Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá a fhios agam go bhfuil mé ag tabhairt ama anois ach baineann mo cheist le cúrsaí Gaeilge. Tá moill ann ó 2013 ar a laghad anois. Cé mhéad atá foghlamtha ag an Roinn chun rudaí nua a dhéanamh ó thaobh na géarchéime atá ann? Tá an finné fós ag caint go ginearálta. Bhí ar chosmhuintir Ráth Chairn dul i muinín na cúirte chun cearta a bhaint amach a bhí luaite istigh sa phlean forbartha. Bhí orthu dul i muinín na cúirte toisc go raibh rudaí chomh lag sin. Bhí an tuiscint a bhain An Bord Pleanála as an rud a bhí sa phlean forbartha iomlán mícheart i mo thuairim féin agus i dtuairim na cúirte. An dtuigeann an finné an pointe atá á dhéanamh? Tá na cosaintí atá ann sna pleananna lag amach agus amach. Léiríonn an rud a bhí le déanamh ag cosmhuintir Ráth Chairn cé chomh deacair is atá sé. An éascóidh na treoirlínte nua an bealach chun tithe a thógáil i limistéir Ghaeltachta? Is é sin an cheist i ndáiríre.

Tá ceist eile agam don údarás. Críochnóidh mé tar éis sin. Tá an próiseas pleanála teanga ag dul ar aghaidh go hiontach de réir mar a thuigim ach tá gá le hacmhainní i gcónaí chun a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm iad agus i gcomhair cúrsaí tithíochta, lena n-airítear tithe sóisialta agus tithe de gach saghas eile. Fuair mé glaoch inniu ó Cheantar na nOileán i gConamara. Tá daoine ag teacht isteach agus ag ceannach tithe folmha agus níl daoine áitiúla in ann iad a úsáid. Luadh scéimeanna ach níl tuiscint ar bith ag an údarás nó ag an muintir ar an talamh maidir le conas na scéimeanna sin a úsáid chun na tithe sin i gcroílár na Gaeltachta a thabhairt ar ais in úsáid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.