Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
12:05 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá an tAire sásta bualadh le hÚdarás na Gaeltachta. De réir mar a thuigim, tá BÁNÚ ar an talamh ag lorg cruinnithe leis an Aire. Is dócha go bhfuil an tAire sásta bualadh leis an ngrúpa. Tá neart oibre déanta aige agus ag eagraíochtaí eile. Ansin, ó thaobh na Roinne féin de, de réir mar a thuigim, tá cumhacht ag an Roinn faoi alt 9(a) d'Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 2001, ach, cé nár cuireadh deireadh leis an gcumhacht sin, níor lean sí ar aghaidh leis. Tá an chumhacht ag an Roinn "scéimeanna a dhéanamh chun deontais nó cúnamh airgeadais eile a sholáthar do dhuine faoi chomhair an chostais a ghabhann le teach cónaithe sa Ghaeltacht a thógáil nó a fheabhsú". Bhí an scéim sin ag dul ar aghaidh go dtí 2009 nuair a thit an bonneagar as a chéile. Níor lig an Roinn d'aon duine faoiseamh nó tacaíocht a fháil faoin scéim sin. B'fhéidir go mbeadh an Roinn in ann breathnú air sin.
Fillfidh mé ar na leasuithe. Seo taighde i ndáiríre. Bíonn muid i gcónaí ag caint faoi pholasaí a fhorbairt de réir na fianaise ar an talamh. Cén chaoi ar féidir polasaí a fhorbairt gan straitéis agus gan breathnú ar rudaí tar éis dhá bhliain? Is é sin atá tarlaithe go dtí seo. Ní raibh an t-údarás, agus cúiseanna aige, nó an córas áitiúil ag breathnú ar cad a bhí ag tarlú. Fillfidh mé ar an scéilín beag a d'inis mé cheana. Dúirt an chomhairle agus an duine atá i gceannas linn nach bhfuil aon phlean acu tithe a thógáil i gCeantar na nOileán - ní ar na hoileáin, ach i gCeantar na nOileán; tá droichead á chur amach go dtí an ceantar álainn seo - agus baineadh stangadh asam ag éisteacht leis an méid sin, go bhfuil siad i gceannas agus go ndúirt siad é sin. Ní raibh siad ag rá linn go raibh fadhb acu agus go mbeidh cruinnithe acu agus plean ann chun é a réiteach, just full stop nach bhfuiltear chun tithe a thógáil mar níl an córas séarachais ann. Tuigim an rud atá ráite ag an Aire, ach ní mór rud éigin a chur sa reachtaíocht chun spotsolas a dhíriú air. Níl muid ach ag caint faoi thaighde nó straitéis i dtréimhse ama dhá bhliain i leasú amháin agus tréimhse ama eile sna leasuithe eile. Ba chóir go mbeidh an t-údarás agus an córas áitiúil ag obair as lámha a chéile chun fianaise a bhailiú agus na fadhbanna a réiteach. Tá sé thar a bheith bunúsach i ndáiríre.
No comments