Dáil debates

Wednesday, 9 April 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

11:55 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá trí leasú i gceist anseo. Tá m'ainm ar cheann amháin, Uimh. 15, ach aontaím leo go léir. Táim ag tnúth le freagra an Aire. Gan dabht, beidh tuilleadh acmhainní ag teastáil ó Údarás na Gaeltachta agus ón gcóras áitiúil má ghlactar leis na leasuithe seo. Is é sin an rud is bunúsaí atá ag teastáil mar tá easpa foirne i gceist. Is é an rud atá i gceist anseo, atá leagtha amach sna leasuithe, ná go mbeidh iniúchadh nó straitéis i gceist ó thaobh cúrsaí tithíochta - tá gá práinneach leis sin - bonneagair chumarsáide agus bonneagair shéarachais agus uisce. Is iad sin na rudaí is lú atá ag teastáil i ndáiríre. Dá mba rud é go raibh sé sin ag tarlú le cúpla bliain anuas, ní bheadh na fadhbanna céanna againn. Bheadh spotsolas á dhíriú isteach go leanúnach, i mbealach atá dearfach, ar na fadhbanna agus na rudaí atá in easnamh anseo.

Tá sé éasca domsa díriú isteach ar An gCeathrú Rua, croílár na Gaeltachta, atá gan córas séarachais. Ní féidir cothromaíocht a bheith i gceist ó thaobh cúrsaí forbartha muna bhfuil an bunstruchtúr ann. I gcroílár na Gaeltachta, níl córas séarachais ann. Ag dul siar, phioc an chomhairle contae suíomh amháin. Faraor, bhí sé soiléir domsa agus do chosmhuintir na háite nach raibh an suíomh feiliúnach. Ansin, bunaíodh Uisce Éireann agus, faraor, lean sé ar aghaidh. Ní raibh an locht air ag an am. Ba é sin an fhadhb a bhfuair sé. Lean sé ar aghaidh ag breathnú ar an suíomh seo. Tá níos mó ná 25 bliain imithe, a Aire, gan aon dul chun cinn. Táimid ar ais i gciorcal ag an bpointe ónar dtosaíomar 25 bliain ó shin. Ní raibh mise i mo chomhairleoir contae ag an am. Bhí mé mar chomhairleoir ar an gcomhairle cathrach ach bhí an-eolas agam mar bhí suim agam. Táimid ar ais arís agus níl suíomh ar bith roghnaithe fós. Is fadhb ollmhór é sin. Tá gá le beart suntasach agus suíomh a roghnú anois. Tá suímh ag Údarás na Gaeltachta. Tá Ros an Mhíl ann. B'fhéidir nach n-aontódh daoine liom ach ceapaim gur fiú breathnú ar an áit. Is áit thionsclaíoch é agus bheadh sé feiliúnach. Ag dul siar, ag an am, dúradh linn go raibh an iomarca airgid i gceist. Níl a fhios agam cén costas atá i gceist anois.

Ag fanacht leis an téama sin, labhróidh mé faoi Cheantar na nOileán. Ar fud na tíre, tá áiteanna atá ag déanamh go maith agus áiteanna eile nach bhfuil. Dar liom, taobh amuigh den Chladach, is é Ceantar na nOileán an áit is áille in Éirinn. Tá easpa tithíochta ann agus, ag an am céanna, tithe atá folamh. Le déanaí, bhí cruinniú dearfach ag na Teachtaí Dála leis an gcomhairle contae. Chuir mé an cheist, cad iad na pleananna atá ann chun tuilleadh tithíochta a thógáil i gCeantar na nOileán agus in áiteanna eile i gConamara. Ba é an freagra neamhbhalbh a fuaireamar ná nach bhfuil plean ar bith ag an gcomhairle. Samhlaigh é sin. Níl plean ar bith chun tithe a thógáil. Cén fáth? Is é an fáth ná an easpa córais séarachais i gCeantar na nOileán. Tá scéim tithíochta iontach ann agus tá spás agus talamh in aice leis an eastát tithíochta ach níltear in ann tuilleadh tithe a thógáil de bharr easpa infreastruchtúir bhunúsaigh. Chuaigh mé timpeall i gciorcail ag caint faoin gcreimeadh leanúnach atá ag dul ar aghaidh sna Gaeltachtaí. Is fadhb amháin é seo agus tá réitigh uirthi ach níl sé ar aon liosta.

Ag dul ar ais go dtí na leasuithe, is é sin an fáth go bhfuil m'ainm ar an chéad leasú agus go n-aontaím leis an dá leasú eile. Gan spotsolas, straitéis nó iniúchadh leanúnach, titeann na rudaí tábhachtacha seo ar leataobh agus leanann na córais áitiúla ar aghaidh. Ní náire é sin ach easpa tuisceana arís. Ba é an rud a bhí á rá ag an gcomhairle ná nach raibh plean aici seachas go bhfuil gá le plean ach go bhfuil fadhb ann agus go bhfuil sí i dteagmháil leis an Roinn go leanúnach chun réiteach a fháil uirthi. Ní hé sin a bhí á rá ach nach bhfuil plean ar bith aici. Táim buartha faoin easpa cothromaíochta, go háirithe sa domhan atá inniu ann ina bhfuil gá le forbairt chothrom ar fud na tíre. Mar atá a fhios ag an Aire, is ó chathair na Gaillimhe mé féin agus táim bródúil aisti ach tá gá le cothromaíocht maidir le Conamara agus na háiteanna eile. Tá neart deiseanna ann. Ag breathnú ar An gCeathrú Rua, is é an rud is bunúsaí ná suíomh a aithint agus córas séarachais a thógáil. Ansin, is féidir eastáit tithíochta a thógáil.

Críochnóidh mé leis seo ach, i dtuarascáil an Choimisiún Tithíochta, bhí caibidil thar a bheith suimiúil faoi chúrsaí tithíochta faoin tuath. Ní dúirt sé go raibh sé mícheart tithe aonair a thógáil. Luaigh sé réitigh éagsúla chomh maith le heastáit bheaga. Dar leis, is féidir tithe aonair a thógáil freisin i mbealach inmharthana. Tá gá leis na leasuithe seo agus leis na rudaí atá iontu. Táim ag rá go poiblí go mbeidh gá le tuilleadh acmhainní do na heagrais ar an talamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.