Dáil debates

Wednesday, 9 April 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

10:45 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Seo croílár na faidhbe i ndáiríre - na leasuithe seo. Níl leasú an Rialtais sásúil. De réir alt 6 den Bhille, leasófar alt 8 den Phríomh-Acht agus "Féadfaidh an tÚdarás talamh a dhíol le comhlacht tithíochta ceadaithe ... nó le húdarás tithíochta ... nó a dhiúscairt". Cuirimis na leasuithe seo le chéile. Tá ceann as ord agus tá sé ráite ag an Teachta cheana nach dtuigeann sé cén fáth a bhfuil sé as ord.

Fanfaidh mé leis na pointí ginearálta. Tá géarchéim tithíochta ann. Thosaigh an feachtas seo ar son Údarás na Gaeltachta agus na toghcháin a thabhairt ar ais le hÉamon Ó Cuív, agus tá moladh tugtha agam dó. Is é sin an príomhchuspóir a bhí i gceist: na toghcháin a thabhairt ar ais agus córas daonlathach a chur i bhfeidhm. D'aontaigh muid go léir leis, agus d'oibrigh muid as lámha a chéile ar an gcomhchoiste. In ainneoin nach raibh sé ar an gcomhchoiste, tháinig Éamon Ó Cuív chuig gach cruinniú. Ach, bhí sé soiléir ón obair a rinne an coiste i dtréimhse na Dála deireanaí agus an tréimhse roimhe sin, nuair a thaisteal muid ar fud na tíre, go raibh géarchéim i gceist sna Gaeltachtaí uilig.

Tháinig na saineolaithe os ár gcomhair. Tá a ráitis anseo. Chuir an tOllamh Ó Giollagáin, an t-iar-ollamh ó Ghaillimh agus daoine eile le saineolas in iúl dúinn go soiléir nach raibh sé inmharthana agus go raibh gá le hathrú bunúsach, "transformational change", an frása atá á úsáid againn tar éis Covid, tar éis athrú aeráide a dhearbhú agus araile. Níl aitheantas á thabhairt ag an Rialtas don ghéarchéim sin. Tá iarracht déanta anseo ó thaobh na tithíochta de ach ní leor é. Ní saineolaí mé ach is é mo léamh ar an reachtaíocht ná gur féidir le hÚdarás na Gaeltachta i bhfad níos mó a dhéanamh ó thaobh cúrsaí tithíochta laistigh de na srianta atá air. B'fhéidir go bhfuil easpa foirne agus easpa acmhainní i gceist. Ní féidir dul ar aghaidh leis na spriocanna atá aige an Ghaeilge a bhuanú, a láidriú agus a choimeád gan tithíocht a bheith ann. Tá an dá rud fite le chéile. Dá mba rud é go raibh cumhacht agam laistigh den údarás, bheinn ag iarraidh air tithe a thógáil. Ní féidir sprioc amháin a bhaint amach gan an sprioc eile. Ní féidir an Ghaeilge a chaomhnú gan tithe a bheith ann. Is dócha go bhfuil saineolaithe eile laistigh den Rialtas ag rá nach bhfuil an chumhacht ag an údarás. Ceapaim féin go bhfuil ach, ag glacadh leis an saineolas ó na saineolaithe nach bhfuil an chumhacht aige, is é seo an deis an chumhacht a thabhairt dó agus a shoiléiriú go mbeidh cumhacht aige tithe a thógáil agus talamh a thabhairt. Nílim cinnte faoin bhfocal "díol" toisc gur talamh poiblí atá i gceist agus táimid ag iarraidh an praghas a choinneáil síos. Táim ag caint faoi thalamh a thabhairt do chomhlachtaí gan bhrabús agus obair as lámh a chéile leis an gcomhairle contae.

Bhí agallamh suimiúil ar Raidió na Gaeltachta. Fair play do Raidió na Gaeltachta as ucht obair na gcapall atá a dhéanamh aige. Tapóidh mé an deis chun dul isteach ar na rudaí seo. Bhí duine ó BÁNÚ i mbun agallaimh agus dúirt sé go raibh cruinniú suimiúil aige leis an gcomhairle contae faoi dheireadh. Tá sé ráite go poiblí agam go bhfuil locht ar an gcomhairle contae freisin. Nuair a bhí sé féin agus na sé údarás áitiúla eile os ár gcomhair, bhí easpa tuisceana iomlán acu ó thaobh na bhfreagrachtaí atá orthu maidir le cúrsaí tithíochta agus an Ghaeilge. Tá an t-agallamh seo thar a bheith suimiúil. De réir mo thuisceana agus de réir an mhéid a chuala mé, dúradh go raibh cruinniú suimiúil ag BÁNÚ, go raibh an chomhairle contae oscailte den chéad uair agus gur chuir sé in iúl go mbeidh athbhreithniú ar phlean an chontae agus go mbeidh deiseanna ag daoine aighneachtaí a chur isteach. Ba é an rud ba shuimiúla domsa ná go dúirt an chomhairle contae le BÁNÚ go raibh sí i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta dhá bhliain ó shin. Níl mé ag iarraidh dul isteach in "dúirt an bhean seo agus dúirt an fear sin" ach ba é an rud tábhachtach a bhí a rá acu ná go raibh an chomhairle contae den tuairim gur féidir leis an údarás a bheith ainmnithe mar housing body agus an teideal sin a ghlacadh nó comhlacht a bhunú laistigh den údarás agus feidhmiú mar áisíneacht tithíochta. De réir mar a thuigim, dúirt an t-iarAire tithíochta - is Aire é go fóill ach bhí sé ina Aire tithíochta cheana - an rud ceannann céanna, is é sin, go raibh féidearthacht ann don údarás feidhmiú mar approved housing body nó eintiteas mar sin chun tithe a thógáil. Níl a fhios agam cad é an réiteach ach tá a fhios agam an fhadhb. Tá gá le tuilleadh tithíochta. Cibé cé na cumhachtaí breise atá ag teastáil ón údarás, tá gá le hiad a thabhairt dó chomh maith le hacmhainní.

Maidir leis an rud seo, tá a fhios agam go bhfuil tuiscint ollmhór ag an Aire ó thaobh na bhfadhbanna ach ní féidir glacadh leis seo. Tá sé rólag. Ní féidir dul ar ais chuig na heagraíochtaí ar an talamh. Nílim ach ag lua ceann amháin, BÁNÚ, ach tá neart eagraíochtaí agus pobal eile ag impí orainn rud a dhéanamh chun tuilleadh cumhachtaí a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta. In ainneoin nach bhfuil sé sin ag teastáil de réir mo thuisceana, táim ag dul ar aghaidh leis na rudaí atá á rá ag na saineolaithe. Tiocfaidh mé ar ais arís. Ba mhaith liom freagra an Aire a chloisteáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.