Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá brón orm mar go bhfuil cruinniú eile agam agus caithfidh mé an cruinniú seo a fhágáil tar éis seo. Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh a oifigigh, go háirithe, roimh an Dr. Aodhán Mac Cormaic. Gabhaim buíochas as an obair a dhéanann sé. Is é seo an chéad uair atá sé os comhair an chomhchoiste ón am a chaith sé linn ag plé an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Comhghairdeas leis siúd agus leis an obair a chuir sé isteach leis sin.

Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach ag an Aire ar an ábhar seo sular tháinig sé os comhair an chomhchoiste. Tuigim gur iarracht mhacánta atá sé ag iarraidh a dhéanamh agus cuirim fáilte gur tháinig sé os comhair an choiste. I gcás na gcruinnithe eile a bhí ag an gcomhchoiste seo, bhí gach údarás pleanála os ár gcomhair maidir le cúrsaí Gaeltachta. Caithfidh mé a rá go n-aontaím go pearsanta nár thuig aon de na húdaráis sin cé chomh práinneach agus dáiríre is atá an fhadhb faoi thithíocht, pleanáil agus ceadanna pleanála sa Ghaeltacht.

Bhí an tAire ag caint faoin phleanáil chothrom agus fhéaráilte. Caithfimid an focal “cosaint” a chur leis na daoine sin freisin mar tá an Ghaeltacht faoi bhrú agus níl na daoine ag fanacht ann. Níl a lán de na daoine ag iarraidh tithe a thógáil sa Ghaeltacht. Caithfimid an Ghaeltacht, mar atá sí, a chosaint agus a fhorbairt. Ní bheimid in ann í a fhorbairt mura bhfuil daoine ann agus deiseanna ann dóibh cónaí go díreach ann nó a bpáistí dul ar scoil ann nó na daoine sin a bheith ag obair ann.

Mar fhreagra ar Paul Hogan, nílimid ag caint faoi holiday homes. Táimid ag caint faoi thithe le haghaidh clanna, daoine atá ag iarraidh cónaí ann go lánaimseartha.

As an obair atá á dhéanamh ag an Aire, caithfidh béim nua a theacht ón Roinn i gcomhthéacs na n-údarás pleanála i ngach cuid den Ghaeltacht. Caithfear a rá leis na húdaráis go bhfuil fadhb ann, go bhfuil suim mhór ann agus go bhfuil an Roinn ag coinneáil súil ghéar orthu. Bhí sé suimiúil nach raibh go leor de na húdaráis in ann pleanáil a dhéanamh trí Ghaeilge. Is iomaí stiúrthóir pleanála a bhí os ár gcomhair chun labhairt faoin bpleanáil, agus a bhí ag bainistiú na pleanála sna húdaráis áitiúla, nach raibh Gaeilge acu. Cad faoi dhuine atá ag iarraidh iarratas pleanála a dhéanamh trí Ghaeilge? Tá údaráis áitiúla ann nach gcuireann an deis sin ar fáil dóibh. Tá an obair seo an-tábhachtach. Cad é tuairim an Aire faoi athruithe na n-údarás? Dúirt sé nach bhfuil bainistíocht ag Údarás na Gaeltachta faoi chúrsaí pleanála. An mbeadh suim aige é sin a scrúdú agus údarás nua a bhunú don Ghaeltacht mar go bhfuil an fhadhb chomh dáiríre?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.