Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

B'fhéidir go mbeimid in ann déileáil leis an gceist seo agus muid ag cur ár moltaí le chéile sa tuairisc ag an deireadh. Tá deireadh leis an gcuid seo den chruinniú. Glacaim leis nach bhfuil aon ghnó eile againn. Tá an cruinniú seo ar athló go dtí 1.30 p.m. ar an 2 Feabhra 2022. Ag an gcruinniú sin, pléifear le Coimisinéir an Garda Síochána, Drew Harris, an fáth a fuarthas réidh leis an riachtanas a bhí ar iarrthóirí grád 50% a bhaint amach sa scrúdú inniúlachta béil sa Ghaeilge bunriachtanach le bheith incháilithe le hardú céime chuig céimeanna sáirsint nó cigire. Beidh an tseisiúin sin ar siúl idir 1.30 p.m. agus 2.30 p.m.

Sa dara seisiún, a thosóidh ag 2.45 p.m., pléifear cinneadh an Rialtais nach mbeidh Gaeilge riachtanach níos mó ag baill den Gharda Síochána. Ba é an príomhfhinné a bhí le bheith anseo don chruinniú seo ná an tAire Dlí agus Cirt, an Teachta McEntee. Beidh Coimisinéir an Garda Síochána, Drew Harris, cathaoirleach an Údaráis Phóilíneachta, Bob Collins, agus príomhfheidhmeannach na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, Shirley Comerford, ag freastal ar an gcruinniú agus ag glacadh páirte sa díospóireacht. Thug an comhchoiste cuireadh don Aire Dlí agus Cirt freastal ag an gcruinniú ach tá sé curtha in iúl don chomhchoiste ar an nguthán nach féidir léi a bheith anseo. Molaim go dtabharfaí cuireadh eile don Aire teacht os ár gcomhair agus na hábhair sin a phlé ar dáta dá rogha féin amach anseo. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.