Dáil debates

Wednesday, 9 April 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

11:45 am

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein) | Oireachtas source

Le leasú Uimh. 15, táimid ag iarraidh go mbeadh straitéis daonra agus tithíochta curtha le chéile do gach limistéar pleanála teanga. Is é seo bunchloch na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá cuid den obair seo déanta cheana, in ainneoin an Rialtais i slite. Nuair a bhí na pleananna teanga á gcur le chéile tráth dá raibh, chuir an-chuid de na comhlachtaí forbartha míreanna isteach mar gheall ar chúrsaí tithíochta agus daonra. Is iad an tslat tomhais atá againn i dtaobh an phleanáil teanga agus sláinte sna ceantair Ghaeltachta ná an daonra, an tuairisc a thagann i ndiaidh an daonáirimh agus líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den earnáil oideachais. Tá an-chuid staitisticí ar fáil ón Roinn, ó Údarás na Gaeltachta agus ón CSO agus a leithéid ach tá anailís agus plé le déanamh maidir le gach limistéar éagsúil. Caithfear féachaint ar spriocanna. Cé mhéad teach atá ag teastáil agus cén t-éileamh atá ag teacht ón bpobal? An bhfuil éileamh ar thithíocht inacmhainne atá tógtha nó ar shuímh inacmhainne le seirbhísí ionas gur féidir le daoine a dtithe féin a thógáil? An bhfuil éileamh ar chóras pleanála atá níos tuisceanaí ar an gcultúr agus slí bheatha atá ag daoine sna ceantair Ghaeltachta? An bhfuil éileamh ar níos mó tithe sóisialta?

Níor chóir go mbeadh an straitéis ag féachaint ar an top-level objectives nó KPIs i dtaobh líon na dtithe. Ba chóir di féachaint ar conas is féidir leis na heagrais go léir iad a chur ar fáil. An bhfuil gá dualgas ar leith a chur ar na húdaráis áitiúla deich gcinn de thithe sóisialta a thógáil sa Seanphobal agus ar Údarás na Gaeltachta obair leis an gcomhlacht forbartha chun 20 teach a thógáil sa Rinn ionas go mbeidh an straitéis intuigthe i ngach limistéar teanga agus go mbeidh an Roinn tithíochta, an Roinn Ghaeltachta, Údarás na Gaeltachta, an t-údarás áitiúil, aon AHBs atá i gceist agus na comhlachtaí forbartha ar an leathanach céanna mar gheall ar an straitéis?

Ní dóigh liom gur rud radacach é an leasú i ndáiríre. Tá sé mar gheall ar straitéis agus plean a chur le chéile ar bhonn áitiúil ionas go mbeidh a fhios ag gach éinne agus ionas gur féidir daoine obair as lámh a chéile. Impím ar an Aire tacú leis an leasú seo.

Anuas air sin, cé nach fadhb í seo a bhaineann leis an nGaeltacht amháin, tuigimid go léir nach féidir tithe a thógáil ar scála gan an t-infreastruchtúr, is é sin, uisce, córais séarachais, soilsiú poiblí, cosáin, bóithre agus a leithéid, a bheith ar fáil dóibh. De dheasca roinnt mhaith cúiseanna, níl an fhorbairt infreastruchtúir tar éis tarlú sna ceantair Ghaeltachta. In go leor cásanna, tá siad iargúlta agus imeallach. Anuas air sin, go stairiúil, ní raibh an iomarca airde tugtha dóibh ag rialtas i ndiaidh rialtais. Bhí meon ann gur leor monarchana a thógáil agus nár ghá cur leis an infreastruchtúr eile. I mo cheantar féin, tá fadhbanna le Cé Heilbhic, cé iascaireachta, agus easpa tuisceana na Roinne talmhaíochta ar cé chomh tábhachtach is atá sé i gcomhair an gheilleagair áitiúla. Níl an t-infreastruchtúr ann a bheadh mar bhunchloch i gcomhair na dtithe gur mhaith linn go léir a thógáil sna ceantair Ghaeltachta. Caithfimid dul i ngleic leis sin.

Inár leasuithe, táimid ag iarraidh go mbeidh iniúchadh déanta ar an nganntanas infreastruchtúir sna ceantair Ghaeltachta ionas go mbeidh tuiscint againn ar na heasnaimh, na tosaíochtaí, cad atá indéanta, cad ba cheart dúinn a dhéanamh anois láithreach agus cén mhoill atá á cur ar fhorbairt tithíochta de dheasca an ghanntanais sin. Ansin, táimid ag iarraidh go mbeidh plean curtha le chéile ionas gur féidir dul i ngleic leis an méid sin. I ndáiríre, tá an méid atá istigh inár leasuithe de dhíth orainn. Ní rud deacair é sin d'aon duine. Is féidir linn go léir tuiscint a bheith againn gur cheart dúinn pleanáil don todhchaí agus plean a dhéanamh mar gheall ar chúrsaí tithíochta inacmhainne. Luaigh an tAire an dualgas atá ar na húdaráis áitiúla. Is slí é seo chun cuid den dualgas sin a chur orthu. Is féidir leis an iniúchadh a fháil amach cad iad na ganntanais agus cad iad na rudaí atá ag teastáil ionas gur féidir obair le Bonneagar Iompair Éireann, le hUisce Éireann agus le heagrais eile nach iad chun dul i ngleic leo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.