Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Go raibh maith agat. Tabharfaidh mé an t-eolas duit. Seo briefing paper ón leabharlann maidir le Gaeltacht planning conditions agus housing in Gaeltacht areas. Mar is eol do na finnéithe, bhí cás cúirte sa Bheilg i 2013, agus ag eascairt as sin, bhí fadhbanna ó thaobh na treoirlínte a bhí ann. Sin 2013. De réir mar a thuigim, tá an Roinn i mbun oibre ar an ábhar seo chomh fada siar le 2017. Cuireadh tascfhórsa le chéile chun breathnú air agus anois táimid i 2022 agus níl tásc ná tuairisc ar na treoirlínte. Ní thuigim cén fáth. Tá a lán saineolais leagtha amach ag na heagraíochtaí éagsúla ar an talamh ag cur in iúl gur chothaigh an cás sin deacrachtaí ó thaobh na treoirlínte go ginearálta, ach bhí an chosúlacht ar an scéal nár chothaigh siad deacracht ó thaobh coinníollacha teanga de mar is í an Ghaeilge teanga oifigiúil na tíre agus tá sí cosanta sa Bhunreacht, sa straitéis 20 bliain, pleananna gníomhaíochta agus araile. Ní raibh na fadhbanna céanna i gceist ó thaobh treoirlínte maidir leis na Gaeltachtaí.

Tá fadhb agamsa inniu bheith ag éisteacht le daoine ag rá go mbeidh na treoirlínte foilsithe mar ní thuigim cén fáth go raibh an mhoill sin i gceist. Arís, tá mé i dtrioblóid. Tá easpa tuisceana ón gcóras agus ón Roinn faoi cé chomh práinneach is atá sé dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta. Ní amháin géarchéim na teanga atá i gceist mar tá sé fite fuaite leis an ngéarchéim tithíochta. Tá neart páipéir anseo agam agus litreacha ó dhaoine atá ag caoineadh, i ndáiríre, mar gur diúltaíodh dóibh teach a thógáil. Tá mise 100% taobh thiar de ghníomhaíochtaí chun déileáil le hathrú aeráide, agus tuigim cé chomh casta is atá sé in áiteanna atá cosanta, ach ag an am céanna, má táimid i ndáiríre ó thaobh na Gaeltachta de, tá gá le polasaí.

Seo mo cheist don Aire. Tá coiste idir-rannach bunaithe aige maidir leis na fadhbanna ar an talamh ach tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus eagraíochtaí eile nach fiú tráithnín é sin gan ionadaíocht ó dhaoine ar an talamh. Níl aon ionadaí ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ná aon eagraíocht eile ar an gcoiste. Arís, tá oifigigh ag caint le chéile agus tá an ghéarchéim ag éirí níos measa. Níl mise sásta leis sin. Sin ceist don Aire.

Tá ceist agam do Paul Hogan. Cén dáta go díreach a bheidh na dréacht-treoirlínte foilsithe?

Tá moladh tugtha agam do Rónán Mac Con Iomaire agus d’Údarás na Gaeltachta. Tá ceist agam dó maidir le tionchar teanga ó thaobh polasaí fostaíochta. Tá sé iontach go bhfuil an t-údarás ag mealladh comhlachtaí isteach ach tá baol mór ann ó thaobh na teanga de nach dtéifear i bhfeidhm leis an dúshlán. Cad atá déanta ar an talamh? Tá neart ceisteanna parlaiminte curtha isteach agam chun a fháil amach cén saghas monatóireachta atá á dhéanamh ar an talamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.