Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Sula mbogfaimid ón cheist sin mar gheall ar an gcainteoir dúchasach agus an Gaeilgeoir ó lasmuigh den cheantar, níl mé ag déanamh aon idirdhealú eatarthu. Tá mé breá sásta go mbeadh Gaeilgeoir ó lasmuigh nó Gaeilgeoir ón cheantar dhúchasach ábalta tigh a thógáil sa Ghaeltacht agus cur leis an nGaeltacht. Is é an cheist ná: an nglacfaí leis gur leor an teanga chun cainteoir dúchasach nó cainteoir ó lasmuigh a cháiliú faoin riachtanas áitiúil?

Sin í an cheist atá ann. Sin í an bhunchloch, gurb í an teanga an cháilíocht agus go mbeidís ábalta brú ar aghaidh le hiarratas pleanála a dhéanamh. Chun a bheith soiléir, nílim ag déanamh idirdhealú idir Gaeilgeoirí ón gceantar nó lasmuigh. Má tá an Ghaolainn acu - brilliant - cuirfidh siad leis an nGaeltacht agus ar aghaidh leo. Má tá an Ghaolainn acu, ba cheart go mbeadh é sin an cháilíocht agus go gcuirfeadh sé leis an iarratas.

An dara rud mar gheall ar na pleananna forbartha agus ag bogadh ar aghaidh, beidh cuid acu beagnach críochnaithe faoin am a mbeidh na treoracha againn, agus beidh roinnt eile réidh sna míonna nó an bhliain ina dhiaidh. Faoi láthair, tá sé de chumhacht ag an Roinn filleadh ar na pleananna forbartha, agus má tá zoning mí-oiriúnach ann, is féidir leis an Roinn an chomhairle contae a ghlaoch ar ais mar gheall ar sin.

Maidir leis na treoracha, an mbeidh rud mar sin ann don teanga? Scaoilfear na treoracha. Go dtí seo, níl na comhairlí ag tabhairt aird. Mura ndéanfaidh siad é sin sna míonna amach romhainn agus an plean forbartha á chur le chéile, an bhfuil an Roinn chun teacht aniar agus ar thóir orthu chun é sin a cheartú?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.