Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
12:05 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an ceart ag an Teachta Ó Conghaile.
Nuair atá tú ag caint faoi leasuithe, deir tú an méid atá le rá agat agus ansin síleann tú go dtuigeann daoine an loighic atá ann. Sa chás seo, ní gá ach féachaint ar leasú Uimh. 15. Tá sé an-simplí. Deir sé "Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle le húdaráis áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta ina limistéar feidhme, le Roinn na Gaeltachta, agus leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta a ullmhú agus a fhoilsiú". Nílimid ag tarraingt dualgas ó na húdaráis áitiúla. Táimid ag déanamh cinnte de go ndéanfaidh siad na dualgais sin a chomhlíonadh. Tá an jab sin acu cheana féin ach, mar a dúirt an Teachta Connolly, tá siad ag déanamh neamhairde orthu. Sa bhealach seo, bheadh ar an údarás dul i gcomhairle leo agus tuairisc a fhoilsiú agus a uasdátú gach cúig bliana chun díriú isteach ar na ceisteanna gur gá a leigheas. Tá a fhios againn na fadhbanna ach níl na hacmhainní, an scil, an chumhacht ná an seasamh agam chun é sin a dhéanamh ná chun na Ranna nó na hAirí a mhealladh chun éisteacht a thabhairt dom. Leis seo, leagfaí amach straitéis. Má tá straitéis ann, chaithfí gníomhú dá réir. Táim cinnte go bhfuil an gá sin ann.
Is ceann de na rudaí atá taobh thiar de seo ar fad ná nárbh fhiú tráithnín straitéis a chur le chéile muna bhfuil geallúint ann go mbeadh an maoiniú ann nuair atá sé foilsithe. Luaigh muid cheana féin go bhfuil cumhachtaí ag an údarás ach caithfidh an t-airgead a bheith aige. Tá a fhios againn ar fad cad a tharla ó thaobh an údaráis nuair a tháinig an ghéarchéim eacnamaíochta nuair a theip ar an tíogar Ceilteach. D'fhéach an bord snip agus a leithéid air amhail is gur fiú fáil réidh leis. Is é an fáth go bhfuarthas réidh leis na toghcháin ná gur chosain siad airgead, cé nár ghá leo aon mhórairgead a chosaint. Ag an am, bhíodar den tuairim gur chóir an t-údarás a chur isteach leis an IDA nó Fiontraíocht Éireann. Bhí an t-ádh linn go raibh cosaint ann, gur lean an t-údarás agus gur láidríodh é i mbealach amháin toisc go ndíríodh isteach ar cheist na pleanála teanga. Má théitear siar 30, 40 nó 50 bliain ó shin, ní raibh an phleanáil teanga chomh lárnach sin ó thaobh an údaráis. In ainneoin go raibh sé ar cheann de na rudaí ar ghá dó a dhéanamh, ní raibh an cur chuige ann. Nuair a tugadh dualgais bhreise agus maoiniú dó chun dul i dtreo na pleanála teanga, bhí sé in ann é a dhéanamh. Má tá tú ag obair ar an ngannchuid, muna bhfuil tú in ann teacht ar airgead tú féin agus má tá d'obair ag brath go huile agus go hiomlán ar an Stát, tá sé níos deacra.
Tá a fhios againn go bhfuil titim ar an gcoibhneas ó thaobh an t-airgead a bhí á fháil ag Údarás na Gaeltachta ó 2009. In 2009, do gach uile euro a bhfuair Údarás na Gaeltachta, fuair an IDA €3. Bhí airgead maith ag dul isteach san údarás ach, ag an am sin, bhí sé dírithe ar fhiontraíocht, ar thionsclaíocht agus ar phoist a chruthú amháin. D'éirigh go maith leis agus feiceann muid an toradh sna ceantair Ghaeltachta. Níl an dífhostaíocht chomh mór agus a bhí sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Níl an pobal ag bánú ó na ceantair Ghaeltachta de thairbhe easpa fostaíochta anois ach de thairbhe easpa tithíochta. Mar a dúirt mé, in 2009 ba 1:3 an coibhneas a bhí ann. Anois, is 1:11 é. Tá fás ollmhór tar éis teacht ar an maoiniú don IDA ach níl sé sin tar éis tarlú don údarás. Tá ardú tagtha ach tá an coibhneas as riocht. Níl aon mhórardú tagtha ar an airgead nó an caiteachas caipitil. Smaoineofá gur san áit seo a bheadh an t-airgead ag fás. D'ardaigh mé an cheist seo cúpla uair sa choiste le hAirí difriúla. D'fhiafraigh mé cén fáth nach raibh ach €1 milliún breise, nó airgead breise ar bith, á thabhairt don bhuiséad. An é nach raibh pleananna ag an údarás aon rud a dhéanamh? Nach raibh athchóiriú le déanamh ar na foirgnimh atá aige? Níor tugadh freagra ceart dom riamh.
Tá go leor scéimeanna trínar féidir leis an údarás airgead breise caipitil a chaitheamh. Faoi cheann amháin, is féidir cuidiú a thabhairt le bonneagar a thógáil ach, gan aon straitéis ná cur chuige, tá sé níos deacra mar níltear ach ag déanamh giota anseo agus ansiúd go piecemeal. Níl tú ag obair leis an údarás áitiúil chun leath den airgead a thabhairt do thogra toisc go bhfuil tú ag iarraidh páirc thionsclaíochta a thógáil agus go bhfuil suíomh béal dorais á oscailt gur féidir leis an údarás áitiúil tithíocht a thógáil air má cheannaíonn sé é. Ba chóir go mbeadh caidreamh leanúnach mar seo ann. B'fhéidir go bhfuil ach ní fheicim toradh aon obair idir an t-údarás agus na comhairlí áitiúla. Ní fheicim ceann amháin ag déanamh rud éigin toisc go bhfuil an ceann eile ag déanamh rud eile chun cuidiú le pé maoiniú caipitil atá acu a leathnú amach. Sa chás seo, níl muidne ach ag déanamh moltaí maidir le tuairisc.
No comments