Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
10:25 am
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein) | Oireachtas source
Is breá liom athrá a sheachaint. Is é an rud ar mhaith liom a rá ar an téama céanna leis an méid a dúirt an Teachta Ó Snodaigh. Tá sé mar gheall ar an bhforáil sin mar gheall ar iarrthóirí a bheith ina gcónaí laistigh de cheantar Gaeltachta. Is fadhb ollmhór é sin, go háirithe gur daoine óga ón nGaeltacht iad agus tá sé mar sprioc acu filleadh ar an nGaeltacht agus a gclanna a thógáil ansin. B'fhéidir go bhfuil a bpáistí ag freastal ar an scoil cheana féin sna ceantair Ghaeltachta ach de dheasca na géarchéime tithíochta, tá siad ina gcónaí i mbailte agus i sráidbhailte eile lasmuigh de na teorainneacha Gaeltachta.
Maidir leis an méid a dúirt an tAire faoi PAS, agus na treoracha a bheith ann i dtaobh na gcáilíochtaí do na daoine agus na comhaltaí a bheidh ceaptha amach anseo, ba cheart an tinreamh ceannann céanna a bheith i gceist. Caithfidh nasc láidir a bheith ag comhaltaí boird leis an nGaeltacht. Caithfidh siad a bheith fite fuaite agus mar chuid den phobal Gaeltachta ach níl gach duine atá mar chuid den phobal Gaeltachta ina gcónaí sa Ghaeltacht mar gheall ar an ngéarchéim tithíochta atá ann. I mo chás féin i gContae Phort Láirge, agus is dócha go bhfuil sé seo coiteann ar fud an Stáit sna ceantair Ghaeltachta, tá mórmhór na glúine óige ón Rinn agus ón Sean Phobal ag maireachtáil i nDún Garbhán agus i mbailte eile mar níl na tithe sóisialta inacmhainne, nó fiú príobháideacha, ar fáil ar phraghas réasúnta sna ceantair Ghaeltachta. Caithfimid aghaidh a thabhairt air sin.
No comments