Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is í ár dteanga an Ghaeilge agus is gá dúinn gach rud a dhéanamh ar a son chun í a choimeád ina teanga bheo agus bheoga i gcúrsaí sóisialta agus cultúrtha, san oideachas agus sa gheilleagar. Is ceart go mbeadh córas agus rialacha pleanála ann cheana i ngach údarás áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéar. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil an córas pleanála cothrom agus féaráilte. Mar Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ba mhaith liom go mbeidh daoine in ann a dtithe féin a cheannach nó a thógáil sa Ghaeltacht. Faoi láthair, ní féidir le go leor daoine é sin a dhéanamh. Glacfaidh mé mo pháirt i socrú na faidhbe sin agus i bhfeabhsú a dhéanamh ar son muintir ár nGaeltachta. Tá dóchas ann. Táim cinnte go bhfuil athrú ag teacht. Le Tithíocht do Chách, plean an Rialtas chun níos mó ná €4 billiún a chaitheamh gach bliain go dtí 2030, beidh daoine ábalta tithíocht a fháil ar phraghas réasúnta don chéad uair i níos mó ná deich mbliana. Beidh daoine ábalta tithíocht inacmhainne a cheannach tríd an first homes scheme. Cuirfear tús leis an scéim nua seo ag deireadh mhí an Mheithimh 2022. Beidh an scéim seo oscailte i ngach contae in Éirinn, an Ghaeltacht san áireamh. Oibreoidh sé agus cabhróidh sé.

Tá mo Roinn ag obair leis na húdaráis áitiúla maidir le tithíocht inacmhainne agus shóisialta ina gceantair féin freisin. Cuirfear na pleananna i gcríoch go luath, ag deireadh mhí Feabhra. Trí phleananna tithíochta na n-údarás áitiúla, tá seans mór ag rialtas áitiúla scéimeanna sóisialta agus inacmhainne dá gceantair Ghaeltachta a thabhairt domsa. Beidh tacaíocht acu. Beidh mo Roinn ar ais don chiste nuair a bheidh na pleananna do sheachadadh tithíochta críochnaithe. Ba mhaith liom scéimeanna nua tithíochta do dhaoine a bhfuil cónaí orthu inár nGaeltacht a fheiceáil ionas go mbeidh rath ar an teanga. Tá a fhios agam freisin go bhfuil go leor daoine ag iarraidh a dtithe féin a thógáil. Teastaíonn córas pleanála cothrom a chinntíonn gur féidir le daoine a bheith ina gcónaí ina gceantair féin uaim chun cabhrú lenár nGaeltacht fás.

Faoi mar a luaigh mé cheana féin, tá teagmháil á déanamh ag mo Roinn leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le pleanáil i gceantair Ghaeltachta. Anuas air sin, thug roinnt grúpa Gaeilge - Conradh na Gaeilge, ar chas mé leis anuraidh, ina measc - roinnt ceisteanna chun solais maidir le feabhas a chur ar chur i bhfeidhm praiticiúil na bhforálacha Gaeilge i gceantair Ghaeltachta. Mar Aire, táim oscailte d'aon athrú praiticiúil gur féidir a dhéanamh ar son mhuintir ár nGaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Ollscoil Mhá Nuad fós ag obair ar Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG. Tuigim go bhfuil a gcuid oibre beagnach críochnaithe. Is é cuspóir na hoibre seo cinnteacht agus cothrom na Féinne a chruthú trí chur chuige comhsheasmhach agus cothrom i leith tástáil teanga a fhorbairt. Is é an aidhm atá aige sin ná an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn mar theanga phobail i gceantair Ghaeltachta. Teastóidh uaidh seo go ndéanfar córas nua, ar a dtugtar Teastas Eorpach na Gaeilge, a thabhairt isteach a sholáthraíonn sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ginearálta Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as a chuid oibre ar an gceist seo. Is féidir liom a chinntiú go gcuirfidh mé a mholtaí san áireamh. Táim ag súil go mór lena thuarascáil. Is ábhar práinneach agus ceist an-tábhachtach é seo. Ba mhaith liom fíor-fheabhsúcháin phraiticiúla a chur i bhfeidhm mar ábhar tosaíochta. Déanfaidh m'oifigigh agus mé féin ár ndícheall ceisteanna an choiste a fhreagairt i nGaeilge nó i mBéarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.