Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
11:35 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá súil agam go mbeidh na treoirlínte againn agus guím gach rath ar an obair sin. Tuigim go bhfuil an tAire sa jab ar feadh tréimhse an-ghairid ach tá an t-eolas ag an údarás maidir leis na fadhbanna a shíleann sé atá aige. Ní gá ach scairt a chur ar bhaill an údaráis agus leagfaidh siad síos an bhuairt atá orthu nó cá háit a bhfuil soiléireacht ag teastáil maidir leis na feidhmeanna tithíochta nó an chumhacht a shíleann siad nach bhfuil acu nó áit nach bhfuil an mhaoin ann. Níor tugadh airgead riamh d’Údarás na Gaeltachta ón Státchiste chun tithe a thógaint nó chun infheistiú a dhéanamh in infreastruchtúr ar mhaithe le tithíocht in ainneoin, mar atá luaite agam, go bhfuil an chumhacht acu.
Ó thaobh an leasú atá againn, níl muid ach ag iarraidh cur leis an méid atá á chur isteach ag an Aire. Is mionrudaí iad an trí leasuithe seo. Níl muid ag dul níos faide ná sin. Luaigh an tAire nach féidir gach rud a dhéanamh i mBille faoi thoghchán. Tá an ceart aige ach tá sé leagtha síos sa Teideal Fada go bhfuil sé seo dírithe ní hamháin ar an toghchán ach freisin ar “leathnú fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta” agus ar shocraithe “i dtaobh nithe gaolmhara”. Tá sé in ord againn mar sin an rud seo a phlé. An fáth go bhfuilimid á phlé seo ná toisc nach minic a bhíonn reachtaíocht ag teacht os comhair Thithe an Oireachtais ag déileáil le ceist na Gaeltachta. B’fhéidir go mbeimid ag fanacht deich mbliain eile sula mbeidh an chéad Bhille eile ag déileáil le hÚdarás na Gaeltachta. Tá súil agam nach mar sin a bheidh ach sin mar atá tarlaithe. Táimid ag tapú an deis breis a chur isteach anseo chun cinnte a dhéanamh de nuair atá muidne críochnaithe leis an mBille go mbeidh pé cumhachtaí breise ag an údarás atá de dhíth air, atá ag teastáil uaidh, nó a shílimid a bhfuil gá leo. Táimid ag déanamh cinnte de go bhfuil an tuiscint ceart againn anseo. Tá triúr againn tar éis a lua go sílimid go bhfuil cumhachtaí ag an údarás nach bhfuil in úsáid acu cheana féin.
Ó thaobh an leasuithe de, má fhéachaimid ar an gcéad cheann, níl muid ach ag iarraidh go bhféadfadh an t-údarás talamh nó teach a dhíol le comhlacht ceadaithe tithíochta. Tá sé éasca go leor talamh a dhíol le ceann de na comhlachtaí ceadaithe tithíochta seo nó le húdarás tithíochta ach tá seans ann go mbeadh an t-údarás ag tógaint tithíochta agus ansin nach mbeadh sé ag iarraidh bainistíocht a dhéanamh ar na tithe sin. Sa chás sin, bheadh siad á ligin ar léas, ag déanamh conradh nó á ndíol leis na comhlachtaí seo chun iad a bhainistiú. Níl comhlacht bainistíochta tithíocht atá i gceist in Údarás na Gaeltachta faoi láthair. B’fhéidir amach anseo gurb é sin ceann de na rólanna a bhéas aige agus go mbeadh sé ag déanamh deisiú ar thithe shóisialta nó inacmhainne. Níl muid ach ag déanamh iarracht gach angle a chlúdach sa chás seo. Ansin, ní hé go mbeadh na rudaí seo díreach á ndíol ach go bhféadfaí iad a chur ar léas. Ansin coimeádann tú roinnt smachta air agus muna bhfuil an comhlacht ceadaithe tithíochta sin nó na húdaráis tithíochta ag cloí leis an léas gur féidir iad a tharraingt siar nó ar a laghad amach anseo, i gceann 100 bliain, go bhfuil an talamh fós ag an údarás agus gur féidir a fhéachaint an bhfuil sé ag iarraidh iad a dhíol ina iomláine, cur leo nó pé rud atá i gceist.
An leasú is mó atá againn ná go bhfuilimid ag iarraidh cur leis an méid atá luaite ag an Aire trí cinnte a dhéanamh go gcuirfí san áireamh: “lena n-áirítear saoráidí sóisialta, cultúir agus gnó agus, chuige sin, beidh an chumhacht ag an Údarás chun leas i maoin agus i réadas a cheannach nó a fháil ar cibé téarmaí, agus faoi réir cibé coinníollacha, is cuí leis”. Beidh talamh i gceist uaireanta. Tagann moill ar chúrsaí toisc an maorlathas nuair a ghlacann sé smacht ar an gcóras agus ansin cailltear an deis a bheith ag cuidiú leis an gcomhphobal áitiúil. Uaireanta bíonn na deiseanna sin i gceist ó thaobh tithíochta agus ó thaobh talaimh de. Is trí rud shimplí iad. Tá súil agam go mbeidh an tAire in ann glacadh leis na leasuithe agus ansin gur féidir linn bogadh ar aghaidh go dtí an chéad alt eile.
No comments