Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire agus a oifigigh as a bheith linn inniu. Ba mhaith liom cur leis an méid a dúirt an Teachta Calleary. Seo an chéad deis atá agam mo bhuíochas a ghabháil le hAodhán Mac Cormaic as an obair ollmhór a rinne sé ar an mBille teanga, nó an tAcht teanga mar atá sé anois. Go raibh maith agat as ucht na hoibre sin.

Tá ceist shimplí agus ginearálta le cur agam ar dtús báire agus beidh ceisteanna eile agam ina dhiaidh sin. Ceann de na cáipéisí a fuaireamar mar chuid den obair atá idir lámha againn sa choiste seo ná an ráiteas achoimre comónta ar son Chomhairle Contae Chorcaí, Chomhairle Contae Chiarraí, Chomhairle Contae na Mí agus Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge. Sin cuid de na comhairlí a bhfuil ceantair Ghaeltachta acu. An bhfuil an cháipéis sin faighte ag na finnéithe? An bhfuil sé léite acu? Céard a mheasann siad faoi, go háirithe ar na comh-mholtaí? Déanann an cháipéis sin ocht chomh-mholadh ag an deireadh agus dar liomsa tá siad thar a bheith dearfach agus réalaíoch. Tagann siad ó na daoine ag a bhfuil an tuiscint is fearr ar na fadhbanna atá ann ó thaobh cúrsaí pleanála agus cúrsaí tithíochta laistigh de na limistéir Ghaeltachta ina gcontaetha. An bhfuil an ráiteas achoimre sin faighte ag na finnéithe agus an bhfuil sé léite acu? Céard é a meas air?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.