Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Conas nach bhfuil an t-údarás ag fáil gach iarratas pleanála? Cad ina thaobh nach bhfuil ach na hiarratais i gcomhair roinnt tithe atá ann? Tá an t-údarás ar chomhchéim leis An Taisce, le hUisce Éireann agus le go leor eagrais eile a bhfuil sé de cheart acu gach iarratas pleanála a bheith seolta ar aghaidh chucu. In ionad a bheith ag seoladh aighneachtaí diúltacha isteach, tá deis ann a bheith dearfach agus aird na gcomhairlí contae a tharraingt ar phobal na Gaolainne. Is féidir aighneachtaí a chur isteach maidir leis na hiarratais éagsúla ag rá go bhfuil an t-iarratasóir tábhachtach don Ghaolainn agus don phobal, go dteastaíonn ón údarás go mbeidís ábalta cónaí a bheith aige nó aici sa dúthaigh agus go molann an t-údarás don chomhairle cead pleanála a thabhairt dó nó di. Tá an deis sin ag an údarás. Táimid dírithe ar na tithe aonaracha anseo seachas ar na scéimeanna móra. Tá deis ann rud éigin dearfach a dhéanamh. Shamhlóinn go bhféadfadh an t-údarás cabhrú ansin. Tá an deis á scaoileadh muna bhfuil sé ag féachaint ar a leithéid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.