Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
10:15 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source
Bhí sé seo pléite coicís ó shín. Níl aon teachtaireacht dhifriúil agam. Beidh rudaí i bhfad níos fearr tar éis an Bhille seo agus tar éis an toghcháin ná mar atá siad ag an nóiméad seo. Beidh ionadaíocht ann le guthanna ó Chontae Chorcaí, ó Chontae Phort Láirge agus ó Chontae na Mí ar an mbord nach bhfuil ann anois. I gcomhthéacs na gceantar nach mbeidh dírithe ar an mbord, tá na coistí réigiúnacha le bunú freisin. Beidh comhairleoirí áitiúla as na réigiúin ag obair le baill an údaráis ar na coistí réigiúnacha sin. Tá sé sin tábhachtach chun go mbeidh guthanna as na Gaeltachtaí beaga. Beidh comhairleoirí contae agus na comhairleoirí as na húdaráis áitiúla in ann oibriú ar an gcoiste réigiúnach sin i gcomhpháirt le bord an údaráis.
Mar a dúirt mé an oíche cheana, ní údarás amháin é - is bord Stáit é freisin. Tá sé tábhachtach go mbeidh muid in ann daoine a chur ann. Níl aon ghá saineolaíocht a cheannach isteach mar beidh an saineolaíocht ar an mbord. Beidh taithí ag daoine áirithe. Dúirt mé an oíche cheana go gcuirfinn tuiscint ar na leasuithe ag an chéad Chéim eile faoin leagan amach agus na qualifications go mbeidh muid ag léiriú ar an mbord chun direction a thabhairt do PAS ionas nach mbeidh leatrom sa Bhille. Tá mé chun é sin a dhéanamh. Ba cheart go mbeadh tíreolaíocht ann. Ceapaim gur ceart mór é go pearsanta. Tá mé ag iarraidh fiosrú an mbeidh mé in ann leagan amach a chruthú le go mbeidh duine as na hoileáin ann. Lena dtaithí, tuigeann na Teachtaí Ó Snodaigh, McGuinness agus Connolly, nuair a bheidh duine as oileán amháin ann, beidh gach oileán ag iarraidh duine a bheith ar an mbord. I mo thuairim, ní bheadh bord mór amháin éifeachtach. Dúirt daoine go raibh comhairleoirí áitiúla i bhfad níos éifeachtaí. Is rud maith é an bealach a bhfuil an bord seo leagtha amach leis an mix idir daoine a bheidh tofa agus daoine a bheidh ceaptha. Is rud maith é do bhord an údaráis agus le haghaidh bhord Stáit. Is é sin an fáth go bhfuil sé leagtha amach mar sin.
Geallaim arís, roimh an chéad Céim eile, go bhfiosrófar leagan amach na gcáilíochtaí chun go mbeidh PAS in ann daoine a phiocadh tríd PAS. Ní an tAire amháin a bheidh páirteach ann; beidh PAS an-thábhachtach i gcomhthéacs na roghnúchán seo. Leagfar na qualifications amach sa chéad Chéim eile go gcaithfidh PAS úsáid agus é ag earcú daoine don bhord.
No comments