Dáil debates

Wednesday, 9 April 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

12:25 pm

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein) | Oireachtas source

Aontaím le mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh. Tá muid ag bogadh sa treo ceart, cé nár glacadh lenár moltaí i dtaobh an toghcháin. Tá muid ag bogadh go dtí eagras a bheidh – cuid de ar a laghad – daonlathach. Leis an daonlathas, tagann an trédhearcacht. Ní féidir, is dócha, aon sampla a thaispeáint d’eagras, eagraíocht, fóram, bord nó aon rud atá tofa ag an bpobal trí toghchán nach bhfuil na cruinnithe den eagras sin oscailte don phobal. Leis an toghchán, tá muid go léir mar dhaoine tofa. Tá muid freagrach dár bpobail, dár nDáilcheantair agus dár dtoghthóirí a chuir sa ról seo muid. Caithfidh an rud céanna a bheith i gceist le bord Údarás na Gaeltachta. Tá mé cinnte go ndéarfaidh an tAire gur bord Stáit é seo agus go mbíonn cruinnithe boird i gceist le boird Stáit agus a leithéid. Is saghas hybrid eagras é seo i ndáiríre. Ní bord Stáit ina iomláine é a thuilleadh mar beidh toghchán ann agus beidh daoine ag dul isteach chun vóta a chaitheamh. Is é sin an fáth go raibh muid ar an taobh seo den Teach ag iarraidh go mbeadh an bord iomlán tofa mar is rud as an nua atá á chruthú againn anseo i ndáiríre. Má tá cuid den bhallraíocht ceaptha ag Aire agus cuid eile tofa ag an bpobal, is dhá rud i slí amháin é.

Caithfidh sé a bheith trédhearcach. Caithfidh daoine a bheith in ann féachaint an bhfuil na daoine, ar chaith siad vóta ar a son, ag feidhmiú, ag déanamh an jab, agus oiriúnach i gcomhair na rudaí. Tá mé cinnte go mbeidh miontuairiscí foilsithe ar an suíomh cúpla mí i ndiaidh na gcruinnithe nó rud éigin mar sin. Is gnáthnós é sin. Is ceart, áfach, go mbeadh cead ag daoine dul isteach go dtí na cruinnithe, díreach mar a gcéanna agus is féidir le daoine teacht isteach anseo nó in aon chomhairle áitiúil sa tír i gcomhair na gcruinnithe. Is beag duine a thagann isteach chun díospóireacht a leanúint, ach tá an deis sin acu. Tá sé oscailte do dhaoine é sin a dhéanamh. Ar ndóigh, is féidir leis na meáin dul isteach agus tuairisciú. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, tarlaíonn sé sin sna húdaráis áitiúla. Tarlaíonn sé sna fhóraim shláinte réigiúnacha mar shampla. Tarlaíonn sé anseo agus sa Seanad. Is gnáthnós é sin. Má tá toghchán le bheith ann, agus daoine curtha i róil de bharr gur toghadh iad, caithfidh daoine a bheith in ann féachaint orthu ag déanamh a gcuid oibre. Is bunphrionsabal daonlathach é sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.