Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt dom labhairt anseo tráthnóna agus cuirim fáilte roimh an deis seo leis an eolas is déanaí a thabhairt do chomhaltaí ar an obair atá ar siúl laistigh de mo Roinn maidir le ceisteanna pleanála inár nGaeltacht.

I dtosach, is mian liom a rá go bhfuil mé tiomanta go tréan trí obair mo Roinne lena chinntiú go mbaintear amach na spriocanna comhroinnte, is é sin, an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn agus go dtugtar tacaíocht agus cúnamh do na pobail Ghaeltachta i gceartlár ár n-oidhreachta teangeolaíche.

Beidh na hoifigigh atá in éineacht liom sásta ceisteanna a fhreagairt agus eolas atá suas chun dáta a thabhairt maidir leis an obair atá ar siúl acu chun an córas pleanála sa Ghaeltacht a fheabhsú. Níl mo Roinn féin in ann é sin a dhéanamh ina haonar. Tá an obair atá ar siúl idir an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, mo Roinn féin, Údarás na Gaeltachta agus na hocht n-údarás áitiúla a bhfuil Gaeltacht laistigh dá limistéir fíorthábhachtach.

Beidh a fhios ag aon duine a bhfuil aithne aige nó aici orm go bhfuil suim agam sa Ghaeilge. Níl mé líofa go fóill ach déanaim mo dhícheall an Ghaeilge a úsáid gach lá. Táim ag foghlaim Gaeilge gach lá freisin. Chaith mé cúig shamhradh ar an gCeathrú Rua i gConamara nuair a bhí mé óg. Thaitin sé go mór liom. Téim ar ais ó am go ham. Mar sin, creidim go láidir go bhfuil ár dteanga agus ár nGaeltachtaí fíorthábhachtach. Is in áiteanna éagsúla, speisialta agus dinimiciúla atá ár bpobail Ghaeltachta fud fad na tíre, ó Chonamara go dtí na hOileáin Árann agus Ráth Chairn i gContae na Mí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.