Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 January 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)
Seán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source
Cuirim fáilte roimh an Aire, an Teachta Darragh O'Brien, agus roimh na hoifigigh óna Roinn féin, ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ó Údarás na Gaeltachta. Fáiltím roimh ráiteas tosaigh an Aire freisin.
Tá cúpla ceist agam a chur Conradh na Gaeilge ar aghaidh chugam. An bhfuil an tAire sásta gníomhú chun an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 a leasú chun a chinntiú go gcaithfear measúnacht tionchar teanga neamhspleách a dhéanamh i gcás gach teach atá beartaithe a thógáil sa Ghaeltacht seachas tithe daoine arb as an toghroinn Ghaeltachta sin ó dhúchas iad? An aontaíonn an tAire gur cóir glacadh leis an gcáilíocht TEG B2 nó níos airde sa Ghaeilge labhartha mar chaighdeán inghlactha do dhaoine ó lasmuigh den toghroinn Ghaeltachta atá ag lorg cead pleanála nó ag iarraidh teach a cheannach sa Ghaeltacht?
No comments