Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire, Paul Hogan, an Dr. Mac Cormaic, Rónán Mac Con Iomaire agus Alma Walsh. Tá an ráiteas ó Údarás na Gaeltachta agam os mo chomhair. Níl sé léite go cruinn agam go fóill ach thug mé léamh sciobtha tríd. Tiocfaidh mé ar ais maidir le cúrsaí teanga agus fostaíochta.

Maidir leis an gceist seo, tá mé ar an gcoiste seo ó 2016 agus is pribhléid amach is amach é, ach ní cheapaim sin nuair a bhím anseo uaireanta. Bíonn sé thar a bheith deacair gan a bheith éadóchasach in ainneoin na hoibre atá déanta ag na finnéithe, go háirithe maidir leis an bpolasaí oideachais don Ghaeltacht atá iontach, agus an sárobair atá ar siúl ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh fostaíochta agus an phobail. Ba mhaith liom é sin a rá ar dtús chun a bheith dearfach. Aithním an méid oibre atá á dhéanamh ag na finnéithe. Áfach, is é an rud a chuireann isteach orm arís agus arís eile ná go bhfuil an córas dall ó thaobh na géarchéime atá ann. Tá sé seo ráite go minic ag an lucht acadúil a bhíonn os comhair an choiste. Athraíonn na Teachtaí agus athraíonn na Cathaoirligh, ach ní athraíonn an rud atá soiléir: tá géarchéim ann ó thaobh úsáid na Gaeltachtaí uilig agus tá líon na gcainteoirí ag titim. Bhí mé díreach chun a rá nach ar na daoine atá an locht. Is dócha go bhfuil cuid den locht orthu, ach tá i bhfad níos mó den locht ar an gcóras.

Táim chun úsáid a bhaint as an tuarascáil taighde do thuismitheoirí na Gaeltachta ón dream a tháinig os ár gcomhair tamall ó shin. Tá obair na gcapall déanta acu agus is dócha go bhfuil an tuairisc, dár teideal Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta, léite ag na finnéithe.

An rud a léimeann amach ná an tagairt do thaighde ar leathanach 2 den tuairisc. Ní taighde nua atá anseo ach taighde tánaisteach atá bailithe le chéile chun soiléiriú a thabhairt, arís agus arís, ar an ngéarchéim atá ann agus an gá rud práinneach a dhéanamh. Deir an tuairisc, “Is léir ón taighde a rinneadh sa Ghaeltacht le roinnt blianta anuas go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht maidir le labhairt na Gaeilge.” Tá a fhios agam go raibh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán taobh thiar de seo, chomh maith le heagraíochtaí eile, agus fair play di as sin, ach cad a dhéanfaimid feasta leis an eolas seo? Cad atá le déanamh againn?

Ar dtús báire is gá aithint a thabhairt go bhfuil géarchéim ann ó thaobh labhairt na teanga. Tá sé sin fite fuaite leis an ábhar atá faoi chaibidil againn inniu, sé sin, cúrsaí tithíochta. Tuigim cad a dúirt an Teachta Calleary. Nuair a bhí na húdaráis áitiúla os ár gcomhair, bhí sé an-deacair bheith dóchasach mar gheall ar an easpa tuisceana, easpa dul chun cinn agus an easpa taighde ó na húdaráis áitiúla ó thaobh na fadhbanna ar an talamh. Ní bheadh mise gearánach faoi aon duine atá obair á dhéanamh acu ach bhí an chosúlacht ar an scéal nach raibh fiú tuiscint acu ar an rud a bhí ag tarlú ar an talamh, gan trácht ar na bearta atá ag teastáil.

Maidir le cúrsaí tithíochta, níl sé éasca an ráiteas fada a chuir an tAire isteach a léamh. Fair play dó mar tá sé an-chuimsitheach ach ansin tagann sé isteach le ráiteas eile agus níl sé sin os ár gcomhair. Níl sé os mo chomhair agus níl sé os comhair na dTeachtaí eile. Is rud beag é ach tá sé deacair, go háirithe nuair atá tú ag feidhmiú trí dhá theanga-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.