Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta Calleary as a chuid pointí agus ceisteanna. Ar dtús, aontaím leis an Teachta faoi na cúrsaí pleanála sa mhéid is go bhfuil siad difriúil sna rialtais áitiúla. As na hocht n-údarás áitiúil sa tír ina bhfuil Gaeltachtaí iontu, b'fhéidir go bhfuil rialacha difriúla ag contae amháin le contae eile agus ní hé sin an rud ar mhaith liom a fheiceáil. Tá orm obair a dhéanamh faoi sin chun rialacha nua a bhaint amach do na húdaráis áitiúla agus - mar a dúirt mé i mo ráiteas tosaigh - go mbeadh an scéim phleanála chéanna i ngach ceann de na hocht n-áit. Dá bhféadfainn é sin a dhéanamh, bheadh na cúrsaí pleanála níos cothroime agus níos féaráilte. Tá muid in ann é sin a dhéanamh.

Dúirt an Teachta Calleary nach bhfuil daoine in ann iarratas a dhéanamh trí Ghaeilge. Is mór an díomá orm faoi sin ach táimid in ann athrú a dhéanamh faoi. Tar éis dúinn na hathruithe a dhéanamh, beidh orm suí síos leis na príomhfheidhmeannaigh i ngach contae chun na rialacha nua a phlé, ionas go mbeidh mé cinnte go dtuigeann na comhairlí contae na rialacha nua. Tá seans againn feabhas mór a dhéanamh ar son cúrsaí pleanála agus ar son cúrsaí pleanála agus tithíochta. Is ábhar práinneach é agus níl mórán ama ann chun é a chur ina gceart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.