Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Bhí Conradh na Gaeilge os ár gcomhair maidir leis an ábhar seo. Dúirt Mairéad Ní Fhátharta, cathaoirleach ar Mheitheal Gaeltachta Chonradh na Gaeilge, é seo ina aighneacht:

Tá sé ag éirí níos deacra agus níos deacra do mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantar féin. Séantar cead pleanála ar dhaoine ón áit ar an ábhar, dar leis na comhairlí áitiúla, nach bhfuil ‘riachtanais áitiúil’ acu agus tá an sainmhíniú ar céard is ‘riachtanas áitiúil’ ann á chúngú agus a thachtadh i rith an ama

Tá neart eolais againn agus tá dul chun cinn déanta ó thaobh na pleananna teanga. De réir mar a thuigim ón méid atá léite agam, tá an 26 plean réitithe agus faofa anois. B’fhéidir go mbeidh an tAire in ann é sin a chinntiú. Tá dul chun cinn iontach déanta ach níl daoine in ann maireachtáil sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a úsáid mar níl na tithe acu. Ní amháin go bhfuil géarchéim tithíochta ach tá easpa tuisceana agus easpa bearta ann.

Ag teacht ar ais ag Paul Hogan, tá an córas ag caint faoi dhréacht-treoirlínte anois. Cé chomh fada is atá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i mbun oibre ar dhréacht ar threoracha? Sin ceist dhíreach. Cé chomh fada is a bhfuil Paul Hogan agus an Roinn i mbun oibre ar dhréacht-treoirlínte don Ghaeltacht agus go náisiúnta?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.