Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire. Molaim an obair atá ar bun aige. Go mór mór fáiltím roimh an gcinneadh maidir le TEG mar déanfaidh sé sin an-difríocht go deo. Bhí mé ag léamh an méid a bhí le rá ag an Aire agus léim rud amháin amach. Bhí sé seo ann roimh a am. Deir an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go gcaithfidh cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a bheith bunaithe ar oidhreacht teangeolaíochta agus cultúrtha na Gaeltachta a chosaint, agus an Ghaeilge a chur chun cinn san áireamh.

B’fhearr liomsa dá mbainfí an focal "cultúrtha" as an méid sin mar níl ciall leis agus baintear míbhrí as istigh sna comhairlí contae. Ceaptar go gcaithfidh an Ghaeilgeoir a bheith ag dul ag rincí céilí agus peil Ghaelach a imirt. D’fhéadfadh cainteoir dúchasach rugbaí a imirt - chuala mé ar maidin faoi chailín atá ar fhoireann na hÉireann anois - nó spéis a bheith acu sa snagcheol. Níl aon bhaint acu siúd leis an nGaeltacht.

Má théim go dtí an Fhrainc, labhraítear an Fhraincis ann sa chuid is mó de ach tá spéis acu i ngach uile rudaí. Ní dhéarfá go mbaineann teanga na Fraince le cultúr faoi leith. Mar atá ráite agam go minic, leis an bhfocal “cultúr” ansin, d’fhéadfadh duine as Cill Chainnigh a bheith cáilithe mar go bhfuil cultúr faoi leith acu ó thaobh na hiománaíochta de, mar a fuaireamar amach ag an deireadh seachtaine. Mar a deirim, baintear míbhrí as. Mura mbeadh feidhm agus míbhrí á bhaint as, ba chuma liom faoi. Níl mé ag caint faoi rudaí teibí ach táim ag rá go dtarraingíonn sé seo trioblóid. B’fhearr liom gurb é an tagairt a bheadh ann ná gur cheart cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a eagrú ar mhaithe leis an nGaeltacht a choinneáil ina phobal labhartha Ghaeilge, mar is é sin go díreach atá i gceist againn. Tá sé seo tábhachtach mar go bhfuil an fhoclaíocht chéanna istigh sna treoirlínte agus is as sin a éiríonn an míthuiscint sna pleananna contae. Baineann an rud seo ar fad le cúrsaí teanga.

Is é an dara rud ná go bhfuil coimhlintí ann. Luaitear istigh sa cháipéis cúrsaí oidhreachta nádúrtha. Aontaím go gcaithfimid iad a chosaint. Luaitear an plean spásúil náisiúnta nó an creat forbartha náisiúnta, mar a thugtar air anois. Tá tábhacht leis sin ach nuair a scríobhadh é sin, níor tugadh aird ar riachtanais teangeolaíochta áirithe na Gaeltachta.

Níl a fhios agam ar smaoinigh an Roinn riamh ar na háiteanna ina bhfuil na Gaeltachtaí is láidre sa tír. Ar chúis stairiúil, is pobal scaipthe Gaeltachta, fiú le daonra dlúth i go leor cásanna, atá i gceist ach níl aon bhailte mar a thuigeann daoine ón bhfocal "bailte" sa ghnáthchomhthéacs. Mar shampla, tá pobal ollmhór thart ar an gCeathrú Rua ach go dtí le fíorghairid ní raibh aon bhaile ar an gCeathrú Rua seachas baile beag bídeach ina raibh scoileanna agus mar sin de ann - ní raibh aon lonnaíocht mhór sa bhaile. Is é sin an áit as a bhfuilimid ag teacht. Mar a dúramar sa cháipéis a réitíomar taobh istigh d'Fhianna Fáil - tá eolas maith ag an Aire air mar bhall d’Fhianna Fáil - ba cheart go mbeadh láidreacht teanga sna Gaeltachtaí ina chúinse suntasach nuair a bhítear ag déanamh cinneadh faoi iarratais phleanála do thithe aonair sa Ghaeltacht.

Tá an fáth go bhfuil sé seo fíorthábhachtach soiléir nuair a smaoinítear ar dhaoine nó ar conas a dhéanann daoine cumarsáid. Is trí labhairt lena chéile a dhéantar cumarsáid. Cé leis a labhraíonn daoine ach leis na comharsana agus lena mhuintir féin, nach ea? Má ta gasúir ag fás aníos, agus má tá na comharsana agus a mhuintir féin timpeall air agus más cainteoirí Gaeilge iad ar fad, is mó seans i bhfad go leanfaidh siad leo ag labhairt Gaeilge. Má thógtar an teaghlach sin agus má chuirtear iad in áiteanna eile gan a bheith gar do sheantuismitheoirí agus cainteoirí dúchasacha agus mar sin de, bristear an gréasán ansin ar mhaithe le hidé-eolaíocht éigin a bhaineann le pátrúin tithíochta bailte. Níltear ag tabhairt aon aird ar phátrúin teangeolaíochta atá fíorthábhachtach anseo. Mar sin d’iarrfainn ar an Aire smaoineamh ar staidéar a dhéanamh ar an gceangal idir an pátrún lonnaíochta agus aistriú na teanga ó ghlúin go glúin.

Níl mise ag rá nach bhféadfaí in am tráth baile caighdeánach lánGhaelach a bhunú agus go mbeadh eastáit tithíochta lán-Ghaeilge i gceist. Níl aon chúis nach bhféadfaí é sin a dhéanamh ach caithfear é sin a dhéanamh go mall réidh agus na foinsí teanga a choinneáil idir an dá linn agus gan an pátrún lonnaíochta atá ann i láthair na huaire a scrios. Nuair a dhéanfaidh an Roinn machnamh air, tá mé cinnte go dtuigfí cé leis a labhraíonn daoine agus a bhíonn teagmháil acu leo. Feicim le mo chlann agus mo gharchlann féin a thábhachtaí is atá sé go bhfuil deis ag an gclann agus ag an ngarchlann Gaeilge a labhairt lena mhuintir féin agus teagmháil leanúnach a bheith acu leo. D’iarrfainn mar chuid den chomhchoiste seo breathnú ar an gceist seo. Is é sin an dara rud.

Is é an chéad rud, mar sin, breathnú ar an bhfoclaíocht atá san Acht nuair a bheidh Acht pleanála á dhéanamh arís. Níl ann ach cúpla abairt ach sílim go bhfhéadfadh an fhoclaíocht a bheith níos fearr mar go bhfuil míbhrí á bhaint as agus as na treoirlínte.

Is é an dara rud ná breathnú go heisceachtúil ar an bpatrún lonnaíochta Gaeltachta sna Gaeltachtaí láidre agus a rá go gcaithfí iad a chaomhnú, Má fhaigheann an Ghaeilge bás mar theanga pobail sa Ghaeltacht, beidh deireadh léi mar theanga pobail mar níl sí in áit eile ar domhan. Caithfear é seo a láimhseáil go fíorchúramach mar tá sé sách leochaileach.

Is é an tríú rud a luafainn leis an Roinn gur fiú smaoineamh air ná rud a rith liom agus mé ag éisteacht anseo tráthnóna. Mar is eol don Aire mar pholaiteoir - níl ach ceathrar fágtha sa chruinniú anois - bíonn muid ag plé le hiarratais pleanála agus tuigimid na constaicí atá ag an bpobal áitiúil dúchasach agus iad ag iarraidh ceadanna pleanála a fháil. An bhféadfainn rud a mholadh don Roinn? Is trua nach bhfuil baill thofa ar Údarás na Gaeltachta. Is é ceann de na dearmaid mhóra a rinneadh ná deireadh a chur leis sin. In éagmais é sin, an bhféadfainn a mholadh go gceapfaí roinnt comhairleoirí contae le Gaeilge ón nGaeltacht – caithfidh an Ghaeilge a bheith acu – ar an gcoiste comhairleach? Tá siad ag breathnú air seo ón talamh aníos, ón bpobal aníos agus ón gcaoi a fheiceann an pobal air mar go bhfuil siad ag plé leis na fadhbanna pleanála.

Tá moladh amháin eile agam. Táim ag iarraidh a bheith praiticiúil. Táim beagnach réidh. Ní gá freagra cuimsitheach a thabhairt air seo. Táim ag iarraidh roinnt tuairimí a spreagadh. Creidim go mbeadh sé ina chuidiú mór dá scríobhfadh Teach an Chustaim - is é an tAire a scríobhfadh mar ní féidir le teach scríobh – chuig na húdaráis áitiúla chun treoir a thabhairt dóibh go gcaithfeadh na pleanálaithe atá ag plé leis na hiarratais ar an talamh sa Ghaeltacht a bheith in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. I gConamara, mar shampla - is í Gaeltacht Chonamara an Ghaeltacht is mó sa tír - tá daoine a thagann chugam ag na cruinnithe agus na clinicí nach labhraíonn aon Bhéarla. Ní hamháin nach bhfuil aon Ghaeilge ag na pleanálaithe chun déileáil leo ó lá go lá, ach is fadhb eile atá leis ná nach bhfuil an tuiscint chéanna agus ní féidir-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.