Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Le teacht isteach ar an bpointe sin, chaitheamar go leor ama ag plé leis an mBille teanga agus tuigimid uilig go bhfuil plean náisiúnta le hullmhú chun seirbhísí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Ar an gceist faoi sheirbhísí pleanála a bheith ar fáil sa Ghaeltacht agus chun déileáil le pobal na háite trí Ghaeilge agus iad ag plé leis an gcúrsa pleanála, beidh na poist sin aitheanta mar chuid den phlean náisiúnta. Leagfar beartais amach le dul i ngleic leis na fadhbanna atá ardaithe ag an Teachta. Mar a deir an tAire Stáit, an Teachta Chambers, go minic, ní rud é seo a réiteofar thar oíche, ach a réiteofar laistigh den chóras nua a bhunófar tríd an Acht teanga nua.

Nuair a bhíomar ag plé leis na hoifigigh forbartha Gaeilge sna húdaráis áitiúla, rinne siad dhá mholadh a bhaineann leis an gceist seo. Mhol siad go mbeadh cúrsaí oiliúna feasachta teanga curtha ar fáil do na pleanálaithe a bhíonn ag plé leis an nGaeltacht. Mar a thuigimid uilig, níl tuiscint ag go leor acu ar chúrsaí Gaeltachta agus aontaím leis an Teachta faoi sin. Ní trí aon mhailís ar bith a dhéanann siad botúin scaití, ach nach bhfuil an tuiscint acu ar chúrsaí teanga.

Mhol siad freisin go mbeadh ról níos láidre ag na hoifigigh forbartha Gaeilge sna comhairlí contae. Tá sé cineál hit and miss. I gcuid de na húdaráis áitiúla, tá ról lárnach ag na hoifigigh forbartha Gaeilge. Ach an oiread linn féin ó Roinn na Gaeltachta, ó Údarás na Gaeltachta agus ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, beidh siad in ann an saineolas atá acu i dtaobh cúrsaí teanga a thabhairt go dtí cúrsaí pleanála. Is cúpla rud iad a bhfuilimid ag breathnú air i gcomhthéacs obair an ghrúpa seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.