Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
12:25 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 19:
Ar leathanach 13, idir líne 8 agus líne 9, an méid seo a leanas a chur isteach:
“Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht
7. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):
“(10) Reáchtálfaidh an tÚdarás cruinnithe míosúla i seisiún poiblí, a mbeidh rochtain oscailte ag an bpobal agus ag na meáin orthu, ach beidh de chumas agus de chead ag an mbord cinneadh a dhéanamh roimh ré nach féidir leo ábhair áirithe, a bhfuil íogaireacht tráchtála nó eile ag baint leo, a phlé i seisiún poiblí, ach gur gá na hábhair sin a phlé i seisiún príobháideach.”.”.
Is ceann simplí é seo. Déanann sé cinnte de, sa lá atá inniu ann, go mbeidh an daonlathas trédhearcach agus go mbeidh cruinnithe míosúla an údaráis poiblí, mar atá ag na húdaráis áitiúla agus ag na area committees i mBaile Átha Cliath chomh maith. B’fhéidir go bhfuil a leithéid ag coistí eile. Tuigim go bhfuil cásanna ar leith nuair nach féidir é seo a dhéanamh, agus is é sin an fáth go bhfuil sé leagtha síos nach gá go mbeidh na seisiúin, ina bhfuil cinntí á nglacadh nó á bplé a bhfuil íogaireacht tráchtála nó eile ag baint leo, poiblí. Tá aitheantas ann gur comhlacht trádála atá i gceist a bhíonn ag déileáil le rudaí casta airgeadais. Sa chomhthéacs sin, uaireanta ní cheart go mbeadh na seisiúin phoiblí. Bíonn an comhairle cathrach i mBaile Átha Cliath ag déileáil le ceisteanna móra casta faoi rátaí, páirceáil, cíos agus a leithéid. Tagann na nithe sin faoi bhráid an chomhairle agus is féidir iad a phlé go hoscailte leis na comhairleoirí tofa. Is minic go mbíonn an obair déanta roimh ré ag an feidhmeannas le plé agus cruinnithe laistigh den chomhairle. Is cruinnithe míosúla an údaráis atá i gceist, is iad sin, na cinn dlíthiúla is gá tarlú, áit a mbeidh na cinntí deireanacha á nglacadh seachas na bunchinntí. Is ag an stad seo gur gá don daonlathas a bheith ann.
Dá mbeadh sé chomh oscailte sin, ní bheadh na lads nó lassies, mar a bhí an tAire ag déanamh trácht orthu, ag seasamh sa toghchán le Gaeilge ach gan spéis ar bith acu. Ní bheadh siad sásta go mbeadh an pobal ag féachaint isteach mar bheadh sé soiléir cuibheasach tapa cé acu de na comhaltaí tofa - nó fiú na comhaltaí atá á roghnú ag an Aire - atá gafa le hobair an údaráis nó atá dírithe isteach uirthi. Bheadh na leisceoirí aitheanta cuibheasach tapa, dá mba ghá. Is gnáthchleachtas anois é seo. Tá sé le feiceáil sna coistí anseo. Bíonn seisiúin phríobháideacha ann agus ansin téann tú isteach go seisiún oscailte. Is féidir a leithéid a dhéanamh. Caithfidh an cleachtas sin a bheith ann ó thús.
Is cuimhin liom an díospóireacht – ní raibh mise ar an gcomhairle cathrach anseo riamh – nuair a bhíothas ag caint faoi live streaming a dhéanamh. Bhí alltacht ar na comhairleoirí cathrach siúd. Dúirt siad go mbeadh deireadh le gach rud, ach níor thit an tóin as an domhan dá thairbhe sin. Is gnáthrud anois é.
Níl a fhios agam cé mhéad den phobal a fhéachann isteach ar na cruinnithe seo, má fhéachann siad isteach orthu in aon chor. B’fhéidir go bhfuil sé cosúil le Oireachtas TV. Titeann daoine ina gcodladh ag féachaint air sin. Is é sin an fáth go bhfeiceann siad air. Tá sé tábhachtach don daonlathas go bhfuil an deis sin ann. Is é sin an sórt ruda atá i gceist. Tuigim má tá an tAire ag iarraidh féachaint ar a leithéid seo agus teacht ar ais. Agus muid ag tabhairt an daonlathais ar ais, nó ag bogadh i dtreo an daonlathas a thógáil ar ais ina iomláine ó thaobh an údaráis, is cuid den domhan nua é seo go bhfeiceann an pobal na cinntí á nglacadh agus an daonlathas ag obair.
No comments