Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
11:15 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Maidir leis na trí leasú atáimid ag déileáil leo faoi láthair, leasú Uimh. 8 go dtí 11, is cinn cuibheasach simplí iad. Níl siad ach ag déanamh cinnte de go bhfuil na cumhachtaí breise ag an údarás agus ní cumhachtaí móra atá i gceist ann. Tá siad ag déanamh cinnte de má tá an t-údarás ag díol nó ag ceannach, gur féidir leis é sin a dhéanamh i gceart. D'fhéadfadh an t-údarás talamh a dhíol. Bheadh sé in ann talamh nó teach a dhíol nó a chur ar léas. Aontaím leis an Teachta Connolly nár chóir go mbeimid i gcónaí ag díol talamh poiblí nó teach poiblí ach caithfimid féachaint air sin. Uaireanta, is teach amháin atá i gceist: má cheannaítear suíomh mór talaimh chun ionad tionsclaíochta nó Gteic nua a thógáil, bíonn teach leis an suíomh. Caithfidh cead a bheith ag an údarás an teach sin a dhíol sa chás sin nó b'fhéidir tithe a dhíol, is é sin go bhfuil sé dírithe chun déileáil leis an bhfadhb bhunúsach atá ann nach bhfuil tithe inacmhainne ar fáil. Is mionrudaí iad. Chuala mé an tAire agus gur chóir dúinn díriú isteach air seo agus tá súil agam go ndéanfaimid é sin. Tá an t-aitheantas ann go bhfuilimid ag bogadh sa treo ceart sa Bhille seo agus go bhfuil an leasú seo ag teacht leis an bPríomh-Acht. Go háirithe nuair a smaoinítear siar ar an bPríomh-Acht ó 1979, scríobhadh ann:
Chun críocha an ailt seo beidh de chumhacht ag an Údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh [sin áit a bhfuil cónaí ar dhuine] nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil.
Bhí aitheantas éigin ann in 1979 go raibh gá don údarás díriú isteach air seo ag am éigin ach tharla athrú idir an dá linn agus níor tugadh an mhaoin agus an caipiteal dó chun díriú isteach ar an gceist seo. Mar atá léirithe, níl an saineolas nó an fhoireann acu toisc nach raibh sé dírithe ar an gceist seo go hiomlán. Ghlac sé, mar a ghlac an chuid eile den tír, go raibh an jab seo le déanamh ag na comhairlí contae. Ní dhearna na comhairlí contae a leithéid, tá a fhios agam, agus tá an ceart ag an Aire.
B’ait liom an tslí nuair a tháinig na comhairlí contae os comhair an choiste cé chomh haineolach is a bhí siad ar shlí amháin. Chuir siad an milleán ar an Aire tithíochta agus iad á rá nach bhfuil aon treoirlínte agus níor thuig siad céard a bhí le déanamh acu. Bhí dream amháin ag déanamh rud amháin agus dream eile nach raibh ag déanamh rud ar bith. Ar shlí amháin, bhí siad ag rá go raibh siad ag fanacht ar threoir éigin. Bhí agus tá gach uile chomhairle contae sa tír seo in ann tithe a thógáil agus tá suíomhanna acu. Mura bhfuil na suíomhanna acu, tá sé de cheart agus de chead ag na comhairlí sin na tailte sin a cheannach.
B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an tAire gurb é sin an fáth go bhfuil na comhairlí contae breá sásta anois á rá go bhfuil muid dírithe isteach ar an gceist seo. Rud amháin ná go bhfuil dualgais bhreise acu toisc an tAcht Pleanála agus go bhfuilimid ag díriú isteach ar na treoirlínte am éigin amach anseo. B'fhéidir go bhfuil siad sásta dá mbeimid ag rá chun an dualgas ar fad a bhogadh chuig an údarás. Ansin, déarfadh siad happy days, mar nach mbeadh gá acu ansin déileáil leis an nGaeltacht, le BÁNÚ nó le haon dream mar sin. Ní hé sin a bheadh i gceist againn agus ní hé go mbeadh na comhairlí contae scartha amach as. Ní gá ach féachaint ar chathair na Gaillimhe agus an tslí ina bhfuil an chomhairle ansin tar éis eastáit tithíochta a thógaint sa chathair gan coinníollacha teanga ann nó aon chur chuige a bheith ag an gcomhairle chun a dhéanamh cinnte de go raibh an Ghaeilge slánaithe sna heastáit tithíochta sin thar na blianta. Tá bunfhadhb ansin.
Táim sásta ar shlí amháin go bhfuilimid ag teacht ar ais chuige seo. Chun an tAire a chur ar an eolas, ní bheidh coiste Gaeilge ag bualadh le chéile roimh lár mhí Bealtaine. Bhíomar ag an gcruinniú díreach roimhe seo, mé féin, an Ceann Comhairle, agus a lán daoine eile, ag iarraidh díriú isteach ar Chathaoirligh agus ar bhaill a roghnú. Beidh siad roghnaithe agus beidh sé ag tarlú go luath i mí Bhealtaine ach ní bheidh cruinnithe ann. Caithfimid díriú isteach ar an mBille seo ar an gCéim seo istigh anseo idir an dá linn.
Tiocfaimid ar ais ar an gceist sin ach tá an deis againn ar an gCéim seo. Nuair a bheimid ag teacht ar ais anseo ar Chéim na Tuarascála, tá an deis ag an Aire díriú níos mó isteach air seo agus féachaint an féidir an cúpla focal breise a chur san Acht, le go mbeadh breis deiseanna ag an údarás díriú isteach ar an gceist seo. Is ansin freisin go dtabharfadh an tAire Airgeadais - ní hé an tAire, an Teachta Calleary, an tAire Airgeadais - níos mó airgid don údarás chun a dhéanamh cinnte de go bhfuil an caipiteal aige chun cur leis an méid talaimh atá ag an údarás agus díriú isteach ar roinnt den tithíocht seo a chur ar fáil, más é sin an treo ina bhfuil an tAire, an Teachta Calleary, sásta dul.
Mura bhfuil sé, is fiú go ndéanfaidh sé cinnte de go bhfuil carn airgid ar leith curtha ar leataobh ag an Stát le go bhféadfaí, mura bhfuil an chumhacht ag an údarás - tá súil agam go mbeidh - le go mbeidh an t-údarás nó na comhairlí contae in ann tarraingt as chun díriú leis an bhfadhb bhunúsach ó thaobh infrastruchtúir, séarachais, uisce agus leictreachais de i gceantair Gaeltachta maidir leis an gceist thithíochta. Mura tharlaíonn sé sin, is léir dom ó bhualadh le hUisce Éireann nach bhfuil tosaíocht ar bith ag an gcomhlacht sin faoi na ceantair bheaga Ghaeltachta. Tá an comhlacht sin dírithe ar na pleananna móra agus uisce a chur ar fáil do 1,000 teach nó 2,000 teach. Níl sé buartha faoi chóras séarachais atá dírithe ar 50 nó 60 teach i gceantair iargúlta na Gaeltachta.
Caithfimid teacht ar bhealach éigin chun an tosaíocht sin a bhronnadh ar na ceantair sin. Ba chóir go mbeadh ciste ar leith ann agus, más féidir, é a bheith bainistithe ag an údarás, ag approved housing body Gaeltachta, ag na comhairlí contae nó ag an Stát féin. Caithfear é sin tarlú chun a dhéanamh cinnte de go bhfuilimid ag díriú isteach ar na ceisteanna tithíochta.
Is mionleasuithe iad seo. Tá leasú eile nach raibh cead againn a chur chun cinn toisc go raibh costas i gceist. Is é sin ceann de na fadhbanna bunúsacha nuair atá ag an bhFreasúra, go bhfuil tuairimí maithe againn, nó ag eagras cosúil le Conradh na Gaeilge, agus go gcuirtear na leasuithe seo chun cinn in ainneoin go bhfuil a fhios againn go minic go mbeidh cosc curtha orthu go mbeidh siad faoi deara “muirear ar an ioncam”. Is dóigh liom gurb é sin an bealach a luaitear é nuair atá leasuithe mar sin curtha as ord. Caithfimid a dhéanamh cinnte de go bhféadfaimis a mholadh don Aire féachaint orthu - leasuithe Uimh. 12, 13, 14 agus 16 - in ainneoin go bhfuil siad as ord toisc go bhfuil siad faoi deara muirear a chur ar an ioncam. Iarraim ar an Aire díriú isteach orthu siúd mar go gcuireann siad leis an méid atá á rá againn anseo. Leagann siad amach ar bhealach níos mine an cás ná na mionleasuithe Uimh. 8 go dtí Uimh. 11. Leagann siad amach conas is féidir díriú isteach ar an ngéarchéim tithíochta i gceantair Ghaeltachta.
No comments