Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
11:05 am
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein) | Oireachtas source
Is géarchéim eiseach - an existential crisis - í an géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Ní bheidh ceantair Ghaeltachta againn, nó pobal labhartha Gaeilge againn, muna bhfuil réiteach ar an ngéarchéim seo. Tá sé sin ag teacht ó na saineolaithe agus na pobail. Tá sé istigh sna pleananna teanga atá faomhaithe ag Roinn an Aire le blianta anuas. I bplean teanga Ghaeltacht na nDéise, tá sé an-soiléir: is í tithíocht an cuspóir is mó inár bplean teanga. Tá an Stát agus an Rialtas ag infheistiú sna ceantair Ghaeltachta i dtaobh na pleananna teanga agus is maith an rud é. Tá an-chuid obair á dhéanamh ag na comhlachtaí forbartha agus na pleanálaithe teanga.
Muna bhfuil na tithe ann do dhaoine le maireachtáil iontu agus clann a thógáil - táthar ag iarraidh an chéad ghlúin eile agus an ghlúin ina dhiaidh sin a thógáil sna ceantair Gaeltachta - beidh stop leis an nGaeltacht don chéad uair riamh i gContae na Gaillimhe, i gContae Mhaigh Eo, i gContae Phort Láirge, i gContae Chorcaí, i gContae na Mí, i gContae Chiarraí agus i dTír Chonaill. Beidh deireadh le ré na Gaeltachta agus beidh an nasc ársa sin briste don chéad uair. Tá sé chomh tubaisteach tábhachtach sin.
Muna féidir glacadh lenár leasuithe - ina measc leasú Uimh. 12, atá ag iarraidh cumhachtaí a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta le AHB a bhunú chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo - b'fhéidir gur féidir leis an Aire ó thaobh an Roinn de leasú den saghas sin a chur isteach ag an gcéad Chéim eile, nó ar a laghad féachaint air. Is dócha go bhfuil an gá sin ann. Chun a cheart a thabhairt don Aire, tá an ceart aige nach bhfuil taithí ag an údarás feidhmiú mar údarás tithíochta, ach níl taithí ag aon eagras Stáit nó eagras poiblí, aon AHB nó aon údarás áitiúil bheith ag feidhmiú mar údarás tithíochta Ghaeltachta. Níl a leithéid de rud ann go dtí seo. Níl na comhairlí áitiúla tar éis freastal ar an éileamh sna ceantair Ghaeltachta riamh. Níl siad á dhéanamh anois agus iadsan atá freagrach as tithíocht shóisialta, phoiblí agus inacmhainne a chur ar fáil sna ceantair Ghaeltachta, níl sé déanta acu. Níl sé déanta ag aon dream.
Glacaim leis an méid a dúirt an Aire nach féidir gan locht a chur ar na comhairlí áitiúla. Caithfidh siad a bheith freagrach as an gceist seo chomh maith, ach ní féidir a rá go bhfuilimid chun brath orthu amháin. Caithfimid féachaint ar cad gur féidir leis an údarás a dhéanamh mar an eagras Stáit atá ainmnithe le infheistíocht agus bainistiú a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta. Táimid tar éis díospóireacht an-fhada a bheith againn ar conas é seo a dhéanamh níos daonlathach ionas go mbeidh an t-údarás freagrach as na pobail sin. Tá an t-údarás i bhfeighil ar na pleananna teanga cheana féin. Tá sé freagrach as an Ghaeltacht a choimeád beo. Glacaimid leis sin. Is é sin an dualgas i ndáríre atá ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh fostaíocht, fiontraíocht, an eacnamaíocht agus pleanáil teanga. Anuas air sin, caithfimid freagracht a thabhairt dó i dtaobh cúrsaí tithíochta. Tá fianaise ann le blianta anuas nach bhfuil na húdaráis áitiúla á dhéanamh sin. Tá sé sin soiléir ón méid atá tar éis titim amach leis na treoirlínte pleanála Gaeltachta - táimid ag fanacht orthu ó 2021 ach níl siad feicthe ag aon duine. Níl sé sin díreach ag teacht ó na húdaráis áitiúla, ach ón Roinn tithíochta chomh maith. Ní thuigeann siad cé chomh tábhachtach is atá an cheist seo. Táim ag súil leis go dtuigeann an Roinn Gaeltachta cé chomh tábhachtach is atá an fhadhb seo, ach ní dóigh liom go bhfuil sé tar éis landáil istigh i gcloigne an Roinn tithíochta cé chomh tábhachtach is atá sé.
Tá cuid d'ár leasuithe an-simplí i go leor slite. I gcás leasú Uimh. 6, táimid ag caint mar gheall ar an deis a thabhairt don údarás maoin a cheannach agus ní hamháin a dhíol. Beidh rudaí ag titim amach anseo. Tá muid ag caint mar gheall ar cheantair Ghaeltachta éagsúla. Dá bhrí sin, beidh éagsúlacht agus solúbthacht ag teastáil ón údarás chun déileáil leis an ngéarchéim tithíochta i ngach ceantar éagsúil. I gceantair áirithe, is ceisteanna mar gheall ar chead pleanála don chuid is mó atá i gceist. I gceantair eile, is mar gheall ar líon na tithe saoire agus na Airbnbs atá na ceisteanna. I gceantair eile, is mór an fhadhb í an easpa tithe shóisialta. I gceantair eile, táimid ag caint faoi conas is féidir suíomhanna seirbhísithe inacmhainne, serviced sites, a chur ar fáil do dhaoine lena dtithe féin a thógáil. In áiteanna eile, táimid ag caint faoi conas is féidir housing co-operative a chur ar fáil chun tithíocht inacmhainne a sholáthar. Beidh réitigh éagsúla i gceist i ngach ceantar. I gceantair áirithe, beidh níos mó ná réiteach amháin ar an fhadhb. Caithfimid an tsolúbthacht is mó gur féidir linn a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta agus, mar chuid de sin, ba cheart dúinn a chinntiú ní hamháin gur féidir leis talamh a dhíol, ach gur féidir leis talamh a cheannach freisin.
Ní hamháin gur talamh atá i gceist ach maoin, sé sin property, tithe san áireamh. Beidh ceist ann amach anseo. Táim cinnte go mbeidh cás ann nuair a bheidh píosa talún de dhíth ón údarás le cur le píosa talún atá aige cheana féin, ionas gur féidir leis rochtain a dhéanamh ar shuíomh. Beidh air píosa talún a cheannach ar mhaithe le access to a site. Caithfimid solúbthacht agus cumhachtaí a thabhairt don údarás ionas gur féidir leis é sin a dhéanamh, nó beimid ar ais anseo i gceann cúpla bliain tar éis don Bhille seo bheith curtha i ndlí. Beidh fadhbanna ag teacht anuas agus beidh mise ag cur Topical Issues nó oral questions chuig an Aire mar gheall ar rud éigin i nGaeltacht na nDéise. Beimid ag rá nach mbeimid ag ardú na ceisteanna seo dá mba rud é go raibh deis againn é seo a dhéanamh i gceart trí bliana ó shin. Is é seo an deis é seo a dhéanamh i gceart. Impím ar an Aire féachaint ar na leasuithe seo.
Níl aon rud as an ngnáth istigh anseo. Tá sé mar gheall ar ghnáthchumhachtaí a thabhairt d'eagrais Stáit, ionas gur féidir leis an eagras sin déileáil leis na rudaí a bheidh ag teacht anuas. Gabhaim buíochas.
No comments