Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ní raibh mé ag iarraidh freagra diúltach air. Tá sé ar cheann de na rudaí a chuir duine ceist orm faoi. Luadh gur cheart seisiún traenála a bheith ann do phleanálaithe maidir le dualgais chomh maith leis an nGaeltacht féin. Ba léir dúinn, nuair a bhí roinnt den dream ó na comhairlí contae agus cathrach os ár gcomhair go raibh fadhbanna bunúsacha ann nach raibh an tuiscint cheart acu faoin nGaeltacht agus faoi na bunfhadhbanna atá ann maidir leis an nGaeltacht, seachas aon áit eile. É sin ráite, luadh Uisce Éireann níos luaithe. D’fhéadfaí cás a dhéanamh, má ghlacaimid leis go bhfuil an Ghaeilge i gcruachás, gur féidir tús áite a thabhairt d’infheistiú a lorg óna leithéidí d’Uisce Éireann, nó fiú amháin Transport Infrastructure Ireland, TII, nó dreamanna eile, sna ceantair Ghaeltachta chun a chinntiú go bhfuil an t-infreastruchtúr ceart ann chun na daoine atá ann a choimeád, agus chun a chinntiú gur féidir leo an fhorbairt tithíochta agus an fhorbairt tionscail a dhéanamh freisin, ní hamháin chun daoine a mhealladh chun cónaí ann ach ionas go mbeadh poist ann. Tá cuid de sin déanta ag na húdaráis maidir le Gteic agus a leithéidí.

Is cuimhin liom sa choiste Gaeilge roimh an gceann seo ceist faoi shuíomh agus an raibh an t-údarás sásta cuidiú le hUisce Éireann nó nach raibh sé sásta leis an gcóras séarachais. Ba léir go raibh fadhb ann agus ní raibh duine amháin ag rá “Is sea” nó rud éigin. Níor cheart go mbeadh baic mar sin ann amach anseo.

Maidir leis na heagrais tithíochta deonaí, meabhraím do na finnéithe go bhfuil dualgais orthu nuair atá siad ag déileáil le daoine ón nGaeltacht seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil agus gan neamhaird a dhéanamh díobh, a leithéid Co-operative Housing Ireland nó Clúid agus a leithéid.

Tá an córas a bhaineann le tithíocht shóisialta difriúil ag a lán comhairlí contae. Má tá duine den Lucht Siúil ar liosta feithimh i mBaile Átha Cliath do thithíocht shóisialta, is féidir leis nó léi bheith ar liosta feithimh tithíochta don Lucht Siúil amháin. Uaireanta, is féidir le daoine atá d'aois áirithe a bheith ar dhá liosta: an liosta d'áitreabh do dhaoine atá thar 60 agus freisin an liosta eile. Déantar iarracht bogadh. I gcásanna áirithe, is gá aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ar an liosta feithimh shóisialta as ceantar Gaeltachta gur sa Ghaeltacht atá siad ag iarraidh lonnú, seachas brú a bheith orthu teach a ghlacadh istigh i mbaile a bhfuil labhairt na Gaeilge imithe in éag ann nó, i gcás na Gaillimhe, i gceantair nach bhfuil an Ghaeilge go flúirseach. B'fhéidir gur féidir é sin a shoiléiriú nuair atáimid ag cur na dtreoirlínte le chéile chun go dtuigeann na comhairlí contae gur gá eisceachtaí nó córas éigin a bheith acu chun aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag lorg é sin.

Luaigh an Teachta Connolly níos luaithe daoine a chur ar an eolas faoi na scéimeanna. Luaigh an tAire scéim atá feicthe agam sna páipéir scéim chun seantithe nó fothraigh a athnuachan. Uaireanta, ní bhíonn a fhios ag an ngnáthphobal nó an ag an gcosmhuintir fúthu agus ba cheart déanamh cinnte de, má tá scéim fógartha sa Roinn, go dtéann an focal amach agus nach bhfuil daoine ó lasmuigh den cheantar ag ceannach seanfhothrach agus a fhios acu gur féidir leo deontas a fháil. Ba cheart go mbeadh cosaint ag an ngnáthphobal agus go dtiocfadh eolas ón údarás, ón Roinn nó ó áit éigin eile amhail TG4 nó an raidió, nó pé bealach gur féidir linn é a scaipeadh.

Smaoiním chomh maith ar conas is féidir linn na suímh atá ar díol a chosaint ar dhaoine ó lasmuigh a cheannach. Tá dhá rud ann ó thaobh tithíochta de. Nuair atáthar ag tógáil tithe, caithfear déanamh cinnte de go bhfuil coinníoll Gaeilge ann. Má táthar ag ceannach tí, an bhféadfar coinníoll Gaeilge a chur ar an gceannach sin ionas go bhfuiltear ag cosaint agus nach bhfuil daoine á cheannach agus ag ligean orthu go bhfuil siad chun cónaí ann? B'fhéidir go mbeidh cónaí orthu ann ar feadh tréimhse sula n-imíonn siad agus an teach fágtha ina theach samhraidh nó teach saoire, seachas samhradh, mar uaireanta bíonn siad ann tréimhsí eile.

An bhfuil aon bhealach cosaint a dhéanamh ar na suímh ionas nach bhfuil an praghas ag ardú an t-am ar fad agus go bhfuil sé ar fáil do phobal áitiúil? Is minic go mbíonn an pobal sin brúite amach nuair atá ceant i gceist nó fiú nuair atá na tithe ar díol toisc an praghas atá i gceist.

Sin iad na ceisteanna atá agamsa. Tá an stuif a chuir na comhairlí contae os ár gcomhair ag na finnéithe eile. Iarraim orthu déanamh cinnte de go bhfuil treoirlínte soiléire cearta tugtha do na hocht gcomhairle contae ionas nach bhfuil leithscéal ar bith acu éalú ó na dualgais agus coinníollacha atá orthu maidir leis an nGaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.