Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
11:55 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis na Teachtaí as na leasuithe. Mar a dúirt mé cúpla am anois, baineann an Bille seo le toghcháin chuig bord an údaráis. Níl mé ag iarraidh saorphas a thabhairt do na húdaráis áitiúla. An bhfuil sé sin á dhéanamh againn? Is é sin an bhuairt atá agam.
8 o’clock
Tagaim ar ais go dtí sin. Níl sé, agus ní raibh sé riamh i gceist, go leasófaí an reachtaíocht phríomha iomlán, aidhmeanna uile na heagraíochta nó go mbronnfaí cumhachtaí ar Údarás na Gaeltachta. Geallaim don Teachta Ó Snodaigh go mbeidh Bille eile faoin údarás agus cúrsaí Gaeltachta ann. Beidh cúpla Bille eile againn orthu. Tá rudaí ag athrú i gcúrsaí fiontair agus caithfimid é sin a phlé. Beidh deiseanna eile ann comhrá a bheith againn faoi chúrsaí fiontair, AI agus cúrsaí eile mar sin a bhfuil orainn déileáil leo.
Tuigim, i gcomhthéacs infreastruchtúir agus chúrsaí pleanála, tithíochta, uisce agus leictreachais - go háirithe i gcúrsaí leictreachais agus cumarsáide tar éis na Stoirme Éowyn - go bhfuil daoine mífhoighneach agus feargach faoin infreastruchtúr sa Ghaeltacht. Bhí mé ann san ionad community ar An gCeathrú Rua a bhí iontach le linn na Stoirme Éowyn, ach caithfidh muid dul ar ais go dtí na comhlachtaí ar nós Uisce Éireann, Bord Soláthair an Leictreachais agus na daoine atá i gceannas sna sectors sin agus déileáil go díreach leo. Níl sé féaráilte a rá leis an údarás go bhfuil sé i gceannas ar gach fadhb atá sa Ghaeltacht nó a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta.
Ní miste a nótáil gur chuir mé an straitéis tithíochta chuig na húdaráis áitiúla agus an Roinn tithíochta. Mar a dúirt mé cheana, beidh cruinniú agam leis an Aire, an Teachta Browne, faoi threoirlínte tithíochta na Gaeltachta. Tá na treoirlínte le foilsiú, agus tá oifigigh mo Roinne fós ar fáil chun tacú. Beidh siad, agus beidh muid go léir, ag obair go dian chun na treoirlínte sin a fhoilsiú agus iad a chur ar fáil.
Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo le cois í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile bunchuspóir Údarás na Gaeltachta agus tá an ghníomhaireacht freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta, teangeolaíochta agus chultúrtha na Gaeltachta. Táimid chun cúrsaí tithíochta a phlé leis an údarás freisin. Déanann an t-údarás chuile iarracht an cuspóir seo a bhaint amach trí fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh cruthú fostaíochta a chothú agus a mhaoiniú, chomh maith le tacaíocht a thabhairt d'imeachtaí pobail cultúrtha seanbhunaithe. Tá an t-údarás dírithe ar fhorbairt fiontraíochta agus tionscnaimh fostaíochta den chuid is mó, agus tá sárobair á déanamh aige. Aontaíonn gach duine sa Teach go bhfuil sárobair á déanamh aige i gcomhthéacs an airgid atá aige agus caithfimid obair air sin.
Mar sin, tá buairt orm má ghlactar leis na leasuithe seo go bhfuilimid ag rá leis na húdaráis áitiúla go bhfuil free pass acu agus gur faoin údarás a bheidh an cúram sin. Nílim chun é sin a dhéanamh. Tá mífhoighne orm anois faoi cad nach bhfuil na húdaráis áitiúla ag déanamh. Ba cheart go mbeidh cúrsaí ar An gCeathrú Rua réitithe tar éis 25 bliain. Bhí an chumhacht acu agus bhí an t-airgead acu. Ba cheart go mbeidh cúrsaí uisce i bhfad níos fearr. Sular bunaíodh Uisce Éireann, bhí na húdaráis áitiúla i gceannas ach ní dhearna siad é. Mar Aire, deirim le Teachtaí anocht go mbeidh mé ag cur brú ar na húdaráis áitiúla sa Ghaeltacht, agus beidh cruinniú agam leis na príomhfheidhmeannaigh ionas go gcaithfidh siad seasamh suas ar son mhuintir, cheantar agus dhaoine na Gaeltachta atá mar pháirt den údarás.
Pléadh cúrsaí na n-oileán freisin. Tuigim go mór na deacrachtaí atá ann. Is é sin an fáth go raibh airgead breise ann le haghaidh na n-oileán sa grant do na tithe folmha. Ba cheart go seasfaidh na húdaráis áitiúla ar son na n-oileán agus go ndéanfaidh siad iarracht é sin a fhoilsiú. Chonaic mé an scéal sa The Irish Timesfaoin gcaoi nach bhfuil mórán suime ag mórán daoine dul go dtí na hoileáin. Caithfimid déileáil leis sin, ach baineann sé sin le mo Roinn, Roinn na Gaeltachta agus an Roinn forbartha tuaithe, agus leis na húdaráis áitiúla. Beidh ról ag an údarás sna hoileáin maidir le cúrsaí fiontair agus cúrsaí turasóireachta, ach níl mé ag iarraidh jab an údaráis a dhéanamh chomh leathan nach mbeidh sé in ann an jab a dhéanamh. Is é sin an rud is mó suime dom, go mbeidh jab ag an údarás, go mbeidh sé in ann é a dhéanamh agus go mbeidh sé freagrach as an jab sin a dhéanamh. Tá dainséar ann go ndéanfaí an jab sin chomh leathan go dtitfeadh a lán rudaí eile sna cracks. Tuigim go bhfuil fadhb mhór tithíochta ann, agus táim ag díriú air sin, ach ní hé freagra na ceiste jab i bhfad níos mó a thabhairt don údarás. Tuigim é sin, agus táim ag iarraidh é a phlé, ach sin an fhadhb atá againn. Ag an bpointe seo, an bhfuilimid ag déanamh ról an údaráis rómhór? An bhfuil seans, dá ndéanfaí an ról sin rómhór, nach mbeadh sé dírithe ar na príomhjabanna atá aige, cúrsaí fiontair, cultúrtha agus tithíochta ina measc? Cé a dhéanfadh é? Cé a bheadh dírithe ar chúrsaí fiontair agus ar an gclár iontach sin maidir le cumhacht agus fiontar na mban sa Ghaeltacht? Cé a dhíreodh ar chúrsaí cultúrtha? Cé a dhéanfadh an jab sin mar ní bheadh an t-údarás áitiúil á dhéanamh?
No comments