Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
10:05 am
Pa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source
Sula nglacaimid le halt 5, ba mhaith liom cúpla rud a rá mar gheall ar struchtúr an údaráis. Tá sé mídhaonlathach. Tá sé dochreidte go bhfuil an ceathrar Teachtaí Dála eile ó Chiarraí i gcoinne an leasaithe a bhí againn, agus i bhfabhar mholadh an Rialtais chun an t-údarás a líonadh le ceapacháin an Aire. Tá a fhios agam go mbeidh 36% den bhord iomlán roghnaithe ag an Aire. Ní thoghfaí ach deichniúr. Mar a dúirt Teachta eile, bheadh an bord truaillithe le cronies an Aire. Níl leithscéal sásúil againn cén fáth nach bhfuilimid in ann corp nó bord lándhaonlathach a bhunú. Bheadh an t-údarás in ann saineolaithe a thabhairt isteach, cosúil le haon chomhairle contae ar fud na tíre, agus eolas a fháil má tá easpa eolais ag baill an bhoird. I gCiarraí, mar shampla, ní bheidh ach leath de na daoine a bhí ar an mbord againn i ndiaidh thoghchán 2005, agus ní bheidh duine ar bith ó Uíbh Ráthach i gCiarraí theas ar an mbord mar tá an daonra ansin chomh híseal nach dtoghfar aon duine. I gcomparáid leis sin, tá moltaí ag Sinn Féin chun dhá thoghcheantar agus trí shuíochán iomlán a bhunú i gCiarraí – beirt ó Chorca Dhuibhne agus duine amháin ó Chiarraí theas. Bheadh sé sin i bhfad níos oiriúnaí. Níl sé ródhéanach don Aire a aigne a athrú. Molaim dó é sin a dhéanamh, b’fhéidir nuair a rachaidh an Bille tríd an Seanad nó rud eile mar sin.
No comments