Dáil debates

Wednesday, 9 April 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

11:45 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 15:

Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach: “(2) Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):
“(10) Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéar feidhme, le Roinn na Gaeltachta, agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta a ullmhú agus a fhoilsiú, tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis achtú an Achta seo, i gcomhair gach Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, ina leagfar amach spriocanna soiléire intomhaiste chun fás inbhuanaithe na bpobal Gaeltachta a chinntiú agus chun soláthar cuí tithíochta a chinntiú chun tacú leis an bhfás sin.

(11) Déanfar na Straitéisí a shonraítear i bhfo-alt (10) a uasdátú gach 5 bliana.”.”.

Táimid ag déileáil anseo le grúpa de leasuithe atá curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge agus againn féin chun díriú isteach ar cheist a bhfuilimid tar éis roinnt di a ardú cheana féin, is é sin, ceist an bhonneagair nó infreastruchtúir sa Ghaeltacht agus an fhreagracht atá ar pé duine ar a bhfuil sí. Faoi láthair, den chuid is mó, tá sí ar na comhairlí contae nó ar Uisce Éireann. Is léir dúinn nach bhfuil an infheistíocht cheart ann. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as forbairt teanga, tionscail agus pobail sa Ghaeltacht. Táimid ag iarraidh feidhm a thabhairt di maidir le tithíocht sa Bhille seo. Mar a dúirt mé, tá sé riachtanach go ndéileálfaimid ní hamháin leis an tithíocht ach leis an mbunfhadhb infreastruchtúir freisin. I roinnt cásanna, bheadh tithe tógtha ag an ngnáthphobal ach níl an t-infreastruchtúr ann agus ní féidir cead pleanála a fháil toisc nach bhfuil córas uisce, séarachais ná leictreachais ar fáil. Chonaic muid cé chomh leochaileach is atá ceantair éigin leis an stoirm le déanaí. Mar atá a fhios againn, tá an chuid is mó de na ceantair Ghaeltachta ar an gcósta. Tá siad leochaileach toisc go bhfuil an tAtlantach timpeall orthu agus á mbualadh nuair a tharlaíonn stoirmeacha. Bíonn ceantair eile oscailte don fharraige, don ghaoth agus do na gálaí a bhíonn ag bualadh na tithe. In ainneoin go bhfuil na ceantair sin go hálainn le feiceáil ar laethanta breá samhraidh, go minic bíonn sé deacair a bheith ag maireachtáil iontu nuair atá stoirm á mbualadh toisc go bhfuil siad iargúlta. Feiceann tú ansin cé chomh leochaileach agus scoilte amach is atá siad.

Ní bhaineann roinnt de na fadhbanna seo le ceantair Ghaeltachta amháin. Baineann siad le ceantair thuaithe agus ceantair atá scartha amach ó na bailte nó na sráidbhailte. Mar a luaigh mé cheana féin, sa chás seo táimid ag caint faoin nGaeltacht agus táimid den tuairim gur chóir go mbeadh eisceacht déanta chun cosaint a thabhairt don tseoid chultúrtha atá againn. Ní mhairfidh an tseoid sin muna bhfuil daoine ina gcónaí sna ceantair sin, ag labhairt na Gaeilge agus ag obair trí Ghaeilge agus muna bhfuil páistí ag freastal ar scoil trí Ghaeilge. Caithfidh sé seo a tharlú glúin i ndiaidh glúine má tá an stair sin le leanúint ar aghaidh. Is é sin an fáth go bhfuil riachtanas ann go ndéanfar cinnte de go bhfuil an bonneagar ann chun gur féidir daoine a mhealladh chun fanacht sna ceantair sin agus tithe a thógáil nó a cheannach iontu.

Leis na leasuithe seo, táimid ag iarraidh an Bille a dhíriú ar na fadhbanna bunúsacha atá leagtha síos. Chun é sin a dhéanamh, caithfidh straitéis a bheith ann don daonra agus do thithíocht sa Ghaeltacht. Caithfidh a fhios a bheith againn cé mhéad teach atá agus a bheidh i gceist, cad iad na nithe breise atá ag teastáil má táthar ag caint faoi deich, 20 nó 100 teach breise i gceantar, cad é an t-ualach breise a bheidh ar chóras uisce an cheantair agus an bhfuil gá cur leis an infreastruchtúr sin. Ansin, caithfidh a fhios a bheith againn conas a dhéanamh cinnte de go dtarlóidh sé sin. Tá a fhios ag aon duine atá ina chónaí sna ceantair seo cad í an bhunfhadhb. Tá tuairimí agus réiteach na faidhbe acu ach níl an chumhacht, an t-airgead ná an cead acu. Caithfimid díriú isteach ar na trí rud sin. Leis na leasuithe seo, tá muinín á chur san údarás gur féidir leis cuidiú leis an rud seo. Sna ceantair sin, níl muinín sna comhairlí contae ná sa Rialtas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.