Dáil debates

Wednesday, 9 April 2025

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: Céim an Choiste (Atógáil)

 

10:25 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Ba mhaith liom aontú leis na cainteoirí ó Shinn Féin maidir leis an rud seo. Is íorónta an rud é go bhfuilimid chun daoine le Gaeilge líofa, nach bhfuil in ann tithe a fháil sa Ghaeltacht agus atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht, a choinneáil amach óna bheith in ann dul ar Údarás na Gaeltachta. Is íorónta an scéal é amach is amach mar beidh muid ag caint faoi ghéarchéim tithíochta níos déanaí. Is é an brú atá ag teacht orainn ó BÁNÚ agus na heagraíochtaí eile ar an talamh atá i dteagmháil leanúnach linn ná go bhfuil siad ag rá nach bhfuil rochtain acu ar thithe sna Gaeltachtaí uilig. In ainneoin a bheith ag déileáil leis an bhfadhb sin, táimid ag cur leis an bhfadhb is ag rá nach féidir leat páirt a ghlacadh sna toghcháin mar nach bhfuil tú sa cheantar. Is é sin an rud atá leagtha amach anseo: "resides in the area concerned" nó "a bhfuil cónaí air nó uirthi sa limistéar lena mbaineann". B'fhéidir go mbeidh an tAire in ann é seo phlé i gcomhthéacs na géarchéime atá ann agus gan an dara rogha ag a lán daoine ach a bheith ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.