Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Darragh O'BrienDarragh O'Brien (Dublin Fingal, Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhuail mé féin le Conradh na Gaeilge sé mhí ó shin agus bíonn mé féin agus m’oifigigh ag caint le Conradh na Gaeilge agus le daoine eile uaireanta. Táim oscailte don smaoineamh Conradh na Gaeilge nó údarás eile a chur isteach sa phróiseas seo. Tá an mheitheal thábhachtach. D’éist mé le moltaí Chonradh na Gaeilge agus labhair Dr. Aodhán Mac Cormaic faoi sin roimhe. Táim oscailte agus smaoineoidh mé air sin tar éis an chruinnithe. Déanann sé a lán oibre ar son ár dteanga agus ar son ár nGaeltachtaí. Is iad na daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht na daoine is tábhachtaí. Is gá dúinn éisteacht lena nglórtha. Táim ag smaoineamh ar an rud is fearr gur féidir liom a chur sa phróiseas.

Tuigeann gach duine na príomhphointí atá le déanamh againn maidir le cúrsaí pleanála, cúrsaí teanga agus, mar a labhair an Teachta Ó Muimhneacháin faoi, cúrsaí a bhaineann le huisce. Ní hé go bhfuil fadhb amháin ann mar chúis leis an teanga ag dul i laige sa Ghaeltacht. Níl mo Roinn ina haonar ag iarraidh é a shocrú ach táimid in ann rudaí a dhéanamh chun an scéal a fheabhsú. Tá mé oscailte do na cúiseanna. Beidh mé ábalta daoine na Gaeltachta, Conradh na Gaeltachta agus ionadaithe eile a chur isteach sa phróiseas. Tá sé práinneach. Caithfimid rudaí a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.