Dáil debates

Wednesday, 9 April 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

10:55 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le gach Teachta a bhí páirteach sa phíosa sin. Tá sé an-tábhachtach. Is cuimhin liom an cruinniú a bhí ag an gcomhchoiste le príomhfheidhmeannaigh na gcomhairlí contae. Chun a bheith deas dóibh, déarfaidh mé nach raibh mórán tuisceana acu. Is cuimhin liom go raibh foighne an Chathaoirligh faoi bhrú ar an lá sin. Is cuimhin liom an cruinniú sin go soiléir. Táim ag iarraidh spáis maidir leis seo. Bhí comhrá beag agam leis an Teachta Ó Snodaigh. Ba mhaith liom tuiscint a fháil ón údarás maidir leis an bhfadhb atá aige agus maidir leis an drogall atá ann ó thaobh na gcúrsaí seo. Tá sé leagtha amach sa Bhille. Táimid ag iarraidh a rá go láidir agus go soiléir go mbeidh an t-údarás in ann a bheith ina chomhlacht ceadaithe tithíochta nó ina údarás tithíochta. Tá sé sin leagtha amach i bhfad níos láidre sa Bhille ná mar a bhí.

Bhí na rudaí a dúirt an Teachta Connolly an-suimiúil. Níl mé chun comhairle contae a ainmniú ach cén fáth go mbeadh aon chomhairle contae ag iarraidh an locht a chur ar an údarás? Is í sin a bhuairt atá orm. Nuair a thabharfaimid an chumhacht don údarás, b'fhéidir go gceapfaimid gurb é sin freagra na faidhbe. Nílim cinnte gurb é. Nuair a thabharfaimid an chumhacht don údarás, caithfidh sé taithí thithíochta a fháil. Ag an bpointe seo, tá taithí aige ar fhoirgnimh thionsclaíochta. Tá sé ag déanamh an-jab leis sin. Nuair a bhí mé i m'Aire Stáit le freagracht as fiontar, bhí taithí agam air sin. Nuair a thabharfaimid an chumhacht sin don údarás, an mbeidh an taithí agus na resources aige chun an chumhacht sin a bhainistiú? Níl mé ag iarraidh hope a thabhairt do dhaoine gurb é seo an freagra mar tá i bhfad níos mó píosaí leis an jigsaw seo.

Maidir le ceist an Teachta Uí Shnodaigh, táim tar éis scríobh chuig an Aire tithíochta, an Teachta Browne, ag iarraidh air suí síos liom, mar Aire Gaeltachta, chun a phlé cá bhfuil na treoirlínte ag an bpointe seo agus chun brú a chur chun na treoirlínte sin a fhoilsiú. Roimhe sin, táim ag iarraidh cruinniú a bheith agam leis an údarás chun tuiscint a fháil díreach óna bhainistíocht ar an tuiscint atá aici ar na cumhachtaí atá ag an údarás, na cumhachtaí breise a bheidh aige de bharr an Bhille seo agus cad a bheidh an t-údarás in ann a dhéanamh leis na cumhachtaí breise sin. Ón eolas atá agam faoi chúrsaí tithíocht an údaráis, tá deich dteach aige. Nuair a cuireadh an t-údarás ar bun sna hochtóidí, bhí tithíocht aige chun an bhainistíocht a thabhairt go dtí an Ghaeltacht. Tá an tithíocht sin fós ann cé go bhfuil droch-chaoi uirthi. Léiríonn sé sin dom nach bhfuil mórán suime ag an údarás sa soláthar tithíochta beag atá aige. Táim ag iarraidh spáis idir seo agus an chéad chéim eile chun go mbeidh mé in ann smaointe an údaráis faoi na deiseanna agus na dúshláin atá ann a phlé.

7 o’clock

Ní raibh mórán deis agam go dtí an pointe seo cruinnithe a eagrú le grúpaí cosúil le Conradh na Gaeilge, BÁNÚ nó Tinteán, ach tá sé ar intinn agam cruinnithe a eagrú leis na grúpaí sin chun plé go díreach leo. Nílim ag iarraidh geallúint a dhéanamh go gcaithfidh mé a bhriseadh. Ag an bpointe seo, ní aontaím go bhfuil an t-údarás in ann a bheith mar chomhlacht ceadaithe tithíochta. An bhfuil an taithí agus na scileanna aige? Níl mé ag iarraidh a rá le daoine go bhfuil an fhreagra agam, go mbeidh gach rud go hiontach agus go mbeidh an t-údarás i gceannas ar chúrsaí tithíochta. Ceapaim go dtuigeann gach duine nach bhfuil aon fhreagra amháin i gceist. Táim an-dáiríre faoin bhfadhb tithíochta sa Ghaeltacht. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, is cosán é go dtí an Ghaeltacht agus an Ghaeilge. Má éiríonn linn an fhadhb seo a réiteach, is deis é freisin daoine a thabhairt ar ais, clainne óga a thabhairt ar ais, agus ní hamháin an teanga ach saol an Ghaeilge agus saol na Gaeltachta a dhéanamh níos láidre.

Ag an bpointe seo, nílim in ann glacadh leis an leasú atá leagtha amach. Nílim ag rá go bhfuil an freagra agam. Táim ag iarraidh an spás idir an Chéim seo agus an chéad Chéim eile a úsáid chun plé a bheith agam leis an údarás ach go háirithe. Tá sé i gceist agam freisin na treoirlínte a phlé leis an Aire, an Teachta O'Brien, agus plé a bheith agam le grúpaí cosúil le Conradh na Gaeilge. We might even have an Irish-language committee up and running. Beidh plé de dhíth leis an gcoiste faoin tuarascáil a chur na Teachtaí Ní Chonghaile agus Ó Snodaigh a lán obair istigh ann, mar aon leis an Teachta Ó Muimhneacháin agus an iarTheachta Ó Cuív. Is dóigh liom go raibh mé ann le haghaidh cúpla cruinniú ag tús an phróisis sin. Nuair a dúirt an Teachta Ní Chonghaile nár chuimhin léi iad, bhí mé ag ceapadh go raibh na mothúcháin céanna agam fúthu.

Níl mé in ann glacadh leis na leasuithe ag an bpointe seo, ach tá mé ag rá go bhfuil muid chun leasuithe a dhéanamh ar an gcéad Chéim eile, Céim na Tuarascála. Tá sé tábhachtach go dtagann gach duine le chéile chun é a phlé. Beimid in ann rud éigin a dhéanamh faoi cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, ní hamháin sa tír, agus béim a chur ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Ceapaim gur jab maith a bheidh ansin le haghaidh an chéad cúig bliana eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.