Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar a deirim leis an Aire, ní gá mé a fhreagairt.

Tá mo phointí gairide déanta agus tá súil agam go bhfuil pointí praiticiúla déanta agam.

Ba mhaith liom rud amháin eile a lua. Thug mé faoi dearadh sa script a réitíodh don Aire gur thagair siad do 825 post lánaimseartha ach sin poist an údaráis. Tá an oiread sin arís do phoist leis an teanga sa Ghaeltacht le leithéid TG4; Raidió na Gaeltachta; Údarás na Gaeltachta; an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; An Coimisinéir Teanga; agus iad siúd ar fad atá lonnaithe sa Ghaeltacht le cainteoirí dúchasacha nó cainteoirí líofa Gaeilge, chuile dhuine acu agus coimre air sin. Cuireann an teanga an-bhorradh leis an nGaeltacht, gan trácht ar na mná tí ar fad. Tá leath den fhostaíocht sa Ghaeltacht agus níos mó má chuirtear na mná tí isteach san áireamh ansin. Níl ann ach an tríú chuid d'fhostaíocht na Gaeltachta san 800 jab sin atá cruthaithe ag an údarás. Níl mé ag caitheamh anuas ar an údarás; tá mé ag rá nach raibh na poist san áireamh agus go ndéanann siad sin an-difríocht nuair a bhreathnaítear ar thionchar dearfach na teanga ar an nGaeltacht agus chomh bisiúil agus atá sé ó thaobh na heacnamaíochta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.