Dáil debates

Wednesday, 9 April 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

10:35 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Maidir leis na leasuithe atá in ord, táimid ag déileáil le leasuithe Uimh. 8 go dtí Uimh. 11, sraith leasuithe a bhaineann leis an ngéarchéim thithíochta. Bhíomar ag labhairt faoi sin tamall ó shin agus faoi na feidhmeanna atá nó ar chóir a mbeadh nó a bhéas ag an údarás. Bhí cúpla agóid thar na bliana ag BANÚ nó Tinteán agus ag Conradh na Gaeilge lasmuigh de Thithe an Oireachtais. D'ardaigh siad an cheist faoin easpa tithíochta agus an ghéarchéim ar leith atá sa Ghaeltacht nach bhfuil i gceantair eile. Tá mé tar éis é a lua cheana féin nach féidir le daoine teach a cheannacht nó a thógaint faoi láthair agus nach féidir teacht ar cinn ar cíos. Baineann sé sin le cúrsaí turasóireachta. Níl muid ag iarraidh scrios a dhéanamh ar ghnó turasóireachta na dtithe samhraidh. Tá siad i sáinn iad féin, de réir cosúlachtaí. Táimid ag iarraidh a chinntiú go bhfuil cónaí ar dhaoine sna ceantair Ghaeltachta, gur pobail beo beathach atá iontu agus go bhfuil seans ag lánúineacha lonnú ann, a gcuid páistí a thógaint ann agus go mbeidh na seirbhísí cuí ann chun go mbeadh siad in ann saol iomlán a bheith acu trí Ghaeilge. Ní féidir sin a dhéanamh, áfach, muna bhfuil teacht ar thithe.

Táimid tar éis déileáil leis an gceist seo i gcomhchoiste na Gaeilge. Bhí tuairisc an-leathan againn ag díriú isteach ar cheist na tithíochta sa Ghaeltacht. Nuair a phléamar an cheist seo, mholamar an gá go mbeadh feidhmeanna breise agus maoiniú breise ag an údarás. De réir mholadh Uimh. 20 den ghrinnscrúdú réamhreachtach ar an mBille:

Molann an Comhchoiste gur cheart don Aire go ndéanfar cinnte de go mbeidh na feidhmeanna cuí ag Údarás na Gaeltachta ionas gur féidir leis tabhairt faoina chuid oibre go héifeachtach. Molann an Comhchoiste go mbeidh sé de chumas ag an Údarás an talamh a bhfuil faoina úinéireacht a ligean amach ar léas, ar mhaithe le heastáit tithíochta a thógáil i gceantair Ghaeltachta, nó chun athnuachan a dhéanamh ar chórais reatha uisce agus séarachais, nó chun bonneagair eile a thógáil, chomh fada is a chuideoidh na hoibreacha sin le príomhchuspóir Údarás na Gaeltachta an Ghaeilge a thabhairt slán go dtí an chéad ghlúin eile.

Nuair a bunaíodh Údarás na Gaeltachta ar dtús tar éis fheachtas chearta daonna na gcainteoirí sna ceantair Ghaeltachtaí sa 1970idí, bhí sé i gceist acu déileáil le ceist na fostaíochta toisc go raibh bánú ag tarlú ag an am sin de thairbhe nach raibh aon phoist sa Ghaeltacht. Tá tar éis éirí go hiontach leis an údarás thar na blianta. Tá poist sa Ghaeltacht anois. Nuair a thugtar cuairt ar an nGaeltacht, is léir go bhfuil fadhbanna ann, ach nuair a fheictear na haonaid Gteic, na comhlachtaí atá tógtha ag an údarás ann agus an chóiríocht atá á dhéanamh aige ar na seanfhoirgnimh tionsclaíochta sna ceantair Ghaeltachta, tuigtear go bhfuil gá le breis airgid agus caipiteal breise chun cuidiú leis san obair sin. Caithfimid déanamh cinnte de go bhfuil na hoibreoirí ag cónaí sa cheantar, go bhfuil an pobal ann chun a chinntiú go leanann an obair sin, go bhfuil an pobal agus na teaghlaigh ann chun a chinntiú go bhfuil pobal beo beathach ann, go bhfuil siopaí, búistéirí agus scoileanna ann, mar mura bhfuil an daonra ann, beidh daoine ag tiomáint isteach sa cheantar sin.

Tá an leasú seo ag déanamh cinnte gur féidir roinnt den talamh atá agus a bheidh ag an údarás - is gá dó talamh a cheannach anois is arís - a chur ar fáil chun a chinntiú, ar mhaithe le déileáil leis an ngéarchéim tithíochta, go mbeidh sé de chead ag an údarás córas séarachais a chur ar bun nó aon shórt infreastruchtúir eile ar shuíomh, agus go mbeidh an tuiscint ann ní hamháin go mbeidh seirbhís á cur ar fáil do na monarchana nó na haonaid Gteic aige, ach freisin go mbeidh sé ar fáil chun seirbhís a dhéanamh ar eastát beag tithíochta. Nílimid ag caint faoi eastát tithíochta cosúil le Tamhlacht nó Cluain Dolcáin, ach faoi deich nó 20 teach anseo is ansiúd. Fógraíodh anuraidh nó an bhliain roimhe go raibh scéim phíolótach chun tarlú agus go raibh an t-údarás chun breathnú ar na féidearthachtaí a bheadh aige.

Is í aidhm na leasuithe seo, agus roinnt cinn eile, ná a chinntiú go bhfuilimid ag tabhairt na cumhachta don údarás tríd an mBille seo agus nach bhfuil aon srian ann. Tá deis againn rudaí a leathnú. Is féidir linn é a shrianadh agus a rá gur gá don údarás dul chuig an Aire nó seo nó siúd a dhéanamh, ach nach mbeadh an cosc ar an údarás talamh a dhíol nó a chur ar léas ar mhaithe le tithíocht. Faoi láthair, níl an chumhacht sin ag an údarás. Is é an jab atá aige ná déileáil le cur chun cinn na Gaeilge agus tionsclaíocht nó poist a chruthú sa Ghaeltacht. Ciallaíonn na leasuithe seo go mbeidh jab ar leith ag an údarás cuidiú le déileáil leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus go mbeidh na dualgais sin air.

Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a deir go bhfuil dualgais ag na comhairlí contae agus gur cóir dóibh díriú ar an tithíocht. Tá frustrachas ann. Tá a fhios ag daoine go bhfuil an dualgas sin ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe, mar shampla, ach níl sé ag tarlú. Níl an talamh sa cheantar á ceannach aici agus níl an t-infreastruchtúr á chur isteach. Is de bharr gur scéimeanna beaga tithíochta atá i gceist nach bhfuil an tosaíocht chéanna á tabhairt mar is gá. Níl aitheantas ann ar an ngá an Ghaeltacht a chosaint agus gur gá rudaí eisceachtúla a dhéanamh seachas an ghnáthchóras. Tá jab ar leith le déanamh. B'fhéidir go mbeidh na comhairlí contae chun déileáil leis seo, ach an frustrachas a bhí ar lucht na gcomhairlí contae nuair a tháinig siad os comhair an chomhchoiste ná nach raibh na treoirlínte ann. Is féidir linn dul tríd ceist na dtreoirlínte agus cén tAire atá i gceist - deir duine amháin an tAire Gaeltachta agus deir duine eile an tAire tithíochta. Seachas sin, táimid ag tabhairt na deise don údarás, áit a bhfuil talamh aige nach bhfuil aon fhiúntas nó plean aige di, gur féidir leis féachaint an gcuideoidh sé le fadhb thithíochta i gceantar áirithe a leighis. Bheadh clanna á gcur ann agus fostaithe á gcothú do chomhlachtaí atáthar ag triail a lonnú sa cheantar. Dhéanfaí cinnte de go mbeadh beocht ag teacht ar ais i roinnt de na ceantair Ghaeltachta atá an-leochaileach faoi láthair agus a d'fhéadfadh bás a fháil laistigh de ghlúin amháin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.