Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Dála, Pa Daly, a mbeidh beagáinín mall ag teacht chuig an gcruinniú. Fáiltím roimh chomhaltaí an chomhchoiste agus aon chomhalta eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair agus roimh lucht féachana theilifís an Oireachtais.

Déanfaimid ár mbreathnú ar an ábhar thithíocht agus cúrsaí pleanála fisiciúla sa Ghaeltacht agus na treoirlínte nua a bhaineann leo. Tá sé seo ina chuid den tsraith cainteanna atá pléite againn le tamall anois. Fáiltím roimh an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta Darragh O'Brien, agus leis inniu tá an Dochtúir Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Rónán Mac Con Iomaire, stiúrthóir forbartha réigiúnaí, pobail agus pleanála teanga in Údarás na Gaeltachta, agus Paul Hogan, príomhchomhairleoir sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Tá siad anseo mar ionadaithe ón chomhghrúpa oibre ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, tá Alma Walsh, comhairleoir sinsearach sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, i láthair. Gabhaim ár mbuíochas leo as teacht anseo inniu chun cúnamh a thabhairt dúinn sa phlé atá ar siúl againn.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil an tAire agus na daoine ón chomhghrúpa oibre maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag freastal ar an gcruinniú i seomra coiste 4, laistigh de pharlúin Thithe an Oireachtais.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.