Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
12:35 pm
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source
Táimid ar ais ag an agóid céanna idir bhord Stáit agus údarás. Tuigim an pointe a rinne an Teachta Ó Snodaigh go bhfuil coistí Oireachtais in ann dul go dtí seisiún príobháideach. Bhí an Teachta McGuinness ag lorg sampla d'aon áit ina bhfuil daoine tofa ann ach nach bhfuil ceamaraí ann. Bhí mé ag déanamh machnaimh air, agus smaoinigh mé ar Choimisiún Thithe an Oireachtais. Ní dóigh liom go mbíonn ceamaraí in úsáid ag cruinnithe an choimisiúin. Ní dóigh liom go n-úsáidtear ceamaraí sna Choiste Ghnó anseo ach an oiread, ach b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbeidís in úsáid tar éis an mhéid a tharla i mbliana. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr athrú a dhéanamh sa choiste sin; níl mé ach ag magadh. Léiríonn sé an pointe atá á dhéanamh agam - nuair atá gnó príobháideach le plé ag coiste poiblí, ní bhíonn na ceamaraí ar siúl.
Mar gheall ar chúrsaí an údaráis, tá an ceart ag an Teachta go bhfuil cúrsaí fiontar agus trádála i gceist. Uaireanta bíonn cúrsaí an-príobháideacha ar bun ag an údarás maidir le comhlachtaí atá ag lorg deontais, agus ba cheart go mbeadh na himeachtaí sin príobháideach. Is é sin an fáth gur bord rialachais é bord an údaráis; tá sé freagrach as a chinntiú go bhfuil na heagraíochtaí á rith ó thaobh bainistíocht airgeadais, acmhainní daonna agus ábhair eile a bhaineann le comhlachtaí Stáit. Aontaím gur obair fíorthábhachtach atá ann agus nach féidir cuid den obair sin a dhéanamh os comhair na ceamaraí nó go poiblí. Le bheith freagrach, tá sé tábhachtach go n-éisteofar le guth an phobail agus go bhfuil deis ag an bpobal a cuid mianta a bhrú chun cinn. Tá sé i gceist sna leasuithe reachtaíochta seo go mbuailfidh gach coiste réigiúnach le grúpaí pleanála teanga ina réigiún Ghaeltachta agus go dtabharfaidh na coistí réigiúnacha tuairisc don údarás i ndiaidh gach cruinniú, a chuideoidh leis an údarás lena cuid oibre. Láidreoidh sé sin an nasc idir pobal na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Tá sé sin an-tábhachtach.
Táim sásta breathnú ar an bpíosa sin le hé a láidriú. Tá súil agam go gcinnteoidh an cur chuige nua maidir le ceapadh an bhoird, mar aon leis an mbearta a bhaineann leis na coistí réigiúnacha, ionadaíocht iomlán daonlathach agus rannpháirtíocht iomlán na bpobal Gaeltachta i gcúrsaí a bhaineann leis an údarás. Táim cosúil le broken record - mo leithscéal as sin - ach tá sé an-tábhachtach gur bord Stáit agus údarás atá ann. Mar gheall ar obair thábhachtach agus obair shonrach an bhord Stáit sin, níliimid in ann glacadh leis na leasuithe.
No comments