Dáil debates

Wednesday, 9 April 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

Tairgeadh an cheist, "Go bhfanfaidh alt 5 mar chuid den Bhille".

10:05 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sular chríochnaíomar an lá faoi dheireadh, d’ardaigh mé an cheist go raibh mé ag iarraidh caint faoi alt 5, mar is ceann de na hailt is tábhachtaí sa Bhille seo. Tá sé seo ríthábhachtach, mar, in ainneoin go bhfuil roinnt de leasuithe Shinn Féin as ord, tá an bhuncheist ann go fóill ó thaobh dhéantús an bhoird é féin, agus go bhfuil toghchán i gceist. Fós féin, tá an tAire ag roghnú daoine chun dul ar an mbord seachas go bhfuil toghchán ina iomláine ann. Fiú sa toghchán sin, níl ach deich suíochán i gceist. Tá sé soiléir d’aon duine a fhéachann air seo nach mbeidh ionadaíocht ag na ceantair bheaga Ghaeltachta ann mar níl go leor ball le toghadh. Fiú leis an seisear breise a bheidh á roghnú ag an Aire, níl aon ghealltanas nó níl sé leagtha amach sa reachtaíocht gur gá don Aire aitheantas a thabhairt do na ceantair nach bhfuil ionadaíocht acu.

Is féidir linn smaoineamh ar roinnt ceantar cuíosach beag agus glacadh leis nach dtoghfar duine astu. Is féidir Gaeltacht Uíbh Ráthaigh a lua mar shampla mar tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne i bhfad Éirinn níos mó agus glacfar leis go dtoghfar duine ón gceantar sin i dtoghchán. Níl aon fhianaise nó foráil ann sa chás go dtarlaíonn an méid sin go mbeidh aitheantas ar leith do Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Tá an rud ceannann céanna fíor ó thaobh Chonamara de. D’fhéadfaí go mbeidh ionadaí amháin agus triúr ag teacht ón gcathair. Tá an fhadhb sin ann in áiteanna ina bhfuil ceantar beag nach bhfuil an toghlach chomh mór. Sa mhéid atá á leagadh amach ag an Aire, beidh air ní hamháin iarracht a dhéanamh déileáil leis an bhfadhb atá á lua agam anois, ach déileáil leis an bhfadhb a bheadh ann dá dtoghfaí fir ar fad nó mná ar fad toisc nach bhfuil aon rud sa Bhille go dtí seo – beimid ag teacht ar ais chuige – chun a chinntiú go mbeadh cothromaíocht inscne, nó rud gar di, ar an mbord.

Ardaíodh ceist an tsaineolais agus muid ag caint faoin mBille an lá faoi dheireadh. Dúradh go gcaithfidh an tAire daoine le saineolas a chur ar an mbord, agus, dá réir sin, go bhfuil gá le seisear ar leataobh a roghnóidh an tAire le cinntiú go mbeidh saineolas de shórt éigin nó sórt eile i gceist chun na spásanna sin a líonadh, in ainneoin go bhfuil mise agus an Teachta McGuinness den tuairim gur féidir daoine faoi leith a bheith ar an bhfoireann i gcásanna go bhfuil easpa saineolais ann. Is é sin an fáth go bhfuil feidhmeannas i gceist. Tá an feidhmeannas ann cheana féin, ach má tá breis saineolais ag teastáil, is féidir é sin a lorg ón gcuid eile den Státchóras. Más gá, d'fhéadfaí íoc as, mar a tharlaíonn i go leor bord Stáit nó eagraíochtaí Stáit eile. Tá na ceisteanna sin i gceist. Tá mise den tuairim gur cóir go bheimis ag athrú alt 5 chun cinntiú go bhfuil sé níos soiléire cad go díreach atá i gceist ag an Aire maidir leis na ceisteanna sin. Tá mé fós den tuairim gur cóir go mbeimid ag déanamh an leasaithe mar a bhí leagtha síos agam, a leag amach go díreach conas a roghnófar na ceantair. Ní fhaca mise aon loighic go dtí seo ar an leagan amach maidir leis na dtoghcheantar a leagadh síos, conas is féidir deichniúr a roinnt i gceantair na Gaeltachta uilig agus teacht ar an rochtain a leagadh síos sa Bhille seo.

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sula nglacaimid le halt 5, ba mhaith liom cúpla rud a rá mar gheall ar struchtúr an údaráis. Tá sé mídhaonlathach. Tá sé dochreidte go bhfuil an ceathrar Teachtaí Dála eile ó Chiarraí i gcoinne an leasaithe a bhí againn, agus i bhfabhar mholadh an Rialtais chun an t-údarás a líonadh le ceapacháin an Aire. Tá a fhios agam go mbeidh 36% den bhord iomlán roghnaithe ag an Aire. Ní thoghfaí ach deichniúr. Mar a dúirt Teachta eile, bheadh an bord truaillithe le cronies an Aire. Níl leithscéal sásúil againn cén fáth nach bhfuilimid in ann corp nó bord lándhaonlathach a bhunú. Bheadh an t-údarás in ann saineolaithe a thabhairt isteach, cosúil le haon chomhairle contae ar fud na tíre, agus eolas a fháil má tá easpa eolais ag baill an bhoird. I gCiarraí, mar shampla, ní bheidh ach leath de na daoine a bhí ar an mbord againn i ndiaidh thoghchán 2005, agus ní bheidh duine ar bith ó Uíbh Ráthach i gCiarraí theas ar an mbord mar tá an daonra ansin chomh híseal nach dtoghfar aon duine. I gcomparáid leis sin, tá moltaí ag Sinn Féin chun dhá thoghcheantar agus trí shuíochán iomlán a bhunú i gCiarraí – beirt ó Chorca Dhuibhne agus duine amháin ó Chiarraí theas. Bheadh sé sin i bhfad níos oiriúnaí. Níl sé ródhéanach don Aire a aigne a athrú. Molaim dó é sin a dhéanamh, b’fhéidir nuair a rachaidh an Bille tríd an Seanad nó rud eile mar sin.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an méid atá ráite ag mo chomhghleacaithe.

Agus muid ag teacht chun deiridh ar an díospóireacht mar gheall ar alt 5, teastaíonn uaim a rá arís go bhfuil deis againn anois Údarás na Gaeltachta a dhéanamh chomh daonlathach, chomh hoscailte agus chomh trédhearcach agus is féidir trí níos mó ball tofa a bheith ar an mbord agus níos mó daoine a thoghadh ó gach ceantar Gaeltachta. I mo cheantar féin i nGaeltacht na nDéise, mhol an Rialtas go mbeidh duine amháin ar an mbord. Mholamar go mbeadh beirt, agus an rud céanna timpeall na tíre. Thacódh sé sin leis an bpobal cur le héagsúlacht ar an mbord i dtaobh éagsúlacht tíreolaíochta, pholaitiúil agus inscne de, gur féidir linn guthanna éagsúla a bheith iniata leis na comhráite atá ag dul ar aghaidh ag leibhéal bhord an údaráis ionas gur féidir leo cinntí níos fearr a dhéanamh amach anseo agus iad ag déileáil leis na géarchéimeanna atá ag cur isteach ar ár bpobal Gaeltachta.

Photo of Rose Conway-WalshRose Conway-Walsh (Mayo, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom cúpla focal a rá mar gheall ar Mhaigh Eo. Gabh mo leithscéal, ach labhróidh mé as Béarla.

The Minister will be very familiar with what I am talking about. Recently, the Committee on the Irish Language, Gaeltacht and the Irish-speaking Community published a report that recommended that additional all-Irish post-primary schools be established across the country. I ask the Minister to look into why there is such a lack of progress regarding the application from Gaelcholáiste Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh. I wanted the opportunity to discuss it with the Minister for Education, who was in the Chamber last night, but we ran out of time. No response has been issued to the Gaelcholáiste Mhaigh Eo committee, despite the application being submitted in November 2023.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To be fair, this has nothing to do with the Bill. I will keep the debate between the posts. If the Deputy would like to speak about section 5, she would be more than welcome. If it involves Gaelcholáistí, it is a different Minister, and the Deputy might take it outside the Chamber.

Photo of Rose Conway-WalshRose Conway-Walsh (Mayo, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I completely understand that, but the Minister, Deputy Calleary, will have as much interest in this as I have.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I have discretion, and I ask the Deputy to speak about section 5.

Photo of Rose Conway-WalshRose Conway-Walsh (Mayo, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Why is Mayo so under-represented in this Bill? It makes no sense. There is only one seat for Mayo on the board, which is a 50% reduction on what we had following the 2005 election. There is no representation at all for the west Mayo Gaeltacht of Oileán Acla, which is too small to have an impact on the Mayo constituency. All of this is being done to facilitate more ministerial appointments to Údarás na Gaeltachta. It is not right. We need democratic representation.

Sinn Féin's proposals would provide for two separate constituencies in County Mayo, that is three seats in total, with two seats to represent Erris in north Mayo, one seat for Oileán Acla in north Mayo and not forgetting Tuar Mhic Éadaigh. We need fairness here. I urge the Minister to stand up for County Mayo and to adopt Sinn Féin's proposal to ensure fair representation for the Gaeltacht areas in our county. We are very proud and very dedicated to the Gaeltacht areas but we need to stand up and make sure democracy prevails there. The people living in the Gaeltacht deserve and expect nothing less.

10:15 am

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta Conway-Walsh. Glaoim ar an Teachta Catherine Connolly anois.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Roimh aon rud a rá - b’fhéidir nach bhfuil aon rud le rá agam de bharr go raibh neart ráite agam an uair dheireanach - cá bhfuil muid ó thaobh na leasuithe? Cén leasú atá i gceist?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is an t-alt é féin atá i gceist.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I might explain this trí mheán an Bhéarla. We have had a discussion already on all the amendments to section 5. We are now discussing section 5 overall before I put the question to the Members very shortly.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach. Labhair mé an uair dheireanach faoin alt seo. Go sciobtha arís, is dócha go bhfuil díomá orm nach bhfuil an tAire ag glacadh leis na moltaí a tháinig ón tuarascáil ón gcoiste. Ba é an rud ba thábhachtaí ná go mbeadh ionadaíocht i gceist ó gach Gaeltacht, rud atá thar a bheith réasúnta. Mar a dúirt mé cheana, tá 174 Teachta Dála anseo agus tá muid in ann feidhmiú. Cad é atá mícheart le hionadaithe ó gach Gaeltacht? Beidh muid ag teacht níos déanaí go cúrsaí tithíochta agus cé chomh práinneach is atá an fhadhb tithíochta sna Gaeltachtaí. Tá gá le guthanna eile, chomh maith le guthanna Teachtaí Dála, chun é sin a chur trasna do cibé rialtas atá ann. Ní thuigim an fhadhb ó thaobh tuilleadh ionadaíochta. Is tuilleadh daonlathais atá i gceist, rud atá ag teastáil go géar uainn sa lá atá inniu ann. Níl aon ionadaíocht ann do na hoileáin agus na Gaeltachtaí beaga. Is é sin an teachtaireacht ba láidre a tháinig trasna dúinn nuair a thaisteal muid ar fud na tíre. Ní leanfaidh mé ar aghaidh. Tá an teachtaireacht láidir. An bhféadfaí breathnú air seo? Cad í an fhadhb le tuilleadh ionadaíochta a bheith ag an údarás nua?

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí sé seo pléite coicís ó shín. Níl aon teachtaireacht dhifriúil agam. Beidh rudaí i bhfad níos fearr tar éis an Bhille seo agus tar éis an toghcháin ná mar atá siad ag an nóiméad seo. Beidh ionadaíocht ann le guthanna ó Chontae Chorcaí, ó Chontae Phort Láirge agus ó Chontae na Mí ar an mbord nach bhfuil ann anois. I gcomhthéacs na gceantar nach mbeidh dírithe ar an mbord, tá na coistí réigiúnacha le bunú freisin. Beidh comhairleoirí áitiúla as na réigiúin ag obair le baill an údaráis ar na coistí réigiúnacha sin. Tá sé sin tábhachtach chun go mbeidh guthanna as na Gaeltachtaí beaga. Beidh comhairleoirí contae agus na comhairleoirí as na húdaráis áitiúla in ann oibriú ar an gcoiste réigiúnach sin i gcomhpháirt le bord an údaráis.

Mar a dúirt mé an oíche cheana, ní údarás amháin é - is bord Stáit é freisin. Tá sé tábhachtach go mbeidh muid in ann daoine a chur ann. Níl aon ghá saineolaíocht a cheannach isteach mar beidh an saineolaíocht ar an mbord. Beidh taithí ag daoine áirithe. Dúirt mé an oíche cheana go gcuirfinn tuiscint ar na leasuithe ag an chéad Chéim eile faoin leagan amach agus na qualifications go mbeidh muid ag léiriú ar an mbord chun direction a thabhairt do PAS ionas nach mbeidh leatrom sa Bhille. Tá mé chun é sin a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh tíreolaíocht ann. Ceapaim gur ceart mór é go pearsanta. Tá mé ag iarraidh fiosrú an mbeidh mé in ann leagan amach a chruthú le go mbeidh duine as na hoileáin ann. Lena dtaithí, tuigeann na Teachtaí Ó Snodaigh, McGuinness agus Connolly, nuair a bheidh duine as oileán amháin ann, beidh gach oileán ag iarraidh duine a bheith ar an mbord. I mo thuairim, ní bheadh bord mór amháin éifeachtach. Dúirt daoine go raibh comhairleoirí áitiúla i bhfad níos éifeachtaí. Is rud maith é an bealach a bhfuil an bord seo leagtha amach leis an mix idir daoine a bheidh tofa agus daoine a bheidh ceaptha. Is rud maith é do bhord an údaráis agus le haghaidh bhord Stáit. Is é sin an fáth go bhfuil sé leagtha amach mar sin.

Geallaim arís, roimh an chéad Céim eile, go bhfiosrófar leagan amach na gcáilíochtaí chun go mbeidh PAS in ann daoine a phiocadh tríd PAS. Ní an tAire amháin a bheidh páirteach ann; beidh PAS an-thábhachtach i gcomhthéacs na roghnúchán seo. Leagfar na qualifications amach sa chéad Chéim eile go gcaithfidh PAS úsáid agus é ag earcú daoine don bhord.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl mé chun dul siar ar gach rud atá ráite agam cheana. Ba chóir go mbeadh níos mó daonlathais seachas a mhalairt. Is é sin an fáth go bhfuil mé den tuairim gur chóir go mbeadh níos mó suíochán ann. Ní féidir liom cur i gcoinne an t-alt seo mar tá daonlathas de shórt éigin ann. Tá toghchán ag teacht ar ais agus is é sin atá á dhéanamh ag an alt ach amháin go bhfuil roghnú ag an Aire chomh maith céanna. Is é sin ceann de na pointí.

Luaigh mé an lá faoi dheireadh gur féidir ainmniúchán a bheith ann do na hoileán agus é a bheith rollaithe timpeall na n-oileán le go mbeadh ainmniúchán ag oileán amháin bliain amháin agus ag oileán eile an bhliain dár gcionn, srl. Dhéanfadh sé níos deacra é ach is féidir é a dhéanamh, mar a dhéantar i gcás na gcathaoirleach gnó. Bogtar an t-ainmniúchán sin timpeall. B’fhéidir gur féidir leis an tAire díriú ar an ngné sin más ag déanamh athraithe a bheidh sé.

Dá mhéad atá ar an mbord, is amhlaidh is mó saineolas a bheadh ann. Má tá bord níos mó, beidh níos mó daoine ann le saineolas bunaithe ar a gceantair féin nó ar a dtaithí féin agus a leithéid.

Ag an stad seo tá mé ag iarraidh díriú isteach ar alt 5(c)(2E). Is alt 5 atá i gceist ach nuair a fheiceann tú, tá sé ag déanamh leasaithe ar an mbunBhille. Tá sé ag teacht salach ar an méid a bhí luaite ag an gcomhchoiste ina chuid moltaí. Luaitear i moladh 12 ón gcomhchoiste nach gcuirfeadh an tAire aon choinníoll i bhfeidhm a chuirfeadh srian, a bhaineann leis an áit a bhfuil iarrthóirí ina gcónaí, ar aon iarrthóir seasamh i dtoghchán i gcomhar bhallraíocht bhord Údarás na Gaeltachta. Molann an comhchoiste an moladh seo ionas nach mbeidh aon srian ar iarrthóirí, nach féidir leo a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht mar gheall nach féidir leo áit chónaithe a cheannach inti nó nach féidir leo cead pleanála a fháil i gcomhair áit chónaithe dóibh féin a fháil inti, agus go mbeadh cead acu seasamh sna toghcháin. De réir alt 5, “Ní bheidh duine intofa mura rud é gur i gceantar atá cónaí air nó uirthi agus is sa cheantar arb ina leith a toghadh é nó í a bheidh cónaí ar chomhalta tofa”. Tuigim an bunús leis sin. Tuigim an sceon agus an raic a bhí ann thar na blianta nuair a bhí toghchán údaráis ann roimhe seo nó nuair a bhí toghchán eile ann. Dúradh nár bhain so-and-so leis an gceantar seo, nó nach raibh duine áirithe ag déanamh ionadaíocht ar ár son nó nach raibh cónaí ar an duine sin ann agus mar sin. Tá a fhios againn ar fad, áfach, go bhfuil géarchéim thithíochta ann - is iad na daoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht a bheadh i bhfad Éireann níos fearr chun labhairt faoin cheist seo ná mé - ach tá a fhios agam ó bheith bainteach leis an gcoiste Gaeilge anseo agus an camchuairt a rinne muid ar na ceantair difriúla cé chomh deacair is atá sé ar lánúin teach cónaithe a fháil i gceantar Gaeltachta. Ardaíodh an cheist maidir le Airbnb. Ní féidir fiú áit a fháil ar cíos. Má chuirtear é seo i bhfeidhm, tá seans ann go gcuirfidh sé as do dhuine nó beirt a bheith san iomaíocht i gceantar áirithe nó mar sin.

Tiocfaidh mé ar ais chuige sin ar Chéim na Tuarascála le leasú ach is ceann de na rudaí é sin. Níl a fhios agam go huile is go hiomlán conas déileáil leis mar aithním an fáth go raibh sé ann. Rinne an coiste plé air seo agus bhí siadsan den tuairim sin, tar éis na camchuairte agus labhairt leis na heagrais agus le roinnt díobh siúd. Shílfeá amach anseo go mbeadh siad sásta dul san iomaíocht ar mhaithe leis an gceantar toisc go bhfuil an saineolas sin acu sa cheantar ach nach raibh siad in ann cónaí laistigh den teorainn Ghaeltachta. Aon duine a dhéanann taistil go hUíbh Ráthach, go háirithe, feictear cé chomh ait is atá an teorainn sin. Téann tú isteach agus amach uaithi agus tú ag bogadh timpeall an cheantair sin. Tá sé sin fíor i gceantair eile freisin. D'fhéadfá a bheith ar imeall na Gaeltachta, go bhfuil na páistí ag freastal ar an scoil sa Ghaeltacht, ag obair d'Údarás na Gaeltachta, mar shampla, ach fós ní bheadh sé de chead agat de réir na forála seo, seasamh ann.

Caithfimid féachaint an féidir linn foclaíocht eile fháil a dhéanfadh cinnte de sin. Táimid tar éis glacadh leis cheana féin leis an gceist faoi B2, coinníoll amháin atá ann. Táimid ag déanamh iarracht gur muintir na Gaeltachta a bheidh mar ionadaithe amach anseo ar Údarás na Gaeltachta ach nílimid ag iarraidh go mbeadh an srian ann. D'fhéadfadh duine a bheith bogtha isteach in aice leis an sráidbhaile mór is giorra ach go bhfuil sé nó sí fós ar imeall na Gaeltachta. Ní hé sin a bhí i gceist aige nó aici ach go raibh sé i gceist acu mbeadh siad bogtha sa Ghaeltacht ach nach raibh teach ar fáil dóibh. Is é sin bun agus barr na faidhbe atá agam leis seo.

10:25 am

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is breá liom athrá a sheachaint. Is é an rud ar mhaith liom a rá ar an téama céanna leis an méid a dúirt an Teachta Ó Snodaigh. Tá sé mar gheall ar an bhforáil sin mar gheall ar iarrthóirí a bheith ina gcónaí laistigh de cheantar Gaeltachta. Is fadhb ollmhór é sin, go háirithe gur daoine óga ón nGaeltacht iad agus tá sé mar sprioc acu filleadh ar an nGaeltacht agus a gclanna a thógáil ansin. B'fhéidir go bhfuil a bpáistí ag freastal ar an scoil cheana féin sna ceantair Ghaeltachta ach de dheasca na géarchéime tithíochta, tá siad ina gcónaí i mbailte agus i sráidbhailte eile lasmuigh de na teorainneacha Gaeltachta.

Maidir leis an méid a dúirt an tAire faoi PAS, agus na treoracha a bheith ann i dtaobh na gcáilíochtaí do na daoine agus na comhaltaí a bheidh ceaptha amach anseo, ba cheart an tinreamh ceannann céanna a bheith i gceist. Caithfidh nasc láidir a bheith ag comhaltaí boird leis an nGaeltacht. Caithfidh siad a bheith fite fuaite agus mar chuid den phobal Gaeltachta ach níl gach duine atá mar chuid den phobal Gaeltachta ina gcónaí sa Ghaeltacht mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta atá ann. I mo chás féin i gContae Phort Láirge, agus is dócha go bhfuil sé seo coiteann ar fud an Stáit sna ceantair Ghaeltachta, tá mórmhór na glúine óige ón Rinn agus ón Sean Phobal ag maireachtáil i nDún Garbhán agus i mbailte eile mar níl na tithe sóisialta inacmhainne, nó fiú príobháideacha, ar fáil ar phraghas réasúnta sna ceantair Ghaeltachta. Caithfimid aghaidh a thabhairt air sin.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déarfaidh mé cúpla focal ar an alt seo. Fáiltím roimh an tslí a chinntíonn sé go mbeidh muintir na Gaeltachta ábalta a n-ionadaithe féin ó thoghadh. Is mór an dul chun cinn é sin agus caithfimid a bheith cinnte fáiltiú roimhe sin. Bhí córas lochtach ann, áit a raibh ar mhuintir Chorcaí, muintir Phort Láirge agus muintir na Mí ionadaí a roinnt eatarthu. D'fhág sé sin tréimhsí nach raibh aon duine ó, cuir i gcás, contae Chorcaí nó na ceantair eile ar an mbord in aon chor. Fáiltím an tslí a chinntíonn sé seo anois go mbeidh duine ó Chorcaigh, ó Phort Láirge agus ón Mí tofa ag an bpobal féin. Níl an oiread céanna daoine againn is atá ag contaetha eile ach anois beidh cinnteacht ann go mbeidh daoine ó na pobail sin ó chontae Chorcaí, Port Láirge agus an Mhí ann. Fáiltím roimhe sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom aontú leis na cainteoirí ó Shinn Féin maidir leis an rud seo. Is íorónta an rud é go bhfuilimid chun daoine le Gaeilge líofa, nach bhfuil in ann tithe a fháil sa Ghaeltacht agus atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht, a choinneáil amach óna bheith in ann dul ar Údarás na Gaeltachta. Is íorónta an scéal é amach is amach mar beidh muid ag caint faoi ghéarchéim tithíochta níos déanaí. Is é an brú atá ag teacht orainn ó BÁNÚ agus na heagraíochtaí eile ar an talamh atá i dteagmháil leanúnach linn ná go bhfuil siad ag rá nach bhfuil rochtain acu ar thithe sna Gaeltachtaí uilig. In ainneoin a bheith ag déileáil leis an bhfadhb sin, táimid ag cur leis an bhfadhb is ag rá nach féidir leat páirt a ghlacadh sna toghcháin mar nach bhfuil tú sa cheantar. Is é sin an rud atá leagtha amach anseo: "resides in the area concerned" nó "a bhfuil cónaí air nó uirthi sa limistéar lena mbaineann". B'fhéidir go mbeidh an tAire in ann é seo phlé i gcomhthéacs na géarchéime atá ann agus gan an dara rogha ag a lán daoine ach a bheith ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a lán ama caite againn ag iarraidh go mbeidh bord níos mó ann agus go mbeidh níos mó daoine á dtoghadh. Tuigim go bhfuil brú ar dhaoine nach bhfuil mórán deiseanna acu tithe a cheannach sa Ghaeltacht. Beidh sé sin á phlé againn. Má osclaímid an bord agus toghadh don bhord go dtí daoine lasmuigh den Ghaeltacht, ní bheidh sé ina údarás Gaeltachta. Is é an dainséar anseo, b'fhéidir, nach mbeidh suim ag daoine a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Ghaeltacht dul os comhair an phobail chun a bheith tofa.

Tá mé ag iarraidh go mbeidh a lán daoine in ann dul sa toghchán ach tá sé tábhachtach go mbeidh cáilíocht ann chun go mbeidh suim ag daoine sa Ghaeltacht agus gur Gaeilgeoirí a bheidh iontu. Tá sé sin leagtha amach. Níl a fhios agam an bhfuil na Teachtaí ag rá gur chóir go mbeadh an toghchán oscailte do gach duine. B'fhéidir go mbeidh siad ag iarraidh leasú a chur ar aghaidh ar an gcéad Chéim eile agus beimid in ann é sin a phlé ag an am sin.

Caithfidh mé a rá nach dtuigim cad go díreach atá ag teastáil ó na Teachtaí. An bhfuil siad ag iarraidh go mbeidh na toghcháin oscailte do gach duine sa tír, nó cén saghas ceangail a gcaithfí a bheith ag daoine leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge? B'fhéidir go mbeimid in ann é sin a phlé idir inniu agus an chéad Chéim eile. Is í seo an fhadhb atá agamsa más rud é go bhfuilimid oscailte do gach duine, ina measc daoine nach bhfuil aon cheangal nó suim acu sa Ghaeilge: má fheiceann siad toghchán, b'fhéidir go mbeidh siad ag iarraidh iad féin a chur ar aghaidh ar platform amháin nó platform eile, agus iad b'fhéidir ag baint úsáid as na meáin shóisialta. B'fhéidir go mbeimid in ann é sin a phlé. Tá súil agam go mbeidh na coistí bunaithe agus táim an-sásta dul os comhair an choiste nua chun ceisteanna cosúil leis sin a phlé. Ní thuigim go díreach cárbh as a bhfuil na Teachtaí ag teacht sa phíosa seo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim gur rud casta é ach ní bheadh gach duine in ann seasamh sa toghchán mar ní bheadh siad inniúil sa Ghaeilge. Is é sin ceann de na buncháilíochtaí atá ann. Is alt 5(c)(2E) atá i gceist leis an trácht atá ar siúl againn anseo. Ghlacamar cheana féin - bhí díospóireacht ann ag an gcoiste agus anseo - gur gá do dhuine a bheith inniúil sa Ghaeilge agus ábalta gnó an údaráis a sheoladh trí mheán na Gaeilge. Is bunrud é sin. Tá fíorbheagán Gaeilgeoirí sa tír seo - tá roinnt acu ann – a bheadh naimhdeach don Ghaeilge agus a bheadh ag dul san iomaíocht i dtoghchán de chuid an údaráis. Bheidís ag cur as dóibh féin agus don saol chun seasamh sa toghchán agus ansin a bheith tofa. Thuigeadh daoine nach mbeadh meas madra acu sa chás sin. Tá sé deacair ach tá daoine sa tír seo atá ceangailte leis an nGaeltacht agus atá ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht, ar imeall na Gaeltachta, a bheidh dícháilithe anois seasamh sa toghchán toisc nach bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht.

Muna n-athraítear seo, beidh dualgas orthu siúd a bhfuil spéis acu seasamh sa toghchán dul agus áit cónaithe a fháil sa Ghaeltacht má tá siad chomh gafa sin le seasamh i dtoghchán Údarás na Gaeltachta. An deacracht atá ann ná nach bhfuil na háiteanna ann. Ní féidir leo siúd atá ag obair ann áit cónaithe a aimsiú. Tá aithne againn ar dhaoine ar nós Victor Bayda agus a leithéid atá ina chónaí thíos in Uíbh Ráthach a bhfuil Gaeilge den scoth aige. Is duine de na daoine é atá gafa leis na scéimeanna teanga i gceantar Uíbh Ráthach. Is cuimhin liomsa nuair a bhuail muid leis gur leag sé amach cé chomh deacair is a bhí sé air teacht ar áit cónaithe sa Ghaeltacht, agus ní hé siúd amháin a luaigh sin linn go raibh an fhadhb bhunúsach sin ann. Gheofá áit cónaithe ar feadh sé mhí den bhliain agus ansin hard luck, bheadh tú amuigh i bpuball, ar thaobh na sráide nó lasmuigh den Ghaeltacht dá mbeadh an t-ádh leat. Tá fadhb bhunúsach ann munar féidir le daoine teacht ar áit, fanacht sa cheantar nó teach a fháil. Caithfimid teacht ar ais chuige seo. Caithfimid féachaint chuige nach bhfuilimid ag cur cosc ar dhaoine. Níl mise ag iarraidh go mbeadh duine ó Uíbh Fhailí, atá ina chónaí nó ina cónaí in Uíbh Fhailí, ag seasamh don toghchán cé gur Béarlóir é nó í gan spéis ar bith. Ní le bheith ar an mbord. Níor chóir go mbeadh aon duine ag seasamh don toghchán seo muna bhfuil siad sásta ionadaíocht cheart a dhéanamh dá gceantar, anois nó sa todhchaí. Sin atá i gceist. Is bord ar leith é seo atá ag cur bunréitigh ar fhadhbanna Údarás na Gaeltachta chun cinn. Tá súil agam nuair atá an feachtas á dhéanamh ag an údarás, agus ag an Aire féin nuair atá an Bille seo rite againn, go ndíreoimid isteach air sin. Is é sin an fáth a bhfuil daoine á gcur féin chun cinn. Ní ar mhaithe le hairgead é mar is airgead suarach atá i gceist don obair atá le déanamh agus gur chóir a bheith á dhéanamh ag aon duine a thoghfaidh an bord sin nó a roghnóidh an tAire amach anseo. Tiocfaimid chuige sin chomh maith.

10:35 am

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáiltím an méid a dúirt an tAire sa mhéid go bhfuil sé sásta é seo a phlé agus an comhrá seo a bheith againn mar is rud casta é conas is féidir é sin a chur síos i reachtaíocht ionas go bhfuil sé féaráilte agus cothrom. Deirimse i gcónaí go bhfuil na toghthóirí géarchúiseach nó i mBéarla "the electorate is very discerning". Beidh a fhios ag pobal na Gaeltachta agus iad ag caitheamh a gcuid vótaí más interloper atá i gceist nó más duine atá ag cur amú ama agus níl suim acu ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Gaeltachta. Ach mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, caithfimid foirmle éigin a bheith againn chun a chinntiú gur féidir le daoine a bhfuil suim, dúil nó nasc acu leis an nGaeltacht iad féin a chur chun tosaigh mar iarrthóirí. Ansin beidh an cinneadh agus an rogha ag na vótálaithe ach ní bheidh cosc ar aon duine a tógadh le Gaelainn sa Ghaeltacht, ach nach féidir cónaí sa limistéar Gaeltachta, seasamh. Mar a dúirt an Teachta Connolly, is íoróin atá ann go mbeadh siad ag iarraidh na ceisteanna sin a ardú agus guth a thabhairt don aos óg atá thíos leis an ngéarchéim thithíochta, ach nach mbeadh sé de chead acu é a dhéanamh. Is é sin an rud. Cuirim fáilte roimh an deis an plé sin a bheith againn nuair atá na coistí curtha le chéile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Arís, go sciobtha, fáiltím go bhfuil an tAire oscailte chun an rud seo a phlé. Tá mé ag díriú isteach arís ar na daoine a tháinig os ár gcomhair agus na daoine ar phainéil éagsúla ar chláracha teilifíse agus raidió. Tá formhór dóibh ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht agus ag cur in iúl nach bhfuil siad in ann teach a fháil sa Ghaeltacht. Is iadsan na daoine atá ag déanamh obair na gcapall chun an córas a athrú. Is cinnte go mbeadh suim acu seasamh. Tuigim nach bhfuil sé chomh simplí sin ach, mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, tá bunriachtanas ó thaobh leibhéil áirid i nGaeilge a bheith ag teastáil ar a laghad. Níl sin ag a lán daoine. Ní mór dúinn breathnú ar an gcás seo arís.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is maith gur luadh na córais sin. Níl mé ag iarraidh a bheith greannmhar ach tá réiteach na bhfaidhbe agam: cúrsaí PAS. Tá sé leagtha amach sa Bhille gurb iad an saghas sin daoine - na daoine a bhfuil cáilíochtaí acu agus suim acu i nGaeilge, mar atá leagtha amach go hiontach ag an Teachta McGuinness - a mbeimid ag iarraidh a chur ar an mbord tríd an gcóras PAS atá leagtha amach sa Bhille. Maidir le cúrsaí toghcháin, beimid in ann é a phlé. Tá buairt amháin agam toisc go bhfuilimid sna laethanta ina bhfuilimid. Tuigim go bhfuil electorate iontach againn ach tá mé buartha go mbeadh daoine in ann dul leis na cáilíochtaí agus leis an nGaeilge, ach nach bhfuil mórán suime acu i gcúrsaí Gaeilge, polasaithe Gaeilge nó dúshlán na Gaeilge agus go mbeadh siad in ann an t-údarás a úsáid mar ardán do rudaí eile. Beimid in ann é a phlé. Freisin, tá bealach PAS ann chun daoine a bhfuil suim sa Ghaeilge agus cáilíochtaí Gaeilge acu a chur ar an mbord. Beidh siad in ann dul ar an mbord tríd an gcóras PAS.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Photo of Cathal CroweCathal Crowe (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá baint ag leasuithe Uimh. 8 go dtí Uimh. 11, go huile, le chéile agus pléifear le chéile iad.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 8:

Ar leathanach 13, idir líne 1 agus líne 2, an méid seo a leanas a chur isteach: "(1) Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3A), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh "eacnamaíoch na Gaeltachta":
", lena n-áirítear saoráidí sóisialta, cultúir agus gnó agus, chuige sin, beidh an chumhacht ag an Údarás chun leas i maoin agus i réadas a cheannach nó a fháil ar cibé téarmaí, agus faoi réir cibé coinníollacha, is cuí leis".

I dtús báire, ba mhaith liom gearán a dhéanamh nó mo mhíshástacht a léiriú i dtaobh ár leasú, leasú Uimh. 12. Tá sé rialaithe as ord, rud nach féidir liom aontú leis i ndáiríre. Le linn Chéim an Choiste ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt an bhliain seo caite, bhí leasú ag Sinn Féin chun feidhm a thabhairt mar chomhlacht ceadaithe tithíochta, nó approved housing body, d'Údarás na Gaeltachta. Cé nach nglacfadh an Rialtas leis an leasú sin, rialadh in ord an leasú agus bhí deis againn é a chur chun tosaigh. Anois, tá leasú curtha chun tosaigh againn ag iarraidh go mbeadh feidhm ag an údarás comhlacht ceadaithe tithíochta a bhunú agus tá sé rialaithe as ord. Ní féidir glacadh leis sin i ndáiríre. Ní dhéanann sé ciall domsa. Seans nach bhfuil mórán gur féidir liom a dhéanamh ach é a ardú anseo agus mo mhíshástacht agus míshástacht Shinn Féin a chur ar an taifead.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis na leasuithe atá in ord, táimid ag déileáil le leasuithe Uimh. 8 go dtí Uimh. 11, sraith leasuithe a bhaineann leis an ngéarchéim thithíochta. Bhíomar ag labhairt faoi sin tamall ó shin agus faoi na feidhmeanna atá nó ar chóir a mbeadh nó a bhéas ag an údarás. Bhí cúpla agóid thar na bliana ag BANÚ nó Tinteán agus ag Conradh na Gaeilge lasmuigh de Thithe an Oireachtais. D'ardaigh siad an cheist faoin easpa tithíochta agus an ghéarchéim ar leith atá sa Ghaeltacht nach bhfuil i gceantair eile. Tá mé tar éis é a lua cheana féin nach féidir le daoine teach a cheannacht nó a thógaint faoi láthair agus nach féidir teacht ar cinn ar cíos. Baineann sé sin le cúrsaí turasóireachta. Níl muid ag iarraidh scrios a dhéanamh ar ghnó turasóireachta na dtithe samhraidh. Tá siad i sáinn iad féin, de réir cosúlachtaí. Táimid ag iarraidh a chinntiú go bhfuil cónaí ar dhaoine sna ceantair Ghaeltachta, gur pobail beo beathach atá iontu agus go bhfuil seans ag lánúineacha lonnú ann, a gcuid páistí a thógaint ann agus go mbeidh na seirbhísí cuí ann chun go mbeadh siad in ann saol iomlán a bheith acu trí Ghaeilge. Ní féidir sin a dhéanamh, áfach, muna bhfuil teacht ar thithe.

Táimid tar éis déileáil leis an gceist seo i gcomhchoiste na Gaeilge. Bhí tuairisc an-leathan againn ag díriú isteach ar cheist na tithíochta sa Ghaeltacht. Nuair a phléamar an cheist seo, mholamar an gá go mbeadh feidhmeanna breise agus maoiniú breise ag an údarás. De réir mholadh Uimh. 20 den ghrinnscrúdú réamhreachtach ar an mBille:

Molann an Comhchoiste gur cheart don Aire go ndéanfar cinnte de go mbeidh na feidhmeanna cuí ag Údarás na Gaeltachta ionas gur féidir leis tabhairt faoina chuid oibre go héifeachtach. Molann an Comhchoiste go mbeidh sé de chumas ag an Údarás an talamh a bhfuil faoina úinéireacht a ligean amach ar léas, ar mhaithe le heastáit tithíochta a thógáil i gceantair Ghaeltachta, nó chun athnuachan a dhéanamh ar chórais reatha uisce agus séarachais, nó chun bonneagair eile a thógáil, chomh fada is a chuideoidh na hoibreacha sin le príomhchuspóir Údarás na Gaeltachta an Ghaeilge a thabhairt slán go dtí an chéad ghlúin eile.

Nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta ar dtús tar éis fheachtas chearta daonna na gcainteoirí sna ceantair Ghaeltachtaí sa 1970idí, bhí sé i gceist acu déileáil le ceist na fostaíochta toisc go raibh bánú ag tarlú ag an am sin de thairbhe nach raibh aon phoist sa Ghaeltacht. Tá tar éis éirí go hiontach leis an údarás thar na blianta. Tá poist sa Ghaeltacht anois. Nuair a thugtar cuairt ar an nGaeltacht, is léir go bhfuil fadhbanna ann, ach nuair a fheictear na haonaid Gteic, na comhlachtaí atá tógtha ag an údarás ann agus an chóiríocht atá á dhéanamh aige ar na seanfhoirgnimh tionsclaíochta sna ceantair Ghaeltachta, tuigtear go bhfuil gá le breis airgid agus caipiteal breise chun cuidiú leis san obair sin. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil na hoibreoirí ag cónaí sa cheantar, go bhfuil an pobal ann chun a chinntiú go leanann an obair sin, go bhfuil an pobal agus na teaghlaigh ann chun a chinntiú go bhfuil pobal beo beathach ann, go bhfuil siopaí, búistéirí agus scoileanna ann, mar mura bhfuil an daonra ann, beidh daoine ag tiomáint isteach sa cheantar sin.

Tá an leasú seo ag déanamh cinnte gur féidir roinnt den talamh atá agus a bheidh ag an údarás - is gá dó talamh a cheannach anois is arís - a chur ar fáil chun a chinntiú, ar mhaithe le déileáil leis an ngéarchéim tithíochta, go mbeidh sé de chead ag an údarás córas séarachais a chur ar bun nó aon shórt infreastruchtúir eile ar shuíomh, agus go mbeidh an tuiscint ann ní hamháin go mbeidh seirbhís á cur ar fáil do na monarchana nó na haonaid Gteic aige, ach freisin go mbeidh sé ar fáil chun seirbhís a dhéanamh ar eastát beag tithíochta. Nílimid ag caint faoi eastát tithíochta cosúil le Tamhlacht nó Cluain Dolcáin, ach faoi deich nó 20 teach anseo is ansiúd. Fógraíodh anuraidh nó an bhliain roimhe go raibh scéim phíolótach chun tarlú agus go raibh an t-údarás chun breathnú ar na féidearthachtaí a bheadh aige.

Is í aidhm na leasuithe seo, agus roinnt cinn eile, ná a chinntiú go bhfuilimid ag tabhairt na cumhachta don údarás tríd an mBille seo agus nach bhfuil aon srian ann. Tá deis againn rudaí a leathnú. Is féidir linn é a shrianadh agus a rá gur gá don údarás dul chuig an Aire nó seo nó siúd a dhéanamh, ach nach mbeadh an cosc ar an údarás talamh a dhíol nó a chur ar léas ar mhaithe le tithíocht. Faoi láthair, níl an chumhacht sin ag an údarás. Is é an jab atá aige ná déileáil le cur chun cinn na Gaeilge agus tionsclaíocht nó poist a chruthú sa Ghaeltacht. Ciallaíonn na leasuithe seo go mbeidh jab ar leith ag an údarás cuidiú le déileáil leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus go mbeidh na dualgais sin air.

Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a deir go bhfuil dualgais ag na comhairlí contae agus gur cóir dóibh díriú ar an tithíocht. Tá frustrachas ann. Tá a fhios ag daoine go bhfuil an dualgas sin ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe, mar shampla, ach níl sé ag tarlú. Níl an talamh sa cheantar á ceannach aici agus níl an t-infreastruchtúr á chur isteach. Is de bharr gur scéimeanna beaga tithíochta atá i gceist nach bhfuil an tosaíocht chéanna á tabhairt mar is gá. Níl aitheantas ann ar an ngá an Ghaeltacht a chosaint agus gur gá rudaí eisceachtúla a dhéanamh seachas an ghnáthchóras. Tá jab ar leith le déanamh. B'fhéidir go mbeidh na comhairlí contae chun déileáil leis seo, ach an frustrachas a bhí ar lucht na gcomhairlí contae nuair a tháinig siad os comhair an chomhchoiste ná nach raibh na treoirlínte ann. Is féidir linn dul tríd ceist na dtreoirlínte agus cén tAire atá i gceist - deir duine amháin an tAire Gaeltachta agus deir duine eile an tAire tithíochta. Seachas sin, táimid ag tabhairt na deise don údarás, áit a bhfuil talamh aige nach bhfuil aon fhiúntas nó plean aige di, gur féidir leis féachaint an gcuideoidh sé le fadhb thithíochta i gceantar áirithe a leighis. Bheadh clanna á gcur ann agus fostaithe á gcothú do chomhlachtaí atáthar ag triail a lonnú sa cheantar. Dhéanfaí cinnte de go mbeadh beocht ag teacht ar ais i roinnt de na ceantair Ghaeltachta atá an-leochaileach faoi láthair agus a d'fhéadfadh bás a fháil laistigh de ghlúin amháin.

10:45 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann na leasuithe seo leis an tslí go mbíonn an t-údarás ábalta talamh a dhíol agus a cheannach ar leas an phobail Ghaeltachta, ní hamháin ó thaobh na tionsclaíochta de, ach i slite éagsúla a bheadh ann ar leas an phobail. D'fhéadfadh cúrsaí cultúrtha, oideachais, tithíochta nó pé rud ar leas an phobail a bheith i gceist. Is amhlaidh go mbeidís ag neartú agus ag cothú phobal na Gaeltachta i slite éagsúla, ach is í sin an bhunaidhm - pobal na Gaeltachta a neartú agus a chothú.

Tuigim go raibh a leithéid ann cheana féin ag an údarás i gcónaí, go mbeadh sé ábalta talamh a chur ar fáil mar sin, as gurbh amhlaidh gur éirigh éiginnteacht de bharr na gcinntí sna cúirteanna. Tá sé i gceist an chinnteacht sin a chur ar ais san údarás agus a chinntiú go mbeidh sé ábalta talamh a dhíol agus a cheannach ar son chúrsaí éagsúla a bheadh go huile agus go hiomlán ar leas an phobail agus nach mbeadh sé srianta go cúrsaí tionsclaíochta amháin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Seo croílár na faidhbe i ndáiríre - na leasuithe seo. Níl leasú an Rialtais sásúil. De réir alt 6 den Bhille, leasófar alt 8 den Phríomh-Acht agus "Féadfaidh an tÚdarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe ... nó le húdarás tithíochta ... nó a dhiúscairt". Cuirimis na leasuithe seo le chéile. Tá ceann as ord agus tá sé ráite ag an Teachta cheana nach dtuigeann sé cén fáth a bhfuil sé as ord.

Fanfaidh mé leis na pointí ginearálta. Tá géarchéim tithíochta ann. Thosaigh an feachtas seo ar son Údarás na Gaeltachta agus na toghcháin a thabhairt ar ais le hÉamon Ó Cuív, agus tá moladh tugtha agam dó. Is é sin an príomhchuspóir a bhí i gceist: na toghcháin a thabhairt ar ais agus córas daonlathach a chur i bhfeidhm. D'aontaigh muid go léir leis, agus d'oibrigh muid as lámha a chéile ar an gcomhchoiste. In ainneoin nach raibh sé ar an gcomhchoiste, tháinig Éamon Ó Cuív chuig gach cruinniú. Ach, bhí sé soiléir ón obair a rinne an coiste i dtréimhse na Dála deireanaí agus an tréimhse roimhe sin, nuair a thaisteal muid ar fud na tíre, go raibh géarchéim i gceist sna Gaeltachtaí uilig.

Tháinig na saineolaithe os ár gcomhair. Tá a ráitis anseo. Chuir an tOllamh Ó Giollagáin, an t-iar-ollamh ó Ghaillimh agus daoine eile le saineolas in iúl dúinn go soiléir nach raibh sé inmharthana agus go raibh gá le hathrú bunúsach, "transformational change", an frása atá á úsáid againn tar éis Covid, tar éis athrú aeráide a dhearbhú agus araile. Níl aitheantas á thabhairt ag an Rialtas don ghéarchéim sin. Tá iarracht déanta anseo ó thaobh na tithíochta de ach ní leor é. Ní saineolaí mé ach is é mo léamh ar an reachtaíocht ná gur féidir le hÚdarás na Gaeltachta i bhfad níos mó a dhéanamh ó thaobh cúrsaí tithíochta laistigh de na srianta atá air. B'fhéidir go bhfuil easpa foirne agus easpa acmhainní i gceist. Ní féidir dul ar aghaidh leis na spriocanna atá aige an Ghaeilge a bhuanú, a láidriú agus a choimeád gan tithíocht a bheith ann. Tá an dá rud fite le chéile. Dá mba rud é go raibh cumhacht agam laistigh den údarás, bheinn ag iarraidh air tithe a thógáil. Ní féidir sprioc amháin a bhaint amach gan an sprioc eile. Ní féidir an Ghaeilge a chaomhnú gan tithe a bheith ann. Is dócha go bhfuil saineolaithe eile laistigh den Rialtas ag rá nach bhfuil an chumhacht ag an údarás. Ceapaim féin go bhfuil ach, ag glacadh leis an saineolas ó na saineolaithe nach bhfuil an chumhacht aige, is é seo an deis an chumhacht a thabhairt dó agus a shoiléiriú go mbeidh cumhacht aige tithe a thógáil agus talamh a thabhairt. Nílim cinnte faoin bhfocal "díol" toisc gur talamh poiblí atá i gceist agus táimid ag iarraidh an praghas a choinneáil síos. Táim ag caint faoi thalamh a thabhairt do chomhlachtaí gan bhrabús agus obair as lámh a chéile leis an gcomhairle contae.

Bhí agallamh suimiúil ar Raidió na Gaeltachta. Fair play do Raidió na Gaeltachta as ucht obair na gcapall atá a dhéanamh aige. Tapóidh mé an deis chun dul isteach ar na rudaí seo. Bhí duine ó BÁNÚ i mbun agallaimh agus dúirt sé go raibh cruinniú suimiúil aige leis an gcomhairle contae faoi dheireadh. Tá sé ráite go poiblí agam go bhfuil locht ar an gcomhairle contae freisin. Nuair a bhí sé féin agus na sé údarás áitiúla eile os ár gcomhair, bhí easpa tuisceana iomlán acu ó thaobh na bhfreagrachtaí atá orthu maidir le cúrsaí tithíochta agus an Ghaeilge. Tá an t-agallamh seo thar a bheith suimiúil. De réir mo thuisceana agus de réir an mhéid a chuala mé, dúradh go raibh cruinniú suimiúil ag BÁNÚ, go raibh an chomhairle contae oscailte den chéad uair agus gur chuir sé in iúl go mbeidh athbhreithniú ar phlean an chontae agus go mbeidh deiseanna ag daoine aighneachtaí a chur isteach. Ba é an rud ba shuimiúla domsa ná go dúirt an chomhairle contae le BÁNÚ go raibh sí i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta dhá bhliain ó shin. Níl mé ag iarraidh dul isteach in "dúirt an bhean seo agus dúirt an fear sin" ach ba é an rud tábhachtach a bhí a rá acu ná go raibh an chomhairle contae den tuairim gur féidir leis an údarás a bheith ainmnithe mar housing body agus an teideal sin a ghlacadh nó comhlacht a bhunú laistigh den údarás agus feidhmiú mar áisíneacht tithíochta. De réir mar a thuigim, dúirt an t-iarAire tithíochta - is Aire é go fóill ach bhí sé ina Aire tithíochta cheana - an rud ceannann céanna, is é sin, go raibh féidearthacht ann don údarás feidhmiú mar approved housing body nó eintiteas mar sin chun tithe a thógáil. Níl a fhios agam cad é an réiteach ach tá a fhios agam an fhadhb. Tá gá le tuilleadh tithíochta. Cibé cé na cumhachtaí breise atá ag teastáil ón údarás, tá gá le hiad a thabhairt dó chomh maith le hacmhainní.

Maidir leis an rud seo, tá a fhios agam go bhfuil tuiscint ollmhór ag an Aire ó thaobh na bhfadhbanna ach ní féidir glacadh leis seo. Tá sé rólag. Ní féidir dul ar ais chuig na heagraíochtaí ar an talamh. Nílim ach ag lua ceann amháin, BÁNÚ, ach tá neart eagraíochtaí agus pobal eile ag impí orainn rud a dhéanamh chun tuilleadh cumhachtaí a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta. In ainneoin nach bhfuil sé sin ag teastáil de réir mo thuisceana, táim ag dul ar aghaidh leis na rudaí atá á rá ag na saineolaithe. Tiocfaidh mé ar ais arís. Ba mhaith liom freagra an Aire a chloisteáil.

10:55 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le gach Teachta a bhí páirteach sa phíosa sin. Tá sé an-tábhachtach. Is cuimhin liom an cruinniú a bhí ag an gcomhchoiste le príomhfheidhmeannaigh na gcomhairlí contae. Chun a bheith deas dóibh, déarfaidh mé nach raibh mórán tuisceana acu. Is cuimhin liom go raibh foighne an Chathaoirligh faoi bhrú ar an lá sin. Is cuimhin liom an cruinniú sin go soiléir. Táim ag iarraidh spáis maidir leis seo. Bhí comhrá beag agam leis an Teachta Ó Snodaigh. Ba mhaith liom tuiscint a fháil ón údarás maidir leis an bhfadhb atá aige agus maidir leis an drogall atá ann ó thaobh na gcúrsaí seo. Tá sé leagtha amach sa Bhille. Táimid ag iarraidh a rá go láidir agus go soiléir go mbeidh an t-údarás in ann a bheith ina chomhlacht ceadaithe tithíochta nó ina údarás tithíochta. Tá sé sin leagtha amach i bhfad níos láidre sa Bhille ná mar a bhí.

Bhí na rudaí a dúirt an Teachta Connolly an-suimiúil. Níl mé chun comhairle contae a ainmniú ach cén fáth go mbeadh aon chomhairle contae ag iarraidh an locht a chur ar an údarás? Is í sin a bhuairt atá orm. Nuair a thabharfaimid an chumhacht don údarás, b'fhéidir go gceapfaimid gurb é sin freagra na faidhbe. Nílim cinnte gurb é. Nuair a thabharfaimid an chumhacht don údarás, caithfidh sé taithí thithíochta a fháil. Ag an bpointe seo, tá taithí aige ar fhoirgnimh thionsclaíochta. Tá sé ag déanamh an-jab leis sin. Nuair a bhí mé i m'Aire Stáit le freagracht as fiontar, bhí taithí agam air sin. Nuair a thabharfaimid an chumhacht sin don údarás, an mbeidh an taithí agus na resources aige chun an chumhacht sin a bhainistiú? Níl mé ag iarraidh hope a thabhairt do dhaoine gurb é seo an freagra mar tá i bhfad níos mó píosaí leis an jigsaw seo.

Maidir le ceist an Teachta Uí Shnodaigh, táim tar éis scríobh chuig an Aire tithíochta, an Teachta Browne, ag iarraidh air suí síos liom, mar Aire Gaeltachta, chun a phlé cá bhfuil na treoirlínte ag an bpointe seo agus chun brú a chur chun na treoirlínte sin a fhoilsiú. Roimhe sin, táim ag iarraidh cruinniú a bheith agam leis an údarás chun tuiscint a fháil díreach óna bhainistíocht ar an tuiscint atá aici ar na cumhachtaí atá ag an údarás, na cumhachtaí breise a bheidh aige de bharr an Bhille seo agus cad a bheidh an t-údarás in ann a dhéanamh leis na cumhachtaí breise sin. Ón eolas atá agam faoi chúrsaí tithíocht an údaráis, tá deich dteach aige. Nuair a cuireadh an t-údarás ar bun sna hochtóidí, bhí tithíocht aige chun an bhainistíocht a thabhairt go dtí an Ghaeltacht. Tá an tithíocht sin fós ann cé go bhfuil droch-chaoi uirthi. Léiríonn sé sin dom nach bhfuil mórán suime ag an údarás sa soláthar tithíochta beag atá aige. Táim ag iarraidh spáis idir seo agus an chéad chéim eile chun go mbeidh mé in ann smaointe an údaráis faoi na deiseanna agus na dúshláin atá ann a phlé.

7 o’clock

Ní raibh mórán deis agam go dtí an pointe seo cruinnithe a eagrú le grúpaí cosúil le Conradh na Gaeilge, BÁNÚ nó Tinteán, ach tá sé ar intinn agam cruinnithe a eagrú leis na grúpaí sin chun plé go díreach leo. Nílim ag iarraidh geallúint a dhéanamh go gcaithfidh mé a bhriseadh. Ag an bpointe seo, ní aontaím go bhfuil an t-údarás in ann a bheith mar chomhlacht ceadaithe tithíochta. An bhfuil an taithí agus na scileanna aige? Níl mé ag iarraidh a rá le daoine go bhfuil an fhreagra agam, go mbeidh gach rud go hiontach agus go mbeidh an t-údarás i gceannas ar chúrsaí tithíochta. Ceapaim go dtuigeann gach duine nach bhfuil aon fhreagra amháin i gceist. Táim an-dáiríre faoin bhfadhb tithíochta sa Ghaeltacht. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, is cosán é go dtí an Ghaeltacht agus an Ghaeilge. Má éiríonn linn an fhadhb seo a réiteach, is deis é freisin daoine a thabhairt ar ais, clainne óga a thabhairt ar ais, agus ní hamháin an teanga ach saol an Ghaeilge agus saol na Gaeltachta a dhéanamh níos láidre.

Ag an bpointe seo, nílim in ann glacadh leis an leasú atá leagtha amach. Nílim ag rá go bhfuil an freagra agam. Táim ag iarraidh an spás idir an Chéim seo agus an chéad Chéim eile a úsáid chun plé a bheith agam leis an údarás ach go háirithe. Tá sé i gceist agam freisin na treoirlínte a phlé leis an Aire, an Teachta O'Brien, agus plé a bheith agam le grúpaí cosúil le Conradh na Gaeilge. We might even have an Irish-language committee up and running. Beidh plé de dhíth leis an gcoiste faoin tuarascáil a chur na Teachtaí Ní Chonghaile agus Ó Snodaigh a lán obair istigh ann, mar aon leis an Teachta Ó Muimhneacháin agus an iarTheachta Ó Cuív. Is dóigh liom go raibh mé ann le haghaidh cúpla cruinniú ag tús an phróisis sin. Nuair a dúirt an Teachta Ní Chonghaile nár chuimhin léi iad, bhí mé ag ceapadh go raibh na mothúcháin céanna agam fúthu.

Níl mé in ann glacadh leis na leasuithe ag an bpointe seo, ach tá mé ag rá go bhfuil muid chun leasuithe a dhéanamh ar an gcéad Chéim eile, Céim na Tuarascála. Tá sé tábhachtach go dtagann gach duine le chéile chun é a phlé. Beimid in ann rud éigin a dhéanamh faoi cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, ní hamháin sa tír, agus béim a chur ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Ceapaim gur jab maith a bheidh ansin le haghaidh an chéad cúig bliana eile.

11:05 am

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is géarchéim eiseach - an existential crisis - í an géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Ní bheidh ceantair Ghaeltachta againn, nó pobal labhartha Gaeilge againn, muna bhfuil réiteach ar an ngéarchéim seo. Tá sé sin ag teacht ó na saineolaithe agus na pobail. Tá sé istigh sna pleananna teanga atá faomhaithe ag Roinn an Aire le blianta anuas. I bplean teanga Ghaeltacht na nDéise, tá sé an-soiléir: is í tithíocht an cuspóir is mó inár bplean teanga. Tá an Stát agus an Rialtas ag infheistiú sna ceantair Ghaeltachta i dtaobh na pleananna teanga agus is maith an rud é. Tá an-chuid obair á dhéanamh ag na comhlachtaí forbartha agus na pleanálaithe teanga.

Muna bhfuil na tithe ann do dhaoine le maireachtáil iontu agus clann a thógáil - táthar ag iarraidh an chéad ghlúin eile agus an ghlúin ina dhiaidh sin a thógáil sna ceantair Gaeltachta - beidh stop leis an nGaeltacht don chéad uair riamh i gContae na Gaillimhe, i gContae Mhaigh Eo, i gContae Phort Láirge, i gContae Chorcaí, i gContae na Mí, i gContae Chiarraí agus i dTír Chonaill. Beidh deireadh le ré na Gaeltachta agus beidh an nasc ársa sin briste don chéad uair. Tá sé chomh tubaisteach tábhachtach sin.

Muna féidir glacadh lenár leasuithe - ina measc leasú Uimh. 12, atá ag iarraidh cumhachtaí a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta le AHB a bhunú chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo - b'fhéidir gur féidir leis an Aire ó thaobh an Roinn de leasú den saghas sin a chur isteach ag an gcéad Chéim eile, nó ar a laghad féachaint air. Is dócha go bhfuil an gá sin ann. Chun a cheart a thabhairt don Aire, tá an ceart aige nach bhfuil taithí ag an údarás feidhmiú mar údarás tithíochta, ach níl taithí ag aon eagras Stáit nó eagras poiblí, aon AHB nó aon údarás áitiúil bheith ag feidhmiú mar údarás tithíochta Ghaeltachta. Níl a leithéid de rud ann go dtí seo. Níl na comhairlí áitiúla tar éis freastal ar an éileamh sna ceantair Ghaeltachta riamh. Níl siad á dhéanamh anois agus iadsan atá freagrach as tithíocht shóisialta, phoiblí agus inacmhainne a chur ar fáil sna ceantair Ghaeltachta, níl sé déanta acu. Níl sé déanta ag aon dream.

Glacaim leis an méid a dúirt an Aire nach féidir gan locht a chur ar na comhairlí áitiúla. Caithfidh siad a bheith freagrach as an gceist seo chomh maith, ach ní féidir a rá go bhfuilimid chun brath orthu amháin. Caithfimid féachaint ar cad gur féidir leis an údarás a dhéanamh mar an eagras Stáit atá ainmnithe le infheistíocht agus bainistiú a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta. Táimid tar éis díospóireacht an-fhada a bheith againn ar conas é seo a dhéanamh níos daonlathach ionas go mbeidh an t-údarás freagrach as na pobail sin. Tá an t-údarás i bhfeighil ar na pleananna teanga cheana féin. Tá sé freagrach as an Ghaeltacht a choimeád beo. Glacaimid leis sin. Is é sin an dualgas i ndáríre atá ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh fostaíocht, fiontraíocht, an eacnamaíocht agus pleanáil teanga. Anuas air sin, caithfimid freagracht a thabhairt dó i dtaobh cúrsaí tithíochta. Tá fianaise ann le blianta anuas nach bhfuil na húdaráis áitiúla á dhéanamh sin. Tá sé sin soiléir ón méid atá tar éis titim amach leis na treoirlínte pleanála Gaeltachta - táimid ag fanacht orthu ó 2021 ach níl siad feicthe ag aon duine. Níl sé sin díreach ag teacht ó na húdaráis áitiúla, ach ón Roinn tithíochta chomh maith. Ní thuigeann siad cé chomh tábhachtach is atá an cheist seo. Táim ag súil leis go dtuigeann an Roinn Gaeltachta cé chomh tábhachtach is atá an fhadhb seo, ach ní dóigh liom go bhfuil sé tar éis landáil istigh i gcloigne an Roinn tithíochta cé chomh tábhachtach is atá sé.

Tá cuid d'ár leasuithe an-simplí i go leor slite. I gcás leasú Uimh. 6, táimid ag caint mar gheall ar an deis a thabhairt don údarás maoin a cheannach agus ní hamháin a dhíol. Beidh rudaí ag titim amach anseo. Tá muid ag caint mar gheall ar cheantair Ghaeltachta éagsúla. Dá bhrí sin, beidh éagsúlacht agus solúbthacht ag teastáil ón údarás chun déileáil leis an ngéarchéim tithíochta i ngach ceantar éagsúil. I gceantair áirithe, is ceisteanna mar gheall ar chead pleanála don chuid is mó atá i gceist. I gceantair eile, is mar gheall ar líon na tithe saoire agus na Airbnbs atá na ceisteanna. I gceantair eile, is mór an fhadhb í an easpa tithe shóisialta. I gceantair eile, táimid ag caint faoi conas is féidir suíomhanna seirbhísithe inacmhainne, serviced sites, a chur ar fáil do dhaoine lena dtithe féin a thógáil. In áiteanna eile, táimid ag caint faoi conas is féidir housing co-operative a chur ar fáil chun tithíocht inacmhainne a sholáthar. Beidh réitigh éagsúla i gceist i ngach ceantar. I gceantair áirithe, beidh níos mó ná réiteach amháin ar an fhadhb. Caithfimid an tsolúbthacht is mó gur féidir linn a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta agus, mar chuid de sin, ba cheart dúinn a chinntiú ní hamháin gur féidir leis talamh a dhíol, ach gur féidir leis talamh a cheannach freisin.

Ní hamháin gur talamh atá i gceist ach maoin, sé sin property, tithe san áireamh. Beidh ceist ann amach anseo. Táim cinnte go mbeidh cás ann nuair a bheidh píosa talún de dhíth ón údarás le cur le píosa talún atá aige cheana féin, ionas gur féidir leis rochtain a dhéanamh ar shuíomh. Beidh air píosa talún a cheannach ar mhaithe le access to a site. Caithfimid solúbthacht agus cumhachtaí a thabhairt don údarás ionas gur féidir leis é sin a dhéanamh, nó beimid ar ais anseo i gceann cúpla bliain tar éis don Bhille seo bheith curtha i ndlí. Beidh fadhbanna ag teacht anuas agus beidh mise ag cur Topical Issues nó oral questions chuig an Aire mar gheall ar rud éigin i nGaeltacht na nDéise. Beimid ag rá nach mbeimid ag ardú na ceisteanna seo dá mba rud é go raibh deis againn é seo a dhéanamh i gceart trí bliana ó shin. Is é seo an deis é seo a dhéanamh i gceart. Impím ar an Aire féachaint ar na leasuithe seo.

Níl aon rud as an ngnáth istigh anseo. Tá sé mar gheall ar ghnáthchumhachtaí a thabhairt d'eagrais Stáit, ionas gur féidir leis an eagras sin déileáil leis na rudaí a bheidh ag teacht anuas. Gabhaim buíochas.

11:15 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis na trí leasú atáimid ag déileáil leo faoi láthair, leasú Uimh. 8 go dtí 11, is cinn cuibheasach simplí iad. Níl siad ach ag déanamh cinnte de go bhfuil na cumhachtaí breise ag an údarás agus ní cumhachtaí móra atá i gceist ann. Tá siad ag déanamh cinnte de má tá an t-údarás ag díol nó ag ceannach, gur féidir leis é sin a dhéanamh i gceart. D'fhéadfadh an t-údarás talamh a dhíol. Bheadh sé in ann talamh nó teach a dhíol nó a chur ar léas. Aontaím leis an Teachta Connolly nár chóir go mbeimid i gcónaí ag díol talamh poiblí nó teach poiblí ach caithfimid féachaint air sin. Uaireanta, is teach amháin atá i gceist: má cheannaítear suíomh mór talaimh chun ionad tionsclaíochta nó Gteic nua a thógáil, bíonn teach leis an suíomh. Caithfidh cead a bheith ag an údarás an teach sin a dhíol sa chás sin nó b'fhéidir tithe a dhíol, is é sin go bhfuil sé dírithe chun déileáil leis an bhfadhb bhunúsach atá ann nach bhfuil tithe inacmhainne ar fáil. Is mionrudaí iad. Chuala mé an tAire agus gur chóir dúinn díriú isteach air seo agus tá súil agam go ndéanfaimid é sin. Tá an t-aitheantas ann go bhfuilimid ag bogadh sa treo ceart sa Bhille seo agus go bhfuil an leasú seo ag teacht leis an bPríomh-Acht. Go háirithe nuair a smaoinítear siar ar an bPríomh-Acht ó 1979, scríobhadh ann:

Chun críocha an ailt seo beidh de chumhacht ag an Údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh [sin áit a bhfuil cónaí ar dhuine] nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil.

Bhí aitheantas éigin ann in 1979 go raibh gá don údarás díriú isteach air seo ag am éigin ach tharla athrú idir an dá linn agus níor tugadh an mhaoin agus an caipiteal dó chun díriú isteach ar an gceist seo. Mar atá léirithe, níl an saineolas nó an fhoireann acu toisc nach raibh sé dírithe ar an gceist seo go hiomlán. Ghlac sé, mar a ghlac an chuid eile den tír, go raibh an jab seo le déanamh ag na comhairlí contae. Ní dhearna na comhairlí contae a leithéid, tá a fhios agam, agus tá an ceart ag an Aire.

B’ait liom an tslí nuair a tháinig na comhairlí contae os comhair an choiste cé chomh haineolach is a bhí siad ar shlí amháin. Chuir siad an milleán ar an Aire tithíochta agus iad á rá nach bhfuil aon treoirlínte agus níor thuig siad céard a bhí le déanamh acu. Bhí dream amháin ag déanamh rud amháin agus dream eile nach raibh ag déanamh rud ar bith. Ar shlí amháin, bhí siad ag rá go raibh siad ag fanacht ar threoir éigin. Bhí agus tá gach uile chomhairle contae sa tír seo in ann tithe a thógáil agus tá suíomhanna acu. Mura bhfuil na suíomhanna acu, tá sé de cheart agus de chead ag na comhairlí sin na tailte sin a cheannach.

B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an tAire gurb é sin an fáth go bhfuil na comhairlí contae breá sásta anois á rá go bhfuil muid dírithe isteach ar an gceist seo. Rud amháin ná go bhfuil dualgais bhreise acu toisc an tAcht Pleanála agus go bhfuilimid ag díriú isteach ar na treoirlínte am éigin amach anseo. B'fhéidir go bhfuil siad sásta dá mbeimid ag rá chun an dualgas ar fad a bhogadh chuig an údarás. Ansin, déarfadh siad happy days, mar nach mbeadh gá acu ansin déileáil leis an nGaeltacht, le BÁNÚ nó le haon dream mar sin. Ní hé sin a bheadh i gceist againn agus ní hé go mbeadh na comhairlí contae scartha amach as. Ní gá ach féachaint ar chathair na Gaillimhe agus an tslí ina bhfuil an chomhairle ansin tar éis eastáit tithíochta a thógaint sa chathair gan coinníollacha teanga ann nó aon chur chuige a bheith ag an gcomhairle chun a dhéanamh cinnte de go raibh an Ghaeilge slánaithe sna heastáit tithíochta sin thar na blianta. Tá bunfhadhb ansin.

Táim sásta ar shlí amháin go bhfuilimid ag teacht ar ais chuige seo. Chun an tAire a chur ar an eolas, ní bheidh coiste Gaeilge ag bualadh le chéile roimh lár mhí Bealtaine. Bhíomar ag an gcruinniú díreach roimhe seo, mé féin, an Ceann Comhairle, agus a lán daoine eile, ag iarraidh díriú isteach ar Chathaoirligh agus ar bhaill a roghnú. Beidh siad roghnaithe agus beidh sé ag tarlú go luath i mí Bhealtaine ach ní bheidh cruinnithe ann. Caithfimid díriú isteach ar an mBille seo ar an gCéim seo istigh anseo idir an dá linn.

Tiocfaimid ar ais ar an gceist sin ach tá an deis againn ar an gCéim seo. Nuair a bheimid ag teacht ar ais anseo ar Chéim na Tuarascála, tá an deis ag an Aire díriú níos mó isteach air seo agus féachaint an féidir an cúpla focal breise a chur san Acht, le go mbeadh breis deiseanna ag an údarás díriú isteach ar an gceist seo. Is ansin freisin go dtabharfadh an tAire Airgeadais - ní hé an tAire, an Teachta Calleary, an tAire Airgeadais - níos mó airgid don údarás chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an caipiteal aige chun cur leis an méid talaimh atá ag an údarás agus díriú isteach ar roinnt den tithíocht seo a chur ar fáil, más é sin an treo ina bhfuil an tAire, an Teachta Calleary, sásta dul.

Mura bhfuil sé, is fiú go ndéanfaidh sé cinnte de go bhfuil carn airgid ar leith curtha ar leataobh ag an Stát le go bhféadfaí, mura bhfuil an chumhacht ag an údarás - tá súil agam go mbeidh - le go mbeidh an t-údarás nó na comhairlí contae in ann tarraingt as chun díriú leis an bhfadhb bhunúsach ó thaobh infrastruchtúir, séarachais, uisce agus leictreachais de i gceantair Gaeltachta maidir leis an gceist thithíochta. Mura tharlaíonn sé sin, is léir dom ó bhualadh le hUisce Éireann nach bhfuil tosaíocht ar bith ag an gcomhlacht sin faoi na ceantair bheaga Ghaeltachta. Tá an comhlacht sin dírithe ar na pleananna móra agus uisce a chur ar fáil do 1,000 teach nó 2,000 teach. Níl sé buartha faoi chóras séarachais atá dírithe ar 50 nó 60 teach i gceantair iargúlta na Gaeltachta.

Caithfimid teacht ar bhealach éigin chun an tosaíocht sin a bhronnadh ar na ceantair sin. Ba chóir go mbeadh ciste ar leith ann agus, más féidir, é a bheith bainistithe ag an údarás, ag approved housing body Gaeltachta, ag na comhairlí contae nó ag an Stát féin. Caithfear é sin tarlú chun a dhéanamh cinnte de go bhfuilimid ag díriú isteach ar na ceisteanna tithíochta.

Is mionleasuithe iad seo. Tá leasú eile nach raibh cead againn a chur chun cinn toisc go raibh costas i gceist. Is é sin ceann de na fadhbanna bunúsacha nuair atá ag an bhFreasúra, go bhfuil tuairimí maithe againn, nó ag eagras cosúil le Conradh na Gaeilge, agus go gcuirtear na leasuithe seo chun cinn in ainneoin go bhfuil a fhios againn go minic go mbeidh cosc curtha orthu go mbeidh siad faoi deara “muirear ar an ioncam”. Is dóigh liom gurb é sin an bealach a luaitear é nuair atá leasuithe mar sin curtha as ord. Caithfimid a dhéanamh cinnte de go bhféadfaimis a mholadh don Aire féachaint orthu - leasuithe Uimh. 12, 13, 14 agus 16 - in ainneoin go bhfuil siad as ord toisc go bhfuil siad faoi deara muirear a chur ar an ioncam. Iarraim ar an Aire díriú isteach orthu siúd mar go gcuireann siad leis an méid atá á rá againn anseo. Leagann siad amach ar bhealach níos mine an cás ná na mionleasuithe Uimh. 8 go dtí Uimh. 11. Leagann siad amach conas is féidir díriú isteach ar an ngéarchéim tithíochta i gceantair Ghaeltachta.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fearaim fáilte roimh an Aire go bhfuil sé sásta nó oscailte faoin gceist seo ach tá sé deacair a oibriú amach cén chaoi a oibreoidh sé seo. Táimid ag dul ar aghaidh leis seo le cúpla bliain agus táim ag breathnú siar ar na hóráidí a thug an t-iarOllamh Gearóid Ó Tuathaigh agus tiocfaidh mé ar ais go dtí sin. Luafaidh mé freisin an tOllamh Ó Giollagáin. Tugann siad comhthéacs don rud seo uilig agus tá sé tábhachtach dá bharr.

Aontaím leis an méid atá ráite ag an Teachta Ó Snodaigh ó thaobh na leasuithe atá as ord de. Tá sé deacair dúinn i gcónaí an freagra a fhaighimid go bhfuil siad as ord ach tuigim gurb é sin córas. Má tá moill eile ar an mBille seo is fiú é, i mo thuairim, má fhaighimid réiteach ar thuilleadh cumhachtaí mar tá siad ag teastáil d’Údarás na Gaeltachta.

Is uair na cinniúna é i ndáiríre ó thaobh na nGaeltachtaí agus ó thaobh chúrsaí tithíochta. Nil aon éalú ó sin.

Ar mhaithe le comhthéacs, mar tá sé tábhachtach, níl an Ghaeltacht mar atá sí inmharthana. Dúirt an tOllamh Ó Giollagáin é sin i mí na Bealtaine 2023, beagnach dhá bhliain ó shín. Tá stair mhór ag an bhfear sin ag cur na bhfíricí os ár gcomhair. Is fear acadúil é agus neart leabhar scríofa aige. Níl mé ach ag piocadh na hóráide a thug sé os comhair an choiste nuair a chuir sé in iúl gur uair na cinniúna é.

Ag an am sin chomh maith, thug an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh aitheantas gurb é bun agus barr an Bhille seo ná an bunphobal Gaeltachta a neartú agus a mhúnlú. Lean sé ar aghaidh agus dúirt sé gur gné amháin den mhórchuspóir é gné an rialachais agus lean sé ar aghaidh ó thaobh cé chomh tábhachtach is a bhí sé. Dúirt sé gur gné teoranta é. Beidh a bhfuil le rá agam dírithe den chuid is mó ar a bhfuil i gceist ag na leasuithe, ach tugann sé seo chomhthéacs thar a bheith tábhachtach dúinn. Níl mé ach ag lua dhá cheann. Ní gá don Aire a bheith buartha; níl mé chun leanúint ar aghaidh. Is iad síorchreimeadh na Gaeltachta agus cumhachtaí agus cúram an údaráis comhthéacs na díospóireachta seo. Ní mór díospóireacht ionraic a bheith againn ó thaobh na gcumhachtaí sin agus ó thaobh shíorchreimeadh na Gaeltachta. Lean an tOllamh Ó Tuathaigh ar aghaidh maidir leis an mBille agus an gné áirithe sin. Is díospóireacht i bhfad níos ionraice atá ag teastáil uainn ó thaobh síorchreimeadh na nGaeltachtaí uilig.

Cé nach bhfuil mé chun é seo a athrá, is é an taithí atá againn ar an gcoiste ó bheith ag taisteal timpeall na tíre ná go bhfuil gá le réiteach a fháil. Níl a fhios agam cé chomh fada is atá muid ag fanacht leis na treoracha pleanála. Níl tásc ná tuairisc orthu. Má tá an tAire sásta geallúint shollúnta a thabhairt dúinn go bhfuil sé oscailte réiteach a fháil ar an bhfadhb, bíodh sin tuilleadh cumhachtaí a chinntiú d’Údarás na Gaeltachta - mar approved housing body nó cibé bealach nó réiteach - bheinn sásta ach amháin an t-aitheantas a thabhairt don síorchreimeadh atá ar siúl agus don ghéarchéim tithíochta. Tá daoine ag fágáil na nGaeltachtaí mar níl aon tithe ann.

Níl mé ag iarraidh locht a chur ar Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios agam go ndearna sé a dhícheall. Is dócha, áfach, go raibh neart solúbthachta aige agus níor bhain sé úsáid as an tsolúbthacht sin. Níl aon amhras ann go raibh easpa acmhainní i gceist ó 2008 ar aghaidh agus fiú níl a dhóthain acmhainní ar ais aige anois. Is cinnte nach raibh locht ar bith air ag an am sin. Roimhe sin agus tar éis an tréimhse sin, áfach, níor tháinig sé os ár gcomhair le rá go réamhghníomhach nárbh féidir leis leanúint ar aghaidh agus é ag díriú isteach ar sprioc amháin, is é sin, cúrsaí fostaíochta, gan a chur os ár gcomhair go bhfuil géarchéim tithíochta ann.

Ag dul ar ais go dtí an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979, i leathanach amháin tá neart féidearthachtaí leagtha amach. Cé nach bhfuil mé chun iad a léamh, bhí neart féidearthachtaí agus cumhachtaí aige. Bhí solúbthacht aige. Níor tharla sé, áfach, agus lean an rud ar aghaidh le heaspa tithíochta i gceist. Mar a dúirt mé, tá trua agam dó i dtaobh tréimhse áirithe ó 2008 ar aghaidh, ach ní roimhe sin agus ní tar éis an tréimhse sin de bharr nár dúirt sé é seo go soiléir. Chomh maith leis sin, cosúil leis An Taisce, bíonn Údarás na Gaeltachta i gcónaí ar an eolas faoi chead pleanála agus faoi na hiarratais a bhíonn ag dul isteach. Tá eolas i bhfad níos fearr aige ó thaobh na n-aighneachtaí a bhíonn ag dul isteach timpeall na cathrach, sna Gaeltachtaí agus i gConamara ná aon Teachta Dála ar an talamh. Bhí deis aige ansin a rá go raibh sé ag dul an treo seo agus go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha i gceist mura stopfadh muid. Geallúintí sollúnta atá de dhíth.

11:25 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis na Teachtaí Connolly agus Ó Snodaigh. Leag an Teachta Connolly amach na cumhachtaí atá ag an údarás ag an bpointe seo mar gheall ar Acht 1979. Tá sé in ann tithe a cheannach agus a dhíol. Leag an Teachta gach rud amach ansin, na cumhachtaí atá aige ag an bpointe seo san áireamh. Ceapaim gur dhéileáil an tAcht a bhunaigh Údarás na Gaeltachta, agus a bhronn na cumhachtaí sin air leis na leasuithe atá leagtha ag na Teachtaí Connolly agus McGuinness. Tá na cumhachtaí aige. Leis an mBille seo, tá muid ag leagan amach go mbeidh sé in ann tithe nó talamh a dhíol le comhlachtaí ceadaithe tithíochta.

Le dul ar ais go dtí an pointe faoi thaithí agus AHBs, fadó bhí na AHBs, nó na comhlachtaí ceadaithe tithíochta, bunaithe chun tithe áitiúla a chur le chéile ag an am nó tithe ar mhaithe le daoine áitiúla, ach chuaigh siad i dtreo difriúil. Ar an lá gur bunaíodh iad, is cuimhin liom i Maigh Eo gur tháinig na daoine le chéile sna gceantair tuaithe chun scéimeanna tithe a chur le chéile ar mhaithe leis na gceantar sin agus chun fadhbanna na gceantar sin a réiteach. Bhí cúpla sráidbhaile páirteach agus áiteanna gur níos lú ná sráidbhailte iad. Bhí sé seo ar mhaithe le daoine níos sine nó daoine a tháinig ar ais ó thar lear. Is é sin, b’fhéidir, an model go mbeidh ceantair Ghaeltachta ag leanúint. Tá an ceart ag an Teachta McGuinness; tá dúshláin difriúla ag gach uile Gaeltacht agus i measc na sráidbhailte sna Gaeltachtaí iad féin. B’fhéidir gur AHB Gaeltacht a bheas againn amach anseo.

Ó thaobh ról an údaráis, níl tuiscint agam air ag an bpointe seo. Tá mé ag iarraidh deis a bheith agam é a phlé leis an údarás le fáil amach an bhfuil suim aige dul sa treo sin. Tá mé ag iarraidh tuiscint a fháil cén fáth nach bhfuil sé ag baint úsáid as na cumhachtaí atá aige. Tá cumhachtaí láidre aige. Mar a dúirt an Teachta Connolly - déanann muid dearmad faoi seo - tá sé leagtha amach san Acht pleanála go bhfuil an t-eolas aige faoi cad atá ag tarlú. Mar gheall air sin, tá sé ag feidhmiú agus i gceannas ar cad é atá ag tarlú i gcomhthéacs na gcúrsaí tionsclaíochta freisin. Tá i bhfad níos mó eolais aige. Ba cheart go mbeadh sé in ann an t-eolas sin a úsáid. Níl mé ag cur an locht air, áfach. Tá mé ag iarraidh é seo a phlé leis an údarás le hoibriú amach cén fáth nach bhfuil sé ag úsáid na gcumhachtaí. What are the blockages i dtaobh úsáid na gcumhachtaí atá aige? An é airgead nó taithí is cúis leis? Tá mé ag ceapadh go bhfuil tuairimí ag an údarás faoi chúrsaí tithíochta freisin agus tá mé ag iarraidh é sin a phlé leis.

Tá mé chun am a thógáil ach ní mórán ama. Tá me ag iarraidh an Bille seo a chríochnú. In ainneoin na rudaí atá ag tarlú sa Teach seo ag an bpointe seo, tá muid ag plé an Bhille seo agus tá mé ag iarraidh dul ar aghaidh leis an mBille. Tá mé ag iarraidh seans a thabhairt chun labhairt le daoine, go háirithe leis an údarás, le fáil amach cén fáth nach bhfuil sé ag baint úsáid as na cumhachtaí atá aige. Tá na cumhachtaí sin ag an údarás le beagnach 50 bliain. Tá muid ag cur cumhachtaí breise air maidir le cúrsaí tithíochta. Tá mé ag rá leis an Teachta Connolly go bhfuil mé ag tabhairt gealltanais go bhfuil mé ag iarraidh iarracht a dhéanamh na fadhbanna faoi na cumhachtaí atá ag Údarás na Gaeltachta a thuiscint. Tar éis an tuisceana sin a bheith agam, beidh cruinniú agam leis na grúpaí atá ag obair ar na cúrsaí seo, a bhfuil obair na gcapall ar siúl acu.

Beidh mé ag léamh tuarascáil an choiste arís agus nuair a thagaimid ar ais chuig an chéad Chéim eile déanfaidh mé iarracht déileáil leis an gceist seo. I gcomhthéacs Bhille faoi thoghchán, táimid ag caint faoi chúrsaí toghcháin agus tá sé tábhachtach. Ní bheimid in ann gach réiteach ar fhadhbanna tithíochta na Gaeltachta a chur sa Bhille seo ach b’fhéidir go mbeimid in ann úsáid a bhaint as an údarás chun scaffolding a thógáil agus bunús i bhfad níos láidre a dhéanamh chun na fadhbanna a réiteach. Creidim go mór gurb iad na AHBs, nó version de na AHBs, a réiteach a bheimid in ann a úsáid. Mar a dúirt an Teachta McGuinness, tá dúshlán difriúil ag gach Gaeltacht difriúil agus i ngach cuid de na Gaeltachtaí difriúla agus b’fhéidir gur sin an todhchaí. Mar fhocail scoir, beidh cruinniú agam, mar a dúirt mé, leis an Aire tithíochta faoi threoirlínte tithíochta na Gaeltachta. Beidh cruinniú agus comhrá agus beidh mé ag iarraidh na treoirlínte sin a chur le chéile chomh luath agus is féidir.

11:35 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá súil agam go mbeidh na treoirlínte againn agus guím gach rath ar an obair sin. Tuigim go bhfuil an tAire sa jab ar feadh tréimhse an-ghairid ach tá an t-eolas ag an údarás maidir leis na fadhbanna a shíleann sé atá aige. Ní gá ach scairt a chur ar bhaill an údaráis agus leagfaidh siad síos an bhuairt atá orthu nó cá háit a bhfuil soiléireacht ag teastáil maidir leis na feidhmeanna tithíochta nó an chumhacht a shíleann siad nach bhfuil acu nó áit nach bhfuil an mhaoin ann. Níor tugadh airgead riamh d’Údarás na Gaeltachta ón Státchiste chun tithe a thógaint nó chun infheistiú a dhéanamh in infreastruchtúr ar mhaithe le tithíocht in ainneoin, mar atá luaite agam, go bhfuil an chumhacht acu.

Ó thaobh an leasú atá againn, níl muid ach ag iarraidh cur leis an méid atá á chur isteach ag an Aire. Is mionrudaí iad an trí leasuithe seo. Níl muid ag dul níos faide ná sin. Luaigh an tAire nach féidir gach rud a dhéanamh i mBille faoi thoghchán. Tá an ceart aige ach tá sé leagtha síos sa Teideal Fada go bhfuil sé seo dírithe ní hamháin ar an toghchán ach freisin ar “leathnú fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta” agus ar shocraithe “i dtaobh nithe gaolmhara”. Tá sé in ord againn mar sin an rud seo a phlé. An fáth go bhfuilimid á phlé seo ná toisc nach minic a bhíonn reachtaíocht ag teacht os comhair Thithe an Oireachtais ag déileáil le ceist na Gaeltachta. B’fhéidir go mbeimid ag fanacht deich mbliain eile sula mbeidh an chéad Bhille eile ag déileáil le hÚdarás na Gaeltachta. Tá súil agam nach mar sin a bheidh ach sin mar atá tarlaithe. Táimid ag tapú an deis breis a chur isteach anseo chun cinnte a dhéanamh de nuair atá muidne críochnaithe leis an mBille go mbeidh pé cumhachtaí breise ag an údarás atá de dhíth air, atá ag teastáil uaidh, nó a shílimid a bhfuil gá leo. Táimid ag déanamh cinnte de go bhfuil an tuiscint ceart againn anseo. Tá triúr againn tar éis a lua go sílimid go bhfuil cumhachtaí ag an údarás nach bhfuil in úsáid acu cheana féin.

Ó thaobh an leasuithe de, má fhéachaimid ar an gcéad cheann, níl muid ach ag iarraidh go bhféadfadh an t-údarás talamh nó teach a dhíol le comhlacht ceadaithe tithíochta. Tá sé éasca go leor talamh a dhíol le ceann de na comhlachtaí ceadaithe tithíochta seo nó le húdarás tithíochta ach tá seans ann go mbeadh an t-údarás ag tógaint tithíochta agus ansin nach mbeadh sé ag iarraidh bainistíocht a dhéanamh ar na tithe sin. Sa chás sin, bheadh siad á ligin ar léas, ag déanamh conradh nó á ndíol leis na comhlachtaí seo chun iad a bhainistiú. Níl comhlacht bainistíochta tithíocht atá i gceist in Údarás na Gaeltachta faoi láthair. B’fhéidir amach anseo gurb é sin ceann de na rólanna a bhéas aige agus go mbeadh sé ag déanamh deisiú ar thithe shóisialta nó inacmhainne. Níl muid ach ag déanamh iarracht gach angle a chlúdach sa chás seo. Ansin, ní hé go mbeadh na rudaí seo díreach á ndíol ach go bhféadfaí iad a chur ar léas. Ansin coimeádann tú roinnt smachta air agus muna bhfuil an comhlacht ceadaithe tithíochta sin nó na húdaráis tithíochta ag cloí leis an léas gur féidir iad a tharraingt siar nó ar a laghad amach anseo, i gceann 100 bliain, go bhfuil an talamh fós ag an údarás agus gur féidir a fhéachaint an bhfuil sé ag iarraidh iad a dhíol ina iomláine, cur leo nó pé rud atá i gceist.

An leasú is mó atá againn ná go bhfuilimid ag iarraidh cur leis an méid atá luaite ag an Aire trí cinnte a dhéanamh go gcuirfí san áireamh: “lena n-áirítear saoráidí sóisialta, cultúir agus gnó agus, chuige sin, beidh an chumhacht ag an Údarás chun leas i maoin agus i réadas a cheannach nó a fháil ar cibé téarmaí, agus faoi réir cibé coinníollacha, is cuí leis”. Beidh talamh i gceist uaireanta. Tagann moill ar chúrsaí toisc an maorlathas nuair a ghlacann sé smacht ar an gcóras agus ansin cailltear an deis a bheith ag cuidiú leis an gcomhphobal áitiúil. Uaireanta bíonn na deiseanna sin i gceist ó thaobh tithíochta agus ó thaobh talaimh de. Is trí rud shimplí iad. Tá súil agam go mbeidh an tAire in ann glacadh leis na leasuithe agus ansin gur féidir linn bogadh ar aghaidh go dtí an chéad alt eile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá rud amháin le lua agam chun a bheith féaráilte d’Údarás na Gaeilge. Is dócha go raibh tuairim scríofa ón Ard-Aighne ag cur in iúl nach raibh cumhacht ag an údarás ó thaobh chúrsaí tithíochta. Bheadh sé tábhachtach é sin a shoiléiriú. Léigh mé é sin agus dúradh liom go raibh tuairim dhlíthiúil ón iarArd-Aighne agus gurb é sin chuid den fhadhb.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin an fáth go bhfuil mé ag iarraidh cruinniú a eagrú agus cúrsaí a phlé. Beidh cumhachtaí tithíochta i gceist de bharr an Bhille seo. Scrúdóidh mé leasuithe na hoíche anocht arís tar éis an phlé seo. Scrúdóidh mé iad roimh an gcéad Chéim eile agus tiocfaidh mé ais chuig an Teachta roimhe sin. Munar féidir linn aon rud a dhéanamh, fillfidh mé ar an Teachta i bhfad roimhe sin ionas go mbeidh sé in ann na leasuithe a chur le chéile freisin. Tá mé ag iarraidh rudaí a athrú anseo, áfach. Tá mé ag iarraidh ceisteanna a fhreagairt ní hamháin domsa ach freisin le haghaidh muintir na Gaeltachta, muintir na Gaeilge agus an dream atá ag déanamh na feachtasaíochta seo. Tá mé ag iarraidh spás chun na leasuithe a phlé, chun tuiscint níos fearr a bheith agam agus chun iad a phlé leis an Teachta. B’fhéidir nach mbeidh an coiste ar siúl ach beidh mé in ann cruinniú a bheith agam leis an Teachta Ó Snodaigh, leis na Teachtaí McGuinness agus Connolly agus le haon Teachta a bhfuil suim acu i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus suim i gcúrsaí tithíochta sa Ghaeltachta. Beidh mé in ann cruinniú neamhfhoirmiúil a shocrú roimh an gcéad Chéim eile.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire as an dtairiscint sin. Tá mé breá sásta ar bhonn na geallúna sin na trí leasú seo a tharraingt siar. Measaim go mbeidh sé tábhachtach, fiú má tá an Rialtas ag iarraidh é seo a bhogadh ar aghaidh, sula mbogaimid go dtí Céim na Tuarascála go mbeadh na cruinnithe sin ag an Aire leis na heagrais a luaigh sé. Tá an cheist a d’ardaigh an Teachta Connolly an-tábhachtach chomh maith. Is féidir linne a bheith ag rá anseo go bhfuil an chumhacht ag an údarás ach má tá an Ard-Aighne ag rá nach bhfuil, ba cheart dúinn a bheith cinnte nuair atá muid ag déileáil leis seo agus á chríochnú go bhfuilimid ag tabhairt na gcumhachtaí is cuí don údarás ionas gur féidir leis an ról atá agus a bhéas aige a imirt chun déileáil leis an ngéarchéim thithíochta sna ceantair Gaeltachta.

Tá ról ag an údarás agus tá ról freisin ag na húdaráis áitiúla, an Stát agus na co-ops agus comhlachtaí tithíochta atá luaite againn. Tá ról ag a lán eagraíochtaí. Beidh mé ag tarraingt siar leasuithe Uimh. 8, 10 agus 11 chun gur féidir linn bogadh ar aghaidh go dtí roinnt de na cinn eile.

11:45 am

Photo of Verona MurphyVerona Murphy (Wexford, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I thank the Deputy. Deputy Connolly does not wish to contribute. Does Deputy McGuinness wish to withdraw the amendment?

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an méid a dúirt an tAire agus roimh an tairiscint chun bualadh go neamhfhoirmiúil chun é seo a phlé níos doimhne. Is maith an rud é go bhfuil an tAire sásta cluas éisteachta a thabhairt dúinn. Is léir go bhfuil suim ag na daoine sa Seomra seo san ábhar seo. Tá moltaí suntasacha againn. Is maith an rud é go mbeidh deis againn iad a phlé. Mar sin, táim sásta na leasuithe a tharraingt siar go foirmiúil.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 9:

Ar leathanach 13, líne 4, “nó teach” a chur isteach i ndiaidh “talamh”.

Tá sé sin á tharraingt siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 10:

Ar leathanach 13, líne 4, “, a léasú nó a ligean” a chur isteach i ndiaidh “a dhíol”.

Tá sé sin á tharraingt siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 11:

Ar leathanach 13, líne 8, “agus féadfaidh an tÚdarás talamh nó teach a cheannach, a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a athchriosú, nó a shealbhú don chúis seo” a chur isteach i ndiaidh “sa Ghaeltacht”.

Tá sé sin á tharraingt siar.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Photo of Verona MurphyVerona Murphy (Wexford, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Amendments Nos. 12 to 14, inclusive, have been ruled out of order.

Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 12 go 14, go huile.

Photo of Verona MurphyVerona Murphy (Wexford, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Amendment No. 15 may be discussed with amendments Nos. 17 and 21.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 15:

Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “(2) Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):
“(10) Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéar feidhme, le Roinn na Gaeltachta, agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta a ullmhú agus a fhoilsiú, tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis achtú an Achta seo, i gcomhair gach Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, ina leagfar amach spriocanna soiléire intomhaiste chun fás inbhuanaithe na bpobal Gaeltachta a chinntiú agus chun soláthar cuí tithíochta a chinntiú chun tacú leis an bhfás sin.

(11) Déanfar na Straitéisí a shonraítear i bhfo-alt (10) a uasdátú gach 5 bliana.”.”.

Táimid ag déileáil anseo le grúpa de leasuithe atá curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge agus againn féin chun díriú isteach ar cheist a bhfuilimid tar éis roinnt di a ardú cheana féin, is é sin, ceist an bhonneagair nó infreastruchtúir sa Ghaeltacht agus an fhreagracht atá ar pé duine ar a bhfuil sí. Faoi láthair, den chuid is mó, tá sí ar na comhairlí contae nó ar Uisce Éireann. Is léir dúinn nach bhfuil an infheistíocht cheart ann. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as forbairt teanga, tionscail agus pobail sa Ghaeltacht. Táimid ag iarraidh feidhm a thabhairt di maidir le tithíocht sa Bhille seo. Mar a dúirt mé, tá sé riachtanach go ndéileálfaimid ní hamháin leis an tithíocht ach leis an mbunfhadhb infreastruchtúir freisin. I roinnt cásanna, bheadh tithe tógtha ag an ngnáthphobal ach níl an t-infreastruchtúr ann agus ní féidir cead pleanála a fháil toisc nach bhfuil córas uisce, séarachais ná leictreachais ar fáil. Chonaic muid cé chomh leochaileach is atá ceantair éigin leis an stoirm le déanaí. Mar atá a fhios againn, tá an chuid is mó de na ceantair Ghaeltachta ar an gcósta. Tá siad leochaileach toisc go bhfuil an tAtlantach timpeall orthu agus á mbualadh nuair a tharlaíonn stoirmeacha. Bíonn ceantair eile oscailte don fharraige, don ghaoth agus do na gálaí a bhíonn ag bualadh na tithe. In ainneoin go bhfuil na ceantair sin go hálainn le feiceáil ar laethanta breá samhraidh, go minic bíonn sé deacair a bheith ag maireachtáil iontu nuair atá stoirm á mbualadh toisc go bhfuil siad iargúlta. Feiceann tú ansin cé chomh leochaileach agus scoilte amach is atá siad.

Ní bhaineann roinnt de na fadhbanna seo le ceantair Ghaeltachta amháin. Baineann siad le ceantair thuaithe agus ceantair atá scartha amach ó na bailte nó na sráidbhailte. Mar a luaigh mé cheana féin, sa chás seo táimid ag caint faoin nGaeltacht agus táimid den tuairim gur chóir go mbeadh eisceacht déanta chun cosaint a thabhairt don tseoid chultúrtha atá againn. Ní mhairfidh an tseoid sin muna bhfuil daoine ina gcónaí sna ceantair sin, ag labhairt na Gaeilge agus ag obair trí Ghaeilge agus muna bhfuil páistí ag freastal ar scoil trí Ghaeilge. Caithfidh sé seo a tharlú glúin i ndiaidh glúine má tá an stair sin le leanúint ar aghaidh. Is é sin an fáth go bhfuil riachtanas ann go ndéanfar cinnte de go bhfuil an bonneagar ann chun gur féidir daoine a mhealladh chun fanacht sna ceantair sin agus tithe a thógáil nó a cheannach iontu.

Leis na leasuithe seo, táimid ag iarraidh an Bille a dhíriú ar na fadhbanna bunúsacha atá leagtha síos. Chun é sin a dhéanamh, caithfidh straitéis a bheith ann don daonra agus do thithíocht sa Ghaeltacht. Caithfidh a fhios a bheith againn cé mhéad teach atá agus a bheidh i gceist, cad iad na nithe breise atá ag teastáil má táthar ag caint faoi deich, 20 nó 100 teach breise i gceantar, cad é an t-ualach breise a bheidh ar chóras uisce an cheantair agus an bhfuil gá cur leis an infreastruchtúr sin. Ansin, caithfidh a fhios a bheith againn conas a dhéanamh cinnte de go dtarlóidh sé sin. Tá a fhios ag aon duine atá ina chónaí sna ceantair seo cad í an bhunfhadhb. Tá tuairimí agus réiteach na faidhbe acu ach níl an chumhacht, an t-airgead ná an cead acu. Caithfimid díriú isteach ar na trí rud sin. Leis na leasuithe seo, tá muinín á chur san údarás gur féidir leis cuidiú leis an rud seo. Sna ceantair sin, níl muinín sna comhairlí contae ná sa Rialtas.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Le leasú Uimh. 15, táimid ag iarraidh go mbeadh straitéis daonra agus tithíochta curtha le chéile do gach limistéar pleanála teanga. Is é seo bunchloch na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá cuid den obair seo déanta cheana, in ainneoin an Rialtais i slite. Nuair a bhí na pleananna teanga á gcur le chéile tráth dá raibh, chuir an-chuid de na comhlachtaí forbartha míreanna isteach mar gheall ar chúrsaí tithíochta agus daonra. Is iad an tslat tomhais atá againn i dtaobh an phleanáil teanga agus sláinte sna ceantair Ghaeltachta ná an daonra, an tuairisc a thagann i ndiaidh an daonáirimh agus líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den earnáil oideachais. Tá an-chuid staitisticí ar fáil ón Roinn, ó Údarás na Gaeltachta agus ón CSO agus a leithéid ach tá anailís agus plé le déanamh maidir le gach limistéar éagsúil. Caithfear féachaint ar spriocanna. Cé mhéad teach atá ag teastáil agus cén t-éileamh atá ag teacht ón bpobal? An bhfuil éileamh ar thithíocht inacmhainne atá tógtha nó ar shuímh inacmhainne le seirbhísí ionas gur féidir le daoine a dtithe féin a thógáil? An bhfuil éileamh ar chóras pleanála atá níos tuisceanaí ar an gcultúr agus slí bheatha atá ag daoine sna ceantair Ghaeltachta? An bhfuil éileamh ar níos mó tithe sóisialta?

Níor chóir go mbeadh an straitéis ag féachaint ar an top-level objectives nó KPIs i dtaobh líon na dtithe. Ba chóir di féachaint ar conas is féidir leis na heagrais go léir iad a chur ar fáil. An bhfuil gá dualgas ar leith a chur ar na húdaráis áitiúla deich gcinn de thithe sóisialta a thógáil sa Seanphobal agus ar Údarás na Gaeltachta obair leis an gcomhlacht forbartha chun 20 teach a thógáil sa Rinn ionas go mbeidh an straitéis intuigthe i ngach limistéar teanga agus go mbeidh an Roinn tithíochta, an Roinn Ghaeltachta, Údarás na Gaeltachta, an t-údarás áitiúil, aon AHBs atá i gceist agus na comhlachtaí forbartha ar an leathanach céanna mar gheall ar an straitéis?

Ní dóigh liom gur rud radacach é an leasú i ndáiríre. Tá sé mar gheall ar straitéis agus plean a chur le chéile ar bhonn áitiúil ionas go mbeidh a fhios ag gach éinne agus ionas gur féidir daoine obair as lámh a chéile. Impím ar an Aire tacú leis an leasú seo.

Anuas air sin, cé nach fadhb í seo a bhaineann leis an nGaeltacht amháin, tuigimid go léir nach féidir tithe a thógáil ar scála gan an t-infreastruchtúr, is é sin, uisce, córais séarachais, soilsiú poiblí, cosáin, bóithre agus a leithéid, a bheith ar fáil dóibh. De dheasca roinnt mhaith cúiseanna, níl an fhorbairt infreastruchtúir tar éis tarlú sna ceantair Ghaeltachta. In go leor cásanna, tá siad iargúlta agus imeallach. Anuas air sin, go stairiúil, ní raibh an iomarca airde tugtha dóibh ag rialtas i ndiaidh rialtais. Bhí meon ann gur leor monarchana a thógáil agus nár ghá cur leis an infreastruchtúr eile. I mo cheantar féin, tá fadhbanna le Cé Heilbhic, cé iascaireachta, agus easpa tuisceana na Roinne talmhaíochta ar cé chomh tábhachtach is atá sé i gcomhair an gheilleagair áitiúla. Níl an t-infreastruchtúr ann a bheadh mar bhunchloch i gcomhair na dtithe gur mhaith linn go léir a thógáil sna ceantair Ghaeltachta. Caithfimid dul i ngleic leis sin.

Inár leasuithe, táimid ag iarraidh go mbeidh iniúchadh déanta ar an nganntanas infreastruchtúir sna ceantair Ghaeltachta ionas go mbeidh tuiscint againn ar na heasnaimh, na tosaíochtaí, cad atá indéanta, cad ba cheart dúinn a dhéanamh anois láithreach agus cén mhoill atá á cur ar fhorbairt tithíochta de dheasca an ghanntanais sin. Ansin, táimid ag iarraidh go mbeidh plean curtha le chéile ionas gur féidir dul i ngleic leis an méid sin. I ndáiríre, tá an méid atá istigh inár leasuithe de dhíth orainn. Ní rud deacair é sin d'aon duine. Is féidir linn go léir tuiscint a bheith againn gur cheart dúinn pleanáil don todhchaí agus plean a dhéanamh mar gheall ar chúrsaí tithíochta inacmhainne. Luaigh an tAire an dualgas atá ar na húdaráis áitiúla. Is slí é seo chun cuid den dualgas sin a chur orthu. Is féidir leis an iniúchadh a fháil amach cad iad na ganntanais agus cad iad na rudaí atá ag teastáil ionas gur féidir obair le Bonneagar Iompair Éireann, le hUisce Éireann agus le heagrais eile nach iad chun dul i ngleic leo.

11:55 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá trí leasú i gceist anseo. Tá m'ainm ar cheann amháin, Uimh. 15, ach aontaím leo go léir. Táim ag tnúth le freagra an Aire. Gan dabht, beidh tuilleadh acmhainní ag teastáil ó Údarás na Gaeltachta agus ón gcóras áitiúil má ghlactar leis na leasuithe seo. Is é sin an rud is bunúsaí atá ag teastáil mar tá easpa foirne i gceist. Is é an rud atá i gceist anseo, atá leagtha amach sna leasuithe, ná go mbeidh iniúchadh nó straitéis i gceist ó thaobh cúrsaí tithíochta - tá gá práinneach leis sin - bonneagair chumarsáide agus bonneagair shéarachais agus uisce. Is iad sin na rudaí is lú atá ag teastáil i ndáiríre. Dá mba rud é go raibh sé sin ag tarlú le cúpla bliain anuas, ní bheadh na fadhbanna céanna againn. Bheadh spotsolas á dhíriú isteach go leanúnach, i mbealach atá dearfach, ar na fadhbanna agus na rudaí atá in easnamh anseo.

Tá sé éasca domsa díriú isteach ar An gCeathrú Rua, croílár na Gaeltachta, atá gan córas séarachais. Ní féidir cothromaíocht a bheith i gceist ó thaobh cúrsaí forbartha muna bhfuil an bunstruchtúr ann. I gcroílár na Gaeltachta, níl córas séarachais ann. Ag dul siar, phioc an chomhairle contae suíomh amháin. Faraor, bhí sé soiléir domsa agus do chosmhuintir na háite nach raibh an suíomh feiliúnach. Ansin, bunaíodh Uisce Éireann agus, faraor, lean sé ar aghaidh. Ní raibh an locht air ag an am. Ba é sin an fhadhb a bhfuair sé. Lean sé ar aghaidh ag breathnú ar an suíomh seo. Tá níos mó ná 25 bliain imithe, a Aire, gan aon dul chun cinn. Táimid ar ais i gciorcal ag an bpointe ónar dtosaíomar 25 bliain ó shin. Ní raibh mise i mo chomhairleoir contae ag an am. Bhí mé mar chomhairleoir ar an gcomhairle cathrach ach bhí an-eolas agam mar bhí suim agam. Táimid ar ais arís agus níl suíomh ar bith roghnaithe fós. Is fadhb ollmhór é sin. Tá gá le beart suntasach agus suíomh a roghnú anois. Tá suímh ag Údarás na Gaeltachta. Tá Ros an Mhíl ann. B'fhéidir nach n-aontódh daoine liom ach ceapaim gur fiú breathnú ar an áit. Is áit thionsclaíoch é agus bheadh sé feiliúnach. Ag dul siar, ag an am, dúradh linn go raibh an iomarca airgid i gceist. Níl a fhios agam cén costas atá i gceist anois.

Ag fanacht leis an téama sin, labhróidh mé faoi Cheantar na nOileán. Ar fud na tíre, tá áiteanna atá ag déanamh go maith agus áiteanna eile nach bhfuil. Dar liom, taobh amuigh den Chladach, is é Ceantar na nOileán an áit is áille in Éirinn. Tá easpa tithíochta ann agus, ag an am céanna, tithe atá folamh. Le déanaí, bhí cruinniú dearfach ag na Teachtaí Dála leis an gcomhairle contae. Chuir mé an cheist, cad iad na pleananna atá ann chun tuilleadh tithíochta a thógáil i gCeantar na nOileán agus in áiteanna eile i gConamara. Ba é an freagra neamhbhalbh a fuaireamar ná nach bhfuil plean ar bith ag an gcomhairle. Samhlaigh é sin. Níl plean ar bith chun tithe a thógáil. Cén fáth? Is é an fáth ná an easpa córais séarachais i gCeantar na nOileán. Tá scéim tithíochta iontach ann agus tá spás agus talamh in aice leis an eastát tithíochta ach níltear in ann tuilleadh tithe a thógáil de bharr easpa infreastruchtúir bhunúsaigh. Chuaigh mé timpeall i gciorcail ag caint faoin gcreimeadh leanúnach atá ag dul ar aghaidh sna Gaeltachtaí. Is fadhb amháin é seo agus tá réitigh uirthi ach níl sé ar aon liosta.

Ag dul ar ais go dtí na leasuithe, is é sin an fáth go bhfuil m'ainm ar an chéad leasú agus go n-aontaím leis an dá leasú eile. Gan spotsolas, straitéis nó iniúchadh leanúnach, titeann na rudaí tábhachtacha seo ar leataobh agus leanann na córais áitiúla ar aghaidh. Ní náire é sin ach easpa tuisceana arís. Ba é an rud a bhí á rá ag an gcomhairle ná nach raibh plean aici seachas go bhfuil gá le plean ach go bhfuil fadhb ann agus go bhfuil sí i dteagmháil leis an Roinn go leanúnach chun réiteach a fháil uirthi. Ní hé sin a bhí á rá ach nach bhfuil plean ar bith aici. Táim buartha faoin easpa cothromaíochta, go háirithe sa domhan atá inniu ann ina bhfuil gá le forbairt chothrom ar fud na tíre. Mar atá a fhios ag an Aire, is ó chathair na Gaillimhe mé féin agus táim bródúil aisti ach tá gá le cothromaíocht maidir le Conamara agus na háiteanna eile. Tá neart deiseanna ann. Ag breathnú ar An gCeathrú Rua, is é an rud is bunúsaí ná suíomh a aithint agus córas séarachais a thógáil. Ansin, is féidir eastáit tithíochta a thógáil.

Críochnóidh mé leis seo ach, i dtuarascáil an Choimisiún Tithíochta, bhí caibidil thar a bheith suimiúil faoi chúrsaí tithíochta faoin tuath. Ní dúirt sé go raibh sé mícheart tithe aonair a thógáil. Luaigh sé réitigh éagsúla chomh maith le heastáit bheaga. Dar leis, is féidir tithe aonair a thógáil freisin i mbealach inmharthana. Tá gá leis na leasuithe seo agus leis na rudaí atá iontu. Táim ag rá go poiblí go mbeidh gá le tuilleadh acmhainní do na heagrais ar an talamh.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí as na leasuithe. Mar a dúirt mé cúpla am anois, baineann an Bille seo le toghcháin chuig bord an údaráis. Níl mé ag iarraidh saorphas a thabhairt do na húdaráis áitiúla. An bhfuil sé sin á dhéanamh againn? Is é sin an bhuairt atá agam.

8 o’clock

Tagaim ar ais go dtí sin. Níl sé, agus ní raibh sé riamh i gceist, go leasófaí an reachtaíocht phríomha iomlán, aidhmeanna uile na heagraíochta nó go mbronnfaí cumhachtaí ar Údarás na Gaeltachta. Geallaim don Teachta Ó Snodaigh go mbeidh Bille eile faoin údarás agus cúrsaí Gaeltachta ann. Beidh cúpla Bille eile againn orthu. Tá rudaí ag athrú i gcúrsaí fiontair agus caithfimid é sin a phlé. Beidh deiseanna eile ann comhrá a bheith againn faoi chúrsaí fiontair, AI agus cúrsaí eile mar sin a bhfuil orainn déileáil leo.

Tuigim, i gcomhthéacs infreastruchtúir agus chúrsaí pleanála, tithíochta, uisce agus leictreachais - go háirithe i gcúrsaí leictreachais agus cumarsáide tar éis na Stoirme Éowyn - go bhfuil daoine mífhoighneach agus feargach faoin infreastruchtúr sa Ghaeltacht. Bhí mé ann san ionad community ar An gCeathrú Rua a bhí iontach le linn na Stoirme Éowyn, ach caithfidh muid dul ar ais go dtí na comhlachtaí ar nós Uisce Éireann, Bord Soláthair an Leictreachais agus na daoine atá i gceannas sna sectors sin agus déileáil go díreach leo. Níl sé féaráilte a rá leis an údarás go bhfuil sé i gceannas ar gach fadhb atá sa Ghaeltacht nó a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta.

Ní miste a nótáil gur chuir mé an straitéis tithíochta chuig na húdaráis áitiúla agus an Roinn tithíochta. Mar a dúirt mé cheana, beidh cruinniú agam leis an Aire, an Teachta Browne, faoi threoirlínte tithíochta na Gaeltachta. Tá na treoirlínte le foilsiú, agus tá oifigigh mo Roinne fós ar fáil chun tacú. Beidh siad, agus beidh muid go léir, ag obair go dian chun na treoirlínte sin a fhoilsiú agus iad a chur ar fáil.

Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo le cois í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile bunchuspóir Údarás na Gaeltachta agus tá an ghníomhaireacht freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta, teangeolaíochta agus chultúrtha na Gaeltachta. Táimid chun cúrsaí tithíochta a phlé leis an údarás freisin. Déanann an t-údarás chuile iarracht an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh cruthú fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt d'imeachtaí pobail cultúrtha seanbhunaithe. Tá an t-údarás dírithe ar fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh fostaíochta den chuid is mó, agus tá sárobair á déanamh aige. Aontaíonn gach duine sa Teach go bhfuil sárobair á déanamh aige i gcomhthéacs an airgid atá aige agus caithfimid obair air sin.

Mar sin, tá buairt orm má ghlactar leis na leasuithe seo go bhfuilimid ag rá leis na húdaráis áitiúla go bhfuil free pass acu agus gur faoin údarás a bheidh an cúram sin. Nílim chun é sin a dhéanamh. Tá mífhoighne orm anois faoi cad nach bhfuil na húdaráis áitiúla ag déanamh. Ba cheart go mbeidh cúrsaí ar An gCeathrú Rua réitithe tar éis 25 bliain. Bhí an chumhacht acu agus bhí an t-airgead acu. Ba cheart go mbeidh cúrsaí uisce i bhfad níos fearr. Sular bunaíodh Uisce Éireann, bhí na húdaráis áitiúla i gceannas ach ní dhearna siad é. Mar Aire, deirim le Teachtaí anocht go mbeidh mé ag cur brú ar na húdaráis áitiúla sa Ghaeltacht, agus beidh cruinniú agam leis na príomhfheidhmeannaigh ionas go gcaithfidh siad seasamh suas ar son mhuintir, cheantar agus dhaoine na Gaeltachta atá mar pháirt den údarás.

Pléadh cúrsaí na n-oileán freisin. Tuigim go mór na deacrachtaí atá ann. Is é sin an fáth go raibh airgead breise ann le haghaidh na n-oileán sa grant do na tithe folmha. Ba cheart go seasfaidh na húdaráis áitiúla ar son na n-oileán agus go ndéanfaidh siad iarracht é sin a fhoilsiú. Chonaic mé an scéal sa The Irish Timesfaoin gcaoi nach bhfuil mórán suime ag mórán daoine dul go dtí na hoileáin. Caithfimid déileáil leis sin, ach baineann sé sin le mo Roinn, Roinn na Gaeltachta agus an Roinn forbartha tuaithe, agus leis na húdaráis áitiúla. Beidh ról ag an údarás sna hoileáin maidir le cúrsaí fiontair agus cúrsaí turasóireachta, ach níl mé ag iarraidh jab an údaráis a dhéanamh chomh leathan nach mbeidh sé in ann an jab a dhéanamh. Is é sin an rud is mó suime dom, go mbeidh jab ag an údarás, go mbeidh sé in ann é a dhéanamh agus go mbeidh sé freagrach as an jab sin a dhéanamh. Tá dainséar ann go ndéanfaí an jab sin chomh leathan go dtitfeadh a lán rudaí eile sna cracks. Tuigim go bhfuil fadhb mhór tithíochta ann, agus táim ag díriú air sin, ach ní hé freagra na ceiste jab i bhfad níos mó a thabhairt don údarás. Tuigim é sin, agus táim ag iarraidh é a phlé, ach sin an fhadhb atá againn. Ag an bpointe seo, an bhfuilimid ag déanamh ról an údaráis rómhór? An bhfuil seans, dá ndéanfaí an ról sin rómhór, nach mbeadh sé dírithe ar na príomhjabanna atá aige, cúrsaí fiontair, cultúrtha agus tithíochta ina measc? Cé a dhéanfadh é? Cé a bheadh dírithe ar chúrsaí fiontair agus ar an gclár iontach sin maidir le cumhacht agus fiontar na mban sa Ghaeltacht? Cé a dhíreodh ar chúrsaí cultúrtha? Cé a dhéanfadh an jab sin mar ní bheadh an t-údarás áitiúil á dhéanamh?

12:05 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an tAire sásta bualadh le hÚdarás na Gaeltachta. De réir mar a thuigim, tá BÁNÚ ar an talamh ag lorg cruinnithe leis an Aire. Is dócha go bhfuil an tAire sásta bualadh leis an ngrúpa. Tá neart oibre déanta aige agus ag eagraíochtaí eile. Ansin, ó thaobh na Roinne féin de, de réir mar a thuigim, tá cumhacht ag an Roinn faoi alt 9(a) d'Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, ach, cé nár cuireadh deireadh leis an gcumhacht sin, níor lean sí ar aghaidh leis. Tá an chumhacht ag an Roinn "scéimeanna a dhéanamh chun deontais nó cúnamh airgeadais eile a sholáthar do dhuine faoi chomhair an chostais a ghabhann le teach cónaithe sa Ghaeltacht a thógáil nó a fheabhsú". Bhí an scéim sin ag dul ar aghaidh go dtí 2009 nuair a thit an bonneagar as a chéile. Níor lig an Roinn d'aon duine faoiseamh nó tacaíocht a fháil faoin scéim sin. B'fhéidir go mbeadh an Roinn in ann breathnú air sin.

Fillfidh mé ar na leasuithe. Seo taighde i ndáiríre. Bíonn muid i gcónaí ag caint faoi pholasaí a fhorbairt de réir na fianaise ar an talamh. Cén chaoi ar féidir polasaí a fhorbairt gan straitéis agus gan breathnú ar rudaí tar éis dhá bhliain? Is é sin atá tarlaithe go dtí seo. Ní raibh an t-údarás, agus cúiseanna aige, nó an córas áitiúil ag breathnú ar cad a bhí ag tarlú. Fillfidh mé ar an scéilín beag a d'inis mé cheana. Dúirt an chomhairle agus an duine atá i gceannas linn nach bhfuil aon phlean acu tithe a thógáil i gCeantar na nOileán - ní ar na hoileáin, ach i gCeantar na nOileán; tá droichead á chur amach go dtí an ceantar álainn seo - agus baineadh stangadh asam ag éisteacht leis an méid sin, go bhfuil siad i gceannas agus go ndúirt siad é sin. Ní raibh siad ag rá linn go raibh fadhb acu agus go mbeidh cruinnithe acu agus plean ann chun é a réiteach, just full stop nach bhfuiltear chun tithe a thógáil mar níl an córas séarachais ann. Tuigim an rud atá ráite ag an Aire, ach ní mór rud éigin a chur sa reachtaíocht chun spotsolas a dhíriú air. Níl muid ach ag caint faoi thaighde nó straitéis i dtréimhse ama dhá bhliain i leasú amháin agus tréimhse ama eile sna leasuithe eile. Ba chóir go mbeidh an t-údarás agus an córas áitiúil ag obair as lámha a chéile chun fianaise a bhailiú agus na fadhbanna a réiteach. Tá sé thar a bheith bunúsach i ndáiríre.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an ceart ag an Teachta Ó Conghaile.

Nuair atá tú ag caint faoi leasuithe, deir tú an méid atá le rá agat agus ansin síleann tú go dtuigeann daoine an loighic atá ann. Sa chás seo, ní gá ach féachaint ar leasú Uimh. 15. Tá sé an-simplí. Deir sé "Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéar feidhme, le Roinn na Gaeltachta, agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta a ullmhú agus a fhoilsiú". Nílimid ag tarraingt dualgas ó na húdaráis áitiúla. Táimid ag déanamh cinnte de go ndéanfaidh siad na dualgais sin a chomhlíonadh. Tá an jab sin acu cheana féin ach, mar a dúirt an Teachta Connolly, tá siad ag déanamh neamhairde orthu. Sa bhealach seo, bheadh ar an údarás dul i gcomhairle leo agus tuairisc a fhoilsiú agus a uasdátú gach cúig bliana chun díriú isteach ar na ceisteanna gur gá a leigheas. Tá a fhios againn na fadhbanna ach níl na hacmhainní, an scil, an chumhacht ná an seasamh agam chun é sin a dhéanamh ná chun na Ranna nó na hAirí a mhealladh chun éisteacht a thabhairt dom. Leis seo, leagfaí amach straitéis. Má tá straitéis ann, chaithfí gníomhú dá réir. Táim cinnte go bhfuil an gá sin ann.

Is ceann de na rudaí atá taobh thiar de seo ar fad ná nárbh fhiú tráithnín straitéis a chur le chéile muna bhfuil geallúint ann go mbeadh an maoiniú ann nuair atá sé foilsithe. Luaigh muid cheana féin go bhfuil cumhachtaí ag an údarás ach caithfidh an t-airgead a bheith aige. Tá a fhios againn ar fad cad a tharla ó thaobh an údaráis nuair a tháinig an ghéarchéim eacnamaíochta nuair a theip ar an tíogar Ceilteach. D'fhéach an bord snip agus a leithéid air amhail is gur fiú fáil réidh leis. Is é an fáth go bhfuarthas réidh leis na toghcháin ná gur chosain siad airgead, cé nár ghá leo aon mhórairgead a chosaint. Ag an am, bhíodar den tuairim gur chóir an t-údarás a chur isteach leis an IDA nó Fiontraíocht Éireann. Bhí an t-ádh linn go raibh cosaint ann, gur lean an t-údarás agus gur láidríodh é i mbealach amháin toisc go ndíríodh isteach ar cheist na pleanála teanga. Má théitear siar 30, 40 nó 50 bliain ó shin, ní raibh an phleanáil teanga chomh lárnach sin ó thaobh an údaráis. In ainneoin go raibh sé ar cheann de na rudaí ar ghá dó a dhéanamh, ní raibh an cur chuige ann. Nuair a tugadh dualgais bhreise agus maoiniú dó chun dul i dtreo na pleanála teanga, bhí sé in ann é a dhéanamh. Má tá tú ag obair ar an ngannchuid, muna bhfuil tú in ann teacht ar airgead tú féin agus má tá d'obair ag brath go huile agus go hiomlán ar an Stát, tá sé níos deacra.

Tá a fhios againn go bhfuil titim ar an gcoibhneas ó thaobh an t-airgead a bhí á fháil ag Údarás na Gaeltachta ó 2009. In 2009, do gach uile euro a bhfuair Údarás na Gaeltachta, fuair an IDA €3. Bhí airgead maith ag dul isteach san údarás ach, ag an am sin, bhí sé dírithe ar fhiontraíocht, ar thionsclaíocht agus ar phoist a chruthú amháin. D'éirigh go maith leis agus feiceann muid an toradh sna ceantair Ghaeltachta. Níl an dífhostaíocht chomh mór agus a bhí sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Níl an pobal ag bánú ó na ceantair Ghaeltachta de thairbhe easpa fostaíochta anois ach de thairbhe easpa tithíochta. Mar a dúirt mé, in 2009 ba 1:3 an coibhneas a bhí ann. Anois, is 1:11 é. Tá fás ollmhór tar éis teacht ar an maoiniú don IDA ach níl sé sin tar éis tarlú don údarás. Tá ardú tagtha ach tá an coibhneas as riocht. Níl aon mhórardú tagtha ar an airgead nó an caiteachas caipitil. Smaoineofá gur san áit seo a bheadh an t-airgead ag fás. D'ardaigh mé an cheist seo cúpla uair sa choiste le hAirí difriúla. D'fhiafraigh mé cén fáth nach raibh ach €1 milliún breise, nó airgead breise ar bith, á thabhairt don bhuiséad. An é nach raibh pleananna ag an údarás aon rud a dhéanamh? Nach raibh athchóiriú le déanamh ar na foirgnimh atá aige? Níor tugadh freagra ceart dom riamh.

Tá go leor scéimeanna trínar féidir leis an údarás airgead breise caipitil a chaitheamh. Faoi cheann amháin, is féidir cuidiú a thabhairt le bonneagar a thógáil ach, gan aon straitéis ná cur chuige, tá sé níos deacra mar níltear ach ag déanamh giota anseo agus ansiúd go piecemeal. Níl tú ag obair leis an údarás áitiúil chun leath den airgead a thabhairt do thogra toisc go bhfuil tú ag iarraidh páirc thionsclaíochta a thógáil agus go bhfuil suíomh béal dorais á oscailt gur féidir leis an údarás áitiúil tithíocht a thógáil air má cheannaíonn sé é. Ba chóir go mbeadh caidreamh leanúnach mar seo ann. B'fhéidir go bhfuil ach ní fheicim toradh aon obair idir an t-údarás agus na comhairlí áitiúla. Ní fheicim ceann amháin ag déanamh rud éigin toisc go bhfuil an ceann eile ag déanamh rud eile chun cuidiú le pé maoiniú caipitil atá acu a leathnú amach. Sa chás seo, níl muidne ach ag déanamh moltaí maidir le tuairisc.

12:15 pm

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé tábhachtach go n-aithníonn an Teachta go bhfuil airgead breise tugtha agus leasuithe breise déanta maidir le cúrsaí pleanála teanga an údaráis nach raibh ann roimhe seo. Rinneadh infheistíocht sa phróiseas pleanála sin. Tá ról an údaráis difriúil ón ról a bhí aige. Tá suim mhór agam in infheistíocht i gcúrsaí fiontraíochta an údaráis freisin. Tá taithí orm ar an údarás agus tá an-suim agam ann. Mar Aire Stáit sa Roinn fiontair, chaith mé am leis an údarás in Freudenberg Medical sa Spidéal. Bhí sé sin iontach. Mar a dúirt mé, tá rudaí ag tarlú maidir le cúrsaí cumarsáide freisin. Tá an t-údarás ag baint úsáide as airgead ach ba cheart go mbeadh airgead breise aige chun é a chaitheamh ar chúrsaí fiontraíochta, ar chúrsaí turasóireachta agus, b'fhéidir, ar chúrsaí tithíochta. Tá sé ar an mbóthar sin. Dá mbeadh an bóthar níos leithne, b'fhéidir nach mbeadh sé in ann díriú ar na deiseanna atá ann agus ar na fadhbanna atá ann. Ag an am céanna, ní bheadh mórán brú ar an údarás áitiúil mar gheall ar chúrsaí Gaeilge ná Gaeltachta. Bheadh sé ag rá go bhfuil na rudaí sin le haghaidh an údaráis. Tá a fhios ag an Teachta go dtapóidh na húdaráis áitiúla an deis sin má tá sé acu. Is é sin an taithí atá againn go léir. Níl mé in ann glacadh leis na leasuithe. Is é sin an fáth. Táim ag iarraidh go mbeimid dírithe ar ról an údaráis, go bhfanfaidh sé leis an ról sin, go mbeidh sé freagrach as agus go mbaineann sé gach buntáiste agus deis as.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Aontaíodh alt 6.

12:25 pm

Photo of Verona MurphyVerona Murphy (Wexford, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Amendment No. 16 is as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 16.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 17:

Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

7. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9): “(10) Déanfaidh an tÚdarás straitéis a ullmhú agus a fhoilsiú nach déanaí ná bliain tar éis achtú an Acht a seo, i gcomhairle le pobail Ghaeltachta, Uisce Éireann, Bord Soláthair an Leictreachais, Líonraí Gáis Éireann, Bonneagar Iompair Éireann, an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide agus na soláthraithe bonneagair cumarsáide faoina rialáil, na húdaráis áitiúla atá freagrach as ceantair Ghaeltachta, agus na Ranna Rialtais iomchuí, maidir le tosaíochtaí don bhonneagar uisce, séarachais, leictreachais, gáis, bóithre agus iompair, cumarsáide fóin, leathanbhanda, agus eile, a chuimseoidh amchlár feabhsúcháin agus seirbhíse do cheantair ag a bhfuil easpa seirbhíse nó fadhbanna seirbhíse sa Ghaeltacht, go háirithe iad siúd atá ag cur bac ar fhorbairt eacnamaíochta, shóisialta agus cultúir an phobail agus deiseanna fostaíochta agus cónaithe a chruthú agus a choimeád, agus beidh sé de dhualgas ar na heagrais stáit go léir thuasluaite gníomhú dá réir.”.”

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diultú dó.

Photo of Verona MurphyVerona Murphy (Wexford, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Amendment No. 18 is as ord.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 18.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 19:

Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach:

“Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

7. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(10) Reáchtálfaidh an tÚdarás cruinnithe míosúla i seisiún poiblí, a mbeidh rochtain oscailte ag an bpobal agus ag na meáin orthu, ach beidh de chumas agus de chead ag an mbord cinneadh a dhéanamh roimh ré nach féidir leo ábhair áirithe, a bhfuil íogaireacht tráchtála nó eile ag baint leo, a phlé i seisiún poiblí, ach gur gá na hábhair sin a phlé i seisiún príobháideach.”.”.

Is ceann simplí é seo. Déanann sé cinnte de, sa lá atá inniu ann, go mbeidh an daonlathas trédhearcach agus go mbeidh cruinnithe míosúla an údaráis poiblí, mar atá ag na húdaráis áitiúla agus ag na area committees i mBaile Átha Cliath chomh maith. B’fhéidir go bhfuil a leithéid ag coistí eile. Tuigim go bhfuil cásanna ar leith nuair nach féidir é seo a dhéanamh, agus is é sin an fáth go bhfuil sé leagtha síos nach gá go mbeidh na seisiúin, ina bhfuil cinntí á nglacadh nó á bplé a bhfuil íogaireacht tráchtála nó eile ag baint leo, poiblí. Tá aitheantas ann gur comhlacht trádála atá i gceist a bhíonn ag déileáil le rudaí casta airgeadais. Sa chomhthéacs sin, uaireanta ní cheart go mbeadh na seisiúin phoiblí. Bíonn an comhairle cathrach i mBaile Átha Cliath ag déileáil le ceisteanna móra casta faoi rátaí, páirceáil, cíos agus a leithéid. Tagann na nithe sin faoi bhráid an chomhairle agus is féidir iad a phlé go hoscailte leis na comhairleoirí tofa. Is minic go mbíonn an obair déanta roimh ré ag an feidhmeannas le plé agus cruinnithe laistigh den chomhairle. Is cruinnithe míosúla an údaráis atá i gceist, is iad sin, na cinn dlíthiúla is gá tarlú, áit a mbeidh na cinntí deireanacha á nglacadh seachas na bunchinntí. Is ag an stad seo gur gá don daonlathas a bheith ann.

Dá mbeadh sé chomh oscailte sin, ní bheadh na lads nó lassies, mar a bhí an tAire ag déanamh trácht orthu, ag seasamh sa toghchán le Gaeilge ach gan spéis ar bith acu. Ní bheadh siad sásta go mbeadh an pobal ag féachaint isteach mar bheadh sé soiléir cuibheasach tapa cé acu de na comhaltaí tofa - nó fiú na comhaltaí atá á roghnú ag an Aire - atá gafa le hobair an údaráis nó atá dírithe isteach uirthi. Bheadh na leisceoirí aitheanta cuibheasach tapa, dá mba ghá. Is gnáthchleachtas anois é seo. Tá sé le feiceáil sna coistí anseo. Bíonn seisiúin phríobháideacha ann agus ansin téann tú isteach go seisiún oscailte. Is féidir a leithéid a dhéanamh. Caithfidh an cleachtas sin a bheith ann ó thús.

Is cuimhin liom an díospóireacht – ní raibh mise ar an gcomhairle cathrach anseo riamh – nuair a bhíothas ag caint faoi live streaming a dhéanamh. Bhí alltacht ar na comhairleoirí cathrach siúd. Dúirt siad go mbeadh deireadh le gach rud, ach níor thit an tóin as an domhan dá thairbhe sin. Is gnáthrud anois é.

Níl a fhios agam cé mhéad den phobal a fhéachann isteach ar na cruinnithe seo, má fhéachann siad isteach orthu in aon chor. B’fhéidir go bhfuil sé cosúil le Oireachtas TV. Titeann daoine ina gcodladh ag féachaint air sin. Is é sin an fáth go bhfeiceann siad air. Tá sé tábhachtach don daonlathas go bhfuil an deis sin ann. Is é sin an sórt ruda atá i gceist. Tuigim má tá an tAire ag iarraidh féachaint ar a leithéid seo agus teacht ar ais. Agus muid ag tabhairt an daonlathais ar ais, nó ag bogadh i dtreo an daonlathas a thógáil ar ais ina iomláine ó thaobh an údaráis, is cuid den domhan nua é seo go bhfeiceann an pobal na cinntí á nglacadh agus an daonlathas ag obair.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím le mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh. Tá muid ag bogadh sa treo ceart, cé nár glacadh lenár moltaí i dtaobh an toghcháin. Tá muid ag bogadh go dtí eagras a bheidh – cuid de ar a laghad – daonlathach. Leis an daonlathas, tagann an trédhearcacht. Ní féidir, is dócha, aon sampla a thaispeáint d’eagras, eagraíocht, fóram, bord nó aon rud atá tofa ag an bpobal trí toghchán nach bhfuil na cruinnithe den eagras sin oscailte don phobal. Leis an toghchán, tá muid go léir mar dhaoine tofa. Tá muid freagrach dár bpobail, dár nDáilcheantair agus dár dtoghthóirí a chuir sa ról seo muid. Caithfidh an rud céanna a bheith i gceist le bord Údarás na Gaeltachta. Tá mé cinnte go ndéarfaidh an tAire gur bord Stáit é seo agus go mbíonn cruinnithe boird i gceist le boird Stáit agus a leithéid. Is saghas hybrid eagras é seo i ndáiríre. Ní bord Stáit ina iomláine é a thuilleadh mar beidh toghchán ann agus beidh daoine ag dul isteach chun vóta a chaitheamh. Is é sin an fáth go raibh muid ar an taobh seo den Teach ag iarraidh go mbeadh an bord iomlán tofa mar is rud as an nua atá á chruthú againn anseo i ndáiríre. Má tá cuid den bhallraíocht ceaptha ag Aire agus cuid eile tofa ag an bpobal, is dhá rud i slí amháin é.

Caithfidh sé a bheith trédhearcach. Caithfidh daoine a bheith in ann féachaint an bhfuil na daoine, ar chaith siad vóta ar a son, ag feidhmiú, ag déanamh an jab, agus oiriúnach i gcomhair na rudaí. Tá mé cinnte go mbeidh miontuairiscí foilsithe ar an suíomh cúpla mí i ndiaidh na gcruinnithe nó rud éigin mar sin. Is gnáthnós é sin. Is ceart, áfach, go mbeadh cead ag daoine dul isteach go dtí na cruinnithe, díreach mar a gcéanna agus is féidir le daoine teacht isteach anseo nó in aon chomhairle áitiúil sa tír i gcomhair na gcruinnithe. Is beag duine a thagann isteach chun díospóireacht a leanúint, ach tá an deis sin acu. Tá sé oscailte do dhaoine é sin a dhéanamh. Ar ndóigh, is féidir leis na meáin dul isteach agus tuairisciú. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, tarlaíonn sé sin sna húdaráis áitiúla. Tarlaíonn sé sna fhóraim shláinte réigiúnacha mar shampla. Tarlaíonn sé anseo agus sa Seanad. Is gnáthnós é sin. Má tá toghchán le bheith ann, agus daoine curtha i róil de bharr gur toghadh iad, caithfidh daoine a bheith in ann féachaint orthu ag déanamh a gcuid oibre. Is bunphrionsabal daonlathach é sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an leasú seo. Faraor, níl m’ainm air. Rinne mé dearmad mé féin air. Is leasú thar a bheith tábhachtach é agus aontaím leis. Mar a dúirt an Teachta McGuinness, is "gnáthchleachtas" atá i gceist i ndáiríre. Ó mo thaithí féin i nGaillimh sa chomhairle cathrach, bhí feachtas ollmhór ar an talamh chun a chinntiú go mbeadh rochtain ag pobal na Gaillimhe ar na cruinnithe. Thug se an t-uafás ama ach faoi dheireadh, ghéill an córas. Níor thit an domhain as an chéile. Faraor, bhí ruaille buaille oíche amháin agus chuaigh an comhairle cathrach siar agus tá coinníollacha i gceist anois, faraor. Go teoiriciúil, áfach, tá daoine in ann siúil isteach agus freastal ar an gcruinniú. Ceapaim gur athrú dearfach a bhí ann ag an am mar d’oibrigh muid mar chomhairleoirí i mbealach i bhfad níos múinte. Bhí oscailteacht agus trédhearcacht i gceist. Is rud bunúsach é seo. Níl mórán i gceist leis ach a chinntiú go mbeadh rochtain ag an bpobal agus ag na meáin chumarsáide ar chruinniú amháin sa mhí.

Tá sé sin thar a bheith tábhachtach don chóras daonlathais i ndáiríre. Go háirithe sa domhan atá againn, tá sé tábhachtach go mbeadh deis ag daoine breathnú, agus tá an Bille seo ag tabhairt an toghchán ar ais leis an daonlathas a fheabhsú. Téann an leasú seo leis an athrú sin, go mbeadh rochtain ag an bpobal. Ní dóigh liom go mbeadh aon duine i gcoinne na hathruithe seo.

12:35 pm

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid ar ais ag an agóid céanna idir bhord Stáit agus údarás. Tuigim an pointe a rinne an Teachta Ó Snodaigh go bhfuil coistí Oireachtais in ann dul go dtí seisiún príobháideach. Bhí an Teachta McGuinness ag lorg sampla d'aon áit ina bhfuil daoine tofa ann ach nach bhfuil ceamaraí ann. Bhí mé ag déanamh machnaimh air, agus smaoinigh mé ar Choimisiún Thithe an Oireachtais. Ní dóigh liom go mbíonn ceamaraí in úsáid ag cruinnithe an choimisiúin. Ní dóigh liom go n-úsáidtear ceamaraí sna Choiste Ghnó anseo ach an oiread, ach b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbeidís in úsáid tar éis an mhéid a tharla i mbliana. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr athrú a dhéanamh sa choiste sin; níl mé ach ag magadh. Léiríonn sé an pointe atá á dhéanamh agam - nuair atá gnó príobháideach le plé ag coiste poiblí, ní bhíonn na ceamaraí ar siúl.

Mar gheall ar chúrsaí an údaráis, tá an ceart ag an Teachta go bhfuil cúrsaí fiontar agus trádála i gceist. Uaireanta bíonn cúrsaí an-príobháideacha ar bun ag an údarás maidir le comhlachtaí atá ag lorg deontais, agus ba cheart go mbeadh na himeachtaí sin príobháideach. Is é sin an fáth gur bord rialachais é bord an údaráis; tá sé freagrach as a chinntiú go bhfuil na heagraíochtaí á rith ó thaobh bainistíocht airgeadais, acmhainní daonna agus ábhair eile a bhaineann le comhlachtaí Stáit. Aontaím gur obair fíorthábhachtach atá ann agus nach féidir cuid den obair sin a dhéanamh os comhair na ceamaraí nó go poiblí. Le bheith freagrach, tá sé tábhachtach go n-éisteofar le guth an phobail agus go bhfuil deis ag an bpobal a cuid mianta a bhrú chun cinn. Tá sé i gceist sna leasuithe reachtaíochta seo go mbuailfidh gach coiste réigiúnach le grúpaí pleanála teanga ina réigiún Ghaeltachta agus go dtabharfaidh na coistí réigiúnacha tuairisc don údarás i ndiaidh gach cruinniú, a chuideoidh leis an údarás lena cuid oibre. Láidreoidh sé sin an nasc idir pobal na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Tá sé sin an-tábhachtach.

Táim sásta breathnú ar an bpíosa sin le hé a láidriú. Tá súil agam go gcinnteoidh an cur chuige nua maidir le ceapadh an bhoird, mar aon leis an mbearta a bhaineann leis na coistí réigiúnacha, ionadaíocht iomlán daonlathach agus rannpháirtíocht iomlán na bpobal Gaeltachta i gcúrsaí a bhaineann leis an údarás. Táim cosúil le broken record - mo leithscéal as sin - ach tá sé an-tábhachtach gur bord Stáit agus údarás atá ann. Mar gheall ar obair thábhachtach agus obair shonrach an bhord Stáit sin, níliimid in ann glacadh leis na leasuithe.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is bord Stáit agus údarás tofa atá ann. Mar sin, caithfimid féachaint ar na rialacha timpeall air seo. Ní féidir a rá gur dhá rud atá ann agus, mar sin, cloímid leis na rialacha a bhaineann le rud amháin. Dá mba rud é go bhfuilimid chun glacadh leis mar bhord Stáit le baill ceaptha agus tofa, agus is cosúil go bhfuil, is fóram daonlathach de shaghas éigin a bheidh san údarás agus mar sin caithfimid riail hibrideach a dhéanamh. Má tá ballraíocht an bhord chun bheith curtha le chéile i slí hibrideach, caithfimid rialacha hybrideacha a bheith againn ionas gur féidir leis na daoine atá ag caitheamh vóta bheith sásta go bhfuil a ngnó á dhéanamh. Is prionsabal bunúsach é sin. Tuigim an méid atá á rá ag an Aire maidir leis an gCoiste Gnó san áit seo, mar aon le coistí eile, ach nuair a bheidh na coistí nua bunaithe istigh anseo, beidh daoine in ann féachaint ar an mhéid atá ar siúl acu. Tuigim nach dtarlaíonn sé sin i gcás coistí áirithe. Anseo i Seomra na Dála, nuair atáimid in seisiún, is féidir le daoine teacht isteach, féachaint ar líne nó féachaint ar an teilifís. Bíonn iriseoirí thuas anseo ag déanamh tuairisciú sna meáin ar an méid atá á rá againn.

Inár gcomhairlí áitiúla bíonn na cruinnithe míosúla - na cruinnithe iomlánacha, nó plenary - ar fáil. Is féidir le daoine i mórmhór na háiteanna dul isteach iontu. Uaireanta caithfidh siad coinní a dhéanamh nó áit a chur in áirithint má tá spásanna teoranta. In an-chuid áiteanna is féidir leo na cruinnithe a leanúint ar líne nó ar an teilifís. Ar ndóigh, is féidir leis na meáin nó iriseoirí ón bpreas bheith istigh ann chun tuairisciú. É sin ráite, is féidir leis na fochoistí nach bhfuil rochtain orthu a gcuid gnó a dhéanamh go príobháideach. Caithfidh an meascán sin a bheith ann. Is dócha gurb é sin an moladh atá againn. Is moladh reasúnta é go mbeadh cuid den ghnáth-ghnó míosúil ar fáil ionas gur féidir leis an bpreas, iriseoirí agus leithéidí Raidió na Gaeltachta atá an-chuid freastal á dhéanamh acu ar ghnó a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, freastal air agus gur féidir leis an bpobal freastal air. Ar ndóigh, más gá plé a dhéanamh ar ábhar ar leith faoi rún nó go príobháideach chun cosaint a thabhairt do na baill agus don eagras, nó chun cosaint a dhéanamh ar fhaisnéis príobháideach nó ar fhaisnéis a bhaineann le cúrsaí trádála nó a leithéid, ba cheart go mbeadh an rogha sin ann. Nílimid á rá go mbeadh gach rud oscailte i gcónaí. Táimid á rá go mbeadh sé sin mar nós ach go mbeadh an deis ag an mbord cinneadh a dhéanamh go mbeadh gnó sonrach á dhéanamh go príobháideach. Is dócha gurb é sin an tslí gur féidir linn a chinntiú go bhfuil an daonlathas cosanta.

Ní dóigh liom go bhfuil sampla ar bith - in Éirinn ar aon nós ach b'fhéidir ar fud an domhain – d’aon fhóram, aon eagras, aon choiste nó aon rud tofa nach bhfuil an mórchruinniú iomlánach ar fáil don phobal ionas gur féidir leis na daoine a chaith vóta é sin a leanúint. Is dócha go bhfuil muid ag cruthú rud éigin difriúil, as an nua, nach bhfuil go maith. Tá muid ag cruthú riail ait a chiallaíonn gur féidir vóta a chaitheamh i dtoghchán ach ní féidir an méid atá á rá ag na baill tofa a leanúint. Is rud dainséarach é sin, i mo thuairim. Táimid ag tabhairt moladh atá réasúnta. Tá slí timpeall air má tá gnó ann gur gá a dhéanamh taobh thiar do dhoirse dúnta, ach ba cheart go mbeadh an ghnáth-nós ann go ndéanfar gnó an údaráis go hoscailte, go trédhearcach agus go daonlathach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D’úsáid an tAire mar shampla an Choiste Gnó anseo. Gach seachtain tugtar tuairisc dúinn go hoscailte sa Teach seo, tríd an bPríomh-Aoire, ar cad a bhí á phlé ag an gCoiste Gnó. Maidir le Coimisiún Thithe an Oireachtais, is bord comhlachta atá i gceist ansin - tá príomhfheidhmeannach ann - a bhíonn ag plé ceisteanna caiteachas agus a leithéid. De ghnáth in aon bhord, ní dhéantar é sin i mbealach atá oscailte don phobal ach bíonn an cinneadh ar fáil sa deireadh thiar thall. Sa leasú seo, níl muid ach ag lorg go mbeadh an cruinniú míosúil oscailte. Níl muid ag iarraidh go mbeadh gach uile chruinniú oscailte. Tá aitheantas tugtha, dar ndóigh, toisc an castacht atá i gceist anseo, go bhfuil siad ag déileáil le gnéithe faoi leith. B’fhéidir go gcosnóidh sé airgead ar an Stát nó ar an údarás dá mbeadh an scéal á phlé go hoscailte agus go mbeadh daoine ag baint buntáiste as seo.

Bheadh siad á phlé anyway agus bheadh daoine ann sa seomra a bheadh in ann é sin a úsáid dá mbeadh sé sin i gceist acu. Ní chóir gur rud rúnda a mbeadh san údarás. Ba chóir go mbeadh an pobal in ann féachaint ar na comhaltaí atá tofa agus na comhaltaí a bhéas roghnaithe anois de réir an slí atá an Bille seo ag dul. Tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh an pobal iad sin ag obair. Ní hamháin go bhfeicfeadh siad ag obair iad ach go mbeadh siad ag plé na gceisteanna go hoscailte atá á gcur acu i dtuairiscí ón bhfeidhmeannas, ón Stát nó ó thaobh rúin a bheadh roinnt de na comhaltaí ag iarraidh a rith. Measaim gur sin an áit atá sé i gceist. Ní gá go mbeadh ach leath huair a chloig ann nó b'fhéidir uair a chloig in aghaidh na míosa ach go mbeadh sé sin oscailte. Ansin bheadh a fhios ag daoine go raibh dul chun cinn ag tarlú ar a laghad. Bhíodh sé amhail is go raibh rúndiamhair á plé agus nach raibh cead ag éinne fáil amach cad a bhí nó cad a bheadh ag tarlúint. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an cur i gcoinne seo ann. Shíl mé go mbeadh sé seo ar cheann de na leasuithe a bheadh an Aire breá sásta leis agus go mbeadh sé ag rá linn é a tharraingt siar agus go ndéanfadh sé ina chuid focail féin é. Is ait an kickback atá ann ó thaobh an leasuithe seo. Tá kickback níos mó sa chás seo ná le roinnt de na leasuithe a shíl mé a bheadh an Rialtas ag seasamh ina gcoinne. Tá mise ag iarraidh go mbeadh sé seo rite.

Cuireadh leasú Uimh. 19.

Amendment put:

The Dáil divided: Tá, 65; Níl, 83; Staon, 0.


Tellers: Tá, Deputies Aengus Ó Snodaigh and Conor D. McGuinness; Níl, Deputies Mary Butler and Emer Currie.

Ivana Bacik, Cathy Bennett, Pat Buckley, Joanna Byrne, Matt Carthy, Sorca Clarke, Michael Collins, Catherine Connolly, Ruth Coppinger, Réada Cronin, Seán Crowe, David Cullinane, Jen Cummins, Pa Daly, Máire Devine, Pearse Doherty, Paul Donnelly, Dessie Ellis, Aidan Farrelly, Gary Gannon, Sinéad Gibney, Paul Gogarty, Ann Graves, Johnny Guirke, Eoin Hayes, Séamus Healy, Rory Hearne, Eoghan Kenny, Martin Kenny, Claire Kerrane, Paul Lawless, George Lawlor, Pádraig Mac Lochlainn, Donna McGettigan, Conor McGuinness, Denise Mitchell, Johnny Mythen, Gerald Nash, Natasha Newsome Drennan, Shónagh Ní Raghallaigh, Carol Nolan, Cian O'Callaghan, Richard O'Donoghue, Robert O'Donoghue, Ken O'Flynn, Roderic O'Gorman, Louis O'Hara, Louise O'Reilly, Darren O'Rourke, Eoin Ó Broin, Donnchadh Ó Laoghaire, Ruairí Ó Murchú, Aengus Ó Snodaigh, Fionntán Ó Súilleabháin, Liam Quaide, Maurice Quinlivan, Conor Sheehan, Marie Sherlock, Duncan Smith, Brian Stanley, Peadar Tóibín, Mark Wall, Charles Ward, Mark Ward, Jennifer Whitmore.

Níl

William Aird, Catherine Ardagh, Grace Boland, Tom Brabazon, Brian Brennan, Shay Brennan, James Browne, Colm Burke, Peter Burke, Mary Butler, Paula Butterly, Jerry Buttimer, Malcolm Byrne, Thomas Byrne, Michael Cahill, Catherine Callaghan, Dara Calleary, Seán Canney, Micheál Carrigy, Jennifer Carroll MacNeill, Jack Chambers, Peter Cleere, John Clendennen, Niall Collins, Joe Cooney, Cathal Crowe, John Cummins, Emer Currie, Martin Daly, Aisling Dempsey, Cormac Devlin, Alan Dillon, Albert Dolan, Frank Feighan, Seán Fleming, Norma Foley, Pat Gallagher, James Geoghegan, Noel Grealish, Marian Harkin, Michael Healy-Rae, Barry Heneghan, Emer Higgins, Keira Keogh, John Lahart, James Lawless, Michael Lowry, Micheál Martin, David Maxwell, Paul McAuliffe, Charlie McConalogue, Tony McCormack, Helen McEntee, Séamus McGrath, Erin McGreehan, Kevin Moran, Aindrias Moynihan, Michael Moynihan, Shane Moynihan, Jennifer Murnane O'Connor, Michael Murphy, Hildegarde Naughton, Joe Neville, Darragh O'Brien, Jim O'Callaghan, Maeve O'Connell, James O'Connor, Kieran O'Donnell, Patrick O'Donovan, Ryan O'Meara, John Paul O'Shea, Christopher O'Sullivan, Pádraig O'Sullivan, Naoise Ó Cearúil, Seán Ó Fearghaíl, Naoise Ó Muirí, Peter Roche, Eamon Scanlon, Brendan Smith, Edward Timmins, Gillian Toole, Robert Troy, Barry Ward.

Amendment declared lost.

Faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú don leasú.

Tugadh tuairisc ar a ndearnadh; an Coiste do shuí arís.E