Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
10:35 am
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 8:
Ar leathanach 13, idir líne 1 agus líne 2, an méid seo a leanas a chur isteach: "(1) Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3A), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh "eacnamaíoch na Gaeltachta":", lena n-áirítear saoráidí sóisialta, cultúir agus gnó agus, chuige sin, beidh an chumhacht ag an Údarás chun leas i maoin agus i réadas a cheannach nó a fháil ar cibé téarmaí, agus faoi réir cibé coinníollacha, is cuí leis".
I dtús báire, ba mhaith liom gearán a dhéanamh nó mo mhíshástacht a léiriú i dtaobh ár leasú, leasú Uimh. 12. Tá sé rialaithe as ord, rud nach féidir liom aontú leis i ndáiríre. Le linn Chéim an Choiste ar an Acht um Pleanáil agus Forbairt an bhliain seo caite, bhí leasú ag Sinn Féin chun feidhm a thabhairt mar chomhlacht ceadaithe tithíochta, nó approved housing body, d'Údarás na Gaeltachta. Cé nach nglacfadh an Rialtas leis an leasú sin, rialadh in ord an leasú agus bhí deis againn é a chur chun tosaigh. Anois, tá leasú curtha chun tosaigh againn ag iarraidh go mbeadh feidhm ag an údarás comhlacht ceadaithe tithíochta a bhunú agus tá sé rialaithe as ord. Ní féidir glacadh leis sin i ndáiríre. Ní dhéanann sé ciall domsa. Seans nach bhfuil mórán gur féidir liom a dhéanamh ach é a ardú anseo agus mo mhíshástacht agus míshástacht Shinn Féin a chur ar an taifead.
No comments