Dáil debates
Wednesday, 9 April 2025
Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)
12:35 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
D’úsáid an tAire mar shampla an Choiste Gnó anseo. Gach seachtain tugtar tuairisc dúinn go hoscailte sa Teach seo, tríd an bPríomh-Aoire, ar cad a bhí á phlé ag an gCoiste Gnó. Maidir le Coimisiún Thithe an Oireachtais, is bord comhlachta atá i gceist ansin - tá príomhfheidhmeannach ann - a bhíonn ag plé ceisteanna caiteachas agus a leithéid. De ghnáth in aon bhord, ní dhéantar é sin i mbealach atá oscailte don phobal ach bíonn an cinneadh ar fáil sa deireadh thiar thall. Sa leasú seo, níl muid ach ag lorg go mbeadh an cruinniú míosúil oscailte. Níl muid ag iarraidh go mbeadh gach uile chruinniú oscailte. Tá aitheantas tugtha, dar ndóigh, toisc an castacht atá i gceist anseo, go bhfuil siad ag déileáil le gnéithe faoi leith. B’fhéidir go gcosnóidh sé airgead ar an Stát nó ar an údarás dá mbeadh an scéal á phlé go hoscailte agus go mbeadh daoine ag baint buntáiste as seo.
Bheadh siad á phlé anyway agus bheadh daoine ann sa seomra a bheadh in ann é sin a úsáid dá mbeadh sé sin i gceist acu. Ní chóir gur rud rúnda a mbeadh san údarás. Ba chóir go mbeadh an pobal in ann féachaint ar na comhaltaí atá tofa agus na comhaltaí a bhéas roghnaithe anois de réir an slí atá an Bille seo ag dul. Tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh an pobal iad sin ag obair. Ní hamháin go bhfeicfeadh siad ag obair iad ach go mbeadh siad ag plé na gceisteanna go hoscailte atá á gcur acu i dtuairiscí ón bhfeidhmeannas, ón Stát nó ó thaobh rúin a bheadh roinnt de na comhaltaí ag iarraidh a rith. Measaim gur sin an áit atá sé i gceist. Ní gá go mbeadh ach leath huair a chloig ann nó b'fhéidir uair a chloig in aghaidh na míosa ach go mbeadh sé sin oscailte. Ansin bheadh a fhios ag daoine go raibh dul chun cinn ag tarlú ar a laghad. Bhíodh sé amhail is go raibh rúndiamhair á plé agus nach raibh cead ag éinne fáil amach cad a bhí nó cad a bheadh ag tarlúint. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an cur i gcoinne seo ann. Shíl mé go mbeadh sé seo ar cheann de na leasuithe a bheadh an Aire breá sásta leis agus go mbeadh sé ag rá linn é a tharraingt siar agus go ndéanfadh sé ina chuid focail féin é. Is ait an kickback atá ann ó thaobh an leasuithe seo. Tá kickback níos mó sa chás seo ná le roinnt de na leasuithe a shíl mé a bheadh an Rialtas ag seasamh ina gcoinne. Tá mise ag iarraidh go mbeadh sé seo rite.
No comments