Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
12:35 pm
Conor McGuinness (Waterford, Sinn Fein) | Oireachtas source
Is bord Stáit agus údarás tofa atá ann. Mar sin, caithfimid féachaint ar na rialacha timpeall air seo. Ní féidir a rá gur dhá rud atá ann agus, mar sin, cloímid leis na rialacha a bhaineann le rud amháin. Dá mba rud é go bhfuilimid chun glacadh leis mar bhord Stáit le baill ceaptha agus tofa, agus is cosúil go bhfuil, is fóram daonlathach de shaghas éigin a bheidh san údarás agus mar sin caithfimid riail hibrideach a dhéanamh. Má tá ballraíocht an bhord chun bheith curtha le chéile i slí hibrideach, caithfimid rialacha hybrideacha a bheith againn ionas gur féidir leis na daoine atá ag caitheamh vóta bheith sásta go bhfuil a ngnó á dhéanamh. Is prionsabal bunúsach é sin. Tuigim an méid atá á rá ag an Aire maidir leis an gCoiste Gnó san áit seo, mar aon le coistí eile, ach nuair a bheidh na coistí nua bunaithe istigh anseo, beidh daoine in ann féachaint ar an mhéid atá ar siúl acu. Tuigim nach dtarlaíonn sé sin i gcás coistí áirithe. Anseo i Seomra na Dála, nuair atáimid in seisiún, is féidir le daoine teacht isteach, féachaint ar líne nó féachaint ar an teilifís. Bíonn iriseoirí thuas anseo ag déanamh tuairisciú sna meáin ar an méid atá á rá againn.
Inár gcomhairlí áitiúla bíonn na cruinnithe míosúla - na cruinnithe iomlánacha, nó plenary - ar fáil. Is féidir le daoine i mórmhór na háiteanna dul isteach iontu. Uaireanta caithfidh siad coinní a dhéanamh nó áit a chur in áirithint má tá spásanna teoranta. In an-chuid áiteanna is féidir leo na cruinnithe a leanúint ar líne nó ar an teilifís. Ar ndóigh, is féidir leis na meáin nó iriseoirí ón bpreas bheith istigh ann chun tuairisciú. É sin ráite, is féidir leis na fochoistí nach bhfuil rochtain orthu a gcuid gnó a dhéanamh go príobháideach. Caithfidh an meascán sin a bheith ann. Is dócha gurb é sin an moladh atá againn. Is moladh reasúnta é go mbeadh cuid den ghnáth-ghnó míosúil ar fáil ionas gur féidir leis an bpreas, iriseoirí agus leithéidí Raidió na Gaeltachta atá an-chuid freastal á dhéanamh acu ar ghnó a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta, freastal air agus gur féidir leis an bpobal freastal air. Ar ndóigh, más gá plé a dhéanamh ar ábhar ar leith faoi rún nó go príobháideach chun cosaint a thabhairt do na baill agus don eagras, nó chun cosaint a dhéanamh ar fhaisnéis príobháideach nó ar fhaisnéis a bhaineann le cúrsaí trádála nó a leithéid, ba cheart go mbeadh an rogha sin ann. Nílimid á rá go mbeadh gach rud oscailte i gcónaí. Táimid á rá go mbeadh sé sin mar nós ach go mbeadh an deis ag an mbord cinneadh a dhéanamh go mbeadh gnó sonrach á dhéanamh go príobháideach. Is dócha gurb é sin an tslí gur féidir linn a chinntiú go bhfuil an daonlathas cosanta.
Ní dóigh liom go bhfuil sampla ar bith - in Éirinn ar aon nós ach b'fhéidir ar fud an domhain – d’aon fhóram, aon eagras, aon choiste nó aon rud tofa nach bhfuil an mórchruinniú iomlánach ar fáil don phobal ionas gur féidir leis na daoine a chaith vóta é sin a leanúint. Is dócha go bhfuil muid ag cruthú rud éigin difriúil, as an nua, nach bhfuil go maith. Tá muid ag cruthú riail ait a chiallaíonn gur féidir vóta a chaitheamh i dtoghchán ach ní féidir an méid atá á rá ag na baill tofa a leanúint. Is rud dainséarach é sin, i mo thuairim. Táimid ag tabhairt moladh atá réasúnta. Tá slí timpeall air má tá gnó ann gur gá a dhéanamh taobh thiar do dhoirse dúnta, ach ba cheart go mbeadh an ghnáth-nós ann go ndéanfar gnó an údaráis go hoscailte, go trédhearcach agus go daonlathach.
No comments