Dáil debates

Wednesday, 9 April 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

10:25 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tuigim gur rud casta é ach ní bheadh gach duine in ann seasamh sa toghchán mar ní bheadh siad inniúil sa Ghaeilge. Is é sin ceann de na buncháilíochtaí atá ann. Is alt 5(c)(2E) atá i gceist leis an trácht atá ar siúl againn anseo. Ghlacamar cheana féin - bhí díospóireacht ann ag an gcoiste agus anseo - gur gá do dhuine a bheith inniúil sa Ghaeilge agus ábalta gnó an údaráis a sheoladh trí mheán na Gaeilge. Is bunrud é sin. Tá fíorbheagán Gaeilgeoirí sa tír seo - tá roinnt acu ann – a bheadh naimhdeach don Ghaeilge agus a bheadh ag dul san iomaíocht i dtoghchán de chuid an údaráis. Bheidís ag cur as dóibh féin agus don saol chun seasamh sa toghchán agus ansin a bheith tofa. Thuigeadh daoine nach mbeadh meas madra acu sa chás sin. Tá sé deacair ach tá daoine sa tír seo atá ceangailte leis an nGaeltacht agus atá ina gcónaí lasmuigh den Ghaeltacht, ar imeall na Gaeltachta, a bheidh dícháilithe anois seasamh sa toghchán toisc nach bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht.

Muna n-athraítear seo, beidh dualgas orthu siúd a bhfuil spéis acu seasamh sa toghchán dul agus áit cónaithe a fháil sa Ghaeltacht má tá siad chomh gafa sin le seasamh i dtoghchán Údarás na Gaeltachta. An deacracht atá ann ná nach bhfuil na háiteanna ann. Ní féidir leo siúd atá ag obair ann áit cónaithe a aimsiú. Tá aithne againn ar dhaoine ar nós Victor Bayda agus a leithéid atá ina chónaí thíos in Uíbh Ráthach a bhfuil Gaeilge den scoth aige. Is duine de na daoine é atá gafa leis na scéimeanna teanga i gceantar Uíbh Ráthach. Is cuimhin liomsa nuair a bhuail muid leis gur leag sé amach cé chomh deacair is a bhí sé air teacht ar áit cónaithe sa Ghaeltacht, agus ní hé siúd amháin a luaigh sin linn go raibh an fhadhb bhunúsach sin ann. Gheofá áit cónaithe ar feadh sé mhí den bhliain agus ansin hard luck, bheadh tú amuigh i bpuball, ar thaobh na sráide nó lasmuigh den Ghaeltacht dá mbeadh an t-ádh leat. Tá fadhb bhunúsach ann munar féidir le daoine teacht ar áit, fanacht sa cheantar nó teach a fháil. Caithfimid teacht ar ais chuige seo. Caithfimid féachaint chuige nach bhfuilimid ag cur cosc ar dhaoine. Níl mise ag iarraidh go mbeadh duine ó Uíbh Fhailí, atá ina chónaí nó ina cónaí in Uíbh Fhailí, ag seasamh don toghchán cé gur Béarlóir é nó í gan spéis ar bith. Ní le bheith ar an mbord. Níor chóir go mbeadh aon duine ag seasamh don toghchán seo muna bhfuil siad sásta ionadaíocht cheart a dhéanamh dá gceantar, anois nó sa todhchaí. Sin atá i gceist. Is bord ar leith é seo atá ag cur bunréitigh ar fhadhbanna Údarás na Gaeltachta chun cinn. Tá súil agam nuair atá an feachtas á dhéanamh ag an údarás, agus ag an Aire féin nuair atá an Bille seo rite againn, go ndíreoimid isteach air sin. Is é sin an fáth a bhfuil daoine á gcur féin chun cinn. Ní ar mhaithe le hairgead é mar is airgead suarach atá i gceist don obair atá le déanamh agus gur chóir a bheith á dhéanamh ag aon duine a thoghfaidh an bord sin nó a roghnóidh an tAire amach anseo. Tiocfaimid chuige sin chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.