Dáil debates

Wednesday, 9 April 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

10:15 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl mé chun dul siar ar gach rud atá ráite agam cheana. Ba chóir go mbeadh níos mó daonlathais seachas a mhalairt. Is é sin an fáth go bhfuil mé den tuairim gur chóir go mbeadh níos mó suíochán ann. Ní féidir liom cur i gcoinne an t-alt seo mar tá daonlathas de shórt éigin ann. Tá toghchán ag teacht ar ais agus is é sin atá á dhéanamh ag an alt ach amháin go bhfuil roghnú ag an Aire chomh maith céanna. Is é sin ceann de na pointí.

Luaigh mé an lá faoi dheireadh gur féidir ainmniúchán a bheith ann do na hoileán agus é a bheith rollaithe timpeall na n-oileán le go mbeadh ainmniúchán ag oileán amháin bliain amháin agus ag oileán eile an bhliain dár gcionn, srl. Dhéanfadh sé níos deacra é ach is féidir é a dhéanamh, mar a dhéantar i gcás na gcathaoirleach gnó. Bogtar an t-ainmniúchán sin timpeall. B’fhéidir gur féidir leis an tAire díriú ar an ngné sin más ag déanamh athraithe a bheidh sé.

Dá mhéad atá ar an mbord, is amhlaidh is mó saineolas a bheadh ann. Má tá bord níos mó, beidh níos mó daoine ann le saineolas bunaithe ar a gceantair féin nó ar a dtaithí féin agus a leithéid.

Ag an stad seo tá mé ag iarraidh díriú isteach ar alt 5(c)(2E). Is alt 5 atá i gceist ach nuair a fheiceann tú, tá sé ag déanamh leasaithe ar an mbunBhille. Tá sé ag teacht salach ar an méid a bhí luaite ag an gcomhchoiste ina chuid moltaí. Luaitear i moladh 12 ón gcomhchoiste nach gcuirfeadh an tAire aon choinníoll i bhfeidhm a chuirfeadh srian, a bhaineann leis an áit a bhfuil iarrthóirí ina gcónaí, ar aon iarrthóir seasamh i dtoghchán i gcomhar bhallraíocht bhord Údarás na Gaeltachta. Molann an comhchoiste an moladh seo ionas nach mbeidh aon srian ar iarrthóirí, nach féidir leo a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht mar gheall nach féidir leo áit chónaithe a cheannach inti nó nach féidir leo cead pleanála a fháil i gcomhair áit chónaithe dóibh féin a fháil inti, agus go mbeadh cead acu seasamh sna toghcháin. De réir alt 5, “Ní bheidh duine intofa mura rud é gur i gceantar atá cónaí air nó uirthi agus is sa cheantar arb ina leith a toghadh é nó í a bheidh cónaí ar chomhalta tofa”. Tuigim an bunús leis sin. Tuigim an sceon agus an raic a bhí ann thar na blianta nuair a bhí toghchán údaráis ann roimhe seo nó nuair a bhí toghchán eile ann. Dúradh nár bhain so-and-so leis an gceantar seo, nó nach raibh duine áirithe ag déanamh ionadaíocht ar ár son nó nach raibh cónaí ar an duine sin ann agus mar sin. Tá a fhios againn ar fad, áfach, go bhfuil géarchéim thithíochta ann - is iad na daoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht a bheadh i bhfad Éireann níos fearr chun labhairt faoin cheist seo ná mé - ach tá a fhios agam ó bheith bainteach leis an gcoiste Gaeilge anseo agus an camchuairt a rinne muid ar na ceantair difriúla cé chomh deacair is atá sé ar lánúin teach cónaithe a fháil i gceantar Gaeltachta. Ardaíodh an cheist maidir le Airbnb. Ní féidir fiú áit a fháil ar cíos. Má chuirtear é seo i bhfeidhm, tá seans ann go gcuirfidh sé as do dhuine nó beirt a bheith san iomaíocht i gceantar áirithe nó mar sin.

Tiocfaidh mé ar ais chuige sin ar Chéim na Tuarascála le leasú ach is ceann de na rudaí é sin. Níl a fhios agam go huile is go hiomlán conas déileáil leis mar aithním an fáth go raibh sé ann. Rinne an coiste plé air seo agus bhí siadsan den tuairim sin, tar éis na camchuairte agus labhairt leis na heagrais agus le roinnt díobh siúd. Shílfeá amach anseo go mbeadh siad sásta dul san iomaíocht ar mhaithe leis an gceantar toisc go bhfuil an saineolas sin acu sa cheantar ach nach raibh siad in ann cónaí laistigh den teorainn Ghaeltachta. Aon duine a dhéanann taistil go hUíbh Ráthach, go háirithe, feictear cé chomh ait is atá an teorainn sin. Téann tú isteach agus amach uaithi agus tú ag bogadh timpeall an cheantair sin. Tá sé sin fíor i gceantair eile freisin. D'fhéadfá a bheith ar imeall na Gaeltachta, go bhfuil na páistí ag freastal ar an scoil sa Ghaeltacht, ag obair d'Údarás na Gaeltachta, mar shampla, ach fós ní bheadh sé de chead agat de réir na forála seo, seasamh ann.

Caithfimid féachaint an féidir linn foclaíocht eile fháil a dhéanfadh cinnte de sin. Táimid tar éis glacadh leis cheana féin leis an gceist faoi B2, coinníoll amháin atá ann. Táimid ag déanamh iarracht gur muintir na Gaeltachta a bheidh mar ionadaithe amach anseo ar Údarás na Gaeltachta ach nílimid ag iarraidh go mbeadh an srian ann. D'fhéadfadh duine a bheith bogtha isteach in aice leis an sráidbhaile mór is giorra ach go bhfuil sé nó sí fós ar imeall na Gaeltachta. Ní hé sin a bhí i gceist aige nó aici ach go raibh sé i gceist acu mbeadh siad bogtha sa Ghaeltacht ach nach raibh teach ar fáil dóibh. Is é sin bun agus barr na faidhbe atá agam leis seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.