Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 26 January 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh na finnéithe go léir. Aontaím leis na rudaí a dúirt na Teachtaí agus an Seanadóir Clifford-Lee. Tá dúshláin ag baint leis an nGaolainn agus tá an t-ábhar seo práinneach. Mar a luaigh na comhaltaí eile, dúirt na daoine go léir a tháinig os comhair an choiste go bhfuil sé an-tábhachtach, chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt, go mbeadh daoine in ann maireachtáil sa Ghaeltacht. Tá beagáinín dóchais agam. Tá níos mó daltaí sa scoil i nDún Chaoin ná mar a bhí ar feadh 30 bliain nó mar sin. É sin ráite, tá a lán fadhbanna ann. Tá fadhb leis an gcás sin san Eoraip cúig bliana ó shin agus tá fadhbanna eile ag baint leis an údarás áitiúil i gCiarraí, mar shampla, ó thaobh na n-ainmneacha ar eastáit tithíochta. Bhí daoine ag seoladh isteach iarratais as Gaolainn agus ag fáil freagra i mBéarla ach tá feabhas tar éis tarlú i gComhairle Contae Chiarraí. Ceart nó mícheart, bhí tuiscint ann sa Ghaeltacht go raibh easpa ómóis don Ghaolainn sa chomhairle sin.

Tá gort in áit éigin sa Ghaeltacht in iarthar Chiarraí agus thug an chomhairle contae cead pleanála 20 bliain ó shin nó mar sin le hocht bhfoirgneamh ann. Níl ach duine amháin ag maireachtáil ann anois mar tá siad go léir ina Airbnbs nó mar sin. Le déanaí, bhí duine ón gceantar sin ag iarraidh cead pleanála a fháil agus dúradh léi nach raibh cead aici foirgneamh a thógáil in aici leis an teach deireanach sa ró sin. Ba chóir go mbeadh plean éigin ag an Rialtas nó an coimisinéir pleanála, ag baint leis an gcultúr, chun níos mó saoirse a thabhairt do dhaoine chun an Ghaolainn a choimeád beo sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh rud breise tugtha do na daoine seo chun an cultúr agus an Ghaolainn a choimeád beo agus a fhorbairt sa Ghaeltacht. Is áit speisialta í agus tá sí difriúil ó gach aon rud eile.

Chuala mé duine éigin ag rá go mbeadh orainn a bheith praiticiúil. Ní aontaím leis sin. Ba chóir go mbeadh deis ag gach aon duine i ngach áit sa tír, mar an Iarmhí nó aon áit nach bhfuil Gaeltacht ann, freagra a fháil ar a n-iarratais i nGaolainn. Is teanga náisiúnta í agus ba cheart go mbeadh an ceart agus an deis ag daoine é sin a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh rud speisialta déanta do dhaoine sa Ghaeltacht. Má tá fadhb leis an uisce nó go mbeadh an teach i flood plain nó mar sin de tá freagra againn mar gheall air sin ach ba chóir go mbeadh níos mó rudaí breise tugtha do dhaoine ag maireachtáil sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.