Dáil debates

Wednesday, 9 April 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

10:05 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Sular chríochnaíomar an lá faoi dheireadh, d’ardaigh mé an cheist go raibh mé ag iarraidh caint faoi alt 5, mar is ceann de na hailt is tábhachtaí sa Bhille seo. Tá sé seo ríthábhachtach, mar, in ainneoin go bhfuil roinnt de leasuithe Shinn Féin as ord, tá an bhuncheist ann go fóill ó thaobh dhéantús an bhoird é féin, agus go bhfuil toghchán i gceist. Fós féin, tá an tAire ag roghnú daoine chun dul ar an mbord seachas go bhfuil toghchán ina iomláine ann. Fiú sa toghchán sin, níl ach deich suíochán i gceist. Tá sé soiléir d’aon duine a fhéachann air seo nach mbeidh ionadaíocht ag na ceantair bheaga Ghaeltachta ann mar níl go leor ball le toghadh. Fiú leis an seisear breise a bheidh á roghnú ag an Aire, níl aon ghealltanas nó níl sé leagtha amach sa reachtaíocht gur gá don Aire aitheantas a thabhairt do na ceantair nach bhfuil ionadaíocht acu.

Is féidir linn smaoineamh ar roinnt ceantar cuíosach beag agus glacadh leis nach dtoghfar duine astu. Is féidir Gaeltacht Uíbh Ráthaigh a lua mar shampla mar tá Gaeltacht Chorca Dhuibhne i bhfad Éirinn níos mó agus glacfar leis go dtoghfar duine ón gceantar sin i dtoghchán. Níl aon fhianaise nó foráil ann sa chás go dtarlaíonn an méid sin go mbeidh aitheantas ar leith do Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Tá an rud ceannann céanna fíor ó thaobh Chonamara de. D’fhéadfaí go mbeidh ionadaí amháin agus triúr ag teacht ón gcathair. Tá an fhadhb sin ann in áiteanna ina bhfuil ceantar beag nach bhfuil an toghlach chomh mór. Sa mhéid atá á leagadh amach ag an Aire, beidh air ní hamháin iarracht a dhéanamh déileáil leis an bhfadhb atá á lua agam anois, ach déileáil leis an bhfadhb a bheadh ann dá dtoghfaí fir ar fad nó mná ar fad toisc nach bhfuil aon rud sa Bhille go dtí seo – beimid ag teacht ar ais chuige – chun a chinntiú go mbeadh cothromaíocht inscne, nó rud gar di, ar an mbord.

Ardaíodh ceist an tsaineolais agus muid ag caint faoin mBille an lá faoi dheireadh. Dúradh go gcaithfidh an tAire daoine le saineolas a chur ar an mbord, agus, dá réir sin, go bhfuil gá le seisear ar leataobh a roghnóidh an tAire le cinntiú go mbeidh saineolas de shórt éigin nó sórt eile i gceist chun na spásanna sin a líonadh, in ainneoin go bhfuil mise agus an Teachta McGuinness den tuairim gur féidir daoine faoi leith a bheith ar an bhfoireann i gcásanna go bhfuil easpa saineolais ann. Is é sin an fáth go bhfuil feidhmeannas i gceist. Tá an feidhmeannas ann cheana féin, ach má tá breis saineolais ag teastáil, is féidir é sin a lorg ón gcuid eile den Státchóras. Más gá, d'fhéadfaí íoc as, mar a tharlaíonn i go leor bord Stáit nó eagraíochtaí Stáit eile. Tá na ceisteanna sin i gceist. Tá mise den tuairim gur cóir go bheimis ag athrú alt 5 chun cinntiú go bhfuil sé níos soiléire cad go díreach atá i gceist ag an Aire maidir leis na ceisteanna sin. Tá mé fós den tuairim gur cóir go mbeimid ag déanamh an leasaithe mar a bhí leagtha síos agam, a leag amach go díreach conas a roghnófar na ceantair. Ní fhaca mise aon loighic go dtí seo ar an leagan amach maidir leis na dtoghcheantar a leagadh síos, conas is féidir deichniúr a roinnt i gceantair na Gaeltachta uilig agus teacht ar an rochtain a leagadh síos sa Bhille seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.