Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Bhíos ag tagairt go háirithe do na treoirlínte a bhaineann leis an gcóras sin. Is fadhb ollmhór í fadhb na tithíochta i gceantair Ghaeltachta. Chun í a réiteach, molaim an moladh ón Teachta Ó Muimhneacháin maidir leis na riachtanais áitiúla agus an teanga ag comhlíonadh na riachtanais sin. Táim an-sásta cloisteáil ó Aodhán Mac Cormaic go bhfuil sé sin san áireamh. Tá sé fíorthábhachtach ceist na tithíochta a réiteach maidir le dul chun cinn na teanga sna ceantair Ghaeltachta.

An nglacann an tAire leis go bhfuil dualgas ar chomhaltaí an choiste seo cur i gcoinne forbairtí tithíochta i limistéir Ghaeltachta a théann i gcoinne na gcuspóirí teanga mar atá leagtha amach sa reachtaíocht? Luaigh an tAire é seo ina ráiteas fada. Is féidir liom an píosa ábhartha a léamh amach ionas go dtuigeann sé an cheist. Deir sé:

Cuimsítear ceanglas in alt 10(2) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, nach mór forálacha agus cuspóirí a chuimsiú sa phlean forbartha ar mhaithe le “oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, an Ghaeilge a chur chun cinn san áireamh mar theanga an phobail” ...

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.