Dáil debates

Wednesday, 9 April 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

11:15 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Fearaim fáilte roimh an Aire go bhfuil sé sásta nó oscailte faoin gceist seo ach tá sé deacair a oibriú amach cén chaoi a oibreoidh sé seo. Táimid ag dul ar aghaidh leis seo le cúpla bliain agus táim ag breathnú siar ar na hóráidí a thug an t-iarOllamh Gearóid Ó Tuathaigh agus tiocfaidh mé ar ais go dtí sin. Luafaidh mé freisin an tOllamh Ó Giollagáin. Tugann siad comhthéacs don rud seo uilig agus tá sé tábhachtach dá bharr.

Aontaím leis an méid atá ráite ag an Teachta Ó Snodaigh ó thaobh na leasuithe atá as ord de. Tá sé deacair dúinn i gcónaí an freagra a fhaighimid go bhfuil siad as ord ach tuigim gurb é sin córas. Má tá moill eile ar an mBille seo is fiú é, i mo thuairim, má fhaighimid réiteach ar thuilleadh cumhachtaí mar tá siad ag teastáil d’Údarás na Gaeltachta.

Is uair na cinniúna é i ndáiríre ó thaobh na nGaeltachtaí agus ó thaobh chúrsaí tithíochta. Nil aon éalú ó sin.

Ar mhaithe le comhthéacs, mar tá sé tábhachtach, níl an Ghaeltacht mar atá sí inmharthana. Dúirt an tOllamh Ó Giollagáin é sin i mí na Bealtaine 2023, beagnach dhá bhliain ó shín. Tá stair mhór ag an bhfear sin ag cur na bhfíricí os ár gcomhair. Is fear acadúil é agus neart leabhar scríofa aige. Níl mé ach ag piocadh na hóráide a thug sé os comhair an choiste nuair a chuir sé in iúl gur uair na cinniúna é.

Ag an am sin chomh maith, thug an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh aitheantas gurb é bun agus barr an Bhille seo ná an bunphobal Gaeltachta a neartú agus a mhúnlú. Lean sé ar aghaidh agus dúirt sé gur gné amháin den mhórchuspóir é gné an rialachais agus lean sé ar aghaidh ó thaobh cé chomh tábhachtach is a bhí sé. Dúirt sé gur gné teoranta é. Beidh a bhfuil le rá agam dírithe den chuid is mó ar a bhfuil i gceist ag na leasuithe, ach tugann sé seo chomhthéacs thar a bheith tábhachtach dúinn. Níl mé ach ag lua dhá cheann. Ní gá don Aire a bheith buartha; níl mé chun leanúint ar aghaidh. Is iad síorchreimeadh na Gaeltachta agus cumhachtaí agus cúram an údaráis comhthéacs na díospóireachta seo. Ní mór díospóireacht ionraic a bheith againn ó thaobh na gcumhachtaí sin agus ó thaobh shíorchreimeadh na Gaeltachta. Lean an tOllamh Ó Tuathaigh ar aghaidh maidir leis an mBille agus an gné áirithe sin. Is díospóireacht i bhfad níos ionraice atá ag teastáil uainn ó thaobh síorchreimeadh na nGaeltachtaí uilig.

Cé nach bhfuil mé chun é seo a athrá, is é an taithí atá againn ar an gcoiste ó bheith ag taisteal timpeall na tíre ná go bhfuil gá le réiteach a fháil. Níl a fhios agam cé chomh fada is atá muid ag fanacht leis na treoracha pleanála. Níl tásc ná tuairisc orthu. Má tá an tAire sásta geallúint shollúnta a thabhairt dúinn go bhfuil sé oscailte réiteach a fháil ar an bhfadhb, bíodh sin tuilleadh cumhachtaí a chinntiú d’Údarás na Gaeltachta - mar approved housing body nó cibé bealach nó réiteach - bheinn sásta ach amháin an t-aitheantas a thabhairt don síorchreimeadh atá ar siúl agus don ghéarchéim tithíochta. Tá daoine ag fágáil na nGaeltachtaí mar níl aon tithe ann.

Níl mé ag iarraidh locht a chur ar Údarás na Gaeltachta. Tá a fhios agam go ndearna sé a dhícheall. Is dócha, áfach, go raibh neart solúbthachta aige agus níor bhain sé úsáid as an tsolúbthacht sin. Níl aon amhras ann go raibh easpa acmhainní i gceist ó 2008 ar aghaidh agus fiú níl a dhóthain acmhainní ar ais aige anois. Is cinnte nach raibh locht ar bith air ag an am sin. Roimhe sin agus tar éis an tréimhse sin, áfach, níor tháinig sé os ár gcomhair le rá go réamhghníomhach nárbh féidir leis leanúint ar aghaidh agus é ag díriú isteach ar sprioc amháin, is é sin, cúrsaí fostaíochta, gan a chur os ár gcomhair go bhfuil géarchéim tithíochta ann.

Ag dul ar ais go dtí an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979, i leathanach amháin tá neart féidearthachtaí leagtha amach. Cé nach bhfuil mé chun iad a léamh, bhí neart féidearthachtaí agus cumhachtaí aige. Bhí solúbthacht aige. Níor tharla sé, áfach, agus lean an rud ar aghaidh le heaspa tithíochta i gceist. Mar a dúirt mé, tá trua agam dó i dtaobh tréimhse áirithe ó 2008 ar aghaidh, ach ní roimhe sin agus ní tar éis an tréimhse sin de bharr nár dúirt sé é seo go soiléir. Chomh maith leis sin, cosúil leis An Taisce, bíonn Údarás na Gaeltachta i gcónaí ar an eolas faoi chead pleanála agus faoi na hiarratais a bhíonn ag dul isteach. Tá eolas i bhfad níos fearr aige ó thaobh na n-aighneachtaí a bhíonn ag dul isteach timpeall na cathrach, sna Gaeltachtaí agus i gConamara ná aon Teachta Dála ar an talamh. Bhí deis aige ansin a rá go raibh sé ag dul an treo seo agus go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha i gceist mura stopfadh muid. Geallúintí sollúnta atá de dhíth.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.