios. Nuair a dhéanfaidh an Roinn machnamh air, tá mé cinnte go dtuigfí cé leis a labhraíonn daoine agus a bhíonn teagmháil acu leo. Feicim le mo chlann agus mo gharchlann féin a thábhachtaí is atá sé go bhfuil deis ag an gclann agus ag an ngarchlann Gaeilge a labhairt lena mhuintir féin agus teagmháil leanúnach a bheith acu leo. D’iarrfainn mar chuid den chomhchoiste seo breathnú ar an gceist seo. Is é sin an dara rud.

Is é an chéad rud, mar sin, breathnú ar an bhfoclaíocht atá san Acht nuair a bheidh Acht pleanála á dhéanamh arís. Níl ann ach cúpla abairt ach sílim go bhfhéadfadh an fhoclaíocht a bheith níos fearr mar go bhfuil míbhrí á bhaint as agus as na treoirlínte.

Is é an dara rud ná breathnú go heisceachtúil ar an bpatrún lonnaíochta Gaeltachta sna Gaeltachtaí láidre agus a rá go gcaithfí iad a chaomhnú, Má fhaigheann an Ghaeilge bás mar theanga pobail sa Ghaeltacht, beidh deireadh léi mar theanga pobail mar níl sí in áit eile ar domhan. Caithfear é seo a láimhseáil go fíorchúramach mar tá sé sách leochaileach.

Is é an tríú rud a luafainn leis an Roinn gur fiú smaoineamh air ná rud a rith liom agus mé ag éisteacht anseo tráthnóna. Mar is eol don Aire mar pholaiteoir - níl ach ceathrar fágtha sa chruinniú anois - bíonn muid ag plé le hiarratais pleanála agus tuigimid na constaicí atá ag an bpobal áitiúil dúchasach agus iad ag iarraidh ceadanna pleanála a fháil. An bhféadfainn rud a mholadh don Roinn? Is trua nach bhfuil baill thofa ar Údarás na Gaeltachta. Is é ceann de na dearmaid mhóra a rinneadh ná deireadh a chur leis sin. In éagmais é sin, an bhféadfainn a mholadh go gceapfaí roinnt comhairleoirí contae le Gaeilge ón nGaeltacht – caithfidh an Ghaeilge a bheith acu – ar an gcoiste comhairleach? Tá siad ag breathnú air seo ón talamh aníos, ón bpobal aníos agus ón gcaoi a fheiceann an pobal air mar go bhfuil siad ag plé leis na fadhbanna pleanála.

Tá moladh amháin eile agam. Táim ag iarraidh a bheith praiticiúil. Táim beagnach réidh. Ní gá freagra cuimsitheach a thabhairt air seo. Táim ag iarraidh roinnt tuairimí a spreagadh. Creidim go mbeadh sé ina chuidiú mór dá scríobhfadh Teach an Chustaim - is é an tAire a scríobhfadh mar ní féidir le teach scríobh – chuig na húdaráis áitiúla chun treoir a thabhairt dóibh go gcaithfeadh na pleanálaithe atá ag plé leis na hiarratais ar an talamh sa Ghaeltacht a bheith in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. I gConamara, mar shampla - is í Gaeltacht Chonamara an Ghaeltacht is mó sa tír - tá daoine a thagann chugam ag na cruinnithe agus na clinicí nach labhraíonn aon Bhéarla. Ní hamháin nach bhfuil aon Ghaeilge ag na pleanálaithe chun déileáil leo ó lá go lá, ach is fadhb eile atá leis ná nach bhfuil an tuiscint chéanna agus ní féidir-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'fhreagair Aodhán Mac Cormaic an pointe sin níos luaithe mar gheall ar chúrsaí speisialta a chur ar fáil-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nílim ag caint----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----do na pleanálaithe agus toisc-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----faoi TEG 2.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má ligtear dom críochnú, dúirt sé go bhfuil siad, faoin Acht nua, chun díriú isteach chun a dhéanamh cinnte de-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Idir an dá linn, d’fhéadfadh an tAire seo treoir a thabhairt do na comhairlí contae láithreach go gcaithfí é seo a dhéanamh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní bheimis ag fanacht ansin go mbeadh plean ann tuairim is dhá bhliain agus dhá bhliain eile agus mar sin de, mar is é sin a dúradh liom istigh sa Dáil an tseachtain seo caite.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl mé ag iarraidh cur as sruth an Teachta, ach beidh ar an Aire imeacht. Beidh na hoifigigh anseo.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a deirim leis an Aire, ní gá mé a fhreagairt.

Tá mo phointí gairide déanta agus tá súil agam go bhfuil pointí praiticiúla déanta agam.

Ba mhaith liom rud amháin eile a lua. Thug mé faoi dearadh sa script a réitíodh don Aire gur thagair siad do 825 post lánaimseartha ach sin poist an údaráis. Tá an oiread sin arís do phoist leis an teanga sa Ghaeltacht le leithéid TG4; Raidió na Gaeltachta; Údarás na Gaeltachta; an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; An Coimisinéir Teanga; agus iad siúd ar fad atá lonnaithe sa Ghaeltacht le cainteoirí dúchasacha nó cainteoirí líofa Gaeilge, chuile dhuine acu agus coimre air sin. Cuireann an teanga an-bhorradh leis an nGaeltacht, gan trácht ar na mná tí ar fad. Tá leath den fhostaíocht sa Ghaeltacht agus níos mó má chuirtear na mná tí isteach san áireamh ansin. Níl ann ach an tríú chuid d'fhostaíocht na Gaeltachta san 800 jab sin atá cruthaithe ag an údarás. Níl mé ag caitheamh anuas ar an údarás; tá mé ag rá nach raibh na poist san áireamh agus go ndéanann siad sin an-difríocht nuair a bhreathnaítear ar thionchar dearfach na teanga ar an nGaeltacht agus chomh bisiúil agus atá sé ó thaobh na heacnamaíochta.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An gcaithfidh an tAire imeacht?

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh. Tá brón orm.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam. Ligfidh mé don Aire imeacht ach b'fhéidir go mbeidh na hoifigigh bocht in ann iad a fhreagairt.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cruinniú agam le Roinn an Taoiseach. Tá brón orm faoi sin. Aontaím leis an gcuid is mó de na rudaí a dúradh. Aontaím freisin go raibh sé an-phraiticiúil. Is é an smaoineamh is mó i cheann ná cad gur féidir linn a dhéanamh go praiticiúil chun difríocht a dhéanamh go luath mar tá sé práinneach. Thug mé síos na pointí faoi chultúr san Acht. Mar sin, beidh mé ar ais leis an gcoiste faoi sin. Seans go mbeidh Paul Hogan in ann labhairt faoi sin.

I mí an Mheithimh nó i mí Iúil caithfidh mé féachaint ar ais ag an national planning framework tar éis an daonáirimh. B'fhéidir go mbeidh seans againn ansin rudaí a chur isteach agus an teanga a láidriú. Táim cinnte go mbeimid ábalta é sin a dhéanamh. Tá an ceart ag an gCathaoirleach gur labhairt na teanga sa Ghaeltacht an rud is tábhachtaí. Níor léigh mé amach an ráiteas atá ag na baill; bhí mé ag caint faoi rudaí atá pearsanta dom féin. I mo thuairim tá an teanga an-tábhachtach. Níl mise líofa ach déanaim mo dhícheall í a úsáid uaireanta. Chaith mé a lán ama sa Ghaeltacht agus ba mhaith liom í a láidriú agus a fheabhsú. Táim cinnte agus dóchasach go ndéanfar rudaí dearfacha go luath lenár gcomhghleacaithe sa Roinn, in Údarás na Gaeltachta agus sa rialtas áitiúil. Bhí smaoineamh maith ag an gCathaoirleach faoi caint leis na comhairleoirí sa Ghaeltacht faoi na smaointe atá acu faoi na rudaí a táimid chun déanamh ar son na Gaeltachta.

Gabhaim buíochas leis an Teachta as sin ach caithfidh mé dul anois. Má tá aon cheisteanna ag an gCathaoirleach domsa beimid in ann iad a fhreagairt ag am eile. An bhfuil sé sin maith go leor?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceart go leor. Níl fadhb ar bith agam.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé tar éis 3.30 p.m.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam. Is féidir linn dul ar aghaidh go dtí 4.30 p.m.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhain mé an-taitneamh as. Bhí sé sin an-dearfach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an tAire ar ais os ár gcomhair am éigin.

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh.

Mr. Paul Hogan:

It is an interesting point about the word "culture" in the legislation. I had interpreted it and understood it to mean that the language was associated with the cultural heritage and patrimony. It would be concerning if it was being extended into other facets in Gaeltacht areas because the primary and clear objective is linguistic. That is understood and that is a good point.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I have seen this in practice and it is in the county plan in Galway. There are three levels but it all comes from the Act. I do not blame the planners because they follow the law. Rather than testing if the family will be Irish speaking and evaluating that, they ask if one is in the GAA club or this or that club. For example we have the polasaí neartú Gaeltachta in Galway so if an Irish speaking family comes to live in Cois Fharraige they can get planning; tá eisceacht ann. How can they be in the club when they are not in the area yet and so on? There is a meaning being taken out of this that to me gets away from the real thing we are trying to do, namely create Irish speaking communities. Whether those people are interested in tiddlywinks, Gaelic football or hurling is immaterial. As the director in the Roinn knows, my personal preferences might be for hurling and Gaelic football but that is not germane to the issue. The issue is purely linguistic. From my practical experience that word is open to misinterpretation so that is why I am suggesting that the Department clarify that issue once and for all.

Mr. Paul Hogan:

You cannot account for every circumstance and situation and one of the benefits of having guidance is to help address these issues. On the national planning framework, there is a reference and policy objective on page 85 on the Gaeltacht and Gaeltacht language plans and supporting their implementation and ensuring it stays on the agenda for the planning system. This is the opportunity to put more flesh on the bones of that and we just have not gotten to it until now. Looking at where the language is strong and why that may be is an interesting suggestion, as well as looking at the settlement pattern that goes with that. I did not fully understand whether the Deputy was advocating for a different form of settlement or replicating what is there but the Deputy mentioned the idea of a Gaeltacht town. That is going a bit far but there are opportunities where there are water treatment services or land available.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mr. Hogan missed my point. I am saying it is possible that in the future you could have Gaeltacht urban areas. However, we do not have any Gaeltacht urban areas so even the little towns in the Gaeltacht such as Dingle were English speaking for a fair way back. The places where the language stayed stronger, even if they were heavily populated like Cois Fharraige always was, such as An Ceathrú Rua and Ceantar na nOileán, for whatever reason were all dispersed communities. There could be big and rapid compact developments but if you do that too quickly in the Gaeltacht you will destroy the language. If you think of the linguistic reality and if you allow somebody to build on their family lands who is coming from an Irish speaking family then mamó and dadó are next door and the kids are running between the houses. They are all Irish speakers so you have a great chance that the kids grow up with Irish. If you take those parents out and put them into a town away from the sources of the language, the link is broken. When we talk about maintaining the existing communities and their structures in the strong linguistic areas, there is a much better chance of getting it on to the next generation and I suggest that a study be done of this. Bheadh a fhios ag Aodhán Mac Cormaic faoi na ceantair áirithe. It was interesting to listen to parents talk about their kids recently. They said that when Leitir Móir was playing in Galway they noticed the Irish the young teenagers had because the pattern has not been disrupted there. The Gaeltacht is small and unique. There is no other area anywhere in the world that is Irish speaking so it is this one or none.

It would be worthwhile having special rules, particularly looking at this issue, and if a special provision is required in the revised spatial strategy, it would be worthwhile doing do. If I draw up a plan for the Gaeltacht, I would have no control over the planning system if Government policy were to come against me.

Mr. Paul Hogan:

The objective is that it would be supportive and that is what this is all about. The Deputy mentioned and I know we discussed earlier - I am not sure if the Deputy was here - the need for planners to be able to deal with communities through Irish. That is something we would agree with, but we explained that it is quite difficult within local government to secure and retain professional staff, in particular - planners, engineers, and people like that. One of the ideas we had was that if it cannot be provided in one local authority, it should at least be provided on a shared service basis. That would be working towards more local availability. I know Dr. Aodhán Mac Cormaic had further thoughts on that. It is just a function of the availability of people right now. Certainly in our scenario, we sought to prioritise someone who can speak Irish fluently. As part of the expansion I mentioned earlier, we have taken on someone who can do that. There probably are not a lot of people who are both qualified in planning and comfortable working professionally through Irish.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

It amazes me because I know Irish speakers who have top jobs all over the place and they seem to have many qualifications. They are not a peasant people. I live in the Gaeltacht; we are not a peasant people. The level of education of Gaeltacht people matches that of anywhere in the country.

Mr. Paul Hogan:

Absolutely.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I am very surprised. There are also the people from the Gaelscoileanna who are located all around the country. I would be very surprised if three or four planners could not be got.

Mr. Paul Hogan:

It is getting them in the right place at the right time. There is an opportunity as well more broadly, looking at Gaeltacht service towns. There are ways and means of expanding the footprint and influence of the language. That is recognised in the national planning framework.

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Tá a fhios againn uilig go mbíonn na dúshláin sin ann speisialtóirí le Gaeilge a fháil scaití. Mar chuid den phlean náisiúnta, an bhfuil foráil déanta dóibh san Acht teanga nua. Má tá rialtais áitiúil nó údaráis áitiúla in ann poist a chruthú agus má théann siad ag cuardach duine nó dhó nó trí, caithfimid a bheith seiftiúil chun é sin a dhéanamh. Is ansin a thagann na nithe ar nós na moltaí atá luaite ag Paul Hogan isteach,mar shampla, go bhféadfaí seirbhísí a roinnt idir roinnt comhairle contae le go bhféadfaí seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do lucht na Gaeltachta. Caithfimid a bheith seiftiúil má tá deacracht teacht ar speisialtóirí. Ag an am céanna, caithfimid a bheith ag pleanáil don todhchaí agus scoláireachtaí nó rud éigin den saghas sin a chur ar fáil sna hollscoileanna chun daoine a fháil san fhadtéarma.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén cháilíocht atá ag teastáil ó ghnáthphleanálaí sa Ghaeltacht?

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Níl a fhios agam i ndáiríre.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim leis go bhfuil bunchéim in urban town planning. Aisteach go leor, feictear dom nach bhfuil aon duine cáilithe i rural planning, ach sin scéal eile.

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Caithfear pleanáil a dhéanamh chun aird na ndaoine atá sna scoileanna dara leibhéal faoi láthair a dhíriú ar na deiseanna a bheidh ar fáil sna jabanna éagsúla atá ar fáil.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is gnách do na pleanálaithe a dhéanamh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá aithne agam ar innealtóirí sibhialta le Gaeilge. B’fhéidir go gcuirfí cúrsa bliana ar fáil dóibh le go mbeidís cáilithe mar phleanálaí. Creidim féin go bhfuil fíor-riachtanas ann. Ní hamháin go mbeidís in ann plé leis an bpobal sa teanga ach go dtuigfidís comhthéacs teanga na Gaeltachta. Tuigeann an Dr. Mac Cormaic an rud atá i gceist agam.

Mr. Paul Hogan:

To clarify, the qualification in town planning is a four-year undergraduate degree or a two-year masters with another relevant qualification. We are in a much wider context because of the difficulty across the board in securing planners for a whole range of things that are national objectives we need to do and looking, with the local government sector, at how we can broaden the base of recruitment for planners and looking at other areas and how people could be fast-tracked into training. The suggestion is reasonable and can be taken on board.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

As the director knows, we were getting worried at one stage that we would not have any experts in Irish language placenames. We solved it very quickly. We gave a number of scholarships to people to do masters and some of them went on to do PhDs in placenames. Then we had a great supply of them - some who worked in placenames and branched out and others who are only just qualified in this, but who are authorities in this particular subject. It is not rocket science to decide to give a few scholarships to people in town planning to do a postgraduate with a condition that they would be capable of doing their business through Irish. It did not cost a fortune before. It was actually very economical because they were given the equivalent of a science bursary if someone were to do a PhD or MSc in science.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist nó moladh agam féin agus muid ag féachaint ar mholtaí faoi láthair. Maidir leis an gcáilíocht TEG, aontaím leis na finnéithe faoi agus is maith an rud é go bhfuil muid ag féachaint air. An mbaineann sé do dhuine nó beirt nó an bhfuil sé sin réitithe go fóill?

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Níl sé réitithe go fóill. Tá sé ar cheann de na ceisteanna atá fós le plé. Is ceist chasta í ar bhealach

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim.

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

I gclann le beirt thuismitheoirí agus gasúir, má dhírítear ar na tuismitheoirí, tá go leor teaghlaigh sa Ghaeltacht a bhfuil Gaeilge ag tuismitheoir amháin agus teanga eile, ar nós Fraincis nó pé teanga, ag an tuismitheoir eile agus tá Gaeilge bhreá ag na gasúir. Caithfimid díriú isteach air sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh mé ag iarraidh freagra diúltach air. Tá sé ar cheann de na rudaí a chuir duine ceist orm faoi. Luadh gur cheart seisiún traenála a bheith ann do phleanálaithe maidir le dualgais chomh maith leis an nGaeltacht féin. Ba léir dúinn, nuair a bhí roinnt den dream ó na comhairlí contae agus cathrach os ár gcomhair go raibh fadhbanna bunúsacha ann nach raibh an tuiscint cheart acu faoin nGaeltacht agus faoi na bunfhadhbanna atá ann maidir leis an nGaeltacht, seachas aon áit eile. É sin ráite, luadh Uisce Éireann níos luaithe. D’fhéadfaí cás a dhéanamh, má ghlacaimid leis go bhfuil an Ghaeilge i gcruachás, gur féidir tús áite a thabhairt d’infheistiú a lorg óna leithéidí d’Uisce Éireann, nó fiú amháin Transport Infrastructure Ireland, TII, nó dreamanna eile, sna ceantair Ghaeltachta chun a chinntiú go bhfuil an t-infreastruchtúr ceart ann chun na daoine atá ann a choimeád, agus chun a chinntiú gur féidir leo an fhorbairt tithíochta agus an fhorbairt tionscail a dhéanamh freisin, ní hamháin chun daoine a mhealladh chun cónaí ann ach ionas go mbeadh poist ann. Tá cuid de sin déanta ag na húdaráis maidir le Gteic agus a leithéidí.

Is cuimhin liom sa choiste Gaeilge roimh an gceann seo ceist faoi shuíomh agus an raibh an t-údarás sásta cuidiú le hUisce Éireann nó nach raibh sé sásta leis an gcóras séarachais. Ba léir go raibh fadhb ann agus ní raibh duine amháin ag rá “Is sea” nó rud éigin. Níor cheart go mbeadh baic mar sin ann amach anseo.

Maidir leis na heagrais tithíochta deonaí, meabhraím do na finnéithe go bhfuil dualgais orthu nuair atá siad ag déileáil le daoine ón nGaeltacht seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil agus gan neamhaird a dhéanamh díobh, a leithéid Co-operative Housing Ireland nó Clúid agus a leithéid.

Tá an córas a bhaineann le tithíocht shóisialta difriúil ag a lán comhairlí contae. Má tá duine den Lucht Siúil ar liosta feithimh i mBaile Átha Cliath do thithíocht shóisialta, is féidir leis nó léi bheith ar liosta feithimh tithíochta don Lucht Siúil amháin. Uaireanta, is féidir le daoine atá d'aois áirithe a bheith ar dhá liosta: an liosta d'áitreabh do dhaoine atá thar 60 agus freisin an liosta eile. Déantar iarracht bogadh. I gcásanna áirithe, is gá aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ar an liosta feithimh shóisialta as ceantar Gaeltachta gur sa Ghaeltacht atá siad ag iarraidh lonnú, seachas brú a bheith orthu teach a ghlacadh istigh i mbaile a bhfuil labhairt na Gaeilge imithe in éag ann nó, i gcás na Gaillimhe, i gceantair nach bhfuil an Ghaeilge go flúirseach. B'fhéidir gur féidir é sin a shoiléiriú nuair atáimid ag cur na dtreoirlínte le chéile chun go dtuigeann na comhairlí contae gur gá eisceachtaí nó córas éigin a bheith acu chun aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag lorg é sin.

Luaigh an Teachta Connolly níos luaithe daoine a chur ar an eolas faoi na scéimeanna. Luaigh an tAire scéim atá feicthe agam sna páipéir scéim chun seantithe nó fothraigh a athnuachan. Uaireanta, ní bhíonn a fhios ag an ngnáthphobal nó an ag an gcosmhuintir fúthu agus ba cheart déanamh cinnte de, má tá scéim fógartha sa Roinn, go dtéann an focal amach agus nach bhfuil daoine ó lasmuigh den cheantar ag ceannach seanfhothrach agus a fhios acu gur féidir leo deontas a fháil. Ba cheart go mbeadh cosaint ag an ngnáthphobal agus go dtiocfadh eolas ón údarás, ón Roinn nó ó áit éigin eile amhail TG4 nó an raidió, nó pé bealach gur féidir linn é a scaipeadh.

Smaoiním chomh maith ar conas is féidir linn na suímh atá ar díol a chosaint ar dhaoine ó lasmuigh a cheannach. Tá dhá rud ann ó thaobh tithíochta de. Nuair atáthar ag tógáil tithe, caithfear déanamh cinnte de go bhfuil coinníoll Gaeilge ann. Má táthar ag ceannach tí, an bhféadfar coinníoll Gaeilge a chur ar an gceannach sin ionas go bhfuiltear ag cosaint agus nach bhfuil daoine á cheannach agus ag ligean orthu go bhfuil siad chun cónaí ann? B'fhéidir go mbeidh cónaí orthu ann ar feadh tréimhse sula n-imíonn siad agus an teach fágtha ina theach samhraidh nó teach saoire, seachas samhradh, mar uaireanta bíonn siad ann tréimhsí eile.

An bhfuil aon bhealach cosaint a dhéanamh ar na suímh ionas nach bhfuil an praghas ag ardú an t-am ar fad agus go bhfuil sé ar fáil do phobal áitiúil? Is minic go mbíonn an pobal sin brúite amach nuair atá ceant i gceist nó fiú nuair atá na tithe ar díol toisc an praghas atá i gceist.

Sin iad na ceisteanna atá agamsa. Tá an stuif a chuir na comhairlí contae os ár gcomhair ag na finnéithe eile. Iarraim orthu déanamh cinnte de go bhfuil treoirlínte soiléire cearta tugtha do na hocht gcomhairle contae ionas nach bhfuil leithscéal ar bith acu éalú ó na dualgais agus coinníollacha atá orthu maidir leis an nGaeltacht.

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Tá go leor moltaí stuama ansin ach tá na cinn a tháinig ó na comhairlí contae fíorthábhachtach freisin. Tháinig go leor de na cinn céanna ó na hoifigigh Gaeilge sna comhairlí contae. Táimid ar an eolas faoi sin agus faoin ábhar a tháinig ó Chonradh na Gaeilge. Cuirfimid gach rud san áireamh sula ndéanfar aon chinntí faoi na rudaí seo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist phraiticiúil agam. An bhfuil na hoifigigh Gaeilge sna comhairlí contae ar an leibhéal céanna? Má tá duine ar leibhéal ró-íseal, níl an tionchar aige nó aici ag leibhéal na bainistíochta. Mura bhfuil siad ar an leibhéal céanna, ba chóir go mbeadh ceann de na moltaí uainn ar fad go mbeidh siad ag leibhéal ard go leor chun go mbeadh tionchar acu ar bhainistíocht na gcomhairlí contae.

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Ní bheadh freagra na ceiste sin agam. An bhfuil sé ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta?

Mr. Paul Hogan:

It varies. It depends on what one is pegging it against. The most senior planning official is probably more senior than an Irish language officer, but there are more people and grades in planning. The Irish language officer is probably mid level, at grade 7, as I understand it. We have asked the Irish language officers to be represented on the steering group. We wrote to the local authority and sought a senior planning official and an Irish language officer in each case and they are involved.

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Is é ceann na moltaí a rinne siad féin ná go mbeidís níos lárnaí istigh sa phróiseas agus go mbeadh iarratas Gaeltachta curtha chuig an oifigeach Gaeilge san údarás áitiúil, mar aon linne san údarás agus sa Roinn, ionas go dtabharfadh an t-oifigeach tuairimí leis an gcaipín Gaeltachta air nó uirthi féin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Seo deireadh leis an tsraith chruinnithe maidir le pleanáil tithíochta. Beidh tuarascáil á cur le chéile againn agus beimid in ann í sin agus na moltaí atá istigh inti a scaipeadh chuig na finnéithe. Sin deireadh na coda seo den chruinniú. Tá an Teachta Ó Muimhneacháin ag iarraidh teacht isteach.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí ceist agam ar an údarás níos luaithe agus ní bhfuair mé freagra air. Bhain sé leis an tslí a bhfuil deis ag an údarás aighneachtaí a sheoladh ar na hiarratais phleanála. Tá ról ag an údarás ó thaobh teanga agus an chórais pleanála de. Bhí mé ag fiafraí conas nach bhfuil an t-údarás ag úsáid na deise sin chun aighneachtaí a sheoladh isteach ar na hiarratais phleanála, cur i gcás nuair atá Gaeilgeoir áitiúil ag lorg cead pleanála le haghaidh tigh dó nó di féin sa Ghaeltacht. Nach mbeadh an deis ansin ag an údarás aighneacht a sheoladh isteach ag tacaíocht leis an duine agus a rá leis an gcomhairle contae go bhfuil an duine sin tábhachtach don Ghaeltacht agus don phobal áitiúil agus go gcaithfí é sin a thógáil san áireamh? Bhí mé ag fiafraí cén fáth nach mbeadh an t-údarás ag glacadh leis an deis sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfimid an cheist sin ar Rónan Mac Con Iomaire.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Táimid liostáilte mar cheann de na comhlachtaí forordaithe a chuireann iarratais phleanála ar an mbealach agus le haghaidh aighneachtaí a chur isteach. Is iad na hiarratais a chuirtear chugainn ó na comhairlí contae na hiarratais a bhaineann le forbairtí tithíochta a bhfuil dhá lonnaíocht nó níos mó ag baint leo.

Tiocfaidh mé ar ais chuig ceist an Teachta i gceann soicind ach is é ceann de na fadhbanna atá ann san obair atá déanta go dáta ná easpa comhsheasmhachta sa chur chuige atá ag údaráis áitiúla ag cur iarratais pleanála ar aghaidh chugainn agus chuig an Roinn freisin. Ba cheart próiseas níos iomláine a chur in áit chun a chinntiú nach dtarlódh sé nach mbeimis ag fáil aighneachtaí tríd aon phróiseas amháin. Cuirimid aighneachtaí ar ais maidir leis na hiarratais a fhaighimid, ach cuirimid aighneachtaí ar aghaidh maidir leis na pleananna forbartha contae freisin. Tá roinnt mhaith oibre déanta air seo le gairid, ó tharla go bhfuil an próiseas sin ar bun.

Ina theannta sin, mar a bhí mé ag rá níos luaithe, tá teagmháil rialta againn leis an bpobal Gaeltachta a dhéanaimid ionadaíocht dó trí na heagrais forbartha pobail. Is iad na trí fhadhb sonracha a luaigh mé níos luaithe a thagann chun cinn ná forbairtí tithíochta suntasacha ag teacht isteach atá in ann tionchar diúltach a imirt ó thaobh na Gaeltachta, agus tá a fhios agam go bhfuil roinnt samplaí mar sin i limistéar pleanála teanga Mhúscraí le gairid; an bhéim a chuireann údaráis áitiúla ar lonnaíocht a bhogadh isteach i mbailte agus amach ó cheantair thuaithe, agus an tionchar diúltach a bhíonn aige sin ar an gcreatlach labhartha Gaeilge; agus ceist na tithíochta inacmhainne. Bíonn cruinnithe rialta againn leis na húdaráis agus na comhairlí contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina limistéir agus cuireann muid na fadhbanna sin os a gcomhair. Tá siad ar an eolas faoi na hábhair sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Teachta sásta leis sin?

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Conas nach bhfuil an t-údarás ag fáil gach iarratas pleanála? Cad ina thaobh nach bhfuil ach na hiarratais i gcomhair roinnt tithe atá ann? Tá an t-údarás ar chomhchéim leis An Taisce, le hUisce Éireann agus le go leor eagrais eile a bhfuil sé de cheart acu gach iarratas pleanála a bheith seolta ar aghaidh chucu. In ionad a bheith ag seoladh aighneachtaí diúltacha isteach, tá deis ann a bheith dearfach agus aird na gcomhairlí contae a tharraingt ar phobal na Gaolainne. Is féidir aighneachtaí a chur isteach maidir leis na hiarratais éagsúla ag rá go bhfuil an t-iarratasóir tábhachtach don Ghaolainn agus don phobal, go dteastaíonn ón údarás go mbeidís ábalta cónaí a bheith aige nó aici sa dúthaigh agus go molann an t-údarás don chomhairle cead pleanála a thabhairt dó nó di. Tá an deis sin ag an údarás. Táimid dírithe ar na tithe aonaracha anseo seachas ar na scéimeanna móra. Tá deis ann rud éigin dearfach a dhéanamh. Shamhlóinn go bhféadfadh an t-údarás cabhrú ansin. Tá an deis á scaoileadh muna bhfuil sé ag féachaint ar a leithéid.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Maidir leis an bhfáth nach gcuirtear ábhar ar aghaidh chugainn maidir le haighneachtaí ar thithe aonaracha, de réir an Achta is iarratais a bhfuil níos mó ná dhá lonnaíocht ag baint leo a chuirtear ar aghaidh chugainn. De réir mar a thuigim, is éard atá leagtha amach sa reachtaíocht.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh orainn an reachtaíocht a athrú.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil gach iarratas le bheith seolta ar aghaidh. Ní gnáthrud é go mbeadh idirdhealú á dhéanamh ag an gcomhairle contae mar gheall ar an gcineál iarratas atá le seoladh ar aghaidh chuig grúpaí éagsúla aige. Seolann siad gach ceann go dtí An Taisce agus Uisce Éireann. Chuirfeadh sé ionadh orm dá mba rud é go raibh idirdhealú á dhéanamh. An bhfaigheann an t-údarás iarratais phleanála i gcomhair muilte gaoithe, bearnaí nua a oscailt ar chlaíocha nó scéimeanna tithíochta? Shamhlóinn nach mbeadh aon idirdhealú á dhéanamh agus go mbeadh siad go léir á seoladh ar aghaidh chuig an údarás.

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Faighimid iarratais ó thaobh muilte gaoithe agus forbairtí mar sin ach táim in ann a rá go sonrach nach gcuireann na húdaráis áitiúla iarratais ar thithe aonaracha ar aghaidh chugainn.

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Is éard atá ráite san Acht ná go bhfuil sé de dhualgas ar an gcomhairle contae aon iarratas a mbeidh, ina thuairim féin, tionchar aige ar chúrsaí teangeolaíochta sa Ghaeilge a chur ar aghaidh. Is léir go bhfuil na comhairlí ag ceapadh nach bhfuil tionchar ag tithe aonaracha. Is é sin an tuiscint. Ag dul ar ais go dtí an obair atá ar bun ag an gcoiste seo i dtaobh polasaí, tá jab le déanamh ag an Roinn i gcomhar leis an údarás polasaí a leagan amach a mbeidh ár gcomhghleacaithe sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta in ann é a roinnt leis na húdaráis áitiúla.

Ms Alma Walsh:

To come in on that particular question, there are two issues involved. Section 28(1) of the Planning and Development Regulations allows for any local authority to refer a planning application onward with regard to the impact on the linguistic heritage of the Gaeltacht area, as Dr. Mac Cormaic has said. In practical terms, every single planning application could be referred. The reason for the divergence might be found within the development plan policy in which linguistic impact statements and language assessments are not required for every single type of development. In fact, they only apply to developments comprising a minimum of three units. In that case, not every single application for a rural house would be referred to the údarás as one of the referral bodies. Again, the údarás is also listed as a prescribed body in the regulations and so would receive all the material in respect of a development plan review or local area plan review. With regard to the planning application system and daily run-of-the-mill planning business, such referrals are made at the discretion of the local authorities, which would normally rely upon their policies.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir go mbeimid in ann déileáil leis an gceist seo agus muid ag cur ár moltaí le chéile sa tuairisc ag an deireadh. Tá deireadh leis an gcuid seo den chruinniú. Glacaim leis nach bhfuil aon ghnó eile againn. Tá an cruinniú seo ar athló go dtí 1.30 p.m. ar an 2 Feabhra 2022. Ag an gcruinniú sin, pléifear le Coimisinéir an Garda Síochána, Drew Harris, an fáth a fuarthas réidh leis an riachtanas a bhí ar iarrthóirí grád 50% a bhaint amach sa scrúdú inniúlachta béil sa Ghaeilge bunriachtanach le bheith incháilithe le hardú céime chuig céimeanna sáirsint nó cigire. Beidh an tseisiúin sin ar siúl idir 1.30 p.m. agus 2.30 p.m.

Sa dara seisiún, a thosóidh ag 2.45 p.m., pléifear cinneadh an Rialtais nach mbeidh Gaeilge riachtanach níos mó ag baill den Gharda Síochána. Ba é an príomhfhinné a bhí le bheith anseo don chruinniú seo ná an tAire Dlí agus Cirt, an Teachta McEntee. Beidh Coimisinéir an Garda Síochána, Drew Harris, cathaoirleach an Údaráis Phóilíneachta, Bob Collins, agus príomhfheidhmeannach na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, Shirley Comerford, ag freastal ar an gcruinniú agus ag glacadh páirte sa díospóireacht. Thug an comhchoiste cuireadh don Aire Dlí agus Cirt freastal ag an gcruinniú ach tá sé curtha in iúl don chomhchoiste ar an nguthán nach féidir léi a bheith anseo. Molaim go dtabharfaí cuireadh eile don Aire teacht os ár gcomhair agus na hábhair sin a phlé ar dáta dá rogha féin amach anseo. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ag 4.18 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 2 Feabhra 2022.