Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh na hoifigigh. Gabhaim buíochas as an gcur i láthair agus tá an-chuid plé déanta ansin le tamaillín anuas.

Tá a fhios agam cinnte go bhfuil an tAire an-bháúil don Ghaeilge agus go bhfuil an-suim aige cúrsaí teanga a chur chun cinn. Tá jab oibre romhainn amach anseo.

Tá brú ar thithíocht go forleathan ar fud na tíre agus tá scéimeanna éagsúla ag an Aire chun dul i ngleic leis sin. Tá an brú céanna ar phobal na Gaeltachta agus, anuas air sin, tá ualach breise ó thaobh teanga de mar mura mbíonn daoine áitiúla, cainteoirí dúchasacha, ábalta tithe a thógáil ina gceantair féin. Má bhíonn orthu bogadh amach, is cailliúint mhór í don Ghaeltacht.

Tá a fhios againn go bhfuil dualgais éagsúla ar na comhairlí contae clúdaithe agus feicimid go bhfuil meascán slite ina bhfuil siad ag tabhairt fúthu sin nó b’fhéidir nach bhfuil siad ag tabhairt fúthu. Ó bheith ag plé leis na comhairlí éagsúla go minic, is beag aird a thugann siad ar na dualgais sin, go háirithe ó thaobh pleanáil agus tithíocht i gcomhair pobal na Gaeltachta. Níl an teanga san áireamh in aon áit acu nuair atá riachtanais áitiúla á meas. Tá sé sin soiléir ó mo phlé féin le hiarratais pleanála, ó bheith ag déanamh fiosruithe leis na comhairliú éagsúla chomh maith ag na cruinnithe coiste anseo, agus ó bheith ag caint le go leor daoine eile. Is dócha go mbíonn siad dírithe go hiomlán ar an suíomh, an foirgneamh agus gach aon rud eile, in ionad aon áireamh a thabhairt ar an bpobal agus ar a riachtanais. In ainneoin is go bhfuil treoirlínte luaite san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, is soiléir nach bhfuil siad ag cur iad sin san áireamh.

An bhfuil an tAire chun treoracha a thabhairt do na comhairlí? Cuimhnigh go bhfuil an-chuid díobh ag bogadh ar aghaidh faoin tráth seo anois lena bpleananna forbartha nó leis iad a ullmhú. Beidh an-chuid de na pleananna sin ullamh sna míonna atá romhainn agus níos déanaí i mbliana. Mar sin, an bhfuair an tAire na treoracha nó a leithéid chun iad a chur ar aghaidh? An mbeidh siad ann in am agus an mbeidh an tAire ábalta iallach a chur ar na comhairlí éagsúla iad a chur i bhfeidhm? An mbeidh sé ag iarraidh iad a mhealladh nó b’fhéidir go mbeidh siad ró-dhéanach mar go mbeidh an plean forbartha ullmhaithe acu cheana féin? An bhféadfadh an tAire soiléiriú a thabhairt dom ar na treoracha agus ar an amchlár atá in aigne aige ansin toisc go bhfuil na comhairlí éagsúla ag tabhairt na pleananna forbartha seo chun cinn?

Maidir leis na cainteoirí dúchasacha, an nglacann an Roinn agus an tAire leis gur chóir go mbeadh an riachtanas áitiúil aitheanta don chainteoir dúchais nó Gaeilgeoirí eile ó lasmuigh, nuair atá siad ag déanamh iarratais i gcomhair cead pleanála do theach sa Ghaeltacht?

Bogfaidh mé i dtreo eile chomh maith mar ní hiad na húdaráis áitiúla an t-aon dúshlán atá ann. Tá deacracht eile ann maidir le pleanáil agus tithíocht, mar shampla, i sráidbhaile Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Is é Uisce Éireann atá ag cothú na faidhbe ansin. Toisc nach bhfuil córas séarachais oiriúnaigh ann, níl an chomhairle contae sásta cead pleanála a thabhairt do dhaoine tithe a thógáil, fiú sa sráidbhaile. Le fada an lá, tá Uisce Éireann anonn agus anall. Tá tuairiscí éagsúla curtha le chéile aige agus gach rud déanta ach córas nua a thógáil.

Ní aithníonn sé riachtanais phobail nuair atá sé ag meas cén córas a bheidh sé ag tabhairt faoi agus ag brostú ar aghaidh leis. Féachann sé ar gach saghas sprice eile amhail truailliú, daonra agus mar sin de, ach ní bhíonn riachtanais teanga aige. An féidir treoir a thabhairt d'Uisce Éireann chun riachtanais phobail agus teanga a bheith san áireamh chomh maith nuair atá sé ag roghnú an chéad chóras eile atá le tógáil. Chabhródh sé le sráidbhailte Gaeltachta ar fud na tíre ach tá sé an-soiléir i mBéal Átha an Ghaorthaidh.

Baineann mo cheist dheireanach le hÚdarás na Gaeltachta. Is í an chúis a bhfuil an t-údarás ann, in aon chor, ná an Ghaeltacht a fhorbairt agus an Ghaolainn a chothú. Ní hí an fhostaíocht an t-aon rud; tá an teanga agus an cultúr lárnach ann chomh maith. Tá a fhios againn go bhfuil ról ag an údarás sa chóras pleanála chomh maith. Seoltar gach iarratas chuig an údarás agus bíonn deis ag daoine aighneachtaí a dhéanamh ar na hiarratais phleanála. Conas nach bhfuil Údarás na Gaeltachta ag seoladh aighneachtaí go dtí na comhairlí chun iarratais cainteoirí dúchasacha a mholadh, má tá siad ag iarraidh tithe a thógáil ina ndúiche féin? Is cinnte go gcabhródh sé. Tá an deis ann a leithéid a dhéanamh agus aird na comhairle a dhíriú isteach ar riachtanais áitiúil. Tá an teanga fíorthábhachtach mar ról lárnach ag an údarás chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.